diabhaltach
—/d′əultəx/
—aidiacht as diabhal
—diabhaltach, diabhaltaí, deamhnaí, deamhantaí: tá siad uilig an-tréan, ach is minice an chuid eile i gcaint ná deamhnaí
—
iontach, aisteach; cumasach, mór, corónta.
a.
+–
Is diabhaltach ach an oiread le scéal gur chaintigh sé chor ar bith air
Nach diabhaltach, ainneoin a bhfuil de chaint aige, nach raibh cur ar a shon féin ann. Ní cheal muise nach mór a bheadh le rá ar an teallach anseo aige.
TUILLEADH (5) ▼
Is diabhaltach an caitheamh atá sibh a dhéanamh ar thobac
Ba diabhaltach uaidh amhrán a rá — bhí sé go maith
Is diabhaltach thú ag nathaíocht bail ó Dhia agus ó Mhuire ort
Ba diabhaltach gur fhága sé ina dhiaidh é
Is diabhaltach an chaoi atá ar an aimsir — go dona
b.
(mar dhobhriathar le aidiachtaí) go han-mhaith, go han-dona, go han-mhór, go han-olc, go han-gharbh, go han-mheabhrach, srl.
·
Is diabhaltach dona an snua atá air
Is diabhaltach deacair (crua, trom, ard, srl.) é a dhéanamh — tá sé an-deacair
diabhaltach in iontrálacha eile (8)
→
corradh
Is diabhaltach an daigéad caillí í. Tá sí corradh ar fiche cloch mheáchain, agus ar ndóigh mo léan tá caitheamh a codach inti.
Nach diabhaltach cuntasach anois thú ag bacadh leis an dá phínn sin. Tá cuid is mó ná sin amuigh agat fhéin.
→
féith 1
Ní raibh aon fhéith ag gabháil liom nach mb'éigean dom a chur faoi dhíocas ag súil go mbeinn réidh in am. Chuaigh mé thar m'fhulaing, ach sin a raibh de mhaith dhom ann. Tá an t-ard siúd diabhaltach deacair.
→
fulaing
Ba diabhaltach an fhulaingt a bhí agat. Dhá mbeadh sé ag séideadh fúmsa mar sin, thabharfainn buille marfach dó
→
deilín
Gairim agus coisricim thú! Tá deilín bainte agat as do mhéir anois. Ní fhéadfá gan sin a dhéanamh ort fhéin. Nach diabhaltach an cam srón birín a bhíos ort! Meireach ar éirigh dhuit anois, bheinnse do do léasadh an fhad is a bhfaighinn (gheobhainn) teas in do chraiceann
→
diachair
Nach diabhaltach an diachair atá ort nach ligeann de do chuid cumadóireacht. Tá an fear bocht thar bharr a chéille agat. Cén bhrí ach picil a dhéanamh de ghrán seagail! Is lad thú!
→
déan 1
Is diabhaltach nach seasfá ar aon rud amháin agus gan a bheith ag déanamh athrú intinne chuile phointe. Is deacair d'aon duine fios t'intinnese a bheith aige ar chuma ar bith, mar níl sé agat féin