Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
déan de
1.
+
Rinne sé créatúr (cac leicín, ciseach, srl.)(de) — chuir sé drochbhail air leis an mbualadh nó leis an gcoigilt a thug sé dhó
Rinne sé ciseach (cis ar easair srl.) dhe
TUILLEADH (2) ▼
Ní dhéanfaidh sé aon stolpán dhe. (fc. stolpán)
Rinne siad sagart den mhac
·
Déan píosaí den cháca sin (cuideannaí, sceidíní, giotaí srl.)
+
Ní dhéanfaidh tú iontas ar bith dhe (dhó freisin) ach a bhfeice tú é
Rinne sé dóigh dhá bharúil (fc. dóigh)
TUILLEADH (1) ▼
Déan maith de do ghealladh; déan maith de do chuid cainte — an rud a gheall tú, déan é
2.
·
Rinne sé aon lá amháin dó (de)
Má fhaigheann sé é sin amach in do dhiaidh, déanfaidh sé aon lá amháin díot

Féach freisin

de

déan de in iontrálacha eile (50+)

 
fara
Tá lot déanta ag an ógánach sin (an sionnach) anseo le bliain. Dar fia tá! Meas tú nár scuab sé sé cinn de chearca breá amach den fhara uaim. Fuair sé ligean eicínt orthu. 'Sé atá i riocht
 
fear
Go lige Dia a sláinte di! Is mór an grá dia a rinne sí agus an dílleachta bocht sin a thabhairt léithe. Fearfaidh Dia agus Muire Mháthair a cuid grá dia uirthi. 'Siad atá i riocht
 
Aimsir fhearthainne den tsórt seo, b'fhearr do dhuine fanacht chois na tine agus gan a bheith dhá chailleadh fhéin, ar scáth a mbeadh déanta aige. Ní raibh aon cheo ariamh de bharr breacaimsir mar seo
 
fios
Ara cén chaint sin ort? Tá M. níos fearr a fhios ná sin. Ní chreidfinn go ndéanfadh sí a leithide de chleas
 
Ní foláir duit foighid a bheith agat. Ní dhéanfar de rith ná de léim mar sin é
 
M'anam nach beag dom a bhfuil ag fortabháil orm cheana agus gan tusa a dhul ag cur tuillidh orm. Cén chaoi a bhféadfainnse a bheith san airdeall ar do chuid beathach. Tá mo chuid fhéin ag déanamh cíor tuaifil díom. Má ba leat féarach a cheannacht, bhí agat é a fháil in aice láthair: sin nó ligean dó ar fad. Bheadh bó trí lá báite nó basctha ansin thuas shul má gheofaí í
 
Bhí titim feoir ann ag an gcodladh. Is suarach an t-ionadh agus a bhfuil de ragairne déanta aige le coicís
 
Dhá bhféadainn leathbhróig eile a fháil anois a d'fhreagródh di sin, bheadh liom. Dheamhan poll ná púirín uirthi sin. Meas tú nach ndéanfadh gréasaí leathbhróig dom?
+
Ní bhíonn freigisí ar stocaí anois chomh coitianta agus a bhíodh fadó. An déanamh sleamhain a thugtar orthu ar fad ar an saol seo. Dheamhan a bhfuil sé de stuaim sna mná atá ann anois freigisí a chur iontu
TUILLEADH (1) ▼
Cé a chuir an freigisí sna stocaí dhuit? … Ba deas a rinne sí iad. Bean mhaith aráin agus abhrais í sin, agus ghreamaigh sí di. Bhí na Catháin uilig amhlaidh
 
Níl ann ach frídeoir de dhuine, agus ina dhiaidh sin fhéin, is diabhlaí go deo an gníomh atá ann. M'anam mura bhfuil gabháil na gaoithe ann go bhfuil déanamh na ngnaithí ann, go bhfuil sin.
 
Tá fudairnéis déanta acu de na daoine lena gcuid páipéir. Cén ghnaithe atá againne dá gcuid páipéir? Má theastaíonn siad chomh géar sin uathu, breá nach dtagann fear uathu fhéin timpeall agus a líonadh?
 
Ní dhéanfaidh mise é. Níor fágadh de chúram orm é
 
fága
Tá an fharraige ag míniú anuas aríst. Is furasta a aithinte é, agus a bhfuil de na fágaí sin inti. Rinne an bádóir seol inniu, ach ní dheachaigh sé thar bharr na C. D'fhill sé ar ais aríst. B'oibrithe leis a bhí sí déarfainn. Tá sé saothraithe go maith ag an duine bocht agus fuiríocht calaidh air ansin le seachtain.
 
fág
Teannaidh anuas. Déanaigí áit díbh fhéin ansin chomh maith agus a fhéadfas sibh. Má tá muid cúng níl muid doicheallach. Ar ndóigh an té is cúng leis fágadh
 
