Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Domhnach
/dū:nəx/
ainmfhocal, fireann
tuiseal ginideach uatha: Domhnaigh /dū:nī/ Achréidh; /dū:nə/ taobh thiar de Ghaillimh
ainmneach iolra: Domhnaí /dū:nī/ taobh thiar de Ghaillimh; Domhantaí /dū:ɴtī/ Achréidh
An Domhnach: Dia Domhnaigh /d′ɛ̄ dū:nə/
1.
an chéad lá den tseachtain; lá an Tiarna.
a.
+
Déanfaidh mé é as seo go Domhnach
Níl mórán Domhnach sa mbliain nach dtigeann sé ar cuairt chugainn
TUILLEADH (13) ▼
Is ann a chaitheas sé na Domhantaí uilig
Is annamh a théas sí ag an aifreann anois: corrDhomhnach
Ní raibh sé ag aifreann an Domhnaigh le bliain
Is olc an rud fanacht ó aifreann an Domhnaigh
Ní fhéadaim a dhul ag aifreann an Domhnaigh, ní áirím a mhalrait
Fan agus buailfidh mé siar Dia Domhnaigh bheag seo (an Domhnach seo chugainn; Dé Domhnaigh seo chugainn)
Is iomaí Dé Domhnaigh (is iomaí Domhnach is mó adeirtear) nach n-éiríonn sé chor ar bith
Ní bhíonn an t-ádh i ndiaidh obair an Domhnaigh. Cén chaoi a mbeadh
Bíonn céilí ann chuile oíche Dhomhnaigh beo
Ní ligfeadh sé den obair Domhnaigh féin pé ar bith cén bheith atá air
Cheal nach bhfaightheá uair ar bith le aghaidh do chuid gráiscínteachta nó go dtosaí tú uirthi i lár an Domhnaigh thall. Diabhal a leithide de chaoi!
Coicís ón Domhnach seo (gha)bh thart a bheas sé ann
Mí go Domhnach seo chugainn ó bhí mé ann
·
Beidh rath an Domhnaigh ar an obair sin — obair ar bith a ghnítear Dé Domhnaigh, ní bhíonn an t-ádh ina diaidh
Bíonn sé ag obair chuile Dhomhnach agus tá rath an Domhnaigh air freisin. Níl greim aige le cur ina bhéal. I gcruthúnas duit gur dona an rud gan an Domhnach a ligean thart dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire
+
Beidh an lá amárach mar an Domhnach againn — ina shaoire
Bíonn chuile lá mar an Domhnach agatsa bail ó Dhia ort. Nach beag atá ar t'aire
TUILLEADH (4) ▼
Domhnach é chuile lá sa tseachtain aige siúd. Bíonn sé ina chónaí dólúm
Is fada uait an Domhnach fós le bheith ag cuimhniú air sin
Is trua ghéar nach é an Domhnach é go bhfaigheadh sibh cead imeacht agus gan na daoine a bheith mearaithe agaibh mar atá
Domhnach a bhí ann, agus bhí mé ag ligean mo scíthe agus ag tabhairt sraith de mo cholainn ar an leaba
+
"Pósadh Domhnaigh, pósadh brónach" — ní bhíonn an t-ádh ar phósadh an Domhnaigh
Is olc an lá a bhfuil sé ag pósadh. Chuala mé ariamh go raibh geis ar an Domhnach. "Pósadh Domhnaigh," adeir siad, "pósadh brónach"
TUILLEADH (1) ▼
Pós do rogha lá ach ná pós ar an Domhnach. Ar chuala tú ariamh é: "Pósadh Domhnaigh, pósadh brónach"
+
Is olc é biseach an Domhnaigh — deirtear má bhíonn duine go dona tinn, nach dtéann sé go maith dhó biseach a theacht air, Dé Domhnaigh, thar aon lá
Tús Aoine agus deireadh Sathairn. Tá an Aoine in aghaidh na seachtaine. Lomadh Luain agus bearradh Céadaoine. Biseach an Domhnaigh agus ardú na Céadaoine. Dé Luain soir agus Máirt siar, agus tá an Déardaoin sonaí soir nó siar: anois an bhfuil aon cheann eile acu agat. Bhí siad sin ann ar fad roimhe seo, ach tá siad caite in aer anois
TUILLEADH (4) ▼
Ní mholfaí biseach an Domhnaigh muis. Ach dheamhan sa méid sin ach caint
B'fhurasta a aithinte, agus biseach an Domhnaigh a theacht air, go mba gearr é a shaol
Biseach an Domhnaigh agus ardú na Céadaoine, agus ní raibh snig ina chluais maidin Dé hAoine. Nach gearr an battle sin a thug sé sin
Ní thabharfainnse aird ar bith ar an gcomhrá sin. Nach aon chás amháin dó lá ar bith a bhfaighidh sé biseach. B'fhéidir le cúnamh Dé go srianfadh sé as
+
Ní dóichíde an Cháisc ar an Domhnach nó tiocfaidh sé inniu — is cinnte go dtiocfaidh sé inniu: bíonn an Cháisc ar an Domhnach i gcónaí
M'anam nach dóichíde an Cháisc ar an Domhnach ná é. Cén bhrí ach gan luach leithphínne faoi réir againn
TUILLEADH (5) ▼
Crap an ghlaicín fhéir sin. Ní dóichíde an Cháisc ar an Domhnach nó feicfidh tú báisteach roimh mhaidin
Ó a dhiabhail álainn! Ní dóichíde an Cháisc ar an Domhnach nó 'sí an bhó s'againne atá ann. Amachaidh libh chomh tréan in Éirinn agus atá in a (bhur) gcosa. Má bheireann sé siúd uirthi sa gcur, bascfaidh sé í
Níor dhóichíde an Cháisc ar an Domhnach nó sin é a dhéanfadh sé, ach níor fhéad sé a dhul ann. Dar fia dhá bhféadadh, d'fheicfeá spraoi
Cuirfidh mise geall leatsa nach dóichíde an Cháisc ar an Domhnach nó go ligfear amach saor slán é sin. Ara níl aird ar bith ar choir den tsórt sin anseo. Ach mise i mbannaí gur maith gasta a chuirfí cupla bliain ar fhear bhocht agus gan millteanas ar bith déanta aige
Pósfaidh sé sin anois í. Ní dóigh an Cháisc ar an Domhnach ná é. Tá sé saighdte anoir anseo anois faoi gur chinn sé air aon bhean a fháil thoir. Agus ní taise dise é: tá sé cinnt uirthi aon fhear a fháil abhus. Is maith chun a chéile iad
+
Dia agus Muire agus an Domhnach duit — ceann de na freagraí atá ar "Dia dhuit" nó "mbeannaí Dia dhuit"
Go mbeannaí Dia agus Muire agus an Domhnach dhuit féin
TUILLEADH (1) ▼
Sin é a bhíos ag S. Ph. i gcónaí nuair a bheannaíos duine dhó. 'Dia agus Muire agus an Domhnach dhuit,' adéarfas sé
b.
seo cuid de na Domhnaí a gcuirtear cronaí ar leith iontu ar feadh na bliana.
+
Domhnach an Phuis nó Domhnach na Smut nó Domhnach Inide — an chéad Domhnach den Charghas. Bíonn pus nó smut ar na mná a fhágtar gan pósadh an Domhnach sin. Domhnach na SmutDomhnach Inide: Ros Muc, Carna, Dúiche Sheoigheach. Domhnach an Phuis: Cois Fharraige
Domhnach an Iúir — an Domhnach roimh Dhomhnach Cásca. Roinntear an t-iúr an Domhnach sin
TUILLEADH (6) ▼
Domhnach Cásc nó Domhnach Cásca — cothrom lae aiséirithe Chríosta
Domhnach Gealchásc — an Domhnach i ndiaidh Domhnach Cásca (Achréidh)
Domhnach Cincíse Whit Sunday
