Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
diabhaltach
/d′əultəx/
aidiacht as diabhal
diabhaltach, diabhaltaí, deamhnaí, deamhantach (Tá siad uilig an-tréan, ach is minice an chuid eile i gcaint ná deamhnaí)
íontach, aisteach; cumasach, mór, corónta.
a.
+
Is diabhaltach ach an oiread le scéal gur chaintigh sé chor air bith air
Nach diabhaltach, aindeoin a bhfuil de chaint aige nach raibh cur ar a shon féin ann. Ní cheal muise nach mór a bheadh le rá ar an teallach annseo aige.
TUILLEADH (5) ▼
Is diabhaltach an caitheamh atá sib a dhéanamh ar thobac
Ba diabhaltach uaidh amhrán a rá = bhí sé go maith
Is diabhaltach thú ag nathaíocht bail ó Dhia agus ó Mhuire ort
Ba diabhaltach gur fhága sé in a dhiaidh é
Is diabhaltach an chaoi atá ar an aimsir = go dona
b.
go h-an-mhaith, go h-an-dona, go h-an-mhór, go h-an-olc, go h-an-gharbh, go h-an-mheabhrach, agus rl., Mar dho-bhriathar le aidiachta.
·
Is diabhaltach dona an snua atá air
Is diabhaltach deacair (cruadh, trom, árd, agus rl.) é a dhéanamh = tá sé an-deacair

diabhaltach in iontrálacha eile (3)

 
déan 1
Is diabhaltach nach seasfá ar aon-rud amháin agus gan a bheith ag déanamh athrú intinne 'chuile phuínte. Is deacair d'aonduine fios t'intinne -sa a bheith aige ar chuma ar bith, mar níl sé agad féin
 
Goirim agus caisricim thú! Tá deilín bainte agad as do mhéir anois. Ní fhéadfá gan sin a dhéanamh ort fhéin. Nach diabhaltach an cam srón birín a bhíos ort! Meireach ar eirigh dhuit anois, bheinnse do do léasadh an fhad agus a bhfaighinn (gheobhainn) teas in do chraiceann
 
Nach diabhaltach an diachair atá ort nach leigeann de do chuid cumadóireacht. Tá an fear bocht thar bhárr a chéille agad. Cén bhrí ach picill a dhéanamh de ghrán seagail! Is "lad" thú!