Fuasaoid
—Briathar
—Ainm Bhriathar, Ainmfhocal, Buineann
—is annamh dó in a Bhriathar Choimsí, agus an uair sin féin san Aimsir Chaite
—
ceasacht clamhsán, casaoid, béal bocht, gearán, ceisniú, lochtú.
·
Níor fhuasaoid sé go raibh sé mall aige
D'fhuasaoid sé na scoilteachaí liomsa an lá cheana muis
+–
Bíonn sé ag fuasaoid dólúm go bhfuil an iomarca oibre dhá chur air = ag clamhsán, ag gearán
Ní theagann iadhadh ar a bhéal ach ag fuasaoid. Nuair a bhíos sé tuirseach ag fuasaoid faoi chúrsaí an tí, agus na talúna, tosaíonn sé ag fuasaoid faoin saol agus faoin aimsir.
TUILLEADH (3) ▼
Níor bhain sé méir dhá shrón, go ndeachaidh sé dhá fhuasaoid air go dtí an beairic = ag fuagairt an scéil i dtaobh an fhir eile san mbeairic
Níl aon-mhaith dhó a dhul ag fuasaoid an phortaigh ormsa leis an sagart. Níl mise a iarraidh ach mo cheart fhéin
Dúirt S. rud eicínt leis, agus ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach a dhul dhá fhuasaoid air (ar Sh.) leis an sagart. Sílim nach aon-bharr-shásamh a fuair sé ón sagart. Tháinig sé abhaile sách bréan dó fhéin ar chaoi ar bith
+–
Ag fuasaoid atá mé a dhearthair ó, agus chreidim gur ag fuasaoid a bhéas mé an chuid eile do mo shaol anois = ag ceasacht nó ag ceisniú (tinneas)
Cáid ag fuasaoid thú? = ag aireachtáil an tinnis
TUILLEADH (4) ▼
Ba ghearr ag fuasaoid chor ar bith an duine bocht. Nuair a buaileadh é, buaileadh é, in éineacht. Bhí a sheal tugha chreidim
Má tá tú ag fuasaoid tada, b'fhearr dhuit a dhul go dtí an dochtúr. Sé is goire do chabhair
Tá sí ag fuasaoid na coise aríst. M'anam go sílim nach fuláir di a dhul roimpe in am. Is olc í sin
Ní féidir go bhfuil tú ag fuasaoid an tslaghdáin (na láimhe, na choise, do chroí, do mhéire, do chuid fiacal etc.) aríst.
+–
Eirigh as an bhfuasaoid sin, nó tiúrfaidh mise údar fuasaoide dhuit feicfidh tú féin air
Tá fuasaoid mhaith agad inniu, ach cuirfidh mé geall gur beag den fhuasaoid sin a bhéas agad san oíche amáireach, nuair a thiocfas fonn damhsa ort
TUILLEADH (3) ▼
Is beag an fhuasaoid é an duine bocht, th'éis an saol a bheith ag gabhail dhá mhaidí air
Bhí mion-fhuasaoid aige shílfeá nach raibh muinntir an tí ag caitheamh sách maith leis, agus ní cháinfeadh sé iad, th'éise sin
Tá fuasaoid na bó aige uilig ar Ph. Deir sé nach n-eireódh aon-cheo den bhó marach P.
Fuasaoid in iontrálacha eile (28)
→
foirgthe
Dheamhan neach an aoin istigh ar an mbaile nach bhfuil foirghe le fliú. Bhuail sé muid tá mí ó shoin, ach m'anam go bhfuil muid ag fuasaoid aríst. Níl rud ar bith cho haiféalach leis. Mara bhfuil ag Dia déanfaidh sé creach shul má stopfas sé.
→
cailm
Ní raibh aon-chailm orainne é 'shrianadh abhaile th'éis a' méid sin fhéin de roisín. Ach níor shúgh salmhain imbéal buláin ag a' bhfear thiar é. Chaith sé an bóthar anoir ar fad a' fuasaoid ocrais.
