Fuascailt
—Briathar.
—Fuasclaím etc
—Ainmfhocal Buineann (Bíonn fuaim "oscailt" air scaití, ach ní go minic é .i. "ag oscailt na ceiste")
1.
réiteach; a dhéanamh solasach.
+–
Ní raibh sé indon an cheist sin a fhuascailt duit? Is maith an máistir scoile é muis!
Sin anois ceist agus fuascail í a mhic ó (a chara, a bhuachaill, a scológ agus rl.)
TUILLEADH (8) ▼
"Tomhais a chuir Éabh ar easbog: seachtain, sé agus naoi lá. Cén chaoi a bhféadfadh seisear fear a bheith pósta in aoineacht ag aon bhean amháin?" Sin agad ceist agus feiceamuist fuascail í
Ní fhuasclóidh tú an tomhais seo dhá mhéad do chuid gaisce
Chuir mise an cheist sin ar mháistir scoile cheana, agus chaith sé an lá léithi, ach d'fhuascail sé í
Fágfaidh mé a fhuascailt sin fútsa anois ós agad atá an rian. Bain thú féin do rogha adhmaid as an gcaint sin anois. Sin í an chaint a chaith sé. Nar leige Dia go gcuirfinnse bréag air
"Cuirfidh mé trí cheist ort", adeir sé, "agus mara bhfuasclaí tú iad, bainfidh mé do cheann agus do chamán beatha díot. Cés goire dhuit do léine ná do chuid éadaigh? … "
Chuaigh sí thar a fuascailt air = chinn air a fuascailt
Níl fuascailt na ceiste sin ag aonduine ach ag Dia na nGrást
Tiúrfaidh mise ceist le fuascailt duit
·
Tháinig sé ar ais agus na geasa fuascailte aige = na geasa curha dhe aige; na geasa a cuireadh air, choimhlíon sé iad
Ní raibh aon-fhear indon na geasa sin a fhuascailt ach láimh dearg as Éirinn. Is tú atá ann
2.
a.
a bhaint as aimhréidh.
·
Fuascail an tsnaidhm sin … Nach gearr a bhí tú léithi. Ní fhuasclóinnse í dhá mbeinn léithi go fuín. Ach ní hionann bodach agus Dia 'ar ndó' = oscail í; bain an rópa, an sreangán, an snáth etc. as aimhréidh
Tá an snáth seo an-danra. Ní féidir na snadhmannaí atá air a fhuascailt = a scaoileadh
b.
a shlánú; a scaoileadh nó a leigean as géibheann; a shaoradh.
+–
Bhí sé ceanglaithe ann, agus d'fhuascail an bhean óg é. Marach sin, bhí sé gan fuascailt = scaoil; shaor
Ba é athair an "Lord" a d'fhuascail as an bpríosún é = a leig amach é; a shaor é
TUILLEADH (2) ▼
Bhí an sean-Tiarna a bhí annsin thiar indon duine a fhuascailt ón gcroich. Sin é a raibh an "power" aige!
Níl aon-fhuascailt indán dó, go mbeidh a chuid príosúntacht réidh aige, más fada gearr anois é = saoradh
c.
a thártháil; a scagadh amach as sáinn.
·
Dhá bhfádh sé duine eicínt a d'fhuasclódh as na fiacha é bheadh leis! M'anamsa go bhfuil a cheart go maith le déanamh ag chuile dhuine agus a bheart fhéin a tharraint agus gan bacadh le aonduine eile
Leágha na bhfiann ní fhuasclódh (ní leigheasfadh) é más canncar atá air, agus sé a chosúlacht gurb ea. Tá an phian síorraí san ngiodán céanna, agus í ag neartú
3.
fóirínt nó réidh an achair a thabhairt do …
+–
Thug an buidéal a fuair mé ón dochtúr fuascailt bhreá dhom ón (ar an) bpian = fóirínt; réidh an achair
D'iarr Oisín ar an Naomh Pádraig fuascailt a thabhairt ar an bpian do na fiannta Éireann in Ifreann
TUILLEADH (6) ▼
Tá fuascailt bhreá agam ó árd-tránóna má mhaireann dom. Ach bhí gár-phian orm ar feadh an lae
Ní thiúrfaidh aon-cheo fuascailt dom ar mo thart ach cheithre phionnta as cosa i dtaca
Chreidim gurb é an cás céanna é: nach bhfuil aon-fhuascailt indán do na daoine go deó. An té atá bocht fanacht bocht = fóirínt ar an mboichteanas, ar ainriocht etc.
Tá an duine bocht in anchaoi anois, agus dheamhan fuascailt atá mise indon a dhéanamh air
Níl d'fhuascailt ar an tinneas sin ach foighid. Caithfidh sé a sheal a thabhairt.
Níl d'fhuascailt ar na doigheachaí sin ach na fiacla a tharraint. Isteach leat amáireach agus bain amach ón dúid na fiacla atá fabhtach. Feicfidh tú fhéin air, gur beag na doigheachaí a fhanfas ort annsin
Fuascailt in iontrálacha eile (10)
→
daigh
Is olc í an dógh bhuilg sin. Chaith sí an tsíorraidheacht ormsa. Fuair mé fuascailt bhreagh uaithe anois le cúig nó sé de bhlianta. Ní fhágfadh sí siubhal an bhóthair ionnad
Is dallarán ceart é muis má chinn air an cheist sin a fhuascailt. Nach bhfuasclóchainn fhéin í sin, má's mé is measa ar bith. Eirigheadh sé as a chuid scoile anois — eirigheadh sin
→
driog
Ar an dá luath agus ar ól mé an phasóid, b'éigin dom an tsráid a thabhairt orm féin. Shíl mé go raibh múisc do mo bhualadh ach chinn orm aon-cheo a chur aniar. Séard a thosuigh ag teacht orm driogannaí in mo phutógaí agus aníos i mbéal mo chléibh! Diabhal i bhfad gur airigh mé mar a bheadh snadhmannaí ag teacht ar mo phutógaí ar fad. Tugadh deoch uisce agam ach dheamhan fuascailt a rinne sin orm ach oiread. 'Bhfuil a fhios agad céard a rinne maith dhom ins an deire. Gráinne salainn a chaith mé siar. 'Sé a d'ionntuigh mo ghoile. Má's poitín a bhí ann badh é an braon is measa a rinneadh ariamh é. Féans a bhí ann. Dheamhan a mhalrait
→
dubh 2
Teann amach dubh na fríde, nó go síne mé mo chois. Tá codladh driúillic innti … Teaga leis anois. Tá tú ar fheabhas. Is mór an fhuascailt dom an méid sin féin
Nach dímheabhrach é mara raibh sé indon an cheist sin a fhuascailt. Má's mé féin is dímheabhraighe ar bith d'fhuasclóchainn í sin
→
rá
Is suarach le rádh a chuid scoláireacht' muis, mara raibh sé indon an cheist sin a fhuascailt. Má's mé féin nachar sheas aon-lá ariamh ag an scoil d'fhuasclóchainn í sin