→
Domhnach
An Domhnach (50+)
→
feiste
Ní annsin a theighim ag an Aifreann duth ná dath. Rug sé orm maidin Domhnaigh amháin ag teacht deireannach agus thug sé aghaidh mar a thiúrfá ar mhadadh orm. Tabhair glafairt air a dhuine chóir! "Dheamhan mé" arsa mise liom péin, "má scagaim mé fhéin uait an babhtaí seo, nach go luath a fheicfeas tú aríst mé!" Agus ní fhaca. Ní raibh mé in a fheiste ná in a fhínne ó shoin. Teighim suas go dtí an fear nach mbíonn doifeall aige roimh aonduine
Na tithe ósta sin thiar! Ara diabhal póilí ar bith a chuireas aon-chaidéis orra sin. Leigfidh siad isteach annsiúd cho follasach as comhair an tsaoil thú Dé Domhnaigh agus a leigfidís lá den tseachtain
→
framsáil
Is cuma leis an mac atá san teach seo é, ach ag imeacht ag pramsáil leis. Dheamhan amharc a fheictear air aon-oíche Dhomhnaigh go mbíonn sé an h-aon a chlog ar maidin, ná an uair sin fhéin scaití
Is breá scolbánta an fás fir é bail ó Dhia air! Chonnaic mé ag fuiléimneach annsin thíos in éindigh le na gearrbhodaigh Dé Domhnaigh é, agus má bhí fhéin dheamhan tuilleamaí a bhí aige le ceachtar aca. 'Ag dul in a mháistir scoile atá sé siúd?
→
fág ag
Fágaim an Satharn ag Muire Mháthair agus bím ag an Aifreann Dé Domhnaigh = sin é an leiscéal a thug an leadaí fadó
→
fálach
Socruigh an clog sin anois go siúráilte ar fhaitíos nach n-aireódh muid eirí le fálach thuas ar bith. Ba bheag nach raibh mé mall ag an Aifreann Dé Domhnaigh seo caite. = sleamchúis; go gcodlódh muid thar an am
→
carcair
'Bhfuil fhios agad an charcair mhór de bhean a d'fheicfeá ag dul síos teach a' phobail, ag a' dárna h-Aifreann 'chuile Dhomhnach? Sin í í.
→
bannaí 1
Mise imbannaidhe gur imthigh sí léithe, gan cuid muc ná bó a réidhteach! Nach uirre atá an bheith go gcaithfe sí greadadh léithe 'chuile Dhomhnach 'san aer, a's 'chuile shórt a fhágáil fúmsa le réidhteach!
+
→
beo 1
Impidhim ar a' Domhnach maran beo mé ach mí; seal fada a bheith a' gabhail leat ar thórainn Bhéal Átha an Ríogh.
TUILLEADH (2) ▼
Chuala muid na geallamhantais sin cheana uaibh: 'fan beo a chapaill is gheobha tú féar'. Is fada an fanacht ag a' gcapall é, 'nDomhnach.
Ní fheicfeá críostuidhe an bhéil bheo ar a' tsráid ann Dia Domhnaigh. Dheamhan corruighe amach ar bith a dhéana(nn)s siad ar a' Domhnach. Sin cuid dhá gcreidimh, chomh maith le 'chuile shórt eile.
+
Tá na sean-bhriollachaí sin aige l'aghaidh na strácála, a's an chulaith dhubh l'aghaidh an Domhnaigh.
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn an cailín sin cóirighthe lena feiceál ar a' Domhnach, ach dhá bhfeictheá na sean-bhriollachaí 'bhíonns uirre lá de'n tseachtmhain!
