Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
foláir
aidiacht
/f′l′ār/: Tá an o imithe; f agus l caol agus an r deiridh leathan. Tá mé dhá scríobh ina fholáir mar gur mar sin is iondúla a scríobhtar é.
Focal an-choitianta i gcaint é, go háirid i gCois Fharraige
+
Ní foláir dhuit a bheith ar t'airdeall fhéin — ní mór duit; is ceart duit
Ní foláir dhó deifir a dhéanamh más leis a bheith in am
TUILLEADH (12) ▼
Sé cinn a fuair tú. Ní foláir duit sin. Is beag a bheas le reic agat ach a mbeidh ábhar dorais bainte astu
Tá sé maith go leor ach ní foláir dó é — ní mór dó chomh maith agus atá sé; níl sé ach maith go leor
Chuaigh sí scór punt. M'anam nach foláir di chomh maith agus atá sí ar scór.
Tá aitealla beag aige, ach ní foláir don lá fós chomh maith agus atá sé. Ní mian leis éirí as (an mbáistigh) shílfeá
Níorbh fholáir duit sé phunta dhéag a fháil ar an dá ghamhainín sin anois le bheith íoctha iontu. Nár thug tú fhéin aon phunta dhéag orthu?
Níorbh fholáir dó chomh láidir agus a bhí sé. Dar fia dhá n-airíodh an ceann eile buille marbh ar bith ann, thapódh sé é. Is buachaillín crua é an fear eile fhéin
Ní foláir don lá a fheabhas — níl an lá ach réasúnta
Níorbh fholáir don talamh múirín báistí a fháil anois. Tá sé dóite dhá uireasa
Ní foláir duit foighid a bheith agat. Ní dhéanfar de rith ná de léim mar sin é
Níorbh fholáir dhomsa gur lig mé liom fhéin ar chaoi ar bith. Murach gur lig, gheobhainn garbh é
Ní foláir do dhuine a dhul sa bpraghas le culaith éadaigh anois. Mura dté, ní bhfaighidh sé aon éadach ar fónamh
Níorbh fholáir do dhuine fairsingeacht réasúnta talúna a bheith aige do chaoirigh. Sliabh a d'fheilfeadh ceart iad

foláir in iontrálacha eile (50+)

 
Níor fhan focal ar bith cainte aige ar a dhul suas ar an stage dó. Bhí sé ina fhudar fadar. Tá sé rófhaiteach le aghaidh na ceirde sin. Níorbh fholáir do dhuine an-cheann a bheith air le seasamh in áit den tsórt sin. P. L. an buachaill!
 
Ní bheidh earasbarr ar bith agat pé ar bith céard a dhéanfas tú le easpa. Is mór an lear feamainne nach foláir don gharraí siúd. Tá sé buan
 
Ní foláir farúch a chur faoin gcoca sin, nó tiocfaidh faoi. Faigh saileánach agus driseachaí in áit eicínt. Socróidh mise sraith (chloch). Tá fraighfhliuchas a bhfaca tú ariamh sa gcúinne sin
 
Thug an leoraí feadhnach diabhalta móna leis. Chuir sé trí fhód de mhaolóig suas. M'anam nárbh fholáir dó sé phunt deich a thabhairt ar an leoraí úd: gur ag fear an leoraí a bhí an bhuntáiste ina dhiaidh sin
 
focal
M'anam gur beag nach ndeachaigh an sciorradh focail daor air. Ní foláir do dhuine greim maith a bheith ar a theanga i gcúirt aige. Bíonn siad ag iarraidh breith ar theanga ort
 
Tá sé rófhriochanta. Ní fhágfaidh sé aon duine gan cur ina aghaidh. Fear ar bith atá ina cheann posta seisean, níorbh fholáir dó foighid naoimh a bheith aige
 
Ná cuir an glas ar an doras sin faitíos na fálach. Fanfaidh mé scaithín anseo ar an teallach, agus má airím aon ghéim ón mbodóig sin, gabhfaidh mé amach aríst. Ní foláir do bhó ar a céad lao airdeall maith
 
fíóg
Chaithfeá na fíógaí a bhaint i dtosach. Nuair a bheifeá dhá ndlaoithiú níorbh fholáir duit stríoc den dlaoinín a fhágáil uirthi nó thitfeadh a mbeadh istigh inti amach ina mionbhas. Chrochfá suas ar stálú sa simléar ansin iad nó go mbeidís tirim. Nuair a bheidís tirim sheasfaidís suas i lár an ruda, bheidís chomh láidir sin. Ansin bheidís faoi réir lena lasadh
 
Más leat a dhul ar cúlóig, ní foláir dhuit mála a fháil le cur fút fhéin ar chairín an chapaill. Tá an capall sin chomh suaite sin agus go dtiocfadh a gorúnaí thríot mar a bheadh snáthadaí ann.
 
