Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dea-gheimhreadh
ainmfhocal
geimhreadh a bheadh go breá, tirim, cóiriúil nó freagrach.
·
Dúradh ariamh féin nach raibh samhradh an dea-gheimhridh le moladh. Sin é dálta an tsamhraidh i mbliana é. Bhí an geimhreadh thar cionn agus tá a shliocht ar an samhradh!

Féach freisin

dea-gheimhreadh in iontrálacha eile (2)

 
Níor tháinig aon earrach go hiomaí, is coimhthí ná é. Dheamhan earrach ar bith nach dtiocfadh cuid mhaith breacaimsire, ach níl sé ag tabhairt lá ar bith uaidh i mbliana. Ach ar chuala tú ariamh: seachain earrach an dea-gheimhridh. Níor tháinig aon gheimhreadh le mo chuimhnese ba bhreátha ná é.
 
déan 1
Rinne sé an-gheimhreadh go dtí seo, pé ar bith cén chaoi a dtiocfaidh an t-earrach. Deir siad nach mór dhuit a bheith ar do shon féin ar earrach an dea-gheimhridh. Níor moladh ariamh é