Domhnach Chrom Dubh (taobh thiar de Ghaillimh), nó Domhnach na bhFear (Achréidh), nó Domhnach na Cruaiche — an Domhnach deiridh de mhí an Iúil. An lá sin a bhíos an turas go Cruach Phádraig. Ní fíor don Mháilleach sa mBéal Beo é (lth. 20) nuair adeir sé gur Domhnach na Cruaiche is mó a thugtar anois air. Domhnach Chrom Dubh atá fós air sa gcuid is mó den Ghaeltacht taobh thiar de Ghaillimh, agus Domhnach na bhFear taobh thoir
Domhnach na Mart — an Domhnach roimh Lá Fhéil Mártan. Bíonn na mairt marbh nó dhá marú le haghaidh na Féile Mártan an lá sin
Domhnach na bPutóg — seachtain roimh an Nollaig
+
"Domhnach Chrom Dubh, lá na Móna agus Lá Fhéil Muire Mór thall sa bhfómhar: trí lá a bhfaigheann an bodach a sháith le n-ithe" — deirtear é seo
'Sé an Domhnach seo chugainn, Domhnach an Iúir (Domhnach Chrom Dubh, Domhnach an Smuit srl.)
TUILLEADH (7) ▼
Gheobhaidh tú do dhóthain gogaí (uibheachaí) an Domhnach seo chugainn: Domhnach Chásc. Tuige nach mbeadh prochógaí agaibh mar a bhíodh againne fadó. Bhíodh muid dhá gcruinneáil (uibheachaí) ar feadh coicíse roimh ré
Beidh dalladh feola ann Dé Domhnaigh seo chugainn: Domhnach na Mart
Tá sí ag cur pus uirthi féin cheana. Ach nach é an Domhnach seo chugainn Domhnach an Phuis. Codlóidh sí léithe féin bliain eile dar fia!
Soiscéal Dhomhnach an Iúir an soiscéal is faide sa mbliain agus soiscéal Lá Nollag an soiscéal is giorra
Ní bheidh aon fhata nua ann i mbliana go dtí Domhnach na bhFear má bhíonn siad an uair sin fhéin ann
Cáid uait Domhnach Chrom Dubh? An rachaidh tú ar an gCruaich i mbliana?
Domhnach na bhFear nach ea a bhíos turas na Cruaiche ann?
c.
+
Níl inti ach cailín Domhnaigh — cailín a bhíos gléasta chuile lá den tseachtain mar a bhíos sí Dé Domhnaigh; cailín galánta beagmhaitheasach
Ná pós cailín Domhnaigh
TUILLEADH (3) ▼
Séard atá sa gceann is óige, cailín Domhnaigh críochnaithe. Ní dhéanann sí faice ach dhá gléas agus dhá feistiú féin
Go bhféacha Dia ort! Ní mná talmhaithe iad sin, ach cailíní Domhnaigh. Dhá leagthá scátháin agus boscaí púdair acu, ba é a mbuac é. Is cam a bhreathnóidís ort déarfainn dhá n-iarrthá orthu a dhul ag tarraingt fheamainn dearg lena ndroim
M'anam muise gurb in é an áit a bhfuil an mearbhall ortsa. Ní cailín Domhnaigh chor ar bith í, ach togha oibrí. Dhá bhfeictheá í sin amuigh ag scaradh aoiligh nó ag tarraingt fhraoigh nó ag scaradh móna, is fada go n-abrófá é sin léithe
+
Ná santaigh caora an fhómhair agus ná pós an cailín Domhnaigh (seanchomhairle) — an chaora a bhíos ramhraithe sa bhfómhar, is dóichíde di a cailleadh sa ngeimhreadh nó san earrach
Cailín Domhnaigh í a mhic ó! Ná santaigh caora an fhómhair agus ná pós an cailín Domhnaigh, adeir siad
TUILLEADH (1) ▼
Tá chaon cheann acu fabhtach: caora an fhómhair agus an cailín Domhnaigh. Ná bíodh aon phlé ag duine leo. 'Sé ráite na seandaoine é
2.
+
Bean Domhnaigh — ainm muirne ar bhó
Bean Domhnaigh! Bean Domhnaigh! Bean Domhnaigh cá'il tú? (Tabhair faoi deara an fhuaim anseo: /dū:nī/. 'Sé a bhíos ag daoine a mbeadh /dū:nə/ ina thuiseal ghinideach acu ar Dhomhnach)
TUILLEADH (2) ▼
Bhí an-bhó againn anseo fadó. Bean Domhnaigh a bhí uirthi. Diabhal mé go mbíodh bainne dhá cheann aici go dtí seachtain shula bheireadh sí. Dhíol mé í le P. R. ansin thoir, agus níor mhair sí an bhliain féin. Ach ba bheag an dochar di. Ní bhfuair sí aon tógáil uaidh
Ar chuala tú fear Chonamara ag imeacht ar na cnocáin ansin siar ag fuagairt Bean Domhnaigh i ndiaidh na bó. Diabhal easna dhíom féin agus d'A. nár lean siar é, agus chuaigh muid isteach sa gcarracán mór agus thosaigh muid féin ag fuagairt Bean Domhnaigh. Tá an-mhacalla — an-fhuaim — ansin, agus ní raibh áit ar bith siar ansin nach gcloisfeá Bean Domhnaigh
3.
+
I nDomhnach chreidim go bhfuil — mionfhocal dearbhaithe; dar fia nó dar príosta, ach níl sé chomh spreacúil le ceachtar acu sin
I nDomhnach ní fhaca mise le seachtain é, agus níl a fhios agam céard is cor dó
TUILLEADH (10) ▼
Is dóigh go ndéanfaidh, i nDomhnach. Ach deile céard a dhéanfadh sé
I nDomhnach, is olc an aimsir í, ní ag ceasacht ar Dhia é!
Is olc an cheird atá air, i nDomhnach: ag déanamh dícheannadh den tsórt sin ar an duine bocht sin
Is tú atá gairgeach i nDomhnach. Glac go réidh thú féin. Níor thuill muid do chuid ropaireachta chor ar bith uait
I nDomhnach muise, is maith an scaitheamh aríst go bhfeice tú mise ag briseadh leicín an doichill aige
I nDomhnach féin, is oraibh atá an guairdeall thimpeall a iothlann. Fágaidh mar sin é féin agus a iothlainn
I nDomhnach féin, ba chóra dhuit ciall a bheith agat agus gan a bheith ag spochadh leis an ainle bhradach sin. Níl a fhios agam cé agaibh is measa: thusa nó an páiste
I nDomhnach féin is beag an dochar duit náire a bheith ort ag caitheamh a leithide de chaint. Nach bhfuil a fhios agat go maith gurb in deargbhréag. Ní tada eile é
I nDomhnach féin muise ní bhfaighir! Má bhíonn tú d'uireasa airgid go dtuga mise dhuit é, is fada a bheas tú dhá uireasa
I nDomhnach fhéin muise, is furasta leis laethantaí a fháil in aisce! Níl sé fhéin chomh maith sin faoina chúnamh lá na cruóige
4.
Dia.
·
"Impím ar an Domhnach, muran beo mé ach mí; Seal fada a bheith ag gabháil leat ar chóstaí Ard Fhraoigh" (as amhrán a thosaíos Déanfaidh mé caisleán ar chnocáinín ard) — teagann Domhnach isteach mar seo in amhráin scaití, agus Dia a bhíos i gceist
Iarraim ar Rí an Domhnaigh cabhair agus cúnamh a thabhairt dúinn, agus muid a thabhairt slán ó anachain na bliana — Dia. Tá caint ar Thobar Rí an Domhnaigh in Altú an Tobac
5.
cill nó séipéal.
·
Domhnach Pádraig (reilig in aice Áth Cinn) — séipéal nó teampall Pádraig. Níl an chiall sin i gcaint

