Domhnach
—/dū:nəx/
—Ainm-fhocal, fireann
1.
an chéad lá de'n tseachtain; lá an Tighearna.
a.
+–
Déanfaidh mé é as seo go Domhnach
Níl mórán Domhnach sa mbliain nach dtigeann sé ar cuairt chugainn
TUILLEADH (13) ▼
Is ann a chaitheas sé na Domhantaí (Domhnaigh) uilig
Is annamh a theigheas sí ag an Aifreann anois: corr-Dhomhnach
Ní raibh sé ag Aifreann an Domhnaigh le bliain
Is olc an rud fanacht ó Aifreann an Domhnaigh
Ní fhéadaim a dhul ag Aifreann an Domhnaigh, ní áirighim a mhalrait
Fan agus buailfidh mé siar Dia Domhnaigh bheag seo (an Domhnach seo chugainn; Dé Domhnaigh seo chugainn)
Is iomdha Dé Domhnaigh (is iomdha Domhnach, is mó adeirtear) nach n-eirigheann sé chor ar bith
Ní bhíonn an t-ádh indiaidh obair an Domhnaigh. Cé'n chaoi a mbeadh
Bíonn céilí ann 'chuile oíche Dhomhnaigh beo
Ní leigfeadh sé de'n obair Domhnaigh féin pé'r bith cé'n bheith atá air
Cheal nach bhfuightheá uair ar bith l'aghaidh do chuid gráiscínteacht' nó go dtosuighidh tú uirre i lár an Domhnaigh thall. Diabhal a leithide de chaoi!
Coicís ó'n Domhnach seo (gha)bh thart a bhéas sé ann
Mí go Domhnach seo chugainn ó a bhí mé ann
·
Beidh rath an Domhnaigh ar an obair sin = obair ar bith a ghnítear Dé Domhnaigh, ní bhíonn an t-ádh in a diaidh
Bíonn sé ag obair chuile Dhomhnach agus tá rath an Domhnaigh air freisin. Níl greim aige le cur in a bhéal. I gcruthamhnas duit gur dona an rud gan an Domhnach a leigean thart dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire
+–
Beidh an lá ambáireach mar an Domhnach againn = in a shaoire
Bíonn 'chuile lá mar an Domhnach agadsa bail ó Dhia ort. Nach beag atá ar t'aire
TUILLEADH (4) ▼
Domhnach é 'chuile lá sa tseachtain aige siúd. Bíonn sé in a chomhnaí dólúm
Is fada uait an Domhnach fós le bheith ag cuimhniú air sin
Is truagh ghéar nach hé an Domhnach é go bhfaghadh sib cead imeacht agus gan na daoine a bheith meáruighthe agaibh mar atá
Domhnach a bhí ann, agus bhí mé ag leigean mo scíthe, agus ag tabhairt sraith de mo cholainn ar an leabaidh
+–
"Pósadh Domhnaigh: pósadh brónach" = ní bhíonn an t-ádh ar phósadh an Domhnaigh
Is olc an lá a bhfuil sé ag pósadh. Chuala mé ariamh go raibh geis ar an Domhnach. "Pósadh Domhnaigh" adeir siad, "pósadh brónach"
TUILLEADH (1) ▼
Pós do rogha lá ach ná pós ar an Domhnach. Ar chuala tú ariamh é: "Pósadh Domhnaigh, pósadh brónach"
+–
Is olc é biseach an Domhnaigh = deirtear má bhíonn duine go dona tinn, nach dteigheann sé go maith dhó biseach a theacht air, Dé Domhnaigh, thar aon-lá
Tús Aoine agus Deireadh Sathairn. Tá an Aoine in aghaidh na seachtaine. Lomadh Luain agus bearradh Céadaoine. Biseach an Domhnaigh agus árdú na Céadaoine. Dé Luain soir agus Máirt siar, agus tá an Diardaoin sonaí soir nó siar: anois a bhfuil aon-cheann eile aca agad. Bhí siad sin ann ar fad roimhe seo, ach tá siad caithte in aer anois
TUILLEADH (4) ▼
Ní mholfaí biseach an Domhnaigh muis. Ach dheamhan sa méid sin ach caint.
