féithigh
—briathar
1.
ag casadh; ag athrú cúrsa; iontú.
+–
Tá an ghaoth ag féithiú ó thuaidh — ag casadh ó thuaidh, ag iompú ó thuaidh; veering, slanting
Bhí an chú ina dhiaidh nó gur bhailigh siad an cnocán, agus chonaic mé ag féithiú soir ar thalamh T. ansin iad. Tá mé ag ceapadh gur thug sé an eang leis
TUILLEADH (5) ▼
Caithfidh sí féithiú ó dheas nó go dtuga sí an leathbhord sin léithe. Cuirfidh sí an Ceann fúithi den scríb seo
Ag féithiú síos thríd an bPáirc a bhí sé nuair a chonaic mise é. Dheamhan a fhios agam céard ba cor dó uaidh sin amach. Níor choinnigh mé aon amharc air.
Tá an fharraige ag féithiú ó thuaidh ag Ros an Mhíl. Tá ruibhéar mór farraige ansin
Chuaigh bád aeir thart aréir muise taca an dó dhéag. Ag féithiú soir aduaidh a bhí sí. Bhí sí faoi throisleáin ar fad
Más lóchrann mótar é sin, is aisteach gur ag féithiú ó dheas atá sé. Sílimse gur léasán eicínt eile é
+–
Má fhéithíonn tú soir agus soir aduaidh, ach a mbailí tú an charra, ní fhéadfaidh tú a dhul amú air. Is furasta a aithinte dhuit é ar aon chor. Tabhair an log faoi deara
Féithíonn a chuid talúna siar ó thuaidh de chuid an bhaile s'againne: siar amach go dtí cuid Bh. Bh. Is diabhlaí an réimse atá aige ann
TUILLEADH (1) ▼
Ag dul siar díreach a bhí sí ar ball ach tá sí ag féithiú isteach go hÁrainn anois (bád).
2.
ag teacht; a bheith cóiriúil nó rathúil do … ; a bheith ar a mhian ag …
+–
Níl an saol ag féithiú linn faraor — tá an saol ag dul inár n-aghaidh; tá an saol ag gabháilt dhá mhaidí orainn; níl ádh ná amhantar orainn
Dar fia ní ceart dó a bheith ag gearán chor ar bith. Tá an saol ag féithiú leis go maith. Nach maith an chiall ag daoine é a bhfuil díleá ar a gcuid, ní dhá roinnt leo é. Déarfá go mbeadh údar clamhsáin acu sin agus gan aon mhaith dóibh ann
TUILLEADH (3) ▼
Dar príosta dhá mbeadh a chuid ag féithiú chomh maith le chuile dhuine agus atá sé leis sin, ní bheadh mórán ag casaoid. Dhá mba lachain a cheannódh sé, rithfidís leis. Is gránna an rud do dhuine mar sin a bheith ag ceasacht. Agróidh Dia air é, tús na breithe aige féin!
An té nach mbíonn an saol ag féithiú leis, b'fhearr dó gan a láimh a chur i dtada, mar nuair a theagas sé (an léan, an mí-ádh) chor ar bith, teagann sé ina dhíle. Féacha an duine bocht sin thíos
Bhí sruth is gaoth leis go dtí an lá sin, ach ón lá sin anuas, níl an saol ag féithiú leis. Is olc an rud a dhul in aghaidh dea-chomhairle
féithigh in iontrálacha eile (23)
→
foilsigh
Ba deacair dóibh an t-ádh a bheith orthu, go mba leo fhéin uainne é. Shíl siad go raibh siad ina rith seoil ceart críochnaithe anois. Bhí a dhá láimh timpeall ar an saol. Ach is ag Dia is fhearr a fhios. Foilsíonn Dia an chneámhaireacht agus an míscrupall i gcónaí. Is fada ar an saol mé agus níl aon lá ó tháinig cuimhne dhom nach amhlaidh a fheicim é. Chuala tú an scéal faoin bhfear a chonaic fear eile ag marú duine agus dhá chur i ngan fhios. Mhionnaigh sé agus mhóidigh sé mura bhfoilsíodh Dia é nach mbeadh aon aird aige fhéin ar Dhia níos mó. D'fhan mar sin. Chonaic sé go raibh an saol ag féithiú leis an té a rinne an marú … Sin é an chaoi a raibh sé. Bhí fear eile marbh cheana ag an té a maraíodh. Nach maith gur fhoilsigh Dia an choir sin!
→
freagair
Bíonn siad — na J.annaí — ag iarratas i gcónaí! Ba in é a gceird ariamh fhéin. Nuair a bhí mise ar an mbaile sin bhíodh muid sáraithe acu: gráinnín salainn, braon bláthaí, ioscaidín tae, uibhín chirce … M'anam gurb é atá ag féithiú leo muis. Den sonas a achainí, adeir siad, ach den donas a bheith dhá freagairt.
Dhá choitianta dhá mbíonn sé i dteach an ósta muis, tá an saol ag féithiú leis. Daighean mise go bhfuil an oiread bruithshléacht ar a theach agus a bhí ariamh.