Tá sí a' fuasaoid faoi bheith buailte suas, a's indomhnach tá sé in am sin aice, 'chuile lá feasta.
Níl pian ná tinneas air, ach go bhfuil sé fuasaoid a thaoibh beagáinín. Ach tá sé buailte síos mar sin fhéin.
→
buinne 1
Chuir mé ceaintín mór súgáin ar an bportach — ceaintín a bhí líonta suas go buinne bruach, a's shílfeá in a dheidh sin, go raibh siad a' fuasaoid tairt.
→
aire
Dhá bhfaghadh sé aire, ó thosuigh sé a' fuasaoid an chéad uair, dheamhan bás na bascadh a bheadh air indiu.
→
faobhar
Chuir sé táirne ar a fhaobhar aníos thríd an gcathaoir. Níor fhága sé liobar leathair ná fíonnaigh ar thóin N.: ó'n oíche sin amach níor leig N. aon-lucht cuart isteach. Bhí sé in a bhuthae aca. B'fhada a chaith sé ag fuasaoid a thónach
→
feadh
Bhí sé an-tsaghdha in aghaidh an "Ghovernment". Ach ar feadh agus an pinsean a fháil, mise i mbannaí nar chuala aonduine mórán fuasaoid' aige ó shoin
Tá M. beag seo thíos bun-fhuasaoideach go maith anocht, ach ní bheadh an troigheadán fhéin air sin, nuair a ghabhfadh sé dhá fhuasaoid. M'anam muise má theagann an buachaill siúd air (fliú), go mbeidh a ábhar aige, shul a mbeidh sé réidh leis
→
fulaing
Dhá bhfuilinneochthá an oiread le t'athair! Agus gan a dhath fuasaoide aige in a dheidh sin
Gabh i leith annseo. Céard atá ort? Is beag an rud atá tú a fhuasaoid. 'Ar ndó' níl tada ar an láimh sin ach go bhfuil rud beag den fhuar-chroiceann tóighe dhi. Ná bí dhá cuimilt, nó cuirfidh tú chun óthrais í
→
daigh
Tá dógh croidhe agus dógh ghoile agus dógh bhuilg agus 'chuile dhógh dhá bhfuil ann ag dul dó. Ach is maith atá fhios agam-sa céard atá ag dul dó sin: neart leoistidheacht' agus rístidheacht. Dhá mbeireadh an t-athair ar mhaide 'nuair a thosuigheas sé sin ag fuasaoid, agus tosuighe dhá rúscadh leis aniar ar an dromán, agus é 'ruaigeadh amach in a ghnatha, mise i mbannaí gur beag 'fhuasaoid a bheadh aríst aige. Ach ag peataidheacht leis a bhíos siad in a leabaidh sin
Tabhair aire do do shúile. Ní hé an uair a thiocfas dailleacht ort, atá agad a bheith dhá bhfuasaoid
+
→
deachma
Bíonn fuasaoid mhór uirre ar an aimsir seo: scoilteachaí, coiliocum, altraid chroidhe, agus cá'il an t-anshógh nach mbíonn uirre. Ach caithfidh 'chuile dhuine deachma na sláinte a íoc. Deirimse leatsa dhá mbadh í an Inid a bheadh ann agus caint ar chorr-starróg a beith ag corruighe, go mbadh bheag an éagcaoineadh a bheadh uirre, ach í in a suidhe suas annsiúd agus gob uirre fé'int a gcloisfeadh sí aon-chlascairt ag toidheacht ag iarraidh na h-inghíne. Sin í an ceann céadna — hébrí céard a bhéas uirre — nach leigfidh aon-lúib síos in a gnaithí.
