Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fuasaoid
briathar
ainm briathartha, ainmfhocal baineann
is annamh dó ina bhriathar chuimsí, agus an uair sin féin san aimsir chaite
ceasacht, clamhsán, casaoid, béal bocht, gearán, ceisniú, lochtú.
·
Níor fhuasaoid sé go raibh sé mall aige
D'fhuasaoid sé na scoilteachaí liomsa an lá cheana muis
+
Bíonn sé ag fuasaoid dólúm go bhfuil an iomarca oibre dhá chur air — ag clamhsán, ag gearán
Ní theagann iamh ar a bhéal ach ag fuasaoid. Nuair a bhíos sé tuirseach ag fuasaoid faoi chúrsaí an tí, agus na talúna, tosaíonn sé ag fuasaoid faoin saol agus faoin aimsir.
TUILLEADH (3) ▼
Níor bhain sé méir dhá shrón go ndeachaigh sé dhá fhuasaoid air go dtí an beairic — ag fuagairt an scéil i dtaobh an fhir eile sa mbeairic
Níl aon mhaith dhó a dhul ag fuasaoid an phortaigh ormsa leis an sagart. Níl mise a iarraidh ach mo cheart fhéin
Dúirt S. rud eicínt leis, agus ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach a dhul dhá fhuasaoid air (ar Sh.) leis an sagart. Sílim nach aon bharrshásamh a fuair sé ón sagart. Tháinig sé abhaile sách bréan dó fhéin ar chaoi ar bith
+
Ag fuasaoid atá mé a dheartháir ó, agus chreidim gur ag fuasaoid a bheas mé an chuid eile de mo shaol anois — ag ceasacht nó ag ceisniú (tinneas)
Cáid ag fuasaoid thú? — ag aireachtáil an tinnis
TUILLEADH (4) ▼
Ba ghearr ag fuasaoid chor ar bith an duine bocht. Nuair a buaileadh é, buaileadh é, in éineacht. Bhí a sheal tugtha chreidim
Má tá tú ag fuasaoid tada, b'fhearr dhuit a dhul go dtí an dochtúr. 'Sé is gaire do chabhair
Tá sí ag fuasaoid na coise aríst. M'anam go sílim nach foláir di a dhul roimpi in am. Is olc í sin
Ní féidir go bhfuil tú ag fuasaoid an tslaghdáin (na láimhe, na coise, do chroí, do mhéire, do chuid fiacal srl.) aríst.
+
Éirigh as an bhfuasaoid sin nó tabharfaidh mise údar fuasaoide dhuit, feicfidh tú féin air
Tá fuasaoid mhaith agat inniu, ach cuirfidh mé geall gur beag den fhuasaoid sin a bheas agat san oíche amárach nuair a thiocfas fonn damhsa ort
TUILLEADH (3) ▼
Is beag an fhuasaoid é an duine bocht, théis an saol a bheith ag gabháil dhá mhaidí air
Bhí mionfhuasaoid aige shílfeá nach raibh muintir an tí ag caitheamh sách maith leis, agus ní cháinfeadh sé iad théise sin
Tá fuasaoid na bó aige uilig ar Ph. Deir sé nach n-eireodh aon cheo den bhó murach P.

fuasaoid in iontrálacha eile (28)

 
Dheamhan neach an aoin istigh ar an mbaile nach bhfuil foirgthe le fliú. Bhuail sé muid tá mí ó shin, ach m'anam go bhfuil muid ag fuasaoid aríst. Níl rud ar bith chomh haiféalach leis. Mura bhfuil ag Dia déanfaidh sé creach shul má stopfas sé.
 
cailm
Ní raibh aon chailm orainne é a shrianadh abhaile théis an méid sin fhéin de raisín. Ach níor shú salúin i mbéal bulláin ag an bhfear thiar é. Chaith sé an bóthar anoir ar fad ag fuasaoid ocrais.
 
ceal 1
Dhá mbeadh aon cheal air sin, 'sé nach mbeadh i bhfad dhá fhuasaoid.
 
Tá sí ag fuasaoid faoi bheith buailte suas, agus i nDomhnach, tá sé in am sin aici chuile lá feasta.
 
Níl pian ná tinneas air ach go bhfuil sé ag fuasaoid a thaoibh beagáinín. Ach tá sé buailte síos mar sin fhéin.
 
buinne 1
Chuir mé ceaintín mór súgáin ar an bportach — ceaintín a bhí líonta suas go buinne bruach, agus shílfeá ina dhiaidh sin go raibh siad ag fuasaoid tairt.
 
aire
Dhá bhfaigheadh sé aire ó thosaigh sé ag fuasaoid an chéad uair, dheamhan bás na bascadh a bheadh air inniu.
 
Chuir sé tairne ar a fhaobhar aníos thríd an gcathaoir. Níor fhága sé liobar leathair ná fíonnaigh ar thóin N.: ón oíche sin amach níor lig N. aon lucht cuarta isteach. Bhí sé ina bhothae acu. B'fhada a chaith sé ag fuasaoid a thónach
 
feadh
Bhí sé an-tsaighdte in aghaidh an Ghovernment. Ach ar feadh is an pinsean a fháil, mise i mbannaí nár chuala aon duine mórán fuasaoide aige ó shin
 
Tá M. beag seo thíos bunfhuasaoideach go maith anocht ach ní bheadh an treaghdán fhéin air sin nuair a ghabhfadh sé dhá fhuasaoid. M'anam muise má theagann an buachaill siúd air (fliú), go mbeidh a ábhar aige shula mbeidh sé réidh leis
 