B'fhurasta aithinte, agus biseach an Domhnaigh a theacht air, go mba gearr é a shaoghal
Biseach an Domhnaigh agus árdú na Céadaoine, agus ní raibh snig in a chluais maidin Dé h-Aoine. Nach gearr an "battle" sin a thug sé sin
Ní thiubharfainnse áird ar bith ar an gcomhrádh sin. Nach h-aon-chás amháin dó lá ar bith a bhfuighidh sé biseach. B'fhéidir le congnamh Dé go srianfadh sé as
+–
Ní dóighide an Cháisc ar an Domhnach nó tiocfaidh sé indiu = is cinnte go dtiocfaidh sé indiu: bíonn an Cháisc ar an Domhnach i gcomhnaí
M'anam nach dóighide an Cháisc ar an Domhnach ná é. Cé'n bhrigh ach gan luach leithphighne faoi réir againn
TUILLEADH (5) ▼
Crap an ghlaicín fhéir sin. Ní dóighide an Cháisc ar an Domhnach nó feicfidh tú báisteach roimh mhaidin
Ó a dhiabhail áluinn! Ní dóighide an Cháisc ar an Domhnach nó 'sí an bhó se'againne atá ann. Amachaighidh lib cho tréan in Éirinn agus atá in u (bhur) gcosa. Má bheireann sé siúd uirre sa gcur, bascfaidh sé í
Níor dhóichide an Cháisc ar an Domhnach nó sin é a dhéanfadh sé, ach níor fhéad sé a dhul ann. Dar fiadh dhá bhféadadh d'fheicfeá spraoi
Cuirfidh mise geall leatsa nach dóighide an Cháisc ar an Domhnach nó go leigfear amach saor slán é sin. Ara níl áird ar bith ar choir de'n tsórt sin annseo. Ach mise imbannaí, gur maith gasta a chuirfí cupla bliain ar fhear bhocht, agus gan míllteanas ar bith déanta aige
Pósfaidh sé sin anois í. Ní dóigh an Cháisc ar an Domhnach ná é. Tá sé saghdtha anoir annseo anois, faoi gur chinn sé air aon-bhean a fháil thoir. Agus ní taise dise é: tá sé cínnt uirre aon-fhear a fháil i bhfus. Is maith 'un a chéile iad
+–
Dia agus Muire agus an Domhnach duit = ceann de na freagraí atá ar "Dia dhuit" nó "mbeannuighidh Dia dhuit"
Go mbeannuighidh Dia agus Muire agus an Domhnach dhuit féin
TUILLEADH (1) ▼
Sin é a bhíos ag S. Ph. i gcomhnaí nuair a bheannuigheas duine dhó. "Dia agus Muire agus an Domhnach dhuit" adéarfas sé
b.
seo cuid de na Domhnaigh a gcuirtear cronuighe ar leith ionnta ar feadh na bliana
+–
Domhnach an Phuis nó Domhnach na Smut nó Domhnach Inide = an chéad Domhnach de'n Charghaos. Bíonn pus nó smut ar na mná a fhágtar gan pósadh an Domhnach sin (Domhnach na Smut nó Domhnach Inide: Rosmuc, Cárna, Dúithche Sheoigeach. Domhnach an Phuis: Cois Fhairrge)
Domhnach an Iubhair = an Domhnach roimh Dhomhnach Cásca. Roinntear an t-iubhar an Domhnach sin
TUILLEADH (6) ▼
Domhnach Cásc nó Domhnach Cásca = cothrom lae aiseirghthe Chríosta
Domhnach Geal-Chásc = an Domhnach indiaidh Domhnach Cásca (Achréidh)
Domhnach Cincíse = Whit Sunday
Domhnach Chrom Dubh (taobh thiar de Ghaillimh), nó Domhnach na bhFear (Achréidh), nó Domhnach na Cruaiche = an Domhnach deireadh de mhí an Iúil. An lá sin a bhíos an turas go Cruach Phádraig. Ní fíor do'n Mháilleach san mBéal Beo é (l. 20) nuair adeir sé gur Domhnach na Cruaiche is mó a thugtar anois air. Domhnach Chrom Dubh atá fós air is an gcuid is mó de'n Ghaedhealtacht taobh thiar de Ghaillimh, agus Domhnach na bhFear taobh thoir
Domhnach na Mart = an Domhnach roimh lá Fheil Mártan. Bíonn na mairt marbh nó dhá marbhú le h-aghaidh na Féile Mártan an lá sin
Domhnach na bPutóg = seachtain roimh an Nodlaic
+–
"Domhnach Chrom Dubh, lá na Móna agus Lá Fheil Muire Mór thall sa bhFoghmhar: trí lá a bhfaghann an bodach a sháith le n-ithe" = deirtear é seo
Sé an Domhnach seo chugainn; Domhnach an Iúbhair (Domhnach Chrom Dubh, Domhnach an Smuit agus rl.)
