Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Domhnaigh (64)

 
daigh
Níl neart agamsa ruainnín feola ar bith a ithe nach mbuaileann dógh ghoile mé. Dhá bhfeictheá mé thuas Dia Domhnaigh agus an-"hate" (heat?) ag an gcuid eile ar leota caoirfheola, agus gan agamsa ach driobaillín de scadán agus mé dhá chrinneadh (creinneadh) liom sa gclúid.
 
dán
Dá gcuireadh sí bun a bundúin amach anois cinnfidh uirre dán a chur ar fhear ar bith. 'Sí an phrae í go deimhin, ag imeacht in a cailín Domhnaigh.
 
daor 3
Chuala mé go mb'éigin ceangal na naoi ndaora go daor agus go docharach a chur ar an bhfear dubh seo thuas ins an oíche Dé Domhnaigh. Bhí braon ins an stuaicín aige in áit a raibh sé thiar ag na cleamhnaidhthe, agus ar a theacht aniar dó, ba mhian leis a dhul suas agus píosaí pighne a dhéanamh de lucht an aird. B'éigin glaodhach ar cheathar len a cheannsú … Dar mo choinsias, ar a mhaga sin féin, b'éigin a cheangal. Bhí sé ag strócadh ag iarraidh a dhul suas. 'Ar ndú mo léan dá dteigheadh, gheobhadh sé froisín thuas. Siúd iad na diabhail chéadna nach mórán éisteacht' a bheadh aca leis
 
de
Beidh a bhfuil ó dheas de chuan annseo uiliog Dé Domhnaigh. Sin é a mheasaim
 
déan 1
M'anam nach ndéanfadh sé gnatha (gnotha) do dhuine a gharrdha a fhágáil annsin lá oibre agus a dhul ag breathnú ar rudaí de'n tsórt sin. Breagh nach mbíonn siad aca Dé Domhnaigh?
 
Chuala mé gur bhain an fear seo thuas deannach as na másaí ag an inghin faoi fhanacht amuigh ins an oiche Dé Domhnaigh. Bhí sé roímpe ag giall an doruis chuala mé, le "beilt", agus bhí 'chaon iarraidh aige uirre aniar ins an gcadairne léithe, ar feadh uaire in a dhiaidh sin. D'fhan muintir bharr an bhaile ag éisteacht leo ar feadh i bhfad. Ní raibh tada le cloisteáil uaidh ach "Do gcuirfidh mise faoi ndeara dhuit". (Do — aithris ar fhear nach raibh indan a chuid g a rádh; do = go)
+
Bíonn siad cho déanta suas le "ladies" Dé Domhnaigh, ach dhá bhfeictheá lá de'n tseachtain iad, ní fhaca tú i gcaitheamh do shaoghail ariamh aon-tsraoilleannaí go dtí iad. Chuirfidís uais ort. Ach déanann siad sin an oiread oibre agus a dhéanfadh triúr fear ar bith
TUILLEADH (2) ▼
Tá rún siúbhlóide aige seo amach anocht agus an déanamh suas atá air. Feicim an aos óg anois cho gléasta trathnóna de'n tseachtain agus a bheidís Dé Domhnaigh
Cailín Domhnaigh í sin anois. Mara chéile an déanamh suas a bhíos uirre Domhnach agus dálach cho maith le chéile.
 
Ní fhágfaidh an "dole" sin déantús maitheasa ar bith ins an aos óg. Duine ar bith aca a bhfuil aon-traidhfilín (trifleeen) dó, níl aon-tsástaigheacht air a dhul ag obair. Is fearr leis an díomhaointeas 'fhad agus a bhéas luach tobac aige agus luach céilidhe ins an oíche Dé Domhnaigh. Sháruigh sé gach agus a dtáinig amach ariamh, feicthear dhomsa. Seo é an saoghal ar chuma ar bith a bhfuil na daoine ag fáil a mbeatha ó Neamh
 
dearmad 1
Níl ag duine dearmad a dhéanamh ar Aifreann an Domhnaigh
 
Tuitfidh déidín aige siud mara dtugaidh sibh cupla scilling dó le dhul ag an gcéilidhe. B'fhearr dhaoib, má tá aon-phighneachaí beaga ann a gcaitheamh aige. Nach bhfuil an duine bocht ag saothrú an tsaoghail sáthach dona agus gan é a choinneál istigh ins an oíche Dé Domhnaigh. Dheamhan a n-éiligheann sé imeacht aon-oíche eile.
 