Bhí sé taobh istigh den sconsa agus é ag cláradh na mná mar a bheadh cat ag cangailt fáideoige! Diabhal a leithide de dhíocas! Ba deacair é a bhearradh san am ar buaileadh an dairt air. Dhéanfadh sé gortú dhá mbeireadh sé ar aon duine
 
Bhreathnaigh sí thrí fháinne na feiceála agus chonaic sí dúchan na gcéadta ag déanamh uirthi i bhfad uaithi agus ní i ngar di — sórt gloine eicínt; spy-glasstelescope is cosúil (níor chuala mé é ach i scéalta Fiannaíochta)
 
Tá sé ag déanamh na fálróide, ach is beag é a chuid maitheasa ina dhiaidh sin. Dheamhan dhá chléibhín fátaí de bhláth bliana aige
 
fán
Tá an cúpla sin ag dul i bhfán ar a chéile ceart críochnaithe. Ní dhéanfadh sise a mhalrait seisean d'fhear, agus ní dhéanfaidh seisean a mhalrait sise de bhean, agus níl an tseanlánúin sásta, agus níl sise toilteanach imeacht uathu agus dheamhan a fhios agamsa cén súisín é!
 
féar
Fiafraím díot, cén chaoi a ndéanfaidh muintir na háite seo an saol a ríochan, nó go ndéantar a bhfuil tusa a rá. Fan beo a chapaill agus gheobhaidh tú féar, ab ea. Mar a chéile sibh ó sháil go rínn. Tá sibhse chomh dona le dream ar bith eile
 
Shílfeá go mbeadh obair eicínt déanta aige de bharr a chuid ama. Ní hé a cheal muise nach mbíonn fíbín air chuile mhaidin ag dul chuig an ngarraí
+
fóir
Go bhfóire an tAthair Síoraí anocht orainn, nach beag an scrupall fear ar bith a chuaigh ag déanamh a leithide de chleas ar dhílleachta bhocht
TUILLEADH (1) ▼
Dhéanfainn rud ar bith anois le fóiriúint a fháil ar (ó) na daitheachaí seo. Tá an fhiacail ina dhá leith. Teagann driog inti amantaí agus shílfeá go dtógfadh sí an ceann díom. Tá mo chiapadh ceart faighte agam uathu
+
Lig de do chuid cabaireacht anois liomsa, nó mo choinsias is dar m'anam, déanfaidh mé cuailín cnámh dhíot.
TUILLEADH (1) ▼
Níl mé ag iarraidh do chuid cabaireachta beag ná mór. Murar mian leat an méid sin de shoilíos a dhéanamh dhom, ná bac leis. Déanfaidh mé cúis mhaith de t'uireasa.
+
Bailigh a bhfuil de chlocha ar an gcúl sin agus déan iad a chaidhleadh suas in éindí anseo. Cuirfidh muid ar na leachtaí aríst iad nó tarlóidh muid amach ar an mbóthar le ciseogaí iad.
TUILLEADH (1) ▼
D'fhéadfá a rá go raibh muid i dteannta. Muid dhár gcaidhleadh le piléir agus le shellannaí agus gan dul ar ár n-aghaidh, ná ar ár gcúl againn! Agus gan a fhios cén pointe a bpléascfadh ceann acub sin agus a ndéanfadh sé smiodairíní de chéad againn in éindí.
 
Tá caidhfte de lao ansin thiar agus dheamhan smut a leagfadh sé ar a chuid beatha. Nuair a thairg mé dhó é, séard a rinne sé é fhéin a chrapadh isteach i lúbainn an chlaí.
+
caidhl
Shílfeá go bhfuil tú ag déanamh caidhlíní de na faochain. Cé agaibh ar leis an chaidhlín seo? (páistí ag cur fhaochan i mullach a chéile)
TUILLEADH (2) ▼
Rinne mé caidhlín dhá raibh de leithpínneachaí agam agus meas tú nach raibh scilling agus pínn ann. Sin é a raibh ag gabháil liom de bharr na hoíche
Déan caidhlín de na píosaí bhuidéal sin go gcuirtear amach i bpoll an chlaí iad. Fainic Dia aithnítear, an dtiocfadh aon sclamh acub in do chois!
 
cailm
Théis a bhfuair sé de liúradh, dheamhan blas chailm a bhí air. Dheamhan a chos siúd nach ndéanfaidh aríst é, arae níl aon chomhairleachan ina chionn.
 
Ní fhágann an chaolóid riabhach an chuach chor ar bith, ach dhá tíolacan, agus ag soláthar di. Níl a fhios agam féin an ndéanann sí imirce léithe amach faoi na tíre (tíortha, tíríochaí) coimhthíocha nó nach ndéanann. Feictear dhom nach bhfaca mé ariamh í, ach nuair a bheadh an chuach ann.
 