TUILLEADH (7) ▼
Gheobhaidh tú do dhóthain gugaí (uibheachaí) an Domhnach seo chugainn: Domhnach Chásc. Tuige nach mbeadh prachógaí agaibh mar a bhíodh againne fadó. Bhíodh muid dhá gcruinneál (uibheachaí) ar feadh coicíse roimh-ré
Beidh dalladh feola ann Dé Domhnaigh seo chugainn: Domhnach na Mart
Tá sí ag cur pus uirre féin cheana. Ach nach hé an Domhnach seo chugainn Domhnach an Phuis. Codlóchaidh sí léithe féin bliain eile dar fiadh!
Soiscéal Dhomhnach an Iubhair an soiscéal is fuide sa mbliain agus soiscéal lá Nodlag an soiscéal is girre
Ní bheidh aon-fhata nua ionn imbliana go dtí Domhnach na bhFear má bhíonn siad an uair sin fhéin ionn
Cá'id uait Domhnach Chrom Dubh? An rachaidh tú ar an gCruaich imbliana?
Domhnach na bhFear nach h-eadh a bhíos turas na Cruaiche ionn?
c.
+–
Níl innte ach cailín Domhnaigh = cailín a bhíos gléasta 'chuile lá de'n tseachtain mar a bhíos sí Dé Domhnaigh; cailín galánta beag-mhaitheasach
Ná pós cailín Domhnaigh
TUILLEADH (3) ▼
Séard atá sa gceann is óige cailín Domhnaigh críochnuighthe. Ní dhéanann sí faice ach dhá gléas agus dhá feistiú féin
Go bhféachaidh Dia ort! Ní mná talmhuidhthe iad sin, ach cailíní Domhnaigh. Dhá leagthá scatháin agus boscaí púdair aca, ba é a mbuac é. Is cam a bhreathnóchaidís ort déarfainn dhá n-iarrthá orra a dhul ag tarraint fheamainn dearg len a ndruim
M'anam muise gurb shin é an áit a bhfuil an mearbhal ortsa. Ní cailín Domhnaigh chor ar bith í, ach togha oibridhe. Dhá bhfeictheá í sin amuigh ag scaradh aoiligh nó ag tarraint fhraoigh nó ag scaradh móna, is fada go n-abróchthá é sin léithe
+–
Ná sanntuigh caora an Fhoghmhair agus ná pós an cailín Domhnaigh (sean-chomhairle) = an chaora a bhíos reamhruighthe sa bhFóghmhar, is dóichide di a cailleadh sa ngeimhreadh nó 'san Earrach
Cailín Domhnaigh í a mhic ó! Ná sanntuigh caora an Fhoghmhair agus ná pós an cailín Domhnaigh, adeir siad
TUILLEADH (1) ▼
Tá 'chaon cheann aca fabhtach: caora an Fhoghmhair agus an cailín Domhnaigh. Ná bíodh aon phlé ag duine leo. 'Sé ráidhte na sean-daoine é
2.
+–
Bean Domhnaigh = ainm muirne ar bhó
Bean Domhnaigh! Bean Domhnaigh! Bean Domhnaigh cá'il tú? (Tabhair faoi deara an fhuaim annseo: /dū:nī/. 'Sé a bhíos ag daoine a mbeadh /dū:nə/ in a thuiseal gheineamhnach aca ar Dhomhnach)
TUILLEADH (2) ▼
Bhí an-bhó againn annseo fadó. Bean Domhnaigh a bhí uirre. Diabhal mé go mbíodh bainne dhá cheann aice, go dtí seachtain shul a bheireadh sí. Dhíol mé í le P. R. annsin thoir, agus níor mhair sí an bhliain féin. Ach ba bheag an dochar di. Ní bhfuair sí aon-tógáil uaidh
Ar chuala tú fear Chonamara ag imeacht ar na cnocáin annsin siar ag fuagairt bean Domhnaigh indiaidh na bó. Diabhal asna dhíom féin agus d'A. nachar lean siar é, agus chuaidh muid isteach sa gcaracán mór agus thosuigh muid féin ag fuagairt bean Domhnaigh. Tá an-mhacalla — an-fhuaim — annsin, agus ní raibh áit ar bith siar annsin nach gcloisfeá bean Domhnaigh
3.