Féach freisin

Domhnach in iontrálacha eile (100+)

 
abair
D'fhéadfá a rá i nDomhnach! Is iomaí a leithide eile a bhuailfeadh amach ar cuairt agus a d'fhágfadh an obair sin faoina bhean.
+
Daidhce a bhí uirthi anocht faoi gur fhága C. ansin aréir í … Cé nár chuala tú é sin. I nDomhnach rinne sé malrait mná aréir … í seo thiar. Spéir na gréine Sh. Ch. Tá faitíos orm muise gurb olc an mhalrait aige í: a dhul ó ghiolla na sliogán go dtí giolla na mbairneach mar adeir fear Ch. Ach mo choinsias, is deacair í seo istigh a bhearradh anocht
TUILLEADH (1) ▼
Sin é ceird gasúir i gcónaí: daidhce orthu faoina dhul chuig an scoil. Shílfeá i nDomhnach, gur mó an luí atá ag gasúir anois léithe ná fadó. Ar ndóigh, ba mhó a bhuailtí orthu fadó
 
Bhí mé thíos ann lá anseo anuraidh. Domhnach a bhí ann. Bhí sí ag stróiceadh ag iarraidh a dhul síos chun bóthair. Ní ligfeadh an mháthair di. Bhí rud eicínt le déanamh: soithigh le níochán nó rud fánach ar aon nós. D'iarr an mháthair uirthi é a dhéanamh. Dhá bhfeictheá chomh daidhciúil agus a d'iompaigh sí ar a cois, agus siar léithe a chodladh. Dá mba mise an mháthair, bheinn dhá lascadh fhad is a gheobhainn teas ina craiceann. Bhí sí dochorraithe freisin, ach níor lig sí amach mórán dhó (dhe) liomsa
 
daigh
Níl neart agamsa ruainnín feola ar bith a ithe nach mbuaileann dó ghoile mé. Dhá bhfeictheá mé thuas Dia Domhnaigh agus an-hate(heat?) ag an gcuid eile ar leota caoireola, agus gan agamsa ach driobaillín de scadán agus mé dhá chrinneadh liom sa gclúid
 
dáimh
Nach iad an chuid eile dhíot fhéin iad sin: an cleite is fhearr in do hata. I nDomhnach tá na dáimheannaí ann, ach a gcomhaireamh
+
Ná déan é sin Domhnach ná dálach ach an oiread le chéile — lá ar bith, is cuma cén lá é
TUILLEADH (10) ▼
Bíonn siad ag obair i Sasana anois Domhnach is dálach. Tá an t-an-deifir orthu nó go gcnioga siad an Gearmánach
Go dtuga Dia ciall duit a mhic ó mo chroí. Leath na nÉireannaigh atá i Sasana, ní bhíonn a fhios acu Domhnach thar dálach, mar ní hé an Domhnach a bhíos ag cur imní orthu
Dheamhan a fhios aige siúd an Domhnach nó dálach é, ach a bheith ag tírtheáil leis mar siúd. Eiriceach ceart é, ní dhá roinnt leis é
Is cuma leis Domhnach thar dhálach má fhaigheann sé trácht ina shiopa. Sin é a bhfuil de Dhia aige sin
Bíonn siad anseo Domhnach is dálach. Tá muid sáraithe acu. Níl neart ag duine a bhéilí a ithe nach ag breathnú isteach sa bpus ort a bheas siad
Bím ar bóthar Domhnach is dálach léar (de réir) mar a fhaighim glaoch. Níl aon scíth i ndán domsa
Diabhal mé gur suarach an t-ionadh go mbeadh an dochtúr sin amscaí féin ag imeacht agus a bhfaigheann sé de ghlaoch. Tá sé ar a chois Domhnach is dálach
Sin í a cheird sin — ag gróigeadh móna — Domhnach is dálach. 'Sé an fear is antlásaí anseo anois é
Bhí mise in áit agus ní aithneofá an Domhnach thar an dálach ann. Maidir le go raibh suim sa Domhnach, dheamhan a bholadh!
Níl lá ar bith is mó súnás oibre é ná an Domhnach. B'fhéidir gur ina chodladh a d'fheicfeá é ar an dálach
 
