Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Domhnaigh (50+)

 
feiste
Ní ansin a théim ag an aifreann dubh ná dath. Rug sé orm maidin Domhnaigh amháin ag teacht deireanach agus thug sé aghaidh mar a thabharfá ar mhadadh orm. Tabhair glafairt air a dhuine chóir! 'Dheamhan mé,' arsa mise liom péin, 'má scagaim mé fhéin uait an babhta seo nach go luath a fheicfeas tú aríst mé!' Agus ní fhaca. Ní raibh mé ina fheiste ná ina fhínne ó shin. Téim suas go dtí an fear nach mbíonn doicheall aige roimh aon duine
 
Na tithe ósta sin thiar! Ara diabhal póilí ar bith a chuireas aon chaidéis orthu sin. Ligfidh siad isteach ansiúd chomh follasach os comhair an tsaoil thú Dé Domhnaigh agus a ligfidís lá den tseachtain
 
Is breá scolbánta an fás fir é bail ó Dhia air! Chonaic mé ag foléimneach ansin thíos in éindí le na gearrbhodaigh Dé Domhnaigh é, agus má bhí fhéin dheamhan tuilleamaí a bhí aige le ceachtar acu. Ag dul ina mháistir scoile atá sé siúd?
 
Fágaim an Satharn ag Muire Mháthair agus bím ag an aifreann Dé Domhnaigh — sin é an leithscéal a thug an leadaí fadó
 
Socraigh an clog sin anois go siúráilte ar fhaitíos nach n-aireodh muid éirí le fálach thuas ar bith. Ba bheag nach raibh mé mall ag an aifreann Dé Domhnaigh seo caite — sleamchúis; go gcodlódh muid thar an am
 
Droch-chríoch orthub fhéin agus ar a gcuid dlí, mura deas an chaoi ar aos óg é nach bhféadfaidh siad cois a bhualadh ar phort aon oíche Domhnaigh sa mbliain, muran leob póilíos a bheith ar a dtí.
 
beo 1
Ní fheicfeá Críostaí an bhéil bheo ar an tsráid ann Dia Domhnaigh. Dheamhan corraí amach ar bith a dhéananns siad ar an Domhnach. Sin cuid dhá gcreideamh chomh maith le chuile shórt eile.
 
Tá na seanbhreallachaí sin aige le aghaidh na strácála agus an chulaith dhubh le aghaidh an Domhnaigh.
+
Déanfaidh na seanbhreacáin sin thú chuile lá, agus coinnigh an chuid nua le aghaidh an Domhnaigh.
TUILLEADH (1) ▼
Is mairg dhuit nach iad na seanbhreacáin a d'fhága (tú) ort fhéin inniu agus gan a dhul i gcleithiúnas do chuid éadaigh Domhnaigh a mhilleadh.
 
Bhí biseach aige Dé Domhnaigh agus d'éirigh sé. Ach bhí sé buailte síos Dé Luain aríst.
 
buil
Ní buil le Tom a dhath a dhéanamh Dia Domhnaigh, agus dheamhan mé nach bhfuil sin le tógáil air, ná ar dhuine ar bith eile a bhfuil a dhá cheann sa talamh ar feadh na seachtaine.
 
Gan aireachtáil ar bith, cé bhuailfeadh anoir chugainn Dia Domhnaigh ach é.
 
airigh
D'airigh mé, mar adeir Meáirtin, go mbeadh céilí thiar faoin bPúirín Dia Domhnaigh beag seo ('Speáineann "mar adeir Meáirtin" dúinn, go bhfuil an leagan seo ionann is seargtha sa logán sin)
 
