Fuinneamh
—/fṳɴ′ə/
—Ainmfhocal: Fireann
—ní abruítear an "mh". D'fhéadfaí a scríobhadh le -eadh
1.
rud bog neamh-mhúnluithe a chasadh agus a shníomh timpeall agus timpeall nó go mbeadh sé in a rópa, nó in a dhaba láidir spreacúil (seo an t-aonchiall atá leis san gcaint mórán).
a.
+–
Níor chuir tú a dhóthain fuinneamh san súgán = le súgán a dhéanamh teigheann fear istigh i mbun coca tuighe nó féir, nó bíonn sé ar a dhearnachaí in áit a mbíonn glac thuí nó fhéir nó a leithidí. Beireann sé ar shlam agus déanann sé dlaoi dhó, agus láimh aige is gach aon cheann dó. Cuireann an fear eile corrán nó cor shúgáin i ngreim san slám agus tosaíonn sé ag casadh an acara seo chuige agus ag déanamh rópa dhe nó go mbíonn sé sách fada aige. "Ag cur fuinneamh ann" a bhíos sé leis an gcasadh sin. Leigeann an fear eile an súgan dó .i. coinníonn sé ag cur tuí nó féir isteach in a cheann as an gcárnán
Má chuireann tú an iomarca fuinneamh i súgán brisfidh sé
TUILLEADH (8) ▼
Cas amach é (súgán). Cuir fuinneamh ann a fhleascaigh! Nach bhfuil sé cho bog le gruth agad.
Ní dheachaidh a leath ndóthain fuinneamh sna súgáin sin. B'fhurasta aithinte agus cead a thabhairt don ghasúr sin a gcasadh: ceann ar bior bradach!
Ní shníomhfadh gadrachaí rois chor ar bith. Ní féidir fuinneamh a chur ionta. Sin "nonsense" gadrachaí rois. Níl a leithidí ann. Scéal agus a thóin leis é (gur shníomh fear gadrachaí rois)
Bhí slat aige agus é ag cur fuinneamh inte, ag iarraidh a sníomh in a gad
Bhí ceann de na ceathrúnaí sníofa in a shúgán aige nuair a rinne sé cheithre leith: an iomarca fuinneamh. Thiúrfadh an t-athair na diabhail den Chruaich ag eascainí air. Níl aon-phleóta in Éirinn nar thug sé air
Cuir fuinneamh inte agus brisfidh sí (brionglán sceiche)
Níl aon-mhaith fuinneamh a chur sna slata sin. Tá siad ro-bhriosc agus bhrisfidís
Sin é tuinnte fada na hóinsí: do shúgán-sa anois. Ní bhíonn aon-fhuinneamh san tuinnte fada a bhíos ag óinseach. Ní leigeann an tsiléig di fuinneamh a choinneál ann = snáth fada an droch-tháilliúra
+–
Chuir sé cor fuinneamh in mo láimh = chuir sé fuinneamh inte; a casadh
Ní raibh aon-phóilí ariamh ann a chuirfeadh cor fuinneamh in a láimh
TUILLEADH (3) ▼
Bhí siad ag cur fuinneamh in a láimh nó gur bhris siad in a sprúáin í
An bealach is fusa broc a chuir as brocach, staic de mhaide a sháthadh isteach, é a chur i bhfastós in a chuid fíonnaigh, agus cor fuinneamh a chur ann, nó go nairighe tú fuinneamh ag dul san gcraiceann freisin. Mise i mbannaí gur furasta é a thabhairt amach annsin. Níl aon-mhadadh cruthuithe indon broc a throid. Martróidh sé é
D'fhéadfá cor fuinneamh a chur inte mar a chuirfeá ingad
b.
+–
Diabhal mé go sílfeá go bhfuil fuinneamh ag teacht in a mhuineál le goirid = é mar a bheithí dhá chasadh timpeall ar fhearsaid (ach ní caime é)
Reanglamán mór árd é agus shílfeá gur fuinneamh a cuireadh ann, tá sé cho leighe sin
TUILLEADH (1) ▼
Cuirfidh mise fuinneamh in do thóin le cic!
2.
+–
Fuinneamh gan stuaim atá innte sin = bean, capall etc. a mbeadh scráib neart innte, agus í deagh-dhéanta, agus fonnmhar chun oibre, ach nach mbeadh stuaim ar bith inte
Fuinneamh gan stuaim atá ann. D'iompródh sé Cloch an Fhiadha idir a dhá láimh, ach níor dhóigh cleas dhá ndéanfadh sé ná a leigint anuas ar speireach Mháire Chuilm!
TUILLEADH (1) ▼
Fan amach uaidh sin nuair a bhéas sé ag plé le oird. Is mór an chontúirt é: fuinneamh gan stuaim. Bhí mé ag coinneál "jumper" dó ar an mbóthar sin thíos. Go deimhin is orlaí (ordlaí) dalba é, ach ní raibh a fhios agam cén puinnte a bhfuigheadh mo chloigeann féin an iarraidh i leabaidh an "jumper" "An strachaille mná lán den fhuinneamh gan stuaim; Stoca in a láimh, slaímín olla agus í ar cuairt" (As amhrán: ní feasach mé cén t-amhrán)
·
Ba fear fuinniúil é a mh'anam. Bhí an-fhuinneamh fir ann = árd, leighe, déanta, agus cosúlacht air a bheith in a fhear mhaith
3.
