Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
diabhaltaí
aidiacht as diabhal
diabhaltach /d′əultəx/, diabhaltaí, deamhnaí, deamhantaí: tá siad uilig an-tréan, ach is minice an chuid eile i gcaint ná deamhnaí
iontach, aisteach; cumasach, mór, corónta.
+
Nach diabhaltaí an deis atá air, ar an obair sin
Is diabhaltaí é ag baint mhóna
TUILLEADH (1) ▼
Nach diabhaltaí gan pionsúr agam a bhainfeadh é seo!

diabhaltaí in iontrálacha eile (51)

 
Is diabhaltaí na daibéid a bhain sé anseo. Cé le aghaidh a raibh siad aige?
 
Nach diabhaltaí daingean a cuireadh an claibín ar an mbuidéal ola a bhí ansin an lá cheana, agus go mb'éigean dúinn pionsúr a thógáil ina éadan
 
Bhí S. gróigthe istigh chois an teallaigh agus chuile chosúlacht air go mba é a chaladh ar feadh na hoíche é. Nach diabhaltaí an dallach dubh a chuir an ceann eile air ina dhiaidh sin, nuair a thosaigh sé ag saighdeadh faoi, agus gur éirigh sé agus gur dheisigh sé an seanbhicycle nárbh fhéidir a dheisiú ar maidin má b'fhíor dó féin. Dheisigh a mh'anam, agus lasc leis an mbeirt siar ar an T. ag céilí
 
Chonaic mise bó thiar anseo ag N. Mh. Bhí an úth calctha aici. Chinn orthu aon deoir bhainne a fháil uaithi théis a ndíchill. Bhí fear beag ag obair anseo thoir ag C. — níl a fhios agam beirthe ná beo cérbh as é. Tháinig sé ag breathnú ar an mbó agus í cinnte ar C. agus ar chuile dhuine. Fuair sé ruainnín den wire beag sin a d'fheicfeá ar scloig na mbuidéil lemonade. Dhírigh sé amach é nó go raibh sé chomh díreach le dorú. Sháigh sé suas i chaon dallán den úth é i ndiaidh a chéile. Dheamhan cor na car a rinne sé lena láimh ach é a shá leis suas. B'iontas an chaoi a raibh sé in ann é a dhéanamh ach níorbh é a chéad uair é. Bhuel tháinig an bainne, gan bleán ar bith. Tháinig sé mar a bheadh Dia dhá rá leis. Bhí bleánach dhó (dhe) ar an talamh shular féadadh soitheach a fháil. Is diabhaltaí stuama a bhíos daoine thar a chéile
 
Nach diabhaltaí daoithiúil an mhaise dhó anois é, nach dtabharfadh sé ceirt na n-easpaí dhom agus fios aige gur theastaigh sí uaim. Nuair a d'iarr mé air í, bhuail sé a shrón sa talamh, mar a bheadh púca ann, agus thosaigh sé ag mungailt faoina fhiacla. Céard adéarfá lena leithide sin
 
Tá a dóthain aici thar an ngeospailín siúd. Ní aireodh sí ar iarraidh é an áit a bhfuil dháréag agus píobaire. Ar aon nós, ní dhéanfaidh sé aon bhiseach go brách ach ina chrabadáinín mar siúd. Is diabhaltaí an méid atá ag an dream eile air. Nach bhféadfadh sí é siúd a thabhairt don deachma. Ní éadáil ar bith i dteach é ar chuma ar bith
 
Ar chuala tú faoi Sh. Tá sé dealaithe leis agus fiacha fágtha ina dhiaidh aige i chuile áit ar fud an D. Chuile dheoir óil dár thóg sé, níor íoc sé sciúrtóg dhó (dhe). Nach diabhaltaí tútach an mhaise dhó lascadh leis mar sin agus ualach den tsórt sin a fhágáil ina dhiaidh
 
déan 1
Mura ndearna sé an clann, ba diabhaltaí gurb air a buaileadh é
 
Bainfidh mé deannach as an gcúl sin agat mura lige tú den mhadadh sin, agus gan a bheith ag siocadh leis. Nach diabhaltaí mór an t-ionadh nach ndéanfá suaimhneas uair eicínt agus gan a bheith ar an ábhailleacht chéanna i gcónaí
 
dearmad 1
Nach diabhaltaí an dearmad a bhí anois air, agus gurb éard a thug sé abhaile i leaba kettle, teapot. Dá n-abrá (n-abraíteá) leis banbh a cheannacht, séard a thabharfadh sé agat, lao
 
