1.
réiteach; a dhéanamh solasach.
+–
Ní raibh sé in ann an cheist sin a fhuascailt duit? Is maith an máistir scoile é muis!
Sin anois ceist agus fuascail í a mhic ó (a chara, a bhuachaill, a scológ srl.)
TUILLEADH (8) ▼
"Tomhais a chuir Éabh ar easpag: seachtain, sé agus naoi lá. Cén chaoi a bhféadfadh seisear fear a bheith pósta in éineacht ag aon bhean amháin?" Sin agat ceist agus feiceamuist fuascail í
Ní fhuasclóidh tú an tomhais seo dhá mhéad do chuid gaisce
Chuir mise an cheist sin ar mháistir scoile cheana, agus chaith sé an lá léithe, ach d'fhuascail sé í
Fágfaidh mé a fhuascailt sin fútsa anois ós agat atá an rian. Bain thú féin do rogha adhmaid as an gcaint sin anois. Sin í an chaint a chaith sé. Nár lige Dia go gcuirfinnse bréag air
'Cuirfidh mé trí cheist ort,' adeir sé, 'agus mura bhfuasclaí tú iad, bainfidh mé do cheann agus do chamán beatha díot. Cé is gaire dhuit do léine ná do chuid éadaigh? … '
Chuaigh sí thar a fuascailt air — chinn air a fuascailt
Níl fuascailt na ceiste sin ag aon duine ach ag Dia na nGrást
Tabharfaidh mise ceist le fuascailt duit
·
Tháinig sé ar ais agus na geasa fuascailte aige — na geasa curtha dhe aige; na geasa a cuireadh air, chomhlíon sé iad
Ní raibh aon fhear in ann na geasa sin a fhuascailt ach láimh dearg as Éirinn. Is tú atá ann
2.
a.
a bhaint as aimhréidh.
·
Fuascail an tsnaidhm sin … Nach gearr a bhí tú léithe. Ní fhuasclóinnse í dhá mbeinn léithe go faoithin. Ach ní hionann bodach agus Dia ar ndóigh — oscail í; bain an rópa, an sreangán, an snáth srl. as aimhréidh
Tá an snáth seo an-danra. Ní féidir na snadhmannaí atá air a fhuascailt — a scaoileadh
b.
a shlánú; a scaoileadh nó a ligean as géibheann; a shaoradh.
+–
Bhí sé ceanglaithe ann, agus d'fhuascail an bhean óg é. Murach sin, bhí sé gan fuascailt — scaoil; shaor
Ba é athair an Lord a d'fhuascail as an bpríosún é — a lig amach é; a shaor é
TUILLEADH (2) ▼
Bhí an seanTiarna a bhí ansin thiar in ann duine a fhuascailt ón gcroich. Sin é a raibh an power aige!
Níl aon fhuascailt i ndán dó go mbeidh a chuid príosúntacht réidh aige, más fada gearr anois é — saoradh
c.
a tharrtháil; a scagadh amach as sáinn.
·
Dhá bhfaigheadh sé duine eicínt a d'fhuasclódh as na fiacha é bheadh leis! M'anamsa go bhfuil a cheart go maith le déanamh ag chuile dhuine agus a bheart fhéin a tharraingt agus gan bacadh le aon duine eile
Leagha na bhFiann ní fhuasclódh (ní leigheasfadh) é más cancer atá air, agus sé a chosúlacht gurb ea. Tá an phian síoraí sa ngeadán céanna, agus í ag neartú
3.
fóirithint nó réidh an achair a thabhairt do …
+–
Thug an buidéal a fuair mé ón dochtúr fuascailt bhreá dhom ón (ar an) bpian — fóirithint; réidh an achair
D'iarr Oisín ar an Naomh Pádraig fuascailt a thabhairt ar an bpian do na Fiannta Éireann in ifreann
TUILLEADH (6) ▼
Tá fuascailt bhreá agam ó ardtráthnóna má mhaireann dom. Ach bhí gárphian orm ar feadh an lae
Ní thabharfaidh aon cheo fuascailt dom ar mo thart ach cheithre phionta as cosa i dtaca
Chreidim gurb é an cás céanna é: nach bhfuil aon fhuascailt i ndán do na daoine go deo. An té atá bocht fanacht bocht — fóirithint ar an mbochtanas, ar ainriocht srl.
Tá an duine bocht in anchaoi anois, agus dheamhan fuascailt atá mise in ann a dhéanamh air
Níl d'fhuascailt ar an tinneas sin ach foighid. Caithfidh sé a sheal a thabhairt.
Níl d'fhuascailt ar na daitheachaí sin ach na fiacla a tharraingt. Isteach leat amárach agus bain amach ón dúid na fiacla atá fabhtach. Feicfidh tú fhéin air gur beag na daitheachaí a fhanfas ort ansin
fuascail in iontrálacha eile (9)
→
aird 1
'Ceist agam ort a mhic Uí Mháille agus fuascail í go luath; Cé mhéad galún sáile a théanns le fána na hEasa Rua.' Freagra: 'Is deacair í a thomhais ina cárta, mar tá sí luaimneach luath; Ach an méid nach dtéann san áibh dhi, téann sé an t-aird ó thuaidh' (nó an aird ó thuaidh) — ceist a chuir taibhse ar dhuine a bhí ag dul thar dhroichead san oíche. Murach chomh habartha agus a d'fhreagair mo dhuine é, bhí sé lena mharú (Áibh = áibhéis; poll duibheagáin)
→
daigh
Is olc í an dó bhoilg sin. Chaith sí an tsíoraíocht ormsa. Fuair mé fuascailt bhreá uaithi anois le cúig nó sé de bhlianta. Ní fhágfadh sí siúl an bhóthair ionat
Is dallarán ceart é muis má chinn air an cheist sin a fhuascailt. Nach bhfuasclóinn fhéin í sin, más mé is measa ar bith. Éiríodh sé as a chuid scoile anois — éiríodh sin
→
driog
Ar an dá luath is ar ól mé an phosóid, b'éigean dom an tsráid a thabhairt orm féin. Shíl mé go raibh múisc do mo bhualadh ach chinn orm aon cheo a chur aniar. Séard a thosaigh ag teacht orm, driogannaí in mo phutógaí agus aníos i mbéal mo chléibh! Diabhal i bhfad gur airigh mé mar a bheadh snadhmannaí ag teacht ar mo phutógaí ar fad. Tugadh deoch uisce agam ach dheamhan fuascailt a rinne sin orm ach oiread. An bhfuil a fhios agat céard a rinne maith dhom sa deireadh. Gráinne salainn a chaith mé siar. 'Sé a d'iontaigh mo ghoile. Más poitín a bhí ann, ba é an braon is measa a rinneadh ariamh é. Féans a bhí ann. Dheamhan a mhalrait
Nach dímheabhrach é mura raibh sé in ann an cheist sin a fhuascailt. Más mé féin is dímheabhraí ar bith, d'fhuasclóinn í sin
→
dúshlán
Do dhúshlán anois fuascail í. Is iomaí duine ar chuir mé an cheist sin air agus níor fhuascail duine ar bith dhom í
→
rá
Is suarach le rá a chuid scoláireachta muis, mura raibh sé in ann an cheist sin a fhuascailt. Más mé féin nár sheas aon lá ariamh ag an scoil, d'fhuasclóinn í sin