Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dea-bhealach
ainmfhocal, fireann
béasa ar fónamh; iompar maith.
+
Pé ar bith cén bealach atá leis, ní hé an dea-bhealach é ar chaoi ar bith
Tá chuile bhealach leis an gceann céanna ach an dea-bhealach
TUILLEADH (3) ▼
Níl dea-bhealach ar bith leis an scabhaitéara sin. Mar sin, fan uaidh
D'fheicfeá dea-bhealach eicínt le chuile dhuine, ach leis féin. Níl a leithide ag siúl leis. Diabhal corónta é!
An té a bhfuil an dea-bhealach leis, is furasta a aithinte é. Ní chuirfidh sé aon chaidéis ort

Féach freisin

dea-bhealach in iontrálacha eile (1)

 
cíos
Dea-ghealladh agus droch-chomhlíonadh — sin é a bhealach sin. Ní bhíonn aon chíos ar an gcaint tá a fhios agat.