Is diabhaltaí nach dtitfeadh déidín ag lucht na bocsála sin agus na hiarrantaí dalba a fhaigheas siad ar na géill. Chonaic mise fear dhá bhualadh i Sasana, agus dar brí an leabhair duit, thiocfadh sí thrí ghiall chruaiche. Shín sé ar shlatrachaí a dhroma é agus shílfeá dheamhan a bhéal a bhí sé i riocht a oscal. 'Tá do phosóid agat a bhuachaill,' adeirimse liom féin, 'Mura bhfuil déidín tite agatsa, ní chreidfidh mise go deo go raibh sé tite ag C. nuair a bhuail asal an tincéara é'
+
deis
Is diabhaltaí an deis atá air in éadan chuile dhuine. Is fear é atá in áirid a bhuailte muis. Diabhal bréag nach bhfuil. Éistfear leis scaitheamh, ach smutfaidh duine eicínt as a dheireadh é. Má smutann féin, dheamhan leath an chirt a dhéanfas sé leis
TUILLEADH (1) ▼
Is diabhaltaí an báireoir é, agus an chóir a dteagann an liathróid chuige, caitheann sé an poc a bhualadh in aghaidh deise chuile uair. Tá trí chúl amuigh aige anois dhá bualadh in aghaidh deise. Dhá bhfaigheadh sé ar a dheis í, níl a fhios cén gníomh atá ann. Dhéanfadh sé cat agus dhá rioball. 'Sé atá deas air!
+
diaidh
Nach diabhaltaí atá an ghaisce ina dhiaidh i gcónaí. Tá muis, agus beidh. Ní bheadh sé beo mura mbeadh an áibhéil bheag sin aige. Ach dheamhan dochar ann thairis. Duine soilíosach é lá an anó
TUILLEADH (2) ▼
Ní raibh a ndóthain acu féin leis an teach a chríochnú, ach chuir an deirfiúr siúd atá imithe ina dhiaidh, agus críochnaíodh ansin é. Chosain sé, idir chaon tsórt, trí chéad agus dá fhichead punt. Ba diabhaltaí an lab airgid é
Chinn air aon deoch a fháil in aon teach sa tsráid ag teacht anoir dó, arae bhí na póilíos amuigh san airdeall orthu. Tháinig sé abhaile agus chuir sé na boinn le tine. Ba ghearr go dtáinig M. Bh. isteach agus d'inis sé dhó faoin gcaoi ar chinn air aon deoch a fháil. 'Chuile sheans go bhfuil siad ag ligean isteach daoine faoi seo,' adeir M. Bh., 'ní mhaireann an daol sin ach tamall.' Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach an dá bhróig a shacadh air féin agus a dhul soir aríst de mhaoil a mhainge. Ina dhiaidh sin féin, nach diabhaltaí an cathú a bhí air sin
 
Bhí caoirigh againn anseo trip(uair, babhta) ar an sliabh, agus tháinig siad uair eicínt anuas i mbarra garbha Sh. Mh. Nach diabhaltaí díbheirgeach anois a bhí sé agus gur bhuail sé seirín ar chuile cheann beo acu. Níor thug muid faoi deara iad ariamh go raibh na cosa i gcruth titim dhíobh. Céard adéarfá leis an mbithiúnach sin. 'Sé is mó mailís ar an mbaile sin. Fear a chuirfeadh seirín ar do chaora nach raibh sé chomh maith dhó a dhul agus a dícheannadh in éineacht. Ba é ba ghnaíúla dhó
 
