Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
driúcaí
ainmfhocal, fireann
uimhir iolra: driúcaíochaí
goróir; diocín; gasúr nó seanduine a bheadh scartha ar an tine le fuacht; gasúr a mbeadh dioc fuaicht air.
+
Nach é an driúcaí é!
Is cuma don driúcaí bocht sin céard a dhéanfas sé. Tá sé ar a leabhar ag an bhfiach dubh. 'Sé an chéad duine eile é a mbeidh sibh ag bualadh fód air
TUILLEADH (1) ▼
Níl bláth ná biseach ar an driúcaí de ghasúr sin aige ach ag dul chun deiridh chuile lá