→
aer
'Is mise an t-óigfhear a ghlacfas fós leat, agus nach n-éileocha bonn spré; A bhéarfas aer bailtí mór (dh)uit agus arán ar tuaith; Ceol a's spóirt gach aon-oidhche Dhomhnaigh, dhá dteigheamuid ar cuairt; A's beidh fáilte mhór ag mo mhíle stór rómham a' gabhail a' Droighneán Donn (ceathramha de'n "Droighneán Donn")
→
amuigh
Sí'n cailín Domhnaigh an bhean is measa amuigh. Bíonn a cuid éadaigh Domhnaigh uirre Domhnach a's dálach chomh maith le chéile, agus ní bhíonn déantús maitheasa a' bith innte, ach i gcomhnuidhe dhá gléas fhéin agus dhá déanamh fhéin suas (cur síos ar an gcailín Domhnaigh)
+
Ní mian leis eirghe amach (ch)uig tada, mar 'bhfuil corr-oidhche Dhomhnaigh i bhfad ó chéile ann, agus an uair sin fhéin, ní maith leis a' rith fada a thabhairt air fhéin.
TUILLEADH (2) ▼
An Domhnach seo chugainn a bheidheas an eirighe-amach uirre (an bhean a phós)
Dé Domhnaigh beag seo Domhnach an eirghe-amach.
→
anam
Níl aon-Domhnach beo, nach mbíonn m'anam ag (d)ul amach thar mo bhéal ag iarraidh breithe ar an Aifreann.
→
antlás
Ní leigfeadh sé an Domhnach fhéin thairis le teann an-tláis = bhí sé ag obair ar an Domhnach le neart sainnte.
→
ardú
Biseach an Domhnaigh, a's árdú na Céadaoine = deireadh na sean-daoine, nar dóichide rud dóib seo, ná bás a thabhairt do dhuine.
Is breá an follántas do lucht na mbailte móra sin a theacht amach ag déanamh aeir faoin tuaith 'chuile Dhomhnach
→
fuagair
Bheadh báire ar fhear agus ar bhean. B'fhéidir go bhfuagródh bean eicínt eile báire ar fhear eicínt eile an Domhnach a bheadh chugad. Ní bheadh aon-mheas ar an bhfear nach seasfadh an báire. = báire a fhuagairt ar fhear eile; bhíodh sé de phrimhléad ag an mbean an báire a chur ar an bhfear. D'fhuagraíodh sí é as comhair a mbíodh ar an mbáire
→
iúr
Domhnach an Iubhair = an Domhnach roimh Dhomhnach Cásca. Roinneann an sagart an t-iubhar ar na bpobal an lá sin.
→
daidhce
Daighce a bhí uirre anocht faoi gur fhága C. annsin aréir í … Ceadh nar chuala tú é sin. In Domhnach rinne sé malrait mná aréir … í seo thiar. Spéir na gréine Sh. Ch. Tá faitíos orm muise gur b'olc an mhalrait aige í: a dhul ó ghiolla na sliogán go dtí giolla na mbáirneach mar adeir fear Ch. Ach mo choinsias is deacair í seo istigh a bheárradh anocht
Bhí mé thíos ann lá annseo anuiridh. Domhnach a bhí ann. Bhí sí ag strócadh ag iarraidh a dhul síos 'un bóthair. Ní leigfeadh an mháthair di. Bhí rud eicínt le déanamh: soithigh le nigheachán nó rud fánach ar aon-nús (nós). D'iarr an mháthair uirre é a dhéanamh. Dhá bhfeictheá cho daighceamhail agus a d'iompuigh sí ar a cois, agus siar léithe a chodladh. Dá mba mise an mháthair, bheinn dhá lascadh 'fhad's gheobhainn teas in a craiceann. Bhí sí do-chorruighthe freisin, ach níor leig sí amach mórán dhó (dhe) liomsa
→
daigh
Níl neart agamsa ruainnín feola ar bith a ithe nach mbuaileann dógh ghoile mé. Dhá bhfeictheá mé thuas Dia Domhnaigh agus an-"hate" (heat?) ag an gcuid eile ar leota caoirfheola, agus gan agamsa ach driobaillín de scadán agus mé dhá chrinneadh (creinneadh) liom sa gclúid.
