1.
aisráite ó dhuine go duine.
+–
Shantaigh mé é a fhreagairt faoin rud adúirt sé ach thug mé cead a chinn dó ina dhiaidh sin
Más é a rinne é sin is mór atá le freagairt aige (ach a dté sé i láthair Dé)
TUILLEADH (3) ▼
Hé brí cé a chuir suas leis an ngasúr an rud sin a rá is mór a bheas le freagairt aige
Tá a dhóthain le freagairt ag chuile dhuine agus freagairt ar a shon fhéin (.i. i láthair Dé) gan bacadh le duine ar bith eile
Má rinne sé dícheannadh mar sin is mór atá le freagairt aige, go bhfóire Dia air!
+–
Den sonas (den tsonas) an achainí ach den donas a bheith dhá freagairt (seanfhocal) — níonn an achainí nó an t-iarratas maith go hiondúil don té atá ina tuilleamaí, ach ní chuireann sí aon cheo ann don duine a thabharfas toradh uirthi
Iarr leat a mhic ó! Tuige nach n-iarrfá! Is féar tirim duit fhéin sin. Den tsonas an achainí, adeir siad, ach den donas a bheith dhá freagairt. 'Sé an scéal is measa nach bhfuil mé in ann a freagairt sílim
TUILLEADH (2) ▼
Bíonn siad — na J.annaí — ag iarratas i gcónaí! Ba in é a gceird ariamh fhéin. Nuair a bhí mise ar an mbaile sin bhíodh muid sáraithe acu: gráinnín salainn, braon bláthaí, ioscaidín tae, uibhín chirce … M'anam gurb é atá ag féithiú leo muis. Den sonas a achainí, adeir siad, ach den donas a bheith dhá freagairt.
Ach meas tú cén chaoi a maireann a bhfuil ag iarraidh a gcodach i nGaillimh chor ar bith? Tá an baile mór foirgthe anois. Foirgthe ceart. Ní ghabhfá dhá choisméig nach mbeadh duine ag dilleoireacht ort. Agus iad chomh spleách chomh anóiteach! Sea agus cuid acu beathaithe bláfar! Ar ndóigh is den tsonas an achainí, ach den donas a bheith dhá freagairt. M'anam an té a thabharfadh aird orthu siúd gur ghearr gurb é mála na déirce a bheadh air fhéin!
2.
agairt
+–
Rinne sé fhéin an éagóir agus d'fhreagair Dia air é — d'agraigh Dia air é (deirtear an dá rud)
Freagróidh Dia ort rud den tsórt sin a rá
TUILLEADH (3) ▼
Murach go ndearna siad fhéin íospairt agus créatúlacht, ní fhreagródh Dia orthu anois é. Ní ritheann le duine ach tamall
Rinne siad leathchuma ar an dá sheandíthriúch a bhí ansin agus féacha fhéin gur fhreagair Dia orthu é dhá fhada dhá ndeachaigh sé. Tá muilte Dé mall, adeir siad, ach meileann siad go mín
Ní ligfeadh an faitíos dom cleas den tsórt sin a dhéanamh faitíos go bhfreagródh Dia orm é. Ba bheag a shúil le Dia a bheadh ag duine ar bith a chuimhneodh ar a leithide de rud a dhéanamh — ba beag sin
3.
ag feiliúint do.
+–
Cá'il an bhróig atá ag freagairt di seo? — a leathcheann nó a leathbhróig eile?
Dhá bhféadainn leathbhróig eile a fháil anois a d'fhreagródh di sin, bheadh liom. Dheamhan poll ná púirín uirthi sin. Meas tú nach ndéanfadh gréasaí leathbhróig dom?
TUILLEADH (2) ▼
An bhfuil aon chlaibín eile ansin. Ní hin é an claibín atá ag freagairt (atá freagrach) don bhosca seo
Ní fhreagraíonn an hata sin do mo chloigeann beag ná mór. Ghabhfadh dhá chloigeann mar mo cheannsa ann
4.
ag nochtadh; ag teacht leis; ag gobadh.