+–
InDomhnach chreidim go bhfuil = mion-fhocal dearbhthuighthe; dar fiadh nó dar príosta, ach níl sé cho spreacamhail le ceachtar aca sin
InDomhnach ní fhaca mise le seachtain é, agus níl a fhios agam céard is cor dó
TUILLEADH (10) ▼
Is dóigh go ndéanfaidh, i nDomhnach. Ach d'eile céard a dhéanfadh sé
InDomhnach, is olc an aimsir í, ní ag ceasacht ar Dhia é!
Is olc an cheird atá air, inDomhnach: ag déanamh dícheannadh de'n tsórt sin ar an duine bocht sin
Is tú atá goirgeach inDomhnach. Glac go réidh thú féin. Níor thuill muid do chuid ropaireacht' chor ar bith uait
InDomhnach muise, is maith an scathamh aríst go bhfeicidh tú mise ag briseadh leicín an doichill aige
InDomhnach féin, is orraibh atá an guairdeall thimpeall a iothlann. Fágaighidh mar sin é féin agus a iothlainn
InDomhnach féin, ba chóra dhuit ciall a bheith agad, agus gan a bheith ag spochadh leis an ainnle bhradach sin. Níl a fhios agam cé agaibh is measa: thusa nó an páiste
InDomhnach féin is beag an dochar duit náire a bheith ort ag caitheamh a leithide de chaint. Nach bhfuil a fhios agad go maith gurb shin dearg-bhréag. Ní tada eile é
InDomhnach féin muise ní bhfuighir! Má bhíonn tú d'fhuireasbhaidh airgid go dtugaidh mise dhuit é, is fada a bhéas tú dhá fhuireasbhaidh
InDomhnach fhéin muise, is furasta leis laethantaí a fháil in aisce! Níl sé fhéin cho maith sin faoin a chongnamh lá na cruadhóige
4.
Dia.
·
"Impighim ar an Domhnach, maran beo mé ach mí; Seal fada a bheith ag gabháil leat ar chóstaí Árd-Fhraoigh" (as amhrán a thosuigheas: "Déanfaidh mé caisleán ar Chnocáinín Árd") = teagann Domhnach isteach mar seo in amhráin scaithtí, agus Dia a bhíos i gceist
Iarraim ar Rí an Domhnaigh cabhair agus congnamh a thabhairt duinn, agus muid a thabhairt slán ó anachain na bliana = Dia. Tá caint ar "Thobar Rí an Domhnaigh" in "Altú an Tobac"
5.
cill nó séipéal.
·
Domhnach Pádraig (roillig in aice Áth Cinn) = séipéal nó teampall Pádraig. Níl an chiall sin i gcaint
Domhnach in iontrálacha eile (50+)
→
feiste
Ní annsin a theighim ag an Aifreann duth ná dath. Rug sé orm maidin Domhnaigh amháin ag teacht deireannach agus thug sé aghaidh mar a thiúrfá ar mhadadh orm. Tabhair glafairt air a dhuine chóir! "Dheamhan mé" arsa mise liom péin, "má scagaim mé fhéin uait an babhtaí seo, nach go luath a fheicfeas tú aríst mé!" Agus ní fhaca. Ní raibh mé in a fheiste ná in a fhínne ó shoin. Teighim suas go dtí an fear nach mbíonn doifeall aige roimh aonduine
Na tithe ósta sin thiar! Ara diabhal póilí ar bith a chuireas aon-chaidéis orra sin. Leigfidh siad isteach annsiúd cho follasach as comhair an tsaoil thú Dé Domhnaigh agus a leigfidís lá den tseachtain
→
framsáil
Is cuma leis an mac atá san teach seo é, ach ag imeacht ag pramsáil leis. Dheamhan amharc a fheictear air aon-oíche Dhomhnaigh go mbíonn sé an h-aon a chlog ar maidin, ná an uair sin fhéin scaití
Is breá scolbánta an fás fir é bail ó Dhia air! Chonnaic mé ag fuiléimneach annsin thíos in éindigh le na gearrbhodaigh Dé Domhnaigh é, agus má bhí fhéin dheamhan tuilleamaí a bhí aige le ceachtar aca. 'Ag dul in a mháistir scoile atá sé siúd?
