Foras
—Ainmfhocal, Fireann
1.
comhnaighe; suaimhneas; foighid; socracht.
+–
Déan foras! = bí ciúin!; ná bí ag corraí ag dul anonn agus anall, ach fan socair
Nach diabhlaí nach ndéanfá foras. Ní fhaca mé aonduine ariamh cho beophianta leat
TUILLEADH (4) ▼
Níl sé ag déanamh foras ar bith le goirid. Bíonn teas an aithinne ann ag imeacht i gcomhnaí
M'anam agus ná raibh ag an diabhal mara ndéana tú foras anois, go dtiúrfaidh mise do chuid duit. Tá tú sách fada ag eirí in áirde ó a tháinig oíche
Ní dhéanfaidh sé aon-fhoras in áit ar bith choichín, ach ag imeacht indiaidh a chinn roimhe mar sin
Níl lá forais air ó d'imigh an deirshiúr uaidh = luainneach
+–
Ní raibh suí forais air = comhnaighe
Ní fheicfidh tú suí forais air sin le do ló. Tá sé cho luainneach le bean bhocht ar aonach
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh suí forais air, ach ag útamáil anonn agus anall. Is mór an tseanmóir é
+–
Ní raibh foras ná suaimneas air = bhí sé luainneach
Dheamhan foras ná suaimneas a dhéanfas sé anois nó go bhfagha sé bean in áit eicínt
TUILLEADH (2) ▼
Ní dhéanfadh sé iadhadh ná foras ar feadh na hoíche ach in a chlaibín muilinn = ag síor-chaint
Ní raibh iadhadh ná foras air gan imeacht = bhí sé beo-phianta gan a bheith imithe
2.
Foras! Foras! Foras! = an rud adeirtear ag glaoch ar mhuca
Féach freisin
→
déan 1
Foras in iontrálacha eile (6)
Tá a bhfuil san teach agamsa thar bharr a gcéille ag na flith-mheárdáin. Níl foras orra ach ag scríobadh agus ag tochas ó mhaidin go faoithin. Agus ó oíche go maidin
→
dearg 2
Is mór an tseanmóir thú. Breá nach ndéanfá foras uair eicínt agus gan a bheith ag diúgaireacht i gcomhnaí. Foighid ort anois, bainfidh mise an deargadh sin asad. Mo leanbh agus mo laogh thú!
+
→
déan 1
Ní dhearna sé foras ná suaímneas ach ag corruighe ar feadh an h-oíche; ní dhearna sé foras ná comhnaí agus rl.; ní dhearna sé foras ar bith agus rl.; ní dhearna sé comhnaí ar bith agus rl.
TUILLEADH (1) ▼
Déan foras = bí suaimneach; ná bí ag corraighe nó ag eirghe in áirde (fc. foras)
Tá an catmara críochnuighthe ar na gasúir, tá siad cho dicheallach sin. Diabhal mé go gcuirfidís thar bharr do chéille thú scaithtí. Ní fhéadfaidís foras a dhéanamh ala an chluig, ach ag déanamh rud eicínt
Is díobhálach an chlaimhe istigh imbaile ar bith iad. Tá lán púirín na h-átha aca ann, agus ní dhéanann siad foras na suaimneas ó mhaidin go faoithin ach ag reathach agus ag ruathrúch, agus ag déanamh millteanais. Is diabhlaí nach gcuirfeadh na póilíos faoi deara dhóibh siúd a dhul amach ag an scoil. Ní bhíonn siad ann lá san gcéad