damba
Chonaic mé na dambaí móra a rinneadh ar an tSionainn. Nach raibh mé dhá ndéanamh. I nDomhnach bhíos. Chaith mé cheithre mhí ann. Tá dambaí áibhéalta ann in aghaidh an uisce. Tá mé ag ceapadh go stopann siad na mílte tonna uisce … Casann siad an t-uisce isteach i sórt caológaí a chuir siad ar an abhainn, agus nuair a théas sé thríd na turbines, oibríonn sé an solas. Sin é a thugas solas don tír
 
dán
Dá gcuireadh sí bun a bundúin amach anois, cinnfidh uirthi dán a chur ar fhear ar bith. 'Sí an phrae í go deimhin, ag imeacht ina cailín Domhnaigh.
 
dána
'Tá rud dána drochmhúinte déanta agamsa agus fios a chur ort,' adeirim féin, 'ach i nDomhnach a athair, bhí sé ar a chailleadh nó facthas domsa go raibh' — rud sonnta sotalach
 
Ní bheadh sé de dhánacht ann é sin a dhéanamh, ach i nDomhnach, chreidim go mbeadh ina dhiaidh sin
 
daol
Tá sé in ann crochadóireacht leis, ach nuair a bhuaileas daol den phian sin é nach foláir dó síneadh go n-imí sí aríst. I nDomhnach tá sé in ann creachlaoiseacha móra a dhéanamh thar éis a mbíonn d'éagnach aige. Bhuail sí an tseachtain seo caite amuigh sa ngarraí é agus bhí sé ag dilleoireacht leo ag iarraidh orthu a dhul i gcoinne an dochtúra, ach bhí sé ar a sheanléim aríst faoi cheann uair an chloig. Nuair a thugas an racht sin a sheal bíonn sé an-spleodrach aríst ar an toirt
 
daor 3
Chuala mé go mb'éigean ceangal na naoi ndaora go daor agus go dochrach a chur ar an bhfear dubh seo thuas san oíche Dé Domhnaigh. Bhí braon sa stuaicín aige an áit a raibh sé thiar ag na cleamhnaithe, agus ar a theacht aniar dó, ba mhian leis a dhul suas agus píosaí pínne a dhéanamh de lucht an aird. B'éigean glaoch ar cheathar lena cheansú … Dar mo choinsias, ar a mhagadh sin féin, b'éigean a cheangal. Bhí sé ag stróiceadh ag iarraidh a dhul suas. Ar ndóigh mo léan dá dtéadh, gheobhadh sé fruisín thuas. Siúd iad na diabhail chéanna nach mórán éisteachta a bheadh acu leis
 
de
Beidh a bhfuil ó dheas de chuan anseo uileag Dé Domhnaigh. Sin é a mheasaim
 
Ní cás duit é a mhic ó, ó tá tú chomh saor sin — taobh le ruaig shlaghdáin. Ar chuala tú ariamh é: caithfear deachma na sláinte a íoc. I nDomhnach go gcaithfear
 
dealbh 2
Níl Domhnach dhár dhealbh an ghrian nach mbíonn sé ag an gcéad aifreann, ainneoin na deich mbliana agus cheithre fichid a bheith bailithe go hard aige. Má tá féin, tá an oiread lúid ann fós agus a bhí an chéad lá ar thosaigh sé ag tarraingt an phinsean
+
déan 1
M'anam nach ndéanfadh sé gnaithe do dhuine a gharraí a fhágáil ansin lá oibre agus a dhul ag breathnú ar rudaí den tsórt sin. Breá nach mbíonn siad acu Dé Domhnaigh?
TUILLEADH (2) ▼
Dhá bhfuiríodh sé ansin dhá lá a shaoil ní dhéanfadh sé aon ghnaithe ann. Ní ann a d'fheilfeadh dhó chor ar bith, ach istigh ar shlata na Gaillimhe in aice le séipéal eicínt in áit a bhféadfadh sé a dhul amach chuile Dhomhnach agus a shais uaithne air ag cur na ndaoine síos go haltóir
Tá mairg air go deimhin! I nDomhnach féin muise níl. Dar fia má chuaigh an ola air arú inné, tá sé ag déanamh go hóg inniu. Ag stróiceadh ag iarraidh feola a bhí sé
 
Más maith leat a theacht ar cuairt soir againne an Domhnach seo chugainn déan ann. Dar a shon nach dtiocfá
 
Ní túisce máistreás nua ann ná a dhéanas sé mór léithe. Agus ní túisce imithe í, ná a bhíos sé ar an gceird chéanna leis an gcéad cheann eile. Cén bhrí ach é thar am pósta aige. Tá i nDomhnach!
 
Chuala mé gur bhain an fear seo thuas deannach as na másaí ag an inín faoi fhanacht amuigh san oíche Dé Domhnaigh. Bhí sé roimpi ag giall an dorais chuala mé, le beilt, agus bhí chaon iarraidh aige uirthi aniar sa gcadairne léithe ar feadh uaire ina dhiaidh sin. D'fhan muintir bharr an bhaile ag éisteacht leo ar feadh i bhfad. Ní raibh tada le cloisteáil uaidh ach "do gcuirfidh mise faoi ndeara dhuit" (do — aithris ar fhear nach raibh in ann a chuid g a rá; do = go)
+
Bíonn siad chomh déanta suas le ladies Dé Domhnaigh, ach dhá bhfeictheá lá den tseachtain iad, ní fhaca tú i gcaitheamh do shaoil ariamh aon tsraoilleannaí go dtí iad. Chuirfidís úis ort. Ach déanann siad sin an oiread oibre agus a dhéanfadh triúr fear ar bith
TUILLEADH (2) ▼
Tá rún siúlóide aige seo amach anocht agus an déanamh suas atá air. Feicim an aos óg anois chomh gléasta tráthnóna den tseachtain agus a bheidís Dé Domhnaigh
Cailín Domhnaigh í sin anois. Mar a chéile an déanamh suas a bhíos uirthi Domhnach is dálach chomh maith le chéile.
 