→
daor 3
Chuala mé go mb'éigin ceangal na naoi ndaora go daor agus go docharach a chur ar an bhfear dubh seo thuas ins an oíche Dé Domhnaigh. Bhí braon ins an stuaicín aige in áit a raibh sé thiar ag na cleamhnaidhthe, agus ar a theacht aniar dó, ba mhian leis a dhul suas agus píosaí pighne a dhéanamh de lucht an aird. B'éigin glaodhach ar cheathar len a cheannsú … Dar mo choinsias, ar a mhaga sin féin, b'éigin a cheangal. Bhí sé ag strócadh ag iarraidh a dhul suas. 'Ar ndú mo léan dá dteigheadh, gheobhadh sé froisín thuas. Siúd iad na diabhail chéadna nach mórán éisteacht' a bheadh aca leis
→
dealbh 2
Níl Domhnach dhár dhealbh an ghrian nach mbíonn sé ag an gCéad-Aifreann, aindeoin na deich mbliana agus cheithre fichid a bheith bailighthe go h-árd aige. Má tá féin, tá an oiread lúid ann fós agus a bhí an chéad lá ar thosuigh sé ag tarraint an phinsean.
→
deannach
Chuala mé gur bhain an fear seo thuas deannach as na másaí ag an inghin faoi fhanacht amuigh ins an oiche Dé Domhnaigh. Bhí sé roímpe ag giall an doruis chuala mé, le "beilt", agus bhí 'chaon iarraidh aige uirre aniar ins an gcadairne léithe, ar feadh uaire in a dhiaidh sin. D'fhan muintir bharr an bhaile ag éisteacht leo ar feadh i bhfad. Ní raibh tada le cloisteáil uaidh ach "Do gcuirfidh mise faoi ndeara dhuit". (Do — aithris ar fhear nach raibh indan a chuid g a rádh; do = go)
+
Níl muid fós ach sa Deasgabháil. Ní bheidh an Chingcís ann nó go bhfeicidh tú an Domhnach.
TUILLEADH (1) ▼
Sílim féin nach mbíodh ar Dhiardaoin Deasgabhála fadó ach breac-shaoire. Chuir siad an tsaoire aríst air, agus bhain siad de lá eicínt eile í. 'Ar ndú leath na laetheantaí a mbíodh saoire orra fadó níl saoire ar bith fanta orra anois. Mara dteighidh tú ach síos Gaillimh agus is gearr uait é, agus níl saoire ar lá ar bith ach ar Lá Nodlag agus ar an Domhnach
→
deilbh 1
Bhí 'chuile dheilbh eile déanta aige 'san oíche Dia Domhnaigh ach an pota a leagan síos, agus bhí sé le sin a dhéanamh an oíche sin. Ba cheart dó a bheith réidh faoi seo. Mara dtapuighidh tú é mar sin féin, dheamhan an sdriog a bhéas aige. Ní túisce réidh anois é ná bhíos an iarraidh fuadaighthe cruinn baileach. Mara bhfaghaidh tú aon-deoir aigesan, tá tú réidh len a fháil in aon-áit eile
Ní fheicfidh tú aon-fhata nuadh isteach imbliana nó go gcaithtear Domhnach Chrom Dubh. Chuir an sioc sin faoi Bhealtaine 'un deireadh ar fad iad
Tá an iascach caithte idtraipisí le deireannaighe ó a thosuigh an fuadach ar an móin. Roimhe seo ghabhfadh fear suas taca Dhomhnach Chrom Dubh agus bhainfeadh sé dhá shleaghán mhóna l'aghaidh na teine. Thriomóchadh anna na Féile Míchil dó í. Dheamhan buille a ghnídís i gcaitheamh an tsamhraidh ach mathshluagh aca thíos ar 'chuile charraig annsin thíos ag iascach. Is deacair fear a fheiceál anois ann
+
→
deis
Is breagh an deis glantacháin atá uirre, a cuid éadaigh Domhnaigh! Déarfainn dhá mbeadh fonn glantacháin uirre nach gabhtha gléasta mar sin a thiocfadh sí. Ach bíodh aice. Mara miste léithe féin a cuid éadaigh nuadha a mhilleadh, ní miste linne
TUILLEADH (1) ▼
Diabhal mórán a d'fheicfeá iad ag bualadh deise ins an ruta seo anois. Ní bhíodh domhnach ná Dálach fadó nach h-í a bhíodh uiliog thíos annsin thíos ar an mbóthar, ach ní fhaca mé ann anois í le na cianta. 'Sé an áit a mbíodh an daoradh bualadh againn ar an leic sin ó thuaidh de bhóthar, ar aghaidh gheata Mh.