→
fág ag
Fágaim an Satharn ag Muire Mháthair agus bím ag an Aifreann Dé Domhnaigh = sin é an leiscéal a thug an leadaí fadó
→
fálach
Socruigh an clog sin anois go siúráilte ar fhaitíos nach n-aireódh muid eirí le fálach thuas ar bith. Ba bheag nach raibh mé mall ag an Aifreann Dé Domhnaigh seo caite. = sleamchúis; go gcodlódh muid thar an am
→
carcair
'Bhfuil fhios agad an charcair mhór de bhean a d'fheicfeá ag dul síos teach a' phobail, ag a' dárna h-Aifreann 'chuile Dhomhnach? Sin í í.
→
conán
Dheamhan cor a' bith sa gconán sin. D'fhéadfá méir (méar) a chuir faoi na shúil, a's ní bhainfead sé leat. Ach in Domhnach, níl a' dearbhráthair eile mar sin: tá sé sáthach anglánta.
→
bannaí 1
Mise imbannaidhe gur imthigh sí léithe, gan cuid muc ná bó a réidhteach! Nach uirre atá an bheith go gcaithfe sí greadadh léithe 'chuile Dhomhnach 'san aer, a's 'chuile shórt a fhágáil fúmsa le réidhteach!
→
cromnasc
Tá bean agamsa, a's níor mhór dhom cromnasc a chur uirre. Ní mór léithe a dhul a' déanamh aeir gach Domhnach sa mbliadhain, a's cúram a' tighe a fhágáil ormsa.
Droch-chríoch orra(b) fhéin a's ar a gcuid dlighe, mara deas a' chaoi ar aos óg é, nach bhféadfa siad cois a bhualadh ar phort aon-oidhche Domhnaigh 'sa mbliadhain, maran leo(b) póilíos a bheith ar a dtí.
+
→
beo 1
Impidhim ar a' Domhnach maran beo mé ach mí; seal fada a bheith a' gabhail leat ar thórainn Bhéal Átha an Ríogh.
TUILLEADH (3) ▼
Chuala muid na geallamhantais sin cheana uaibh: 'fan beo a chapaill is gheobha tú féar'. Is fada an fanacht ag a' gcapall é, 'nDomhnach.
Is ann siar atá a tharraingt, 'chuile Dhomhnach beo.
Ní fheicfeá críostuidhe an bhéil bheo ar a' tsráid ann Dia Domhnaigh. Dheamhan corruighe amach ar bith a dhéana(nn)s siad ar a' Domhnach. Sin cuid dhá gcreidimh, chomh maith le 'chuile shórt eile.
→
beo 2
Dheamhan Domhnach le na bheo aríst, a d'fhan sé ó'n Aifreann. Fuair a dhíol de chomhairleachan.
→
bior
Níl aon-Domhnach nach mbíonn bior orra(b) go gcaithtear a ndínnéar (ch)ucab, a's go bhféada siad imtheacht a' bóithreoireacht aríst go meadhon-oidhche.
Má thugann tú áird' ar a chuid bollamántachta sin, a' troid a's a' bruighin a bheidheas tú 'chuile oidhche Dhomhnaigh sa mbliadhain.
→
boscaed
B'fhearr duit boscaeidín fataí nuadha a bhaint. Mara bhfuil siad isteach anois, ní bheidh siad isteach imbliadhna, a's é in a Dhomhnach Chrúm Dubh thall = tá sé in am ag na fataí nuadha a bheith in alt a mbainte feasta, a's Domhnach Chrom Dubh ar faghail.
→
breacán
Is measa a chuid briocáin a chuir faoi réir dhó, 'chuile Dhomhnach, ná dhá mbadh 'dul amach dhá phósadh a bheadh sé.
+
Tá na sean-bhriollachaí sin aige l'aghaidh na strácála, a's an chulaith dhubh l'aghaidh an Domhnaigh.
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn an cailín sin cóirighthe lena feiceál ar a' Domhnach, ach dhá bhfeictheá na sean-bhriollachaí 'bhíonns uirre lá de'n tseachtmhain!
Tá braon ann ó cheannuidhe eicínt, a's chomh briollach stiallta, a's a bhío(nn)s sé Domhnach a's Dálach chomh maith le chéile = bhí ceannuidhe eicínt ar a shinnsir etc; is de bhunadh[bh]ar ceannuidhe é.
Is mairg dhuit nach h-iad na sean-bhriocáin a d'fhága (tú) ort fhéin indiu, a's gan a dhul i gcleitheamhnas do chuid éadaigh Domhnaigh a mhilleadh.
