Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fuinneamh
/fṳɴ′ə/
ainmfhocal, fireann
ní abraítear an "mh". D'fhéadfaí a scríobh le -eadh
1.
rud bog neamhmhúnlaithe a chasadh agus a shníomh timpeall is timpeall nó go mbeadh sé ina rópa nó ina dhaba láidir spreacúil (seo an t-aon chiall atá leis sa gcaint mórán).
a.
+
Níor chuir tú a dhóthain fuinnimh sa súgán — le súgán a dhéanamh téann fear istigh i mbun coca tuí nó féir, nó bíonn sé ar a dhearnachaí in áit a mbíonn glac thuí nó fhéir nó a leithidí. Beireann sé ar shlám agus déanann sé dlaoi dhó agus láimh aige i ngach aon cheann dó. Cuireann an fear eile corrán nó cor shúgáin i ngreim sa slám agus tosaíonn sé ag casadh an acra seo chuige agus ag déanamh rópa dhe nó go mbíonn sé sách fada aige. "Ag cur fuinnimh ann" a bhíos sé leis an gcasadh sin. Ligeann an fear eile an súgan dó .i. coinníonn sé ag cur tuí nó féir isteach ina cheann as an gcarnán
Má chuireann tú an iomarca fuinnimh i súgán brisfidh sé
TUILLEADH (8) ▼
Cas amach é (súgán). Cuir fuinneamh ann a fhleascaigh! Nach bhfuil sé chomh bog le gruth agat.
Ní dheachaigh a leath ndóthain fuinnimh sna súgáin sin. B'fhurasta a aithinte agus cead a thabhairt don ghasúr sin a gcasadh: ceann ar bior bradach!
Ní shníomhfadh gadrachaí rois chor ar bith. Ní féidir fuinneamh a chur iontu. Sin nonsense gadrachaí rois. Níl a leithidí ann. Scéal agus a thóin leis é (gur shníomh fear gadrachaí rois)
Bhí slat aige agus é ag cur fuinnimh inti ag iarraidh a sníomh ina gad
Bhí ceann de na ceathrúnaí sníofa ina shúgán aige nuair a rinne sé cheithre leith: an iomarca fuinnimh. Thabharfadh an t-athair na diabhail den Chruaich ag eascainí air. Níl aon phleota in Éirinn nár thug sé air
Cuir fuinneamh inti agus brisfidh sí (brionglán sceiche)
Níl aon mhaith fuinneamh a chur sna slata sin. Tá siad róbhriosc agus bhrisfidís
Sin é tointe fada na hóinsí: do shúgánsa anois. Ní bhíonn aon fhuinneamh sa tointe fada a bhíos ag óinseach. Ní ligeann an tsiléig di fuinneamh a choinneáil ann — snáth fada an drochtháilliúra
+
Chuir sé cor fuinnimh in mo láimh — chuir sé fuinneamh inti; a casadh
Ní raibh aon phóilí ariamh ann a chuirfeadh cor fuinnimh ina láimh
TUILLEADH (3) ▼
Bhí siad ag cur fuinnimh ina láimh nó gur bhris siad ina sprúáin í
An bealach is fusa broc a chur as brocach, staic de mhaide a shá isteach, é a chur i bhfostós ina chuid fíonnaigh agus cor fuinnimh a chur ann nó go nairí tú fuinneamh ag dul sa gcraiceann freisin. Mise i mbannaí gur furasta é a thabhairt amach ansin. Níl aon mhadadh cruthaithe in ann broc a throid. Martróidh sé é
D'fhéadfá cor fuinnimh a chur inti mar a chuirfeá i ngad
b.
+
Diabhal mé go sílfeá go bhfuil fuinneamh ag teacht ina mhuineál le gairid — é mar a bheifí dhá chasadh timpeall ar fhearsaid (ach ní caime é)
Reanglamán mór ard é agus shílfeá gur fuinneamh a cuireadh ann, tá sé chomh ligthe sin
TUILLEADH (1) ▼
Cuirfidh mise fuinneamh in do thóin le cic!
2.
+
Fuinneamh gan stuaim atá inti sin — bean, capall srl. a mbeadh scráibneart inti, agus í dea-dhéanta agus fonnmhar chun oibre, ach nach mbeadh stuaim ar bith inti
Fuinneamh gan stuaim atá ann. D'iompródh sé Cloch an Fhia idir a dhá láimh, ach níor dhóigh cleas dhá ndéanfadh sé ná a ligint anuas ar speireach Mháire Choilm!
TUILLEADH (2) ▼
Fan amach uaidh sin nuair a bheas sé ag plé le oird. Is mór an chontúirt é: fuinneamh gan stuaim. Bhí mé ag coinneáil jumper dó ar an mbóthar sin thíos. Go deimhin is orlaí dalba é, ach ní raibh a fhios agam cén pointe a bhfaigheadh mo chloigeann féin an iarraidh i leaba an jumper
"An streachaille mná lán den fhuinneamh gan stuaim; Stoca ina láimh, slaímín olla agus í ar cuairt" (as amhrán: ní feasach mé cén t-amhrán)
·
Ba fear fuinniúil é a mh'anam. Bhí an-fhuinneamh fir ann — ard, ligthe, déanta, agus cosúlacht air a bheith ina fhear mhaith
3.
+
Tá sé gan fuinneamh gan fáscadh — duine místuama, liopastach neamhaclaithe, nach mbeadh aon déantús maitheasa ann, ná aon teacht aniar
Spreasán mór é gan fuinneamh gan fáscadh. Shílfeá go mbeadh gníomh ann ach níl ná a dhath
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé as a chuma ar fad. Nach in é in aon streachlán amháin é gan fuinneamh gan fáscadh. Céard a chuir an chaoi siúd air
Níor cuireadh fír na maitheasa ann nuair a bhí í a chur ann. Tá sé gan fuinneamh ná fáscadh anois
Cén ghnaithe a bheadh agat dó sin ina fhear páí! Ar ndóigh dheamhan fuinneamh ná fáscadh ansiúd lena thabhairt leat ar an bportach. Deargleadaí é.
Thóg sí clann gan fuinneamh gan fáscadh gan fíriúlacht. Bhí sí róthruaíoch. B'fhearr léithe i gcónaí an rud a dhéanamh í fhéin ná a bheith ag ceartas leo
Raillimín bradach gan fuinneamh ná fáscadh é. Ní raibh sé in ann éirí faoi bheairtín féir ansin thíos inné
+
Bíonn a chuid éadaigh i gcónaí gan fuinneamh ná fáscadh air — glug-glag; glugrach; iad air gan aon chuma ná pointeáilteacht
An bhfuil a fhios agat céard adeireadh S. N. Mh. faoi Mháire T. 'Shífeá gur le píce a cuireadh a cuid éadaigh uirthi,' adeireadh sé. Bhídís uirthi gan fuinneamh gan fáscadh
TUILLEADH (1) ▼
Go deimhin tá díol duine uasail de chulaith éadaigh air, ach níl aon pheaca faoin domhan ach a cur amú leis. Mhillfeadh sé éadaigh na hairí, mar ní bhíonn fuinneamh ná fáscadh iontu air thar aon duine dhá bhfaca tú

