Léasáin
—
stríocrachaí geala.
a.
·
Is olc an comhartha iad na léasáin sin ar an aer = brisfe an aimsir mar tá léasannaí gileachta breactha ar dhuibhthean na spéire mar bheadh giotaí de thuar-cheatha ann. Is minic a feictear iad le ath[rú] aimsire.
b.
sgáinneadh, breacadh, nó gealachan [ar] thalamh nó ar láithreachán ar bith a bheadh sgart[ha] ar an talamh.
·
Tá'n sean-leasú in a léasáin cheana, sa ngarraidhe sin agam-sa (a'msa). (sean-léasú = feamuinn dearg a chuirtear ama[ch] agus a sgartar dólom in aon láithreachán amhái[n] ar bhranar nó ar thalamh craicinn ar feadh an gheimhridh, i riocht a's go mbeadh sé sean-leasuighthe faoi chomhair an earraigh. Déantar é' aithleasú arís, nuair a chuirtear é san earrach) = tá'n fheamuinn sgáinte agus stróicreachaí de ghruadh na talmhan leis, annseo agus annsiúd.
Tá'n ithir sin in a léasáin = talamh ithr[each] sgáinneann sé agus gealuigheann sé tar éis tuairt bháistighe go minic: déarfaidhe an leag[an] seo annsin.
Léasáin in iontrálacha eile (6)
→
fearadh
Gheobhaidh tú fearthainn agus fearagráin anois. Is furasta aithinte ar an spéir é. Ní thaithníonn na léasáin sin chor ar bith liom
→
feadh
Tá na léasáin soir feadh na hiomaire ón gclaise sruth go claidhe. 'Deile céard a chart í (feamainn) ach cearca?
→
feothan
B'fhéidir gur ag athrú na haimsire atá na léasáin sin. Ach m'anam go sílim nach ngabhfaidh sé ar dheagh-uair go ceann scathamh eile. Tá "seó" scaltrachaí feóthain dhá chaitheamh aige
Déarfá nach bhfuil aon-deá ghealladh faoin aimsir pé aca sin é. Diabhal an dtaithníonn na léasáin sin ó dheas liom. Ní fhaca mé ariamh iad nach ag cothú na h-uaire móire a bheidís
→
dubh 3
Breac-aimsir í. An t-aer ag dubhachan agus na léasáin sin ann gacha le leath-uair. Ní ghabhfainn i mbannaí nach gcaithfeadh sé tuile gan mórán achair
→
duifean
Is maith an chosúlacht an duifean agus an ghaoth a bheith in aghaidh a chéile. Ach bhí go leor léasáin agus saigheanannaí ann trathnóna aréir. Tá an aimsir ag tarraint go h-áirid