Ní fhágfaidh an dole sin déantús maitheasa ar bith san aos óg. Duine ar bith acu a bhfuil aon traidhfilín dó, níl aon tsástaíocht air a dhul ag obair. Is fearr leis an díomhaointeas fhad is a bheas luach tobac aige agus luach céilí san oíche Dé Domhnaigh. Sháraigh sé gach is a dtáinig amach ariamh, feictear dhomsa. Seo é an saol ar chuma ar bith a bhfuil na daoine ag fáil a mbeatha ó neamh
 
dearmad 1
Níl ag duine dearmad a dhéanamh ar aifreann an Domhnaigh
+
Níl muid fós ach sa deascabháil. Ní bheidh an Chincís ann nó go bhfeice tú an Domhnach.
TUILLEADH (1) ▼
Sílim féin nach mbíodh ar Dhéardaoin Deascabhála fadó ach breacshaoire. Chuir siad an tsaoire aríst air, agus bhain siad de lá eicínt eile í. Ar ndóigh leath na laethantaí a mbíodh saoire orthu fadó, níl saoire ar bith fanta orthu anois. Mura dté tú ach síos Gaillimh, agus is gearr uait é, agus níl saoire ar lá ar bith ach ar Lá Nollag agus ar an Domhnach
 
Tá triúr acu ag baint deatach as coirce thíos sa gcró. Sin iad na buachaillí agat nach mbeidh i gcleithiúnas meaisín ar bith, ach a bhuailfeas a gcuid coirce féin go gaelach mar a rinne na daoine ariamh é. Ach tá an iomarca den spreallaireacht anois ar thuilleadh le dornán a thógáil ina láimh agus bualadh na cloiche a thabhairt air. Chuile shórt dhá chur ar éascaíocht ar an saol seo. Sea i nDomhnach!
+
Shíl mé go dtitfeadh déidín aige nó go gcloiseadh sé céard a bhí iníon an Mh. a dhéanamh abhus againn an Domhnach seo caite, ach dheamhan fairnéis a fuair sé air uaimse. Ní labhróinn amach as mo bhéal air leis dhá mba rud é a choinneodh i bpiolóid é. Agus bí siúráilte muis gob (gurb) ea
TUILLEADH (2) ▼
Titfidh déidín aige siod mura dtuga sibh cupla scilling dó le dhul ag an gcéilí. B'fhearr dhaoibh, má tá aon phínneachaí beaga ann, a gcaitheamh aige. Nach bhfuil an duine bocht ag saothrú an tsaoil sách dona agus gan é a choinneáil istigh san oíche Dé Domhnaigh. Dheamhan a n-éilíonn sé imeacht aon oíche eile
Bhí sé anseo anuraidh agus dheamhan lá beo ach an Domhnach féin nach mbíodh sé thíos ag ceann an bhóthair roimhe fhear an phosta. Ag fanacht le scéala faoin dole a bhíodh sé, agus bhí an-mhoill air ag teacht. Shíl mé go dtitfeadh déidín aige faoi dheireadh thál (ó tharla) nach raibh sé ag teacht
 
deil 2
Siúd é atá in ann a ndeil. Dhá bhfeictheá é ag cur straince air fhéin, thabharfá an leabhar gurb é P. Ph. déanta é. Buachaill báire é. Ní tada eile é, i nDomhnach
 
deilbh 1
Bhí chuile dheilbh eile déanta aige san oíche Dia Domhnaigh ach an pota a leagan síos, agus bhí sé le sin a dhéanamh an oíche sin. Ba cheart dó a bheith réidh faoi seo. Mura dtapaí tú é mar sin féin, dheamhan an striog a bheas aige. Ní túisce réidh anois é ná bhíos an iarraidh fuadaithe cruinn baileach. Mura bhfaighe tú aon deoir aigesean, tá tú réidh lena fháil in aon áit eile
 
Ní fheicfidh tú aon fhata nua isteach i mbliana nó go gcaitear Domhnach Chrom Dubh. Chuir an sioc sin faoi Bhealtaine chun deiridh ar fad iad
 
Bhuail sé in éineacht é. D'aithin mé air tráthnóna Dia Domhnaigh go mba fear é a bhí deireanach. Bhí a shliocht air. Bhásaigh sé Déardaoin
 
Tá an iascach caite i dtraipisí le deireanaí ó thosaigh an fuadach ar an móin. Roimhe seo, ghabhfadh fear suas taca Dhomhnach Chrom Dubh agus bhainfeadh sé dhá shleán mhóna le aghaidh na tine. Thriomódh ana na Féile Míchil dó í. Dheamhan buille a ghnídís i gcaitheamh an tsamhraidh ach mathshlua acu thíos ar chuile charraig ansin thíos ag iascach. Is deacair fear a fheiceáil anois ann
+
deis
An bhfeiceann tú an deis atá ar an ngabáiste i mbliana: í rodta ite as cnáimh éadain ag péiste agus ag cuileogaí. I nDomhnach tá, hé brí cén chiall é.
TUILLEADH (2) ▼
Is breá an deis glantacháin atá uirthi, a cuid éadaigh Domhnaigh! Déarfainn dhá mbeadh fonn glantacháin uirthi nach gafa gléasta mar sin a thiocfadh sí. Ach bíodh aici. Mura miste léithe féin a cuid éadaigh nua a mhilleadh, ní miste linne
Diabhal mórán a d'fheicfeá iad ag bualadh deise sa ruta seo anois. Ní bhíodh Domhnach ná dálach fadó nach í a bhíodh uileag thíos ansin thíos ar an mbóthar, ach ní fhaca mé ann anois í le na cianta. 'Sé an áit a mbíodh an daoradh bualadh againn, ar an leic sin ó thuaidh de bhóthar, ar aghaidh gheata Mh.
 
I nDomhnach is deacair chuile dheisiú a dhéanamh. Tá treampáin mhóra anois ar dhream atá ag dul ag pósadh nach mbíodh orthu fadó chor ar bith
 
Tá tú ag deismínteacht leis fós. Tá sé in am agat feasta do dhóthain slaicht a bheith air. I nDomhnach dhéanfadh geansaí a mbeadh i bhfad ní ba lú froigisí ná sin air mise. Níl tada ar an taobh thiar agat. Is cuma é ach taobh na honóra a bheith go deas!
 