Is diabhaltaí dícheallach an mhaise dhuit é. Cé a d'iarr ort a dhul ag déanamh cocaí den fhéar sin. Ní chuimhneofá go deo gur mó atá tú a mhilleadh ná a leasú. Má tá an oiread sin saint oibre ort, srathraigh an t-asal agus téirigh 'na phortaigh
 
díle 1
Crois Críosta choisreacan Dé orainn. Ar ndóigh ní amach sa díle sin a ghabhfá. Má théann, beidh tú in do líbín shula bheas tú ag ceann an bhóthair. Is diabhaltaí an tóir atá aige ar an mbáistigh i gcónaí
 
Tá tú in do dhilleoir — tá tú sin. Is diabhaltaí nach dtiocfadh iamh eicínt ar do bhéal uair eicínt. Ach dheamhan iamh. Beidh tú ar do chuid dilleoireacht muis nó go dtuga duine eicínt isteach ar an drandal duit é, ach dheamhan a mbeinnse ina dhiaidh ort — ní ag amhdú an oilc é chor ar bith!
 
ding
Is diabhaltaí maolscríobach uaidh coca féir a dhéanamh. Féacha an ding a d'fhága sé ansin anois. Ólfaidh sé an bháisteach as éadan
 
Más isteach ansin atá sé ag dul faoi dheireadh thiar, dar fia tá sé ag dul ag greamú don díogha ceart. Dá mbeadh sórt meas ar bith aige air fhéin, ní thaobhódh sé iad sin — cineál na bhfaochan agus na ngliomaigh. Nach diabhaltaí mór an dallach dubh a bhíos ar dhaoine thar a chéile. B'fhurasta dhó sin a dhíol de bhean a fháil ina rogha áit sa tír, thar is a dhul go dtí an staicealach míchuibhiúil sin … Ní mise atá dhá rá léithe. 'Sé ráite chuile dhuine é
 
díol 2
Nach diabhaltaí nach dtabharfá iamh do do bhéal uair eicínt agus gan a bheith in do chlaibín muilinn mar sin. Ag magadh mar dhóigh dhe. Sin é an magadh mar siúd. 'Sé déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh
 
díon 1
Cíb easca nó tuí sheagail: sin iad an díon. Maidir le tada eile níl an buanadas iontu. Nach diabhaltaí an t-aistir a bhíodh orainn fadó go G. na B. ag tarraingt cibé do N.: dhá tarraingt an t-achar sin lena (ár) ndroim. Is fada go ndéanfadh daoine anois é. Dheamhan é, dhá dtiteadh an teach in aon bhrúisc amháin ina mullach cheal dín
 
Is diabhaltaí an mheas atá ar chlann suirí agus gan aird ar bith ar chlann dlisteanach. Tá a chomharthaíocht lena chois ansin. Ní bhreathnódh an bhean sin siar ar na fir is gnaíúla sa tír, agus phós sí é sin nach raibh ann ach mac suirí. Sin é an scéal!
 
dochar
Fágaidh ansin anois í. Níl mórán dochair le déanamh aici ann ó tharla go bhfuil chuile shórt craptha. Nach diabhaltaí bradach i gcónaí í
 
Nach diabhaltaí doghrainneach anois a bhí sé faoin spré — théis gurb í a iníon féin í — nach ligfeadh sé an lao leis an mbó: lao óg. 'Dúirt mé,' adeir sé 'go dtabharfainn bó bhainne dhaoibh, ach níor dhúirt mé go bhfaigheadh sibh bó bhainne agus lao, agus ní bhfaighidh ach oiread. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agam, ní bhfaigheadh sibh an méid sin féin. Tá mé de dhroim tí agaibh'
 
Nach diabhaltaí an doicheall a bhíos uirthi i gcónaí thar is duine ar bith eile. Níl aon duine sa tír nach gcuirfidh aighneas lách ar an mbóthar ort, ach caithfidh sí i gcónaí a bheith ina duine inti féin. Nuair a bhíos fonn láíochta uirthi, bheadh sí ag dul siar in do bhéal, ach ar an toirt boise aríst bheadh stainc uirthi. Is diabhlaí an chaoi a mbíonn cuid de na daoine
 