+
→
aer
Sin í a cheird chuile Dhomhnach 'san aer — a' biorrú chlaidhtheachaí
TUILLEADH (4) ▼
Níl Domhnach 'san aer, nach gcaitheann sé cupla urchar iascaigh.
Uair 'sna naoi n-áird a castaí isteach é, roimhe seo, ach dheamhan Domhnach 'san aer nach dtagann sé anois.
'Is mise an t-óigfhear a ghlacfas fós leat, agus nach n-éileocha bonn spré; A bhéarfas aer bailtí mór (dh)uit agus arán ar tuaith; Ceol a's spóirt gach aon-oidhche Dhomhnaigh, dhá dteigheamuid ar cuairt; A's beidh fáilte mhór ag mo mhíle stór rómham a' gabhail a' Droighneán Donn (ceathramha de'n "Droighneán Donn")
Níl Domhnach a' bith, nach mbíonn sé imthighthe a' déanamh aeir dhó fhéin.
+
Bhí biseach aige Dé Domhnaigh, a's d'eirigh sé. Ach bhí sé buailte síos Dé Luain aríst.
TUILLEADH (1) ▼
Is fánach a' tsiocair a bhí aige. D'fhliuch sé a chosa a' fiadhach, seachtmhain go Domhnach seo caithte, a's ná raibh ann, marar buaileadh síos le slaghdán é. Dheamhan a chos a d'eirigh ó shoin, a's níl gaisce 'bith air, fós fhéin.
→
buil
Ní buil le Tom, a dhath a dhéanamh Dia Domhnaigh, a's dheamhan mé, nach bhfuil sin le tóigeál air, ná ar dhuine 'bith eile, a bhfuil a dhá cheann sa talamh ar feadh na seachtmhaine.
+
→
airde 1
Is diabhlaidhe an lán eirghe in áirde 'dhéana(nn)s tú 'chuile Dhomhnach.
TUILLEADH (1) ▼
Sí'n eirghe in áirde chéadna í Domhnach a's dálach chomh maith le chéile aige sin.
+
→
aire
Ní mó ná dhá mbeadh a' tSeamair Mhuire agad, go bhféadfá aire a thabhairt duit fhéin anois ar bhóithrí Chois-Fhairrge, aon-oidhche Dhomhnaigh, le a mbíonn de mhion-achrann ann.
TUILLEADH (1) ▼
Níor thaobhuigh mé Aifreann Dé ó tháinic a' samhradh, ach a' tabhairt aire do'n teach chuile Dhomhnach.
→
airigh
D'airigh mé mar deir Meáirtin, go mbeadh céilidhe thiar faoi'n bPúirthín, Dia Domhnaigh beag seo ('Sbáineann "mar deir Meáirtin" dúinn, go bhfuil an leagan seo ionann's seirgthe sa logán sin)
+
→
amach
Teigheann muinntear a' bhaile mhóir amach faoi'n tír, 'chuile Dhomhnach ag deanamh aeir.
TUILLEADH (3) ▼
Tá Domhnach Chrom Dubh an-fhada amach sa samhradh.
Beidh mé ag obair aríst amach go Domhnach Chrom Dubh.
Ní thaobhócha mise é ó'n Domhnach amach.
→
amuigh
Sí'n cailín Domhnaigh an bhean is measa amuigh. Bíonn a cuid éadaigh Domhnaigh uirre Domhnach a's dálach chomh maith le chéile, agus ní bhíonn déantús maitheasa a' bith innte, ach i gcomhnuidhe dhá gléas fhéin agus dhá déanamh fhéin suas (cur síos ar an gcailín Domhnaigh)
+
Is iomdha do leithide a d'eireochadh amach Dia Domhnaigh, agus a dhéanfadh scath(amh) fiadhach nó iascach.
TUILLEADH (4) ▼
Níl domhnach a' bith nach n-eirigheann sé amach scath(amh) a' bualadh báire.
Ní mian leis eirghe amach (ch)uig tada, mar 'bhfuil corr-oidhche Dhomhnaigh i bhfad ó chéile ann, agus an uair sin fhéin, ní maith leis a' rith fada a thabhairt air fhéin.
An Domhnach seo chugainn a bheidheas an eirighe-amach uirre (an bhean a phós)
Dé Domhnaigh beag seo Domhnach an eirghe-amach.
→
anam
Níl aon-Domhnach beo, nach mbíonn m'anam ag (d)ul amach thar mo bhéal ag iarraidh breithe ar an Aifreann.