Níl duine ná deoraí ar an mbaile inniu. Is baile bánaithe é. Tá siad ar fad greadta soir ag an tabhairt amach seo atá i mB. Dheamhan duine a d'fhanfadh anseo aon Domhnach dá mbeadh a gcailleadh go deo leis. Is fada leo go dteaga an Domhnach go dté siad ag bóithreoireacht
 
dia 2
Cuirfidh an gráinne plúir seo thar an Domhnach muid ach sé a bhfuil ann é
+
diaidh
Is fánach an tsiocair a bhí aige. Dheamhan blas ach iad a bheith amuigh ag déanamh spraoi i ngarraí atá ansiúd chois an bhóthair tráthnóna Domhnaigh. Bhí seisean ag rith, agus cuireann duine de na gearrbhodaigh — mac le P. É — cois roimhe. Caitheadh amach i ndiaidh a mhullaigh é, agus rug splinc cloiche a bhí aníos ar an talamh ansin air, slán an tsamhail. Níor mhair sé achar ar bith. Sin é an áit is éalangaí in do cholainn — an chamóig ara. Tá contúirt ar dhuine i gcónaí má fhaigheann sé priocadh ar bith ansin
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé thíos ansiúd ag cur deatach amach as an seandúda i ndiaidh a leicinn, agus ag inseacht faoi 'bhliain anseo a raibh garraí an tS. curtha agam, agus nach raibh aon fhata ann ní ba mhó ná cúrláin Lá Fhéile San Seáin, agus go raibh siad chomh mór le tornapaí Domhnach Chrom Dubh.' Má tá an scéal sin cloiste agam uair, tá sé cloiste agam míle uair
B'fhéidir i nDomhnach go bhfuil caitheamh i ndiaidh na scoile air
 
Tá an chlann thíos sa talamh aige le obair, agus théis a bhfuil siad a shaothrú dó ina dhiaidh sin, dheamhan pínn airgead póca a thabharfadh sé dóibh; ach iad ag súmaireacht timpeall doirse chéilí chuile oíche Dhomhnaigh d'uireaspa an oiread is a d'íocfadh isteach iad. Tá airgead ina chocaí beaga aige siúd, ach cianóg ní thabharfadh sé do Dhia shúlach. Cuirfidh mise mo rogha geall, má fhaigheann an chlann choíchin aon ligean ar an saibhreas siúd go dtabharfaidh siad fuadach dó
+
Ar chuala tú ariamh faoin gcailín Domhnaigh. Sin í an cailín Domhnaigh ar chaoi ar bith: dhá diogáil agus dhá déanamh féin suas ó mhaidin go faoithin. Ní hé an feisteas a fheiceas tú ar maidin uirthi a bhíos uirthi tráthnóna. Ba chóra di go mór a mhaisce, luaith bhuí na seachtaine a chur den teallach ná bacadh lena cuid cóirí catha agus coatyarms(coat of arms). Dhá fheabhas dá saothraíonn sí é, tá sé ag cinnt uirthi aon fhear a fháil ina dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Is dóibh is furasta a bheith diogáilte. Ní comórtas ar bith dhuitse máistrí scoile ná póilíos: dream a fhéadfas leath an lae a chaitheamh dhá ngléas féin. Ach an té a chaithfeas a bheith thíos i gC. an U. leis an deargmhaidin ag sciobadh feamainn dearg (ní bhíonn aon tuiseal ginideach ar an gcuingirfhocal sin feamainn dearg), bíonn rud ar a aire thar is a bheith dhá dhiogáil féin. Tá an obair sin ceart go leor Dé Domhnaigh, ach ní fheileann sí Domhnach is dálach. Má fheileann, ní don talmhaí é
 
I nDomhnach níl ann anois ach roghain an dá dhíogha: í a dhíol ar bheagán, nó í a fhágáil ansiúd go ndéanfaidh sí deannach sna cruacha. 'Sé an áit siar a shaoirsigh móin. Tá siad dhá fáil ann ar bhreith a mbéil féin. Dá mbeadh na daoine gan a dhul ar páí chor ar bith ag an ngovernment ach a gcuid móna féin a bhaint, agus iad uilig a theacht suas ansin ar aon phraghas amháin, tá mise ag rá leat go mbeadh móin ina hór. Ach faigh thusa an dream a dhéanfas é sin. Gheobhair muis!
+
díol 2
Chonaic mé an sceathracháinín óg sin ann ag dul síos teach an phobail Dé Domhnaigh, agus go deimhin má chonaic féin, bhí díol fir de thalamh faoi. Bhí go deimhin
TUILLEADH (1) ▼
Má chastar liom é Dé Domhnaigh, tabharfaidh mé chuile dhíol air faoi nár thug sé agam an pisín cait a gheall sé dom. Tá an teach beo beithíoch le luchain. Ní fhágfaidh siad ní dhár dhealbh an ghrian istigh faoi chaolachaí an tí. Mura dtéitear rúb (rompu) go gairid
 
"Diomdha Rí na hAoine don té a thógfadh mo ghrá uaidhm (uaim); Nach bhféadfainn a dhul dá féachaint aon oíche Dhomhnaigh ná go moch Dé Luain" (diomdha Rí na hAoine; diomdha Dé; ná raibh Dia buíoch dó!; go n-agraí Dia air é!)
 
díth
Dheamhan bean a fuair sé agus ní de dhíth a shaothraithe é ach an oiread. Chaith sé cúig nó sé de phéiríochaí bróg ag dul na haistreáin sin siar. Cén bhrí, ach an t-am a raibh sé ag imeacht: ar an sneachta mór. Chonaic mé ag teacht isteach sa séipéal ansin thiar é, maidin Domhnaigh, théis a bheith ar a chois ar feadh na hoíche, agus níor dhíol trua go dtí é. Bhí cuisne síos as cúl a chinn
 
Is diabhlaí go deo an fad atá sna giúiríní sin. Ní fhaca mé ceanna chomh fada sin ariamh. Ní fiú do sheacht mallacht an t-adhmad sin anois. Tá sé rodta ar fad acu. Bhí sé chomh maith a fhágáil ansin i dtigh diabhail, agus gan a bheith ag cur easonóir ort féin dhá iompar abhaile, agus nach dóigh an Cháisc ar an Domhnach nó go dtitfidh sé ina mhionbhas ort shula bheas tú ag an teach
 
diúl
Le giolcach a dhiúl siad an fuisce as an gceaig — sea i nDomhnach. Tá siad oilte ar an gceird sin. Ar ndóigh 'sé an chéad bhia sa sliogán dóibh é
 