Ba diabhaltaí an dóiteán é má dódh an teach agus na stáblaí uileag
 
dol 1
Teagann dola leabhar chuige chuile sheachtain hé brí céard a dhéanas sé leo. Dhá mbeadh sé chomh maith le Haraístatail, ní fhéadfadh sé an méid siúd leabhar a léamh. Is diabhaltaí go deo an tóir atá aige ar leabhra agus ar pháipéir. 'Sé an chéad duine dhá chine é a raibh focal scoláireachta ina phluic
 
Is diabhaltaí dólámhach a chaith sé in éadan na gclochar sin suas, nó gur réitigh sé amach i dtigh diabhail iad. Dar fia, 'sé atá i riocht bail ó Dhia air. Tá mé ag ceapadh nach n-iarrfadh sé aon scíth dhá lá a shaoil ach ag orlaíocht (/əurʟīxd/)
 
domhain 2
Nach diabhaltaí domhain a chuir tú ann é
 
Ba diabhaltaí an carnán feamainne a chuir sé aníos agus ní raibh drabhlás ar bith inti ina dhiaidh sin. 'Sé ar leasaigh sí, an cúl thoir agus an cúl ó dheas agus ruidín (gitín) beag den chúl thiar, théis gur shíl mise agus gur shíl sé féin go dtabharfadh sí cúnamh maith ar an ngarraí uileag. Ach chuir sé róthiubh í. Dhéanfadh daithín beag den seanleasú an áit sin: talamh craicinn mar é
 
Bhí a raibh de photaí gliomach ar na bráideannaí sin amuigh dradlíonta inniu. Ba diabhaltaí an foracún acu a bhí ag curachóirí na háite thiar
 
Nach diabhaltaí drisíneach atá sí anois, a bheith ar an gceird sin ar feadh na hoíche. Shílfeá go mbagródh duine eicínt uirthi, ach chreidim gur beag an mhaith bagairt uirthi. Dhá ndéanthá, ní bheifeá ach ag borradh léithe. Is aoibhinn don té a gheobhas í dar fia
 
Nach diabhaltaí a chaithfeá droichead a dhéanamh dhíomsa — dá mbeadh rud dhá roinnt, agus dhá dtéití thar dhuine den dream a bheadh i láthair gan aon cheo a thairiscint dó, ba in droichead dhá dhéanamh dhe sin
+
droim
An bhfuil tú in ann é a chur dhíot de do dhroim. Is diabhaltaí docht atá sé
TUILLEADH (4) ▼
Cuir do dhroim le leachta agus b'fhéidir go bhféadfá é a dheargadh. Nach diabhaltaí an soinneán atá ann
Bhí siad ag imirt chártaí nó go raibh an oíche caite thar droim. Is diabhaltaí an cathú atá i ndiaidh na gcártaí céanna, ach níorbh iad ba mheasa, ach an ceann a d'fhága istigh iad go dtí an tráth sin i leaba an bóthar amach a thabhairt dóibh ag an haon déag a chlog agus cead acu a theacht leis
Is gearr go mbeidh sé de dhroim tí agus árais má mhaireann dó. Ní dhearna sé smeach ar bith i mbliana thar is ariamh. Láí níor chuir sé i dtalamh ó tháinig earrach nó gur imigh sé, cé is moite de na cupla súileoigín fhataí a chuir fear fánaí dhó. Nach diabhaltaí an spreallaireacht atá air seachas aon duine. Bhí áit theolaí aige muise dhá dtugadh sé aire dhó
Is diabhaltaí an droim atá ann — leirg réidh fhada; talamh ard cothrom agus réim dhe i ndiaidh a chéile
 