+–
Tá sé gan fuinneamh gan fáscadh = duine místuama, liopastach neamh-acluithe, nach mbeadh aon- déantús maitheasa ann, ná aon-teacht aniar
Spriosán mór é gan fuinneamh gan fáscadh. Shílfeá go mbeadh gníomh ann ach níl ná a dhath
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé as a chuma ar fad. Nach shin é in aon-striochlán amháin é gan fuinneamh gan fáscadh. Céard a chuir an chaoi siúd air
Níor cuireadh fír na maitheasa ann nuair a bhí í a chur ann. Tá sé gan fuinneamh ná fáscadh anois
Cén ghnatha a bheadh agad dó sin in a fhear páighe! 'Ar ndú dheamhan fuinneamh ná fáscadh annsiúd len a thabhairt leat ar an bportach. Dearg-leadaí é.
Thóig sí clann gan fuinneamh gan fáscadh gan fíriúlacht. Bhí sí ro-thruaigheach. B'fhearr léithe i gcomhnaí an rud a dhéanamh í fhéin ná a bheith ag ceartas leó
Raillimín bradach gan fuinneamh ná fáscadh é. Ní raibh sé indon eirí faoi bheairtín féir annsin thíos inné
+–
Bíonn a chuid éadaigh igcomhnaí gan fuinneamh ná fáscadh air = glug-glag; glugrach; iad air gan aon-chuma ná puinnteáilteacht
'Bhfuil a fhios agad céard adeireadh S. N. Mh. faoi Mháire T. "Shífeá gur le píce a cuireadh a cuid éadaigh uirre" adeireadh sé. Bhídís uirre gan fuinneamh gan fáscadh
TUILLEADH (1) ▼
Go deimhin tá díol duine uasail de chulaith éadaigh air, ach níl aon-pheacadh faoin domhan ach a cur amú leis. Mhillfeadh sé éadaigh na hairí, mar ní bhíonn fuinneamh ná fáscadh ionta air thar aonduine dhá bhfaca tú
Féach freisin
→
fáisc
Fuinneamh in iontrálacha eile (11)
D'fhéadfá fuinneamh 'chuir ann, tá sé in a bhrísteachán chomh fada sin = tá sé chomh leigthe, sínte sin, a's go bhféadfá cor casta a chuir ann, mar chuirfeá ingad, nó i sugán.
D'ionnsuigh air a' rúscadh an cheannuidhe (ceannuidhe mála) le buailteán a' tsúiste, ach níor leis a' gceannuidhe ab fhaillighe é mo léan! D'fhastuigh sé an buailteán, as chuir sé cor ann, gur bhris an iall le teann fuinnimh, a's tháinig an buailteán leis. Thug sé pléasc de'n bhuailteán d'fhear a' tighe annsin, a shín é in a staic ar an urlár.
→
fáisc
Duine gan fuinneamh gan fáscadh é; tá a chuid éadaigh gan fuinneamh gan fáscadh air etc. (fc. fuinneamh)
→
fuar 2
B’fhuar fánach a bhí sé dhá thógáil ar aimsir. Shílfeá gur thob ann agus thob as a bhí aige. 'Ar ndó' níor mhilleán air sin, agus an reanglachán a bhí as a choinne. Reanglachán gan fuinneamh gan fáscadh
→
danra
Bhí an súgán dan(d)ra le caislimíní in áit ar chuir sé an iomarca fuinnimh ann. Bhí mé ag ceapadh 'chuile nóiméad go ndéanfadh sé píosaí, agus ní fhéadfainn an corrán a bhaint dhó (de) in a dheidh sin. Bhí leisce orm
Diabhal scáth ar bith a bheadh orm fhéin nach mbainfinn an dára thairt as, agus is dona an fear mé. Níl fuinneamh ná fáscadh annsiúd
+
→
deiseal
Cuir fuinneamh 'san sugán: deiseall. Cas uait amach é
TUILLEADH (1) ▼
Tá mé ag leigean súgáin dhó sin ó mhaidin, agus é dhá mbriseadh. Scaithtí casfaidh sé deiseal iad: scaithtí eile, tuaithbheal, agus marab shin é, 'sé a dhá dhíol fuinnimh a chuirfeas sé ann, nó go ndéanfaidh sé míle píosa dhó. Go gcuiridh Dia an t-ádh ort, agus beir ar an gcor-shúgáin uaidh as a láimh, agus ná bíodh sé ag cur chantail orm níos fuide
→
dlaoinín
Chonnaic mé rópa dlaoiníní ar mhuic ag S. Ó M. thoir ar an aonach an lá faoi dheireadh. Diabhal a leithide de rópa! B'fhearr é na róipín rúinne (róinne) ar bith. Bhí fuinneamh ann nach gclisfidh go lá speirthe na gcut
→
dual 2
Chaith mé an lá ag leigean súgáin dhá dhual dó, agus corr-shúgáin aige. Má chaith féin, bhí mé meathta críochnuighthe aige. Chuireadh se an iomarca fuinnimh ionnta, agus bhrisidís uiliog