Dhá bhfulaingeofá an oiread le t'athair! Agus gan a dhath fuasaoide aige ina dhiaidh sin
 
fáth
Tá sé ag fuasaoid ar bheagán fáth
 
Gabh i leith anseo. Céard atá ort? Is beag an rud atá tú a fhuasaoid. Ar ndóigh níl tada ar an láimh sin ach go bhfuil rud beag den fhuarchraiceann tógtha dhi. Ná bí dhá cuimilt nó cuirfidh tú chun othrais í
 
daigh
Tá dó croí agus dó ghoile agus dó bhoilg agus chuile dhó dhá bhfuil ann ag dul dó. Ach is maith atá a fhios agamsa céard atá ag dul dó sin: neart leoistíochta agus rístíocht. Dhá mbeireadh an t-athair ar mhaide nuair a thosaíos sé sin ag fuasaoid, agus tosaí dhá rúscadh leis aniar ar an dromán agus é a ruaigeadh amach ina ghnaithe, mise i mbannaí gur beag a fhuasaoid a bheadh aríst aige. Ach ag peataíocht leis a bhíos siad ina leaba sin
 
Tabhair aire do do shúile. Ní hé an uair a thiocfas dailleacht ort atá agat a bheith dhá bhfuasaoid
+
Bíonn fuasaoid mhór uirthi ar an aimsir seo: scoilteachaí, coiliceam, altraid chroí, agus cá'il an t-anó nach mbíonn uirthi. Ach caithfidh chuile dhuine deachma na sláinte a íoc. Deirimse leatsa dhá mba í an Inid a bheadh ann agus caint ar chorrstarróg a bheith ag corraí, go mba bheag an éagaoineadh a bheadh uirthi, ach í ina suí suas ansiúd agus gob uirthi féint a gcloisfeadh sí aon chlascairt ag teacht ag iarraidh na hiníne. Sin í an ceann céanna — hé brí céard a bheas uirthi — nach ligfidh aon lúib síos ina gnaithí
TUILLEADH (1) ▼
Tá mé ag fuasaoid arrainge le seachtain. Dheamhan cor ná cor fágtha ionam aici. Chuile uair dhá ndírím mé féin, buaileann an driog — driog maith freisin — mé isteach sna heasnachaí. Ní fhágann sí puth de m'anáil agam scaití. Níl mé in ann iontú ón taobh seo anois go dtí an taobh eile. Dheamhan é muis. Má fhéachaim leis, is fear mé a shaothrós an saol. A! Dheamhan brí inti, ach go gcaithfidh sí a seal a thabhairt mar sin. Caitear deachma na sláinte a íoc. Níl a dhul uaidh
 
Nuair a chaith mé dhíom an crann, d'airigh mé gíoscán in mo ghualainn agus thabharfainn an leabhar go raibh mo dhealrachán briste. Chaith mé trí nó ceathair de laethanta dhá fhuasaoid, ach dheamhan blas a bhí air ina dhiaidh sin féin
 
dearg 1
Má tá sé ag fuasaoid is beag dhá chosúlacht atá air. 'Sé atá bruithleach dearg. Bhainfeá fuil as le dealg spíonáin
+
diaidh
Is maith an dícheall do na daoine a bheith i ndiaidh a chéile chor ar bith agus an aimsir a bhí ann le fada. Tá chuile dhuine ag fuasaoid slaghdáin, agus má tá féin is beag an dochar dóibh. B'uair mhínádúrtha í. Níor thada eile í
TUILLEADH (1) ▼
dole mór aige, agus pinsean seanI.R.A. agus tá punt seanphinsean ag teacht isteach ann chuile sheachtain, agus chúig leathchoróin (alúntais páistí), agus deich nó dó dhéag de phunta d'airgead na Gaeilge sin, agus ina dhiaidh sin féin, tá an béal bocht air, agus bíonn an oiread fuasaoide aige agus shílfeá nach dtáinig aon tsaol ariamh is measa ná é
 
dol 1
Bhain sé corrdhol astu (as na bradáin) anuraidh, ach ní mheasaim gur bhuail sé fúthu chor ar bith i mbliana. B'annamh leis, arsa tusa, ach déarfainn go bhfuil a dhóthain faighte aige den fhíoruisce. Tá sé ag fuasaoid scoilteachaí agus is beag an dochar dhó
 
Ní hin deilgneach. Níl ansin ach drúcht goiríní agus ní fiú biorán é. Dheamhan gasúr sa tír nach bhfuil ag fuasaoid leo sin. Ar ndóigh 'is beag a bheas ar mhalrach nuair a éagnós sé é. Tá siad ansin thuas againn fhéin …
+
déan 1
Is minic leis. Ní fhaca cuid againne ariamh é nach ag déanamh fuasaoide a bheadh sé
TUILLEADH (1) ▼
Má chloisimse thú ag déanamh níos mó fuasaoide anocht, seolfaidh mé siar a chodladh thú
 
Ní dócúlaí dhuit ná dhom féin. Nach bhfuil sé chomh córa dhomsa a bheith ag fuasaoid an bhealaigh leatsa
 
Rinne duine eicínt clann léithe ach ar Sh. bocht a leagadh é. 'Hé brí cé a ólfas é, 'sé Dónall a íocfas é,' adeireadh S. agus é ag fuasaoid an scéil le chuile dhuine
 
Ní fhaca mé a (bhur) leithidí ó rugadh mé. Ní rachadh sibh roimh rud ar bith, ach fanacht dhá bhuachailleacht ansin nó nach mbíonn sibh in ann corraí leis. Tá tusa anois ag fuasaoid do chliabhraigh a Sheáin le ionann is bliain, agus ní ghabhfá soir ag an dochtúr leis ina dhiaidh sin. Is fhearr leat ag éagaoineadh ansin ná a dhul go dtí an fear a dhéanfadh maith dhuit