amuigh
'Sí an cailín Domhnaigh an bhean is measa amuigh. Bíonn a cuid éadaigh Domhnaigh uirthi Domhnach is dálach chomh maith le chéile, agus ní bhíonn déantús maitheasa ar bith inti ach i gcónaí dhá gléas fhéin agus dhá déanamh fhéin suas (cur síos ar an gcailín Domhnaigh)
+
Is iomaí do leithide a d'éireodh amach Dia Domhnaigh agus a dhéanfadh scaitheamh fiach nó iascach.
TUILLEADH (1) ▼
Dé Domhnaigh beag seo Domhnach an éirí amach.
+
ardú
Biseach an Domhnaigh agus ardú na Céadaoine — deireadh na seandaoine nár dóichíde rud dóibh seo ná bás a thabhairt do dhuine
TUILLEADH (5) ▼
Níl biseach an Domhnaigh ná ardú na Céadaoine go maith
B'fhurasta aithne nach ndéanfadh sé aon mhaith. Tháinig biseach an Domhnaigh air agus ardú na Céadaoine, agus ní mórán a thaganns uathub
Is corrdhuine a (gh)níonns aon rath i ndiaidh biseach an Domhnaigh agus ardú na Céadaoine
Bhí a fhios agam go mba gearr uaidh: bhí biseach aige Dia Domhnaigh agus ardú air Dia Céadaoin agus sé ar mhair sé go dtí tráthnóna Déardaoin
Is olc é biseach an Domhnaigh, mar ní minic uaidh a theacht gan ardú na Céadaoine a theacht ina dhiaidh
 
Mura bhfuil d'éadach Domhnaigh agat ach iad sin, is gearr nach mór duit foireann nua
 
Deir sé duine ar bith atá le pósadh feasta go gcaithfidh sé a bhfuagairt den altóir trí Domhnaigh i ndiaidh a chéile
 
Ná santaigh caora an fhómhair agus na pós an cailín Domhnaigh (fc. Domhnach)
 
D'ionsaigh sé amach Dúiche Sheoigheach Dé Domhnaigh agus níor thaobhaigh sé muide ó shin
 
daigh
Níl neart agamsa ruainnín feola ar bith a ithe nach mbuaileann dó ghoile mé. Dhá bhfeictheá mé thuas Dia Domhnaigh agus an-hate(heat?) ag an gcuid eile ar leota caoireola, agus gan agamsa ach driobaillín de scadán agus mé dhá chrinneadh liom sa gclúid
 
daor 3
Chuala mé go mb'éigean ceangal na naoi ndaora go daor agus go dochrach a chur ar an bhfear dubh seo thuas san oíche Dé Domhnaigh. Bhí braon sa stuaicín aige an áit a raibh sé thiar ag na cleamhnaithe, agus ar a theacht aniar dó, ba mhian leis a dhul suas agus píosaí pínne a dhéanamh de lucht an aird. B'éigean glaoch ar cheathar lena cheansú … Dar mo choinsias, ar a mhagadh sin féin, b'éigean a cheangal. Bhí sé ag stróiceadh ag iarraidh a dhul suas. Ar ndóigh mo léan dá dtéadh, gheobhadh sé fruisín thuas. Siúd iad na diabhail chéanna nach mórán éisteachta a bheadh acu leis
 
Chuala mé gur bhain an fear seo thuas deannach as na másaí ag an inín faoi fhanacht amuigh san oíche Dé Domhnaigh. Bhí sé roimpi ag giall an dorais chuala mé, le beilt, agus bhí chaon iarraidh aige uirthi aniar sa gcadairne léithe ar feadh uaire ina dhiaidh sin. D'fhan muintir bharr an bhaile ag éisteacht leo ar feadh i bhfad. Ní raibh tada le cloisteáil uaidh ach "do gcuirfidh mise faoi ndeara dhuit" (do — aithris ar fhear nach raibh in ann a chuid g a rá; do = go)
 
dearmad 1
Níl ag duine dearmad a dhéanamh ar aifreann an Domhnaigh
 
de
Beidh a bhfuil ó dheas de chuan anseo uileag Dé Domhnaigh. Sin é a mheasaim
 
deilbh 1
Bhí chuile dheilbh eile déanta aige san oíche Dia Domhnaigh ach an pota a leagan síos, agus bhí sé le sin a dhéanamh an oíche sin. Ba cheart dó a bheith réidh faoi seo. Mura dtapaí tú é mar sin féin, dheamhan an striog a bheas aige. Ní túisce réidh anois é ná bhíos an iarraidh fuadaithe cruinn baileach. Mura bhfaighe tú aon deoir aigesean, tá tú réidh lena fháil in aon áit eile
 