deilbh 1
Bhí 'chuile dheilbh eile déanta aige 'san oíche Dia Domhnaigh ach an pota a leagan síos, agus bhí sé le sin a dhéanamh an oíche sin. Ba cheart dó a bheith réidh faoi seo. Mara dtapuighidh tú é mar sin féin, dheamhan an sdriog a bhéas aige. Ní túisce réidh anois é ná bhíos an iarraidh fuadaighthe cruinn baileach. Mara bhfaghaidh tú aon-deoir aigesan, tá tú réidh len a fháil in aon-áit eile
 
Bhuail sé in éinfheacht é. D'aithin mé air trathnóna Dia Domhnaigh go mbadh fear é a bhí deireannach. Bhí a shliocht air. Bhásuigh sé Diardaoin
 
deis
Is breagh an deis glantacháin atá uirre, a cuid éadaigh Domhnaigh! Déarfainn dhá mbeadh fonn glantacháin uirre nach gabhtha gléasta mar sin a thiocfadh sí. Ach bíodh aice. Mara miste léithe féin a cuid éadaigh nuadha a mhilleadh, ní miste linne
 
diaidh
Is fánach an tsiocair a bhí aige. Dheamhan blas ach iad a bheith amuigh ag déanamh spraoi ingarrdha atá annsiúd chois an bhóthair trathnóna Domhnaigh. Bhí seisean ag rith, agus cuireann duine de na gearr-bhodaigh — mac le P. É — cois roimhe. Caitheadh amach indiaidh a mhullaigh é, agus rug splinnc cloiche a bhí aníos ar an talamh annsin air, slán an tsamhail. Níor mhair sé achar ar bith. Sin é an áit is éalannaighe in do cholainn — an chamóig ara. Tá contabhairt ar dhuine i gcomhnaí, má fhaghann sé priocadh ar bith annsin
+
Ar chuala tú ariamh faoi'n gcailín Domhnaigh. Sin í an cailín Domhnaigh ar chaoi ar bith: dhá díogáil agus dhá déanamh féin suas ó mhaidin go faoithin. Ní hé an feisteas a fheiceas tú ar maidin uirre a bhíos uirre trathnóna. Ba chóra di go mór a mhaisce, luath bhuidhe na seachtaine a chur de'n teallach ná bacadh len a cuid cóirí catha agus "coatyárms" (coat of arms). Dhá fheabhas dá saothruigheann sí é, tá sé ag cínnt uirthe aon-fhear a fháil in a dheidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Is dóibh is furasta a bheith díogáilte. Ní comártas (comórtas) ar bith dhuitse máistirí scoile ná póilíos: dream a fhéadfas leath an lae a chaitheamh dhá ngléas féin. Ach an té a chaithfeas a bheith thíos i gC. an U. leis an dearg-mhaidin ag sciobadh feamainn dearg (ní bhíonn aon-tuiseal geineamhnach ar an gcuingir fhocal sin feamainn dearg), bíonn rud ar a aire thar agus a bheith dhá dhíogáil féin. Tá an obair sin ceart go leor Dé Domhnaigh, ach ní fheileann sí Domhnach agus dálach. Má fheileann, ní do'n talmhuidhe é
+
díol 2
Chonnaic mé an scearacháinín óg sin ann ag dul síos teach an phobail Dé Domhnaigh, agus go deimhin má chonnaic féin bhí díol fir de thalamh faoi. Bhí go deimhin
TUILLEADH (1) ▼
Má chastar liom é Dé Domhnaigh, tiubharfaidh mé 'chuile dhíol air faoi nar thug sé agam an pisín cuit a gheall sé dom. Tá an teach beo beithidheach le luchain. Ní fhágfaidh siad nídh dhar dhealbh an ghrian istigh faoi chaolachaí an tighe. Mara dteightear romhab (fuaim — rúb = rompa) go gairid
 
díth
Dheamhan bean a fuair sé agus ní de dhíth a shaothruighthe é ach an oiread. Chaith sé cúig nó sé de phéiridheachaí bróg ag dul na h-aistreáin sin siar. Cé'n bhrígh ach an t-am a raibh sé ag imeacht: ar an sneachta mór. Chonnaic mé ag teacht isteach is an séipéal annsin thiar é, maidin Domhnaigh, th'éis a bheith ar a chois ar feadh na h-oíche, agus níor dhíol-truaighe go dtí é. Bhí cuisne síos as cúl a chinn
 