Is diabhaltaí an dúchan a rinne mé féin agus D. lá. Chuir muid an cúl thiar agus an cúl ó dheas de Bh. Bh. agus go deimhin bhí sé chomh maith dhom a rá nach raibh freastal ar bith againn scáth a ndearna J. Sh. G. Deirimse leatsa gur buan an cúl é cúl thiar Bh. Bh. Feicim anois go bhféachann sé é féin trí lá, ach ar ndóigh níl déantús maitheasa ar bith sa scairíneach siúd. Ní ag cur a bhíos sé ach ag cipiléireacht!
 
dúid
Ba diabhaltaí an t-aicsean a rinne sé sin, agus ba ghránna: an chluais a scuchadh ó bhun na dúide d'fhear eile le corrán. Dhá mba mise a bheadh in áit an bhreithimh ar chaoi ar bith, bhealóinn an chnáib dó!
 
Is diabhaltaí má tá sí chomh dúnárasach sin gur inis sí do Bh. go raibh sí ag dul ag pósadh. 'Sí B. a d'inis domsa é, agus do chuid mhaith liom. Ar an dá luath is a bhfuair sí sin leide air, is uirthi nach raibh an mhoill dhá scaipeadh. Bhí sé i bhfad agus i ngearr aici tráthnóna. 'Sé an béadán sin a buac. Cheapfá go mbeadh an ceann eile níos aigeanta ná a dhul ag ligint a rúin lena leithide sin má bhí cás ar bith aici faoi. Agus bhí, mar bhí sí ag cur a craicinn di dhá shéanadh le chuile dhuine faoi cheann cupla lá. Bhí an cleamhnas de dhroim seoil an uair sin. Ar ndóigh níor neartaigh an ceann eile ar a maidí chor ar bith go bhfuair sí léireachan ar an méid sin
+
Tá dúradán beag de lao aige, agus ní fhaca mé an oiread díocais ar bheithíoch dhá bhearradh féin ariamh agus atá air. Tá an drioball crinnte amach aige as féin. Is diabhaltaí nach bhféachfadh sé lena dhul roimhe siúd, shula chuirfeas sé é féin ó mhaith
TUILLEADH (1) ▼
Is diabhaltaí grinn é. Bhain sé dúradán a bhí istigh faoi shúil an mhadaidh amach aréir ainneoin nár léir do dhuine ar bith é ach dó féin
+
Cheannaigh mé bó uair i nD. an Fh. Chuaigh mé amach ag breathnú uirthi ansin amuigh i nGarraí na hIothlann shul ó chuaigh (sula ndeachaigh) mé a chodladh taca an haon déag. Nach diabhaltaí an dúrúch a bhuail í agus go raibh sí thiar ar an tsráid ag an bhfear ar cheannaigh mé uaidh í — Mainníneach as C. — ag an ceathair a chlog an mhaidin sin. An gcreidfeása go bhféadfadh bó ar bith an oiread sin siúil a dhéanamh. Sin í clár na fírinne agat muis
TUILLEADH (1) ▼
Nach diabhaltaí fada a lig sé é gur bhuail dúrúch mná é. Cén aois é siúd? Bail ó Dhia ort féin agus ar do leathchéad bliain. Ní fheicfidh sé na trí scóir féin aríst go deo. Dar mo choinsias, 'sé an seandúrúch aige anois é. Ach ní bhíonn ríochan ar bith leis an seanamadán nuair a theagas an óinsiúlacht air. Diabhal ríochan!
 
Níor facthas ó rugadh an chéad fhear aon ghlas ba dúshlánaí ná é. Bhí trí bhaint air agus chuile bholta acu chomh mór le do láimh. Nach diabhaltaí a bhain siad é ina dhiaidh sin. Níl rud ar bith ag dul ó chuid de na daoine
 
Bhí poitín ag dul faoi is thairis ariamh agus níor ól sé aon deoir dhe. Nach diabhaltaí a chruthaigh sé agus fanacht uaidh — bhí sé ins chuile áit timpeall air; d'fhéadfadh sé a fháil chuile phointe
 
Is diabhaltaí a chuaigh an príosún thríd. Tá sé tugtha uaidh ar fad. Ní fhaca mé aon fhear go hiomaí is tuartha atá as a cheannaghaidh ach é