foras
—ainmfhocal, fireann
1.
            
cónaí; suaimhneas; foighid; socracht.
+–
Déan foras! — bí ciúin!; ná bí ag corraí, ag dul anonn is anall, ach fan socair
Nach diabhlaí nach ndéanfá foras.  Ní fhaca mé aon duine ariamh chomh beophianta leat
      
                                TUILLEADH (4) ▼
                            
Níl sé ag déanamh foras ar bith le gairid.  Bíonn teas an aithinne ann ag imeacht i gcónaí
M'anam agus ná raibh ag an diabhal, mura ndéana tú foras anois go dtabharfaidh mise do chuid duit.  Tá tú sách fada ag éirí in airde ó tháinig oíche
Ní dhéanfaidh sé aon fhoras in áit ar bith choíchin ach ag imeacht i ndiaidh a chinn roimhe mar sin
Níl lá forais air ó d'imigh an deirfiúr uaidh — luaineach
+–
Ní raibh suí forais air — cónaí
Ní fheicfidh tú suí forais air sin le do ló.  Tá sé chomh luaineach le bean bhocht ar aonach
      
                                TUILLEADH (1) ▼
                            
Ní raibh suí forais air ach ag útamáil anonn is anall.  Is mór an tseanmóir é
+–
Ní raibh foras ná suaimhneas air — bhí sé luaineach
Dheamhan foras ná suaimhneas a dhéanfas sé anois nó go bhfaighe sé bean in áit eicínt
      
                                TUILLEADH (2) ▼
                            
Ní dhéanfadh sé iamh ná foras ar feadh na hoíche ach ina chlaibín muilinn — ag síorchaint
Ní raibh iamh ná foras air gan imeacht — bhí sé beophianta gan a bheith imithe
2.
            
·
  Foras!  Foras!  Foras! — an rud adeirtear ag glaoch ar mhuca
Féach freisin
                  →
                  
                    
                      déan 1
                    
                  
                
              
            foras in iontrálacha eile (27)
Cuirfidh mise cantaireacht ar an ngoile agaibh mura ndéana sibh foras, agus cead a thabhairt dom mo shuipéar a itheadh faoi shlacht.
                    Ní fhaca tú aon cham srón birín ariamh ach a bheith ina aice.  Dheamhan foras ar bith a ghníonn sé ach ag ceasacht agus ag ceisneamh, agus ag cur an tí thrína chéile.
                    
                    →
                    cóipís 
                  
                  
                    Tarraingeoidh do chuid cóipíse an mí-ádh ort, ó fhada go dtí é.  Breá nach ndéanfá foras agus scíth eicínt a thabhairt do do theanga ar nós chuile dhuine eile.
                    
                    →
                    críoch 
                  
                  
                    Chuirfeá Crígh Mhuire thrína chéile le do chuid ealaíne agus cainte.  Breá nach bhféadfá foras a dhéanamh uair eicínt, agus gan a bheith ar aon táirm amháin i gcónaí.
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    beo 2
                  
                  
                    Dar mo choinsias, shaothraigh mise an mhéir sin.  Scoilt an ionga go dtí an beo agus dheamhan foras ná suaimhneas a fuair mé uaithi in imeacht coicíse le pian.
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    An greim a d'ith mé, chuaigh sé go beo isteach in m'fhiacail agus bhuail daitheachaí mé, agus dheamhan foras ná suaimhneas a thug siad dhom aríst i gcaitheamh na hoíche.
                    
                    →
                    binse 
                  
                  
                    Níor thug sé foras ná suaimhneas dhom, chomhuain is a bhí mé mo shuí ar an mbinse, ach ag baint scealpógaí agus plabhtógaí asam.  B'éigean dom éirí uaidh ar fad.
                    
                    →
                    bior 
                  
                  
                    Déan foras, muran tú an ceann ar bior — fan socair, muran tú atá corrmhéiniúil luaineach againn
                    Deirimse broimseálacht leat, ach siúd í an broimseálaí.  Níl foras ná suaimhneas ag aon duine atá ina haice.
                    
                    →
                    buail 
                  
                  
                    Má bhuaileann sraofairt tú de bharr an tsnaoisín sin, dheamhan iamh ná foras a gheobhas tú go ceann fada.
                    
                    →
                    bualadh 
                  
                  
                    Ní fhaighim iamh ná foras ar bith anois ón mbualadh croí; Bíonn bualadh croí orm go hacht is go háirid.
                    