Deir sé nach gcuirfeadh sé a chois chlí ná dheas isteach thar an tairsigh aríst go deo aca leis an doicheall a bhí aca roimhe Dé Domhnaigh seo caithte. Is beag nar dhubhairt siad leis go mb'fhearr leo go bhfanfadh sé uatha. Ní dhearna sé dhá mhionnóid moille ann gur ghlan sé leis gan greim gan blogam
+
Is ann a chaitheas sé na Domhantaí (Domhnaigh) uilig
TUILLEADH (32) ▼
Ní raibh sé ag Aifreann an Domhnaigh le bliain
Is olc an rud fanacht ó Aifreann an Domhnaigh
Ní fhéadaim a dhul ag Aifreann an Domhnaigh, ní áirighim a mhalrait
Fan agus buailfidh mé siar Dia Domhnaigh bheag seo (an Domhnach seo chugainn; Dé Domhnaigh seo chugainn)
Is iomdha Dé Domhnaigh (is iomdha Domhnach, is mó adeirtear) nach n-eirigheann sé chor ar bith
Ní bhíonn an t-ádh indiaidh obair an Domhnaigh. Cé'n chaoi a mbeadh
Ní leigfeadh sé de'n obair Domhnaigh féin pé'r bith cé'n bheith atá air
Cheal nach bhfuightheá uair ar bith l'aghaidh do chuid gráiscínteacht' nó go dtosuighidh tú uirre i lár an Domhnaigh thall. Diabhal a leithide de chaoi!
Beidh rath an Domhnaigh ar an obair sin = obair ar bith a ghnítear Dé Domhnaigh, ní bhíonn an t-ádh in a diaidh
Bíonn sé ag obair chuile Dhomhnach agus tá rath an Domhnaigh air freisin. Níl greim aige le cur in a bhéal. I gcruthamhnas duit gur dona an rud gan an Domhnach a leigean thart dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire
"Pósadh Domhnaigh: pósadh brónach" = ní bhíonn an t-ádh ar phósadh an Domhnaigh
Is olc an lá a bhfuil sé ag pósadh. Chuala mé ariamh go raibh geis ar an Domhnach. "Pósadh Domhnaigh" adeir siad, "pósadh brónach"
Pós do rogha lá ach ná pós ar an Domhnach. Ar chuala tú ariamh é: "Pósadh Domhnaigh, pósadh brónach"
Is olc é biseach an Domhnaigh = deirtear má bhíonn duine go dona tinn, nach dteigheann sé go maith dhó biseach a theacht air, Dé Domhnaigh, thar aon-lá
Tús Aoine agus Deireadh Sathairn. Tá an Aoine in aghaidh na seachtaine. Lomadh Luain agus bearradh Céadaoine. Biseach an Domhnaigh agus árdú na Céadaoine. Dé Luain soir agus Máirt siar, agus tá an Diardaoin sonaí soir nó siar: anois a bhfuil aon-cheann eile aca agad. Bhí siad sin ann ar fad roimhe seo, ach tá siad caithte in aer anois
Ní mholfaí biseach an Domhnaigh muis. Ach dheamhan sa méid sin ach caint.
B'fhurasta aithinte, agus biseach an Domhnaigh a theacht air, go mba gearr é a shaoghal
Biseach an Domhnaigh agus árdú na Céadaoine, agus ní raibh snig in a chluais maidin Dé h-Aoine. Nach gearr an "battle" sin a thug sé sin
Beidh dalladh feola ann Dé Domhnaigh seo chugainn: Domhnach na Mart
Níl innte ach cailín Domhnaigh = cailín a bhíos gléasta 'chuile lá de'n tseachtain mar a bhíos sí Dé Domhnaigh; cailín galánta beag-mhaitheasach
Ná pós cailín Domhnaigh
Séard atá sa gceann is óige cailín Domhnaigh críochnuighthe. Ní dhéanann sí faice ach dhá gléas agus dhá feistiú féin
Go bhféachaidh Dia ort! Ní mná talmhuidhthe iad sin, ach cailíní Domhnaigh. Dhá leagthá scatháin agus boscaí púdair aca, ba é a mbuac é. Is cam a bhreathnóchaidís ort déarfