Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drocháisc
+
Tá an drocháisc ann (éisc, an drochéisc freisin); tá an drocháisc istigh aige — mírún nó feall, nó drochbhraon a bheith i nduine, cé go mb'fhéidir nach ligfeadh sé amach é nó go dteanntaí leis
Tá sé síodúil go leor mar sin ach tá an drocháisc istigh ina dhiaidh sin
TUILLEADH (6) ▼
Níor lig sé amach an drocháisc go deo, go dtáinig sé abhaile aríst agus gur casadh lucht na seansíomálachaí air
Sin é úll na haithne a mhic ó. Tá an drocháisc istigh aige. Ó gach leanbh mar a hoiltear, agus gach uige mar a hábhar, adeir siad
Níl ligean amach an drocháisc aici, bíodh sé inti nó ná bíodh. Is mór an t-ionadh nach mbeadh muis: inín Ch. Mh., níor cheart di dual ná slis di a fhágáil amuigh
Chaith sé an lá ag bollaireacht agus ag broimseálacht soir anseo agus ag cur amach an drocháisc: rud atá ann go fairsing
Mura bhfeice muid dhá drocháisc muis choíchin, ach an sceamhínteacht bheag sin a bhí air an oíche cheana, ní cás dúinn é. Déarfaidís gur anglóir ceart é ar a mheisce. M'anam go raibh sé bogtha go maith an oíche sin, ach dheamhan thairis sin de dhochar a bhí ann ach cead cainte a thabhairt dó. Ar ndóigh ní móide gur beag dhúinn a thúisce!
Tá sé ag ligean amach an drocháisc anois — an drochmhúineadh nó an t-olc nó an faltanas, nó an drochoiliúint a gheobhadh duine go mbeadh sé dhá thaispeánadh

drocháisc in iontrálacha eile (3)

 
Tá an drocháisc chomh daingnithe istigh sa dream sin, agus nár mhór dóibh tonn ghrásta chomh mór le Tonn Uí Fhloinn lena cur amach
 
Nach bhfeiceann tú ina dhreancán é sin agus gan deoir ina bholg. Tá an drocháisc istigh; tá sin. Sin é atá dhá dhéanamh air
 
Ná cuir chuige ná uaidh. Tá an drocháisc ansin. Is maith éasca a dhéanfadh sé díchúis dhuit dhá gcaitheadh sé ina cheann é. D'ordaigh Dia an anachain a sheachaint