Níorbh fholáir don tobar sin thuas claibín i riocht is nach bhféadfadh na gamhna a dhul ina ghaire.
 
M'anam muise, más leis an choinicéar siúd a phósadh, nach foláir dhó cathaoireacha níos láidre ná atá aige a cheannacht. Tá sí siúd hocht gclocha déag ar a cois, má tá sí taobh leis.
 
M'anam nach foláir do na daoine a bheith crua agus coinneálach ar a saol atá ann, muran leob a bheith d'uireasa tí.
 
Tá cead scoir acub ó tháinig an geimhreadh, agus níorbh fholáir cosacáin a chur orthub anois ó tá fás ag tosaí.
 
bannaí 2
Ní foláir an-bhannaí ar na scoilb a chuireanns tú sa gcailleach nó bogfaidh siad.
+
Ní fholáir dhúinn a bheith ag giorrú an bhealaigh nóiméad ar bith feasta.
TUILLEADH (1) ▼
Níorbh fholáir dhom go maith a raibh de bhealach agam le casadh — ar ín ar éigean a bhí mo dhíol bealaigh agam le casadh.
 
crígh
Níorbh fholáir do dhuine am agus cúnamh lena réiteach.
 
Tháinig cuaifeach orainn de ghorta gharta agus caitheadh thart an seol. Thapaigh muid é, agus níorbh fholáir dhúinn fhéin gur thapaigh.
 
I nDomhnach níorbh fholáir do ghasúr a bheith cuisneach go maith lena chur chun scoile agus an aimsir atá ann. Chonaic mé deoraí beag de ghasúr atá ag M. Mh. ag dul anoir inné, agus é ina ghoróirín leis an bhfuacht. Nár agraí Dia air a dhul ag cur amach a leithide siúd de mhalrach faoi fhuacht agus faoi dheallradh!
 
Ní foláir dhuit na tairní sin a bhiorú, arae tá siad rómhaolaithe as a mbarr.
 
Má thiteann an cuaille siúd ar lár, ní foláir dhuit cúnamh agus borradh lena tógáil.
 
Níorbh fholáir do dhuine a bheith an-stuama le bualadh faoi ghnaithí den tsórt sin.
 
Buailteán súiste nárbh fholáir dhuit ina éadan sin. Tá a chraiceann chomh garbh agus nach bhfágfadh fás fhéin aon léas air.
 
Duine ar bith a gheobhas sé faoina neart, ní foláir dhó a bheith ar a aireachas fhéin air — duine ar bith a aireos sé níos laige ná é, níor mhór don duine sin aire mhaith a thabhairt dó fhéin air.
+
aire
Tá an geadán céanna chomh hachrannach agus nárbh fholáir do dhuine a bheith rí-aireach go mbeadh sé amach as.
TUILLEADH (1) ▼
Ní foláir dhaoibh a bheith aireach sa gcoinleach sin faitíos na gcoinlíní a dhul ina gcosa.
+
aire
Ní foláir dom a bheith ar m'aire fhéin, faitíos a mbuailfeadh an capall mé — ní mór dhom a bheith ar m'airdeall nó ar m'aireachas fhéin, faitíos a dtabharfadh an capall cic dom
TUILLEADH (2) ▼
Ní foláir dhíbh aire mhaith a thabhairt dhíbh fhéin ar Pheaide, mar 'sé úll na haithne é.
Ní foláir dhuit aire a thabhairt duit fhéin mar tá na comhairleachaí móra sa mullach ort — caithfidh tú an-aire a thabhairt do do chuid oibre mar tá na daoine atá i gcéimíocht anuas ort agus san airdeall le deis a fháil ort.
 
Ní foláir dhúinn a bheith ag bogadh amach nóiméad ar bith anois más linn a bheith sa mbaile ó ló.
 
Má théann tú ag ardú an chlaí sin, ní foláir dhuit a dhul dhó mar is ceart agus na máithreachaí in íochtar a dhaingniú. Mura ndéana tú sin, beidh sé le n-ardú aríst agat.
 
Tá fascalach sprae thuas sa mbairille agam agus ní foláir dom a chur amach inniu, agus gan lá eile a bhearnú leis. Diabhal mé go bhfuil na daoine meata ag an sprae céanna nuair nach bhfuil an aimsir ag teacht cóiriúil lena aghaidh
 
feacht
Ní raibh aon ghair aige an bád a cheansú. Rug feacht agus tuile rabharta in éindí air. Níorbh fholáir bádóir thar cionn lena cinnireacht mar bhí an-tarraingt mhór ann.
 
flith 1
Ní fhaca tusa flith ag dul le cois chapaill ariamh? … Ní hé sin domsa é muis. Is minic a chonaic mé dhá cur léithe í dhá mbeadh sí ata. Í fhéin nó moing mheara. Tá an fhlith chuile orlach chomh maith leis an moing mheara. Í a bhruith i bpota agus an sú a chuimilt den at. Ní foláir í a choinneáil cuimlithe léithe nó go dtraoithe sí. Bhainfeadh sí at as duine freisin. Í a théamh os cionn na tine, agus a bualadh le do dhá bhois, agus a cur isteach leis te bruite. Chuir mise le mo láimh anseo í uair a raibh sí ata. Ba gearr a bhí sí ag baint an at aisti.
 
