Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
léasáin
stríocrachaí geala.
a.
·
Is olc an comhartha iad na léasáin sin ar an aer — brisfidh an aimsir mar tá léasannaí gileachta breactha ar dhuifean na spéire mar a bheadh giotaí de thuar cheatha ann. Is minic a feictear iad le athrú aimsire
b.
scáineadh, breacadh, nó gealachan ar thalamh nó ar láithreachán ar bith a bheadh scartha ar an talamh.
·
Tá an seanleasú ina léasáin cheana sa ngarraí sin agamsa (a'msa. seanléasú = feamainn dearg a chuirtear amach agus a scartar dólom in aon láithreachán amháin ar bhranar nó ar thalamh craicinn ar feadh an gheimhridh, i riocht agus go mbeadh sé seanleasaithe faoi chomhair an earraigh. Déantar é a athleasú arís nuair a chuirtear é san earrach.) — tá an fheamainn scáinte agus stróicreachaí de ghrua na talún leis anseo agus ansiúd
Tá an ithir sin ina léasáin — talamh ithreach scáineann sé agus gealaíonn sé tar éis tuairt bháistí go minic: déarfaí an leagan seo ansin

léasáin in iontrálacha eile (6)

 
Gheobhaidh tú fearthainn agus fearadh gráin anois. Is furasta a aithinte ar an spéir é. Ní thaitníonn na léasáin sin chor ar bith liom
 
feadh
Tá na léasáin soir feadh na hiomaire ón gclaise sruth go claí. Deile céard a chart í (feamainn) ach cearca?
 
B'fhéidir gur ag athrú na haimsire atá na léasáin sin. Ach m'anam go sílim nach ngabhfaidh sé ar dhea-uair go ceann scaithimh eile. Tá "seo" scaltrachaí feothain dhá chaitheamh aige
 
Déarfá nach bhfuil aon dea-ghealladh faoin aimsir pé acu sin é. Diabhal a dtaitníonn na léasáin sin ó dheas liom. Ní fhaca mé ariamh iad nach ag cothú na huaire móire a bheidís
 
dubh 3
Breacaimsir í. An t-aer ag dúchan agus na léasáin sin ann gacha le leathuair. Ní ghabhfainn i mbannaí nach gcaithfeadh sé tuile gan mórán achair
 
Is maith an chosúlacht an duifean agus an ghaoth a bheith in aghaidh a chéile. Ach bhí go leor léasáin agus saigheanannaí ann tráthnóna aréir. Tá an aimsir ag tarraingt go háirid