+
→
anachain
Is iomaí a leithide ariamh, nuair nach mbeadh an saol ag éirí leis, a dhíolfadh amach a mbeadh aige agus a ghreadfadh go Meiriceá. Ach ina leaba sin, ag cruachan in aghaidh na hanachain a bhíodh sé. Tá a shliocht air anois: tá an saol ag féithiú leis dhá fhada go dtí é!
TUILLEADH (1) ▼
Níl an saol ag féithiú linn, ní ag comhaireamh na hanachain é — níl an saol ag éirí linn, ní ag ceasacht ar Dhia é
→
antlás
Dhá laghad antláis é, tá an saol ag féithiú leis — níl sé amplúch ná santach ná uafásach ag obair, agus ainneoin sin, tá an oiread aige le duine a bheadh
→
íochtar
Feicim é ag féithiú soir le íochtar — duine a bhí ag breathnú ar dhuine eile ag triall uaidh soir le cladach (nó an talamh buailte ar an gcladach) nó b'fhéidir an talamh ag ceann an bhaile nó ar leirg gleanna
→
feadán
Ní mór dhaoibh féithiú soir go maith thar ghob na locha. Tá cíocraí agus scraith ghlugair in aice na locha agus feadáin mhóra soir ann. Bíonn siad snámhta an t-am seo bhliain
→
fód
Lonnaíodh sé ansin, agus ná cuireadh rud ar bith as é. Sin é fód an tsáith dhó. Tá an saol ag féithiú leis ó chuaigh sé ann
→
danra
Tá an saol danra a mhic ó, nuair a thosaíos sé ag gabháilt dá mhaidí ar dhuine. Daoine. Agus daoine eile a mbíonn sé ag féithiú leo mar adéarfaidís é. Sin é an chaoi
→
deachma
An bhfeiceann tú an péire breá muc a cailleadh ormsa, dhá bhliain i ndiaidh a chéile, ní ag comhaireamh na hanachain é, ach sin é an chaoi a mbíonn sé. Go dtí sin, míle buíochas le Dia bhí siad ag éirí linn go maith, ach gheobhaidh an deachma a chuid féin uair eicínt … Ní fhéadfaidh an saol a bheith ag féithiú le duine ar a mhian féin i gcónaí
→
deascán
Shílfeá go bhfuil deascán breá caorach aige anois. Diabhal mé go bhfuil. Is fear é a bhfuil an saol ag féithiú leis go maith le fada, chonách sin air
→
deis
Tá an saol ag féithiú leis ach ní mór linn dó. Má tá sé ag titim i ndeis, shaothraigh sé go crua é. Dheamhan a dhath a d'éirigh leis sin go bog ó rugadh é, ná cuid dhá dhath
→
diaidh
Fuair tú amach an té a mbeadh gnaíúlacht ann. Mo chreach mhaidne, is fadó a d'fhága sé ina dhiaidh a raibh de ghnaíúlacht ag siúl leis. Diabhal a raibh de chailleadh air shula phós sé, ach bhí sé bocht an uair sin. Chomh luath agus a thosaigh an saol ag féithiú leis, chaith sé an bhogshíneadh in aer
→
dobeart
Dobeart an tSasanaigh i gcónaí! Chuile lá ariamh! Ach nach ait atá an saol ag féithiú léithe ina dhiaidh sin. Féacha anois í agus í gnóiteach aríst
Bhí sruth is gaoth leis sa L. agus é ina shuí go te. Bhí dhá ghabháltas talúna aige agus an saol ag féithiú leis. Níl aon aonach beo nach mbíodh deich nó dó dhéag de bheithígh sheasca aige ar an aonach sin thoir. Ach tháinig uabhar air. Dhíol sé teach agus talamh agus a raibh ann, agus síos leis ar shlata na Gaillimhe ar na drochóirí dhó féin. Céard atá dhá bharr aige inniu. Thíos ansiúd ag faire ar an bpínn go dté sé amach agus go gceannaí sé ioscaidín tae le haghaidh a bhricfeasta léithe. Diabhal bréag nárbh in í an imirce uabhair aige — ní dhá roinnt leis é
+
→
droim
Céard atá orthu má airíonn siad aon phóilí ag teacht ach féithiú amach droim an chnoic, agus níl aon ghair breith orthu mura ndéanadh fear eolais é go díreach
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an saol ag féithiú leis thar cionn, ach chuir bás a mhná de dhroim seoil é. Uaidh sin amach lig sé siléig i chuile shórt agus dhíol sé an áit ar fad sa deireadh. Is dóigh gurb é Sasana a thug sé air féin
Níl aon oíche san aer nach mbíonn díogarnach bheag de sholas dearg le feiceáil thoir ansin thoir sna gleannta. Cónaíonn sé sa ngleann sin soir ar t'aghaidh nó go dtarraingí duine air, agus nuair a tharraingeos, tosóidh sé ag féithiú ó thuaidh sa sliabh. Níl a fhios againn ó neamh céard a bhaineas dó. Ní solas ceart é. Solas sí eicínt. Anam eicínt a bhfuil anó air b'fhéidir agus é ag cur a chuid peiriachaí dó (de)