Chuaigh fear thart anseo an bhliain cheana agus é gléasta mar a bheadh tincéara ann. Ar a chaomhúint a bhí sé i ngeall ar bhean bhocht eicínt a robáil agus a mharú thart síos. Dheamhan duine beo nach gcuirfeadh sé dalladh púicín air. Siar faoi Chonamara in áit eicínt a rugthas air as a dheireadh agus cuireadh príosúntacht lena ló air. Má cuireadh fhéin, ba mhaith an oidhe sin air, ná ar aon duine eile a dhéanfadh a leithide de chleas.
 
M'anam muise, mura bhfuil ag a chuid beithíoch seasc ach a ndéanann siad de thiomsacht ar na caothachaí siúd nach sú salúin i mbéal bulláin dóibh é. Bó ar bith — seasc nó eile — nach bhfuil ag fáil farae ar an aimsir seo, beidh sí ar deireadh.
 
An bhfuil a fhios agat an moghlaeir mór a bhí ar forbhás ar stuaic an charracáin sin thiar i Leic an Rí (garraí)? Thit sí anuas le fána agus tá sí caite thíos sa log fliuch siúd anois. Is maith an t-ádh a bhí orainn nach raibh aon bhó againn ann nó bheidís craptha isteach faoi ghiall an charracáin ar an bhfarra gaoithe sin a bhí ann le dhá lá, agus dhéanfadh an daigéad siúd cuailín cnámh díobh.
+
ceal 1
Sin é a rinne mé anois, agus déan do rogha ceal di má thograíonn tú — faigh do rogha locht air; déan do rogha rud ina timpeall; bain do rogha abhrais, nó adhmaid as an méid sin thú fhéin.
TUILLEADH (8) ▼
Níor thug sé dhomsa ach an méid sin de leide, agus déan do rogha ceal di thú fhéin. Ní fhéadaimse mórán abhrais a bhaint as an scéal ar aon chor. — bain thusa do rogha abhrais as
An méid millteanais a rinneadh ann, is mise a rinne é, agus déan do rogha ceal di anois.
Húradh (dúradh) liomsa an méid sin a rá agus tá mé dhá inseacht duit anois, gan cor an fhocail a chur air ach léar (de réir) mar a chuala mé fhéin é, agus déan thú fhéin do rogha ceal di. Níl a fhios agamsa cén súisín é.
Déarfaidh mise suas leis an smut aige gurb é fhéin is ciontaí ó thús deireadh go tosaigh, agus déanadh sé a rogha ceal di más breá leis.
Má tá i ndán is go gcoinneofar an scéal seadaithe i bhfad eile, tiocfaidh mise siar de mo shiúl ionsaí agus inseoidh mé suas dhá béal gurb é a mac fhéin a tharlaigh leis na fataí le airgead fags a fháil. Déanadh sí a rogha ceal di sin má thograíonn sí.
Ní thiocfaidh mé anonn ná anall leis, ach déarfaidh mé suas leis an bpus aige. Cén bheann atá agam ar aon duine faoin bhfírinne. Déanadh sé a rogha ceal di, ach is gearr go gcloise sé uaimse é ar nós ar bith.
Ó tá sí ag dul sa gceann sin leis, ní chónóidh mise go seasa mé thíos ar a hurlár agus go n-insí mé dhi cé hiad bratainn bradach na heitinne, agus déanadh sí a rogha ceal di. Ní fhéadfaidh sí gairm chúirte a chur orm ar aon nós faoin fhírinne.
Déan do rogha ceal di má thograíonn tú. Céard atá sa méid adúirt mé leat ach cnáimh crinnte na fírinne.
 
Rinne sé clogán streille den oíche ag ceartú dhom faoin dole agus faoi de Valera agus faoi na Blue Shirts. 'Sé atá in ann an chaoi a chur ar an saol.
 
Mura bhfuil de chinnireacht orthub muise, ach a ndéanfaidh Mac Th. Uí Mh. orthub, éirídís as, arae ní dhéanfaidh siad aon ghnaithe — urlámh, ceannús ceann, treoraíocht, comhairle.
+
Dar mo choinsias muise, mura bhfuil an capall an-mhín, ní hin é an cinnire ab fhearr liom ina héadan — bás bradach. Má chuireann sí cosúlacht ar bith uirthi, dheamhan an dóichíde rud a dhéanfadh sé sin ná cead an bhealaigh a thabhairt di
TUILLEADH (1) ▼
B'fhurasta a aithinte dhó gurb in é an cleas a dhéanfadh sí agus an cinnire a chuir sé ina ceann — staic de phutach. M'anam go dtabharfadh sí sin fuílleach le déanamh d'fhear mhaith fhéin.
 
Dheamhan a bhfaca tú a leithide de chiseach déanta d'aon rud ariamh mar atá déanta den gharraí fataí sin thuas ag caoirigh Ch. Níl aon mhaith iad a fhuagairt di. Brath mór atá agam iad a thiomáilt (thiomáint) chuig an ngarraí gabhann.