Bhí sé ag siúl soir agus anoir an bóthar agus a chaimín aige agus ba diúltach an dreach a bhí air. Ag tnúthán a bhí sé go gcasfaí aon chúpla an bealach, a bheadh ag cúirtéireacht. Dhá gcastaí gheobhaidís bata ar na dromáin. Diabhal bréag nach bhfaigheadh. Ar ndóigh sé atá siad a thuaradh dhóibh féin: ag imeacht ansin ar bhóithrí go dtí gairm na gcoileach. Is suarach an t-ionadh go mbíonn sé ag cur dhó chuile Dhomhnach. Faigheann sé a údar
 
An ceathair a chlog! Ní féidir! I nDomhnach, chreidim gur fíor dhuit é. Tá an lá ag diúltú den tsolas
 
dlaoi
Sraoill cheart í sin. Má théann tú isteach chuici lá ar bith — Domhnach is dálach is aon chás amháin é — ní bhíonn a dhath cíoradh ar a gruaig aici, ach í ina dlaoitheachaí móra gránna anuas ina súile. Tointe fada na hóinsí, adeir siad
 
An sílfeása anois an bhfuil sé dlifear acu sin a bheith ag dul timpeall ar an gceird sin chor ar bith. I nDomhnach ní cheapfainnse go bhfuil. Ach diabhal an miste leo sin a bheith dlifear dhó nó gan a bheith. Oibreoidh siad leo
 
dligh
Dhligh mé dhá lá seirsí (seisrí) dhó arú anuraidh, agus bhí mé reicthe aige go dtug mé cupla lá dhó ina n-ómós. Bí siúráilte má fhaigheann tú dadaí uaidh siúd nach ligfidh sé leat é. Ach i nDomhnach, níl a fhios agam nach aige atá an ceart. Róshimplí a bhíos cuid de na daoine
 
I nDomhnach b'fhéidir gur deirfiúracha dlisteanacha iad, ach shíl mise ariamh nárbh ea. Bíodh acu ar aon chor. Ní mórán a bhuachfas muide orthu
+
Tá caint mhór ag Sasana ar na dliteanais atá amuigh aici ar an tír seo, ach níl caint ar bith aici gur bhain sí amach ár gcuid talúna le créatúlacht, agus go bhfuil sí anois ag iarraidh orainn a íoc ar ais léithe. Déirce dhá chuid féin don amadán. Sea i nDomhnach. Is fir gan fuil iad muintir na hÉireann má thugann siad na hannuities di. Ach tá cuid acu ag strócántacht ag iarraidh a dtabhairt di. Muid féin a dhíol a chéile ariamh — ariamh sa saol
TUILLEADH (1) ▼
An té nach n-íocfaidh a chuid dliteanais is cneámhaire é! Deile céard é. Nach gcloiseann tú ag an sagart chuile Dhomhnach é. Agus nár chuala tú in do chuid Teagasc Críostaí é: "Ár bhfiacha dlisteanacha a íoc agus a cheart féin a thabhairt do chaon neach." Má choinníonn de Valera na hannuities is le bheith ina chneámhaire dhó é. Fuair muintir na hÉireann an talamh ar chuntar go n-íocfaidís na hannuities, agus ní le muintir Shasana a d'íocfaidís iad ach oiread, ach le cuid de mhuintir na hÉireann a thug iasacht uathu go gceannófaí an talamh. Ag scrios an mhuintir s'againn féin atá muid le na hannuities a choinneáil. Do dhúshlánsa an méid sin a bhréagnú anois théis a bhfuil d'fhoghlaim ort más fíor dhuit féin
 
dochar
Is beag an dochar dó. I nDomhnach, daoine atá luath láidir féin, is beag an acmhainn oibre atá acu ar an mbeatha atá ag imeacht anois, ní áirím eisean a bhfuil aois an phinsean bailithe aige. 'Sé cuid an bheagáin atá fear deich mbliana is trí fichid in ann a dhéanamh
 
dodach
Sagart sách dodach é i nDomhnach, mura bhfaighe sé a chuid ceart. D'ardaigh sé an tuarastal orainn anuraidh agus bhí cuid acu a chuir taobh leis an seanrud é, agus 'sé a bhí mosánach orthu. Bhagair sé a léamh ón altóir, ach níor léigh ina dhiaidh sin. Níor bheag dóibh ar thug sé de scamhailéireacht dóibh thairis
 
Deir sé nach gcuirfeadh sé a chois chlí ná dheas isteach thar an tairsigh aríst go deo acu leis an doicheall a bhí acu roimhe Dé Domhnaigh seo caite. Is beag nár dhúirt siad leis go mb'fhearr leo go bhfanfadh sé uathu. Ní dhearna sé dhá mhionóid moille ann gur ghlan sé leis gan greim gan blogam
+
dóigh 2
Ní dóichíde an Cháisc ar an Domhnach nó 'sé a rinne é ─ is cinnte gurb é a rinne é
TUILLEADH (4) ▼
Ní dóichíde an Cháisc ar an Domhnach ná go raibh tusa rannpháirteach ann freisin
Ní dóichíde an Cháisc ar an Domhnach nó tá sé ag dul ag pósadh
Tá sé cniogtha. I nDomhnach ní dóichíde beirthe é. Nach air a bhí an smál agus liostáil, fear a raibh fuíoll na bhfuíoll ag baile aige
Cuirfidh mé geall leat gur fhan sé ón scoil. Ní dóichíde cleas dó i nDomhnach
+
Leagadh an domhnaíocht mhór de thithe i mBelfast an t-am údaí ar chaith na Gearmánaigh anuas air. Bhí sé sa bpáipéar an lá cheana, ach i nDomhnach anois, ní chuimhnímse cé mhéad. Ba seó (show) shaolta é ar chaoi ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Tháinig an domhnaíocht raic (wrack) anseo ar thús an chogaidh, ach 'sé cuid an bheagáin atá ag teacht anois. Ara cén mhaith a bheadh do dhuine a dhul dhá tóraíocht dhá mbeadh sé taobh lena dtugann na póilíos de cheathrú shábhála uirthi. Ceo ar bith ach dhá bhféadainn a coinneáil dom fhéin fhéin go mb'fhiú dhom a dhul ag cur aistear an chladaigh orm féin deireadh oíche. Ach i nDomhnach chreidim gur fíor dhuit é: ní fhaigheann duine ar bith breith a bhéil féin
 
domlas
'Sé an fáth domsa gan aon deoir a ól: bhí mé Domhnach anseo, tá naoi nó deich de bhlianta ó shin, agus casadh ag stillhouse ar an Mh. M. mé. Bhí an iarraidh críochnaithe go díreach acu: muintir Mh. Á. D'ól mé an oiread dhó agus gur chuir mé chun domlais mé féin leis shular fhága mé an stillhouse. Anoir tigh Mh. Á. linn ansin, agus d'fhan mé ann an lá sin agus an lá ina dhiaidh, agus mé tite dallta i gcaitheamh an achair. Ní raibh mé agam féin ceart go ceann míosa. Dúirt mé liom fhéin, hé brí céard a dhéanfadh Dia liom, nach mblaisfinn d'aon deoir phoitín aríst go brách
 
doras
Fuair mé ruaig bliain go ham seo, agus i nDomhnach chuir sí go doras an bháis mé
 