Bhuail sé in éineacht é. D'aithin mé air tráthnóna Dia Domhnaigh go mba fear é a bhí deireanach. Bhí a shliocht air. Bhásaigh sé Déardaoin
 
deis
Is breá an deis glantacháin atá uirthi, a cuid éadaigh Domhnaigh! Déarfainn dhá mbeadh fonn glantacháin uirthi nach gafa gléasta mar sin a thiocfadh sí. Ach bíodh aici. Mura miste léithe féin a cuid éadaigh nua a mhilleadh, ní miste linne
 
diaidh
Is fánach an tsiocair a bhí aige. Dheamhan blas ach iad a bheith amuigh ag déanamh spraoi i ngarraí atá ansiúd chois an bhóthair tráthnóna Domhnaigh. Bhí seisean ag rith, agus cuireann duine de na gearrbhodaigh — mac le P. É — cois roimhe. Caitheadh amach i ndiaidh a mhullaigh é, agus rug splinc cloiche a bhí aníos ar an talamh ansin air, slán an tsamhail. Níor mhair sé achar ar bith. Sin é an áit is éalangaí in do cholainn — an chamóig ara. Tá contúirt ar dhuine i gcónaí má fhaigheann sé priocadh ar bith ansin
+
Ar chuala tú ariamh faoin gcailín Domhnaigh. Sin í an cailín Domhnaigh ar chaoi ar bith: dhá diogáil agus dhá déanamh féin suas ó mhaidin go faoithin. Ní hé an feisteas a fheiceas tú ar maidin uirthi a bhíos uirthi tráthnóna. Ba chóra di go mór a mhaisce, luaith bhuí na seachtaine a chur den teallach ná bacadh lena cuid cóirí catha agus coatyarms(coat of arms). Dhá fheabhas dá saothraíonn sí é, tá sé ag cinnt uirthi aon fhear a fháil ina dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Is dóibh is furasta a bheith diogáilte. Ní comórtas ar bith dhuitse máistrí scoile ná póilíos: dream a fhéadfas leath an lae a chaitheamh dhá ngléas féin. Ach an té a chaithfeas a bheith thíos i gC. an U. leis an deargmhaidin ag sciobadh feamainn dearg (ní bhíonn aon tuiseal ginideach ar an gcuingirfhocal sin feamainn dearg), bíonn rud ar a aire thar is a bheith dhá dhiogáil féin. Tá an obair sin ceart go leor Dé Domhnaigh, ach ní fheileann sí Domhnach is dálach. Má fheileann, ní don talmhaí é
 
Deir sé nach gcuirfeadh sé a chois chlí ná dheas isteach thar an tairsigh aríst go deo acu leis an doicheall a bhí acu roimhe Dé Domhnaigh seo caite. Is beag nár dhúirt siad leis go mb'fhearr leo go bhfanfadh sé uathu. Ní dhearna sé dhá mhionóid moille ann gur ghlan sé leis gan greim gan blogam
+
Ní raibh sé ag aifreann an Domhnaigh le bliain
TUILLEADH (10) ▼
Is olc an rud fanacht ó aifreann an Domhnaigh
Ní fhéadaim a dhul ag aifreann an Domhnaigh, ní áirím a mhalrait
Fan agus buailfidh mé siar Dia Domhnaigh bheag seo (an Domhnach seo chugainn; Dé Domhnaigh seo chugainn)
Is iomaí Dé Domhnaigh (is iomaí Domhnach is mó adeirtear) nach n-éiríonn sé chor ar bith
Ní bhíonn an t-ádh i ndiaidh obair an Domhnaigh. Cén chaoi a mbeadh
Ní ligfeadh sé den obair Domhnaigh féin pé ar bith cén bheith atá air
Cheal nach bhfaightheá uair ar bith le aghaidh do chuid gráiscínteachta nó go dtosaí tú uirthi i lár an Domhnaigh thall. Diabhal a leithide de chaoi!
Beidh rath an Domhnaigh ar an obair sin — obair ar bith a ghnítear Dé Domhnaigh, ní bhíonn an t-ádh ina diaidh
Bíonn sé ag obair chuile Dhomhnach agus tá rath an Domhnaigh air freisin. Níl greim aige le cur ina bhéal. I gcruthúnas duit gur dona an rud gan an Domhnach a ligean thart dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire
"Pósadh Domhnaigh, pósadh brónach" — ní bhíonn an t-ádh ar phósadh an Domhnaigh