                    →
                    aire 
                  
                  
                    Ó ghoin m'aire mé an chéad uair, ní fhéadfainn foras ná suaimhneas a dhéanamh go dtéinn faoina dhéint (bean a raibh faitíos uirthi gur buaileadh a fear i dteach cuarta mar chuala sí gleo ina teach féin)
                    
                    →
                    anachain 
                  
                  
                    Ní thugann an anachain foras ar bith dhó — tá a chuid beithíoch agus muc agus eile dhá síorchailleadh.
                    
                    →
                    antlás 
                  
                  
                    Tá an oiread antláis san athair agus nach bhfuil gair ag an gclainn foras ná suaimhneas a dhéanamh.
                    Tá a bhfuil sa teach agamsa thar bharr a gcéille ag na flithmheardáin.  Níl foras orthu ach ag scríobadh agus ag tochas ó mhaidin go faoithin.  Agus ó oíche go maidin
                    
                    →
                    imní 
                  
                  
                    An té a mbuaileann an imní cheart é, ní thugann sí foras ná suaimhneas dó — nuair a thagas fíorimní ar dhuine, ní bhíonn aon chónaí air, ach ag imeacht anonn is anall agus intinn chorrach aige
                    
                    →
                    istigh 
                  
                  
                    Ní bheidh iamh ná foras air istigh (sna flaithis) má chloiseann sé go mbeidh aon snáth feamainne dearg isteach — duine a bhíodh i gcónaí le cladach ar thóir feamainne, agus bhí sé básaithe anois.  Ba mhian leis an gcainteoir a thabhairt i gceist as greann, go ngreamódh tóir na feamainne dó ar an saol eile chomh maith leis an saol seo
                    
                    →
                    dearg 2
                  
                  
                    Is mór an tseanmóir thú.  Breá nach ndéanfá foras uair eicínt agus gan a bheith ag diúgaireacht i gcónaí.  Foighid ort anois, bainfidh mise an deargadh sin asat.  Mo leanbh agus mo lao thú!
                    
                    →
                    diachta 
                  
                  
                    Diachta ghéar gan an Nollaig chéanna tharainn dá mba rud é a dhúnfadh a (bhur) mbéal.  Níor thug sibh foras ná suaimhneas dúinn le mí ach í ina leathrann agaibh lena (bhur) mbricfeasta, agus lena suipéar.  Nuair a thiocfas sí tiocfaidh sí agus ní fhéadfaidh sibhse ná aon duine eile a dhéanamh lá níos túisce.  Breá nach ligfeadh sibh dá gcuid clabaireachta ansin fúithi
                    Dhá ndiúltaíodh sé an bhratainn bhradach sin, b'fhéidir dó bun a dhéanamh fós, ach ní dhiúltóidh, ná níl cuimhne ar bith féin aige air.  Tá an oiread den dallach dubh acu siúd air agus nach mbíonn iamh ná foras air mura mbeidh sé ina mbail.  Bíonn buannaíocht eicínt ag cuid de na daoine le go mbíonn siad in ann daoine eile a mhealladh mar sin
                    
                    →
                    droim 
                  
                  
                    Ní fear ar bith é le codladh leis.  Ní thiocfadh iamh ná foras air i gcaitheamh na hoíche, ach ag iontú agus ag sníomh, agus dhá choigilt féin faoi na pluideanna.  Ní fhágfadh sé leithead do dhroma féin agat inti (sa leaba)
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    déan 1
                  
                  
                    Ní dhearna sé foras ná suaimhneas ach ag corraí ar feadh an hoíche; ní dhearna sé foras ná cónaí srl.; ní dhearna sé foras ar bith srl.; ní dhearna sé cónaí ar bith srl.
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Déan foras — bí suaimhneach; ná bí ag corraí nó ag éirí in airde(fc. foras)
                    Tá an cat mara críochnaithe ar na gasúir, tá siad chomh dícheallach sin.  Diabhal mé go gcuirfidís thar bharr do chéille thú scaití.  Ní fhéadfaidís foras a dhéanamh ala an chloig ach ag déanamh rud eicínt
                    
                    →
                    díle 1
                  
                  
                    Ná cuir isteach ná amach orm anois go ceann uair an chloig.  Tá an díle oibre orm.  Níor fhéad mé iamh ná foras a dhéanamh ó mhaidin ach ar mo chois.  Dhá mbeadh an gó (gábh?) seo tharam, b'fhéidir go bhféadfainn mo scíth a ligean
                    Is díobhálach an chlaimhe istigh i mbaile ar bith iad.  Tá lán púirín na hátha acu ann, agus ní dhéanann siad foras na suaimhneas ó mhaidin go faoithin ach ag reathach agus ag ruatharúch, agus ag déanamh millteanais.  Is diabhlaí nach gcuirfeadh na póilíos faoi deara dhóibh siúd a dhul amach ag an scoil.  Ní bhíonn siad ann lá sa gcéad