D'fheicfeá ag imeacht i chuile chruinneáil chomh doscúch é, agus dar leat féin, gur fonn a bheadh air chuile dhuine a ionsaí. Ach tugann sé a bheanna leis as chuile áit mar sin féin. Ní bheadh a fhios ag duine agus an comhluadar a bhfuil sé taithithe ann — áibhirseoirí críochnaithe — tuige nach bhfaigheann sé iarraidh mharfach, ach i nDomhnach, tá sé in ann a bheart a tharraingt dá mbuíochas
+
An drabhlás a chuir le fán iad. Bhí geadán deas talúna ansin thuas. A n-athair a shaothraigh chuile throigh dó. Bogach bháite a bhí ann go dtí sin. Ach chuir sé togha caoi air. Ar an dá luath is ar imigh sé, chuaigh an drochrath air. Ní ba drochrath go dtí é. Ón máthair a thug siad an drabhlás. I nDomhnach bhí sí féin chomh dona le ceachtar acu. Is minic a chaith sí oíche go maidin thíos ag an D. ina dteannta. Cén chaoi eile a bhféadfadh an chlann a bheith, ach mar a bhí siad. Fuair duine acu bás ar an sliabh. An ceann eile, d'fhága sé an baile ar fad agus bhíodh sé ag dul thart ar aimsir in áit ar bith a bhfaigheadh sé glaoch. Is beag an chónaí a ghníodh sé in aon áit. Sa bpoorhouse a bhásaigh sé sa deireadh sílim. Ag S. É. atá a gcuid talúna anois. Tá an teach tite. Sin é an bhail a d'fhága an drabhlás orthu sin
TUILLEADH (1) ▼
Diabhal mórán drabhláis muise sa tobac ach an oiread leo sin atá tusa a chaitheamh. Meas tú an dtáinig mé leis an dá stoipéad (plug) an tseachtain seo a ghabh thart. Dé hAoine a cheannaigh mé ag an bpinsean iad. Sách sportha a bhí siad san oíche Dé Céadaoin a bhí chugat. I nDomhnach, b'éigean dom "an gaimbín" a fháil théis am dinnéir Déardaoin le mé a thabhairt go hAoine aríst. Níl an drabhlás sa tobac anois mar a bhíodh fadó. Sin nó tá mise ag déanamh éagóir orm féin
 
drann
Ní bhfaighidh tú cead drannadh leis an airgead beag, dhá gcuirtheá do shúile ar chipíní dá iarraidh. Is beag an baol. Fuair tú coróin gheal Dé Domhnaigh seo (gha)bh thart, agus is diachta dhuit a deireadh a bheith caite fós agat
 
Shílfeá go bhfuil drantán ceoil in áit eicínt siar anseo. Ní féidir gur ag dul ag damhsa ar an mbóthar a bheidís aríst, théis gur dhíbir an sagart as iad san oíche Dé Domhnaigh seo (gha)bh thart
 
dream
Dream sách aisteach iad na sagairt i nDomhnach! Ar chuala tú céard adúirt an sotach leis an máthair: bíonn a sampla agus a dteagasc seacht n-acra óna chéile. Déan mar adéarfas siad, ach ná déan mar a dhéanfas siad
+
Chas sé dreancaidí liomsa. Chreidim gurb é an chéad rud a tháinig ina bhéal é. Níor thug mé féin aird ar bith air, ach a rá nach maith an tsamhail a théas i bhfad. Chuile shórt ach dreancaidí; agus gurb aige fhéin sa bprochóigín de theach siúd atá máithreach na ndreancaidí. Sea i nDomhnach
TUILLEADH (1) ▼
Théis chomh galánta agus atá sí, bhí mé taobh thiar di ag an aifreann Dé Domhnaigh agus meas tú nach raibh páin de dhreancaid ag snámh uirthi
 
dreas 2
Ní bhíonn dreas ná teas i móin ar bith nach gcuirfidh grian an tsamhraidh creat uirthi. Bhain mé ansin thuas anuraidh í taca Dhomhnach Chrom Dubh, agus má bhain féin, chaithfeadh sí stráisiún thíos ag cnádadh shul má thiocfadh aon lasair uirthi. Ba bheag ab ionann í féin agus móin tús bliana
 
Ní bheadh aon ghair agat é sin a thabhairt in áit ar bith tá sé chomh cantalach drisíneach sin. B'fhéidir gur tosaí ag gol agus ag gárthaíl a dhéanfadh sé agus thú a náiriú. Ní bheadh sásamh ná séanadh air mura dtugainn chuig an aifreann é Domhnach anseo i mbliana, agus ní cheideonainn ar a bhfaca mé ariamh é nuair a bhí sé déanta agam. D'áitigh air ag blaoch agus ag blaidhriúch, gur thug sé aghaidh an tséipéil orm. Ní thabharfainn deoir fhola le náire
+
droim
B'annamh liom muise an bearradh droma a thabhairt ar na caoirigh, ach tháinig sé an-fhuar i mbliana. Ba é a chosúlacht an uair sin faoi Shamhain go dtabharfadh sé geimhreadh crua uaidh. Ach i nDomhnach shílfeá nár tháinig sé chomh dona sin fós, mura romhainn amach atá
TUILLEADH (1) ▼
Fear an-airdeallach a bhí ansin ag tiomáilt mótair. Ní óladh sé deoir ná snig. Agus féacha ina dhiaidh sin gur cuireadh de dhroim seoil é. Cuireadh agus i lár an lae ghléigil freisin. Dheamhan carr a chuaigh ariamh cheana san áit ar cuireadh é. Deir siad nach leithne an t-aer ná an timpiste. Is minic amhlaidh é, i nDomhnach