Ní sheasfaidís sin dhá iarraidh d'uireasa foghairte. Is beag an baol. Nach bhfuil sé ag luí le réasún? Nach bhfuil a fhios agat fhéin an rud a thollfas an chloich nach foláir dó foghairt — agus foghairt mhaith. Ach cén chaoi a ndéanfaidís tada fadó? Agus gan acu ach tuannaí adhmaid
 
Ní foláir duine eile le foireann a dhéanamh más i bpáirt a imreos sibh. Níl againn ach cúigear
 
Caith amach ag na cait an drioball de scadán sin. Tá sé ag déanamh fíniú sa drisiúr le dhá lá. Níorbh fholáir do dhuine goile Mh. Mh. a d'ith an mhuic chaillte a bheith aige le drannadh leis sin
 
feadh
Thug muid ligean hocht bhfeadh déag don chailleach. Níorbh fholáir di sin go mbuailfeadh sí tóin (fc. cailleach).
 
Is mór an fhoighid (is iomaí foighid) nach foláir do dhuine a bheith aige in éindí leis siúd. Má ligeann tú taghd ar bith in do ghaire, ní dóichíde dhuit rud a dhéanamh ná a mharú
 
fonsa
Níl a dhóthain tearra ar an gcurach sin. Ná bac le ceann ar bith a mbeidh na fonsaí leis mar sin inti. Níorbh fholáir trí bhrat a dhul os cionn a chéile uirthi sin — na clárachaí ina gcineál buinne nó na hoops atá trasna faoi chreatlachaí na curaí. Bíonn na liúrachaí taobh istigh dhíobh sínte ar a bhfad
 
Tá sí ag fuasaoid na coise aríst. M'anam go sílim nach foláir di a dhul roimpi in am. Is olc í sin
 
fál
Más leat an garraí siúd a chosaint le aghaidh féir i mbliana, ní foláir duit fál thairis siúd a chur air
 
Tá an iomarca fuaireacht san uisce lena ól leithide na hoíche anocht. Scaird seanfuisce nárbh fholáir do dhuine
+
Ní foláir don iarann sin a bheith ar fuarú seal shula gcuire tú leo é
TUILLEADH (1) ▼
Ní foláir fuarú a bhaint as na tornapaí sin shula dtuga tú don lao iad
 
fuar 2
Talamh an-fhuar atá agam fréna chéile. Dhá mbeadh ceart ann níorbh fholáir dó scráib aoil nó gaineamh griúáin nó rud eicínt a bhainfeadh an géaradas as
 
Coinnigh leat na crúba sin. Tá marbhfhuacht iontu. Dar brí an leabair ní foláir duit a bheith ag cur na n-aiséadaigh faoi réir agus do chónra dhá déanamh, mar 'sé fuacht an bháis atá ort go siúráilte!
 
daigh
M'anam muise an té a mbuailfidh an daigh sin é (buinneach), nach foláir dó siúl a bheith aige
 
daol
Tá sé in ann crochadóireacht leis, ach nuair a bhuaileas daol den phian sin é nach foláir dó síneadh go n-imí sí aríst. I nDomhnach tá sé in ann creachlaoiseacha móra a dhéanamh thar éis a mbíonn d'éagnach aige. Bhuail sí an tseachtain seo caite amuigh sa ngarraí é agus bhí sé ag dilleoireacht leo ag iarraidh orthu a dhul i gcoinne an dochtúra, ach bhí sé ar a sheanléim aríst faoi cheann uair an chloig. Nuair a thugas an racht sin a sheal bíonn sé an-spleodrach aríst ar an toirt
 
Péire dhó féin, ceann do Sh., ceann do A., ceann do mhac P. Bh., ceann do Mh. Mh. N.; cé mhéad sin fágtha sa gcuain … Péire. Tugadh sé an péire sin don deachma. Ní foláir rud eicínt a thabhairt don deachma. Mar a chéile chuile choileán acu go tóin. Níl barr ag ceachtar acu ar a chéile. Tá mise ag déanamh roghain ar an gceann crón. Ní fhaca mé aon chú chrón ariamh nach mbeadh thar cionn