TUILLEADH (1) ▼
Tá mé ag fuasaoid arainge le seachtain. Dheamhan cor ná cor fágtha ionnam aice. 'Chuile uair dhá ndírighim mé féin, buaileann an driog — driog maith freisin — mé isteach ins na h-asnachaí. Ní fhágann sí puth de m'anáil agam scaithtí. Níl mé indon ionntú ó'n taobh seo anois go dtí an taobh eile. Dheamhan é muis. Má fhéachaim leis, is fear mé a shaothróchas an saoghal. A! Dheamhan brigh innte, ach go gcaithfidh sí a seal a thabhairt mar sin. Caithtear deachma na sláinte a íoc. Níl a dhul uaidh
Nuair a chaith mé dhíom an crann d'airigh mé gíascán in mo ghualainn agus thiubharfainn an leabhar go raibh mo dheallrachán briste. Chaith mé trí nó ceathair de laetheanta dhá fhuasaoid, ach dheamhan blas a bhí air in a dheidh sin féin
→
dearg 1
Má tá sé ag fuasaoid is beag dhá chosúlacht atá air. Sé atá bruileach dearg. Bhainfeá fuil as le dealg spíonáin
+
→
diaidh
Is maith an dicheall do na daoine a bheith indiaidh a chéile chor ar bith agus an aimsir a bhí ann le fada. Tá 'chuile dhuine ag fuasaoid slaghdáin, agus má tá féin is beag an dochar dóib. B'uair mhí-nádúrtha í. Níor thada eile í
TUILLEADH (1) ▼
Tá "dole" mór aige, agus pinsean sean-I.R.A. agus tá punt sean-phinsean ag teacht isteach ann 'chuile sheachtain, agus chúig leath-choróin (alúntais páistí), agus deich nó dó dhéag de phunta d'airgead na Gaedhilge sin, agus in a dheidh sin féin, tá an béal bocht air, agus bíonn an oiread fuasaoid' aige agus shílfeá nach dtáinig aon-tsaoghal ariamh is measa ná é
→
dol 1
Bhain sé corr-dhol asta (as na bradáin) anuiridh, ach ní mheasaim gur bhuail sé fútha chor ar bith i mbliana. B'annamh leis arsa tusa, ach déarfainn go bhfuil a dhóthain fáighte aige de'n fhíor-uisce. Tá sé ag fuasaoid scoilteachaí agus is beag an dochar dhó
→
drúcht
Ní shin deilgneach. Níl annsin ach drúcht guiríní agus ní fiú biorán é. Dheamhan gasúr san tír nach bhfuil ag fuasaoid leo sin. 'Ar ndú 'is beag a bhéas ar mhalrach nuair a éagnós sé é. Tá siad annsin thuas againn fhéin …
+
→
déan 1
Is minic leis. Ní fhaca cuid againne ariamh é nach ag déanamh fuasaoid' a bheadh sé
TUILLEADH (1) ▼
Má chloisimse thú ag déanamh níos mó fuasaoid' anocht, seolfaidh mé siar a chodladh thú
→
dócúlach
Ní docamhlaighe dhuit ná dhom féin. Nach bhfuil sé cho córa dhomsa a bheith ag fuasaoid an bhealaigh leatsa
→
Dónall
Rinne duine eicínt clann léithe ach ar Sh. bocht a leagadh é. "Hébrí cé 'ólfas é, 'sé Domhnall a íocfas é" adeireadh S., agus é ag fuasaoid an scéil le 'chuile dhuine
Ní fhaca mé a (bhur) leithidí ó a rugadh mé. Ní rachadh sibh roimh rud ar bith, ach fanacht dhá bhuachailleacht annsin, nó nach mbíonn sib indon corruighe leis. Tá tusa anois ag fuasaoid do chliabhraigh a Sheáin le ionann agus bliain, agus ní ghabhfá soir ag an dochtúr leis in a dheidh sin. Is fhearr leat ag éagcaoineadh annsin, ná a dhul go dtí an fear a dhéanfadh maith dhuit