+–
Tá Cloch an Mhioscáin le feiceáil ag freagairt anois. Sin tús trá — tá barr na cloiche seo — Cloch an Mhioscáin — ag nochtadh as an bhfarraige mar tá sé ag trá
Is beag nach bhfuair mé na seacht mbáis sa gcurach nuair a chonaic mé an mullán ag freagairt romham agus an churach ag dul caol díreach uirthi.
TUILLEADH (8) ▼
Feictear domsa go bhfuil rud eicínt ag freagairt amach ansin ón gclochairín. Níl aon mhullán ansin? An bhfeiceann tú anois é. Is geall le bairille é. Fuisce! Rum b'fhéidir!
Tá stoiricín ag freagairt amuigh i lár na locha agus choinnigh sé greim uirthi sin nó gur tháinig cúnamh a thug isteach é
Ní ghabhfá fód na láí sa talamh sin nuair a gheofá an leic ag freagairt aníos. Áit mhaoilscreamhach mar sin é
Déan go réidh siar ansin. Is fánach an chaoi a dtreascrófaí thú, i bhfad uainn an anachain. Áit achrannach é. Tá go leor seanbhunannaí crainnte ag freagairt ann
Níor bhain mé ach barr móna i gceann thíos an phortaigh agus bhí an t-uisce ag freagairt ann ar an bpointe.
Níor tháinig sé abhaile ariamh fhéin gan an buidéal a bheith ag freagairt ina phóca. An bhfeiceann tú é?
Céard a thug an roiseadh sin do tyre do bhicycle? Tá an tube ag freagairt ann. Ná fág ball na háite nó go gcuire tú deis eicínt air. Mura gcuire, fágfaidh sé ar an mbóthar thú
Is bocht an lot atá ar a chois. Tá an cnáimh ag freagairt ann.
Féach freisin
→
freagra
freagair in iontrálacha eile (22)
+
Níl freagairt ar bith ann inniu. Tá an lá rógheal — níl aireachtáil nó priocadh ar bith ann (ag iascach)
TUILLEADH (7) ▼
Shílfeá go bhfuair tú freagairt. Coinnigh leis é. Má d'airigh sé blasta é (.i. baoite) tiocfaidh sé aríst
í mé ar bhráite mhaith, dar liom fhéin, agus diabhal freagairt ina dhiaidh sin. Sílim nach bhfuil sé sonaí an C. sin a thabhairt leat ina fhear fobhairne chor ar bith. Thug mé faoi deara chuile lá dhá mbíonn sé in éindí liom, go mbíonn geis eicínt ar an iasc, go n-aithníonn siad ag teacht é
Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt (seanfhocal) — má bhíonn duine ag caitheamh dúthracht le saothar ar bith nach mbíonn aon bhalachtáil air, ná nach bhfaigheann sé aon ugach uaidh, b'fhearr dó ligean dó
Tá sé ag líochán an chosáin ina diaidh sin leis an fhad seo aimsire agus gan d'aird aici sin air ach an oiread is dhá mba madadh é. An leadhb! Breá nach ligeann sé di fhéineacht nuair nach bhfuil sí ag tabhairt aon ugach dó. Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt
Cáid ag dul chuig an gcoláiste sin anois é? … Seacht nó hocht de bhlianta. Agus gan aon chosúlacht air críoch ar bith a bheith air fós! Éiríodh sé as agus iarradh sé an dole. Ba é ba somhaoiní dhó. Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt.