Féach freisin

fuinneamh in iontrálacha eile (12)

 
Tá sé in aon chráisiléad amháin anois, gan fuinneamh gan fáscadh.
 
Tá sé in aon bhornóig amháin gan fuinneamh gan fáscadh. Má mhaireann dó (.i. ag cur fheola suas), is gearr a bheas tapa ar bith ann.
 
D'fhéadfá fuinneamh a chur ann, tá sé ina bhrísteachán chomh fada sin — tá sé chomh ligthe sínte sin agus go bhféadfá cor casta a chur ann, mar a chuirfeá i ngad nó i súgán.
 
D'ionsaigh air ag rúscadh an cheannaí (ceannaí mála) le buailteán an tsúiste, ach níor leis an gceannaí ab fhaillí é mo léan! D'fhostaigh sé an buailteán agus chuir sé cor ann gur bhris an iall le teann fuinnimh, agus tháinig an buailteán leis. Thug sé pléasc den bhuailteán d'fhear an tí ansin a shín é ina staic ar an urlár.
 
fáisc
Duine gan fuinneamh gan fáscadh é; tá a chuid éadaigh gan fuinneamh gan fáscadh air srl. (fc. fuinneamh)
 
fuar 2
B'fhuar fánach a bhí sé dhá thógáil ar aimsir. Shílfeá gur hob ann agus hob as a bhí aige. Ar ndóigh níor mhilleán air sin agus an reanglachán a bhí os a choinne. Reanglachán gan fuinneamh gan fáscadh
 
danra
Bhí an súgán danra le caislimíní an áit ar chuir sé an iomarca fuinnimh ann. Bhí mé ag ceapadh chuile nóiméad go ndéanfadh sé píosaí agus ní fhéadfainn an corrán a bhaint dhó (de) ina dhiaidh sin. Bhí leisce orm
 
Diabhal scáth ar bith a bheadh orm fhéin nach mbainfinn an dara hairt as, agus is dona an fear mé. Níl fuinneamh ná fáscadh ansiúd
+
Cuir fuinneamh sa súgán: deiseal. Cas uait amach é
TUILLEADH (1) ▼
Tá mé ag ligean súgáin dhó sin ó mhaidin, agus é dhá mbriseadh. Scaití casfaidh sé deiseal iad: scaití eile, tuaifeal, agus murab in é, 'sé a dhá dhíol fuinnimh a chuirfeas sé ann nó go ndéanfaidh sé míle píosa dhó. Go gcuire Dia an t-ádh ort, agus beir ar an gcor shúgáin uaidh as a láimh, agus ná bíodh sé ag cur chantail orm níos faide
 
Chonaic mé rópa dlaoiníní ar mhuic ag S. Ó M. thoir ar an aonach an lá faoi dheireadh. Diabhal a leithide de rópa! B'fhearr é na róipín ruainne ar bith. Bhí fuinneamh ann nach gclisfidh go lá speirthe na gcat
 
dual 2
Chaith mé an lá ag ligean súgáin dhá dhual dó, agus corrshúgáin aige. Má chaith féin, bhí mé meata críochnaithe aige. Chuireadh sé an iomarca fuinnimh iontu agus bhrisidís uileag