→
deoraí
Níl duine ná deoruidhe ar an mbaile indiu. Is baile bánuighthe é. Tá siad ar fad greadtha soir ag an tabhairt-amach seo atá i mB. Dheamhan duine a d'fhanfadh annseo aon-Domhnach dá mbeadh a gcailleadh go deo leis. Is fada leo go dteagaidh an Domhnach go dteighidh siad ag bóthaireoireacht
Tá an chlann thíos ins an talamh aige le obair, agus th'éis a bhfuil siad a shaothrú dó in a dheidh sin, dheamhan pighinn airgead póca a thiubharfadh sé dóibh; ach iad ag súmaireacht tímcheall doirse chéilidhe 'chuile oíche Dhomhnaigh d'uireasbaidh an oiread agus a d'íocfadh isteach iad. Tá airgead in a chocaí beaga aige súid, ach cianóg ní thiubharfadh sé do dhiaúmhlach. Cuirfidh mise mo rogha geall má fhaghann an chlann choidhchin aon-leigean ar an saidhbhreas siúd go dtiubharfaidh siad fuadach dó
+
→
diaidh
Is fánach an tsiocair a bhí aige. Dheamhan blas ach iad a bheith amuigh ag déanamh spraoi ingarrdha atá annsiúd chois an bhóthair trathnóna Domhnaigh. Bhí seisean ag rith, agus cuireann duine de na gearr-bhodaigh — mac le P. É — cois roimhe. Caitheadh amach indiaidh a mhullaigh é, agus rug splinnc cloiche a bhí aníos ar an talamh annsin air, slán an tsamhail. Níor mhair sé achar ar bith. Sin é an áit is éalannaighe in do cholainn — an chamóig ara. Tá contabhairt ar dhuine i gcomhnaí, má fhaghann sé priocadh ar bith annsin
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé thíos annsiúd ag cur deatach amach as an sean-dúda indiaidh a leicinn, agus ag innseacht faoi "bhliain annseo a raibh garrdha an tS. curtha agam, agus nach raibh aon-fhata ann ní ba mhó na cubharláin lá Fhéile San Seáin, agus go raibh siad cho mór le turnapaí Domhnach Chrom Dubh." Má tá an scéal sin cloiste agam uair, tá sé cloiste agam míle uair
+
→
diogáil
Ar chuala tú ariamh faoi'n gcailín Domhnaigh. Sin í an cailín Domhnaigh ar chaoi ar bith: dhá díogáil agus dhá déanamh féin suas ó mhaidin go faoithin. Ní hé an feisteas a fheiceas tú ar maidin uirre a bhíos uirre trathnóna. Ba chóra di go mór a mhaisce, luath bhuidhe na seachtaine a chur de'n teallach ná bacadh len a cuid cóirí catha agus "coatyárms" (coat of arms). Dhá fheabhas dá saothruigheann sí é, tá sé ag cínnt uirthe aon-fhear a fháil in a dheidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Is dóibh is furasta a bheith díogáilte. Ní comártas (comórtas) ar bith dhuitse máistirí scoile ná póilíos: dream a fhéadfas leath an lae a chaitheamh dhá ngléas féin. Ach an té a chaithfeas a bheith thíos i gC. an U. leis an dearg-mhaidin ag sciobadh feamainn dearg (ní bhíonn aon-tuiseal geineamhnach ar an gcuingir fhocal sin feamainn dearg), bíonn rud ar a aire thar agus a bheith dhá dhíogáil féin. Tá an obair sin ceart go leor Dé Domhnaigh, ach ní fheileann sí Domhnach agus dálach. Má fheileann, ní do'n talmhuidhe é