Chaith mé an lá ag tuineadh leis ag iarraidh é a thabhairt ann ach ní abródh sé drúcht ná báisteach. Téirigh tusa ina éadan anois má thograíonn tú, ach mo chomhairle duit ligean dó ar fad. Is bocht an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt
Airíonn sé freagairt eicínt sa bpoll siúd thoir agus chomh taithithe agus atá sé ann le mí — fear ag suirí le cailín ag áit áirid
Gabhfaidh mé ag leagan bruachannaí sa ngarraí seo thiar go ham dinnéir. 'Sé is freagraí dhom ó bheas orm aistear portaigh a dhéanamh ina dhiaidh sin
→
fáir
Séard atá a dhéanamh leis sin, gan fáir ná freagra a thabhairt air ach cead a bheith aige ropadh leis. Nuair a bheas sé tuirseach, éireoidh sé as uaidh fhéin. Má fhreagraíonn tú é, ní bheidh tú ach ag borradh leis
→
daigéad
Cár éirigh an daigéad de bhallach sin leat. Dar príosta tá béilí maith éisc uirthi ar chuma ar bith. Is iontas go raibh freagairt ar bith sa bpoll inniu agus chomh geal agus atá an lá. Níorbh fhiú liomsa mo shlat a thabhairt síos beag ná mór
→
dall 3
Ní raibh a sheasamh agam ann ní b'fhaide. Bhí mé do mo dhalladh le sáile ann. Ach dar fia bhí freagairt ann. An-pholl iascaigh é dhá mbeadh acmhainn ag duine fuiríocht ann
→
deachma
Ab é an cnocáinín carrach siúd. Ar ndóigh ní ag dul dhá shaothrú sin a bheadh sé. Fágadh é siúd ag an deachma. Diabhal mogall a d'fhásfadh ansiúd, dá gcuireadh sé a bhfuil de leasú thíos tigh T. R. air. Nach bhfuil an leac ag freagairt ann i chuile áit … Sílimse go bhfuil
Má tá i ndán is go dtabharfar chun cúirte thusa, tóg M. Sin é an dlíodóir. Tá sé an-doghrainneach go deo sa gcúirt. Má tá i ndán is go mbeidh fear ag tabhairt fhianaise agus go gceisneoidh sé siúd é, cabálfaidh sé é dhá mhíle buíochas. 'Sé atá in ann. Freagróidh tú é siúd feicfidh tú féin air. Nó mura bhfreagraí, beidh sé in t'éadan go brách nó go dtuga sé amach as do chreatlaigh é. Siúd é an buachaill acu. Níl aon mhaith a bheith ag dul anonn ná anall leis. Má tá clár na fírinne agat, níl aon bheann agat air, ach mura bhfuil, tá sé in ann drochdhíol a thabhairt ort. Chonaic mé mac D. ansin thoir ag athrú dathannaí aige
Is doicheallach an diabhal é le dhul isteach aige. Dúirt mé "Dia ann" agus is beag le gur fhreagair sé mé. Rath na raithní air le caoi a bheith air
→
domhan
Níl cor ar bith sa domhan thíos. Is olc an rud a bheith caite amach ar pholl gan freagairt, adeir siad
Tháinig sáimhín aireach air ó bheith ag marcaíocht droimnochta ar chapall a bhí aige — capall a raibh chuile chnáimh ag gabháil léi ag freagairt thrína craiceann. Chaith sé bliain cróilithe dhá barr
+
→
dólámh
Maróidh siad na Gearmánaigh dólámh anois ó d'éirigh leo a bhfáil faoina spreacadh. Is iomaí créatúlacht a rinne na diabhail ariamh, agus níor fhreagair Dia orthu é ina dhiaidh sin. Ach níl againn a rá ach tús na breithe ag Mac Dé!
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé seo thiar muise thíos ar an gcarraig inniu agus é ag cur bhallaigh aníos as dóláimh. Ní fhaca tú aon bhualadh ariamh mar a bhí orthu, scaithín théis am dinnéir, ach ó thosaigh sé ag tuile, níor fhan freagairt ar bith ann. Bhí sé chomh maith dhuit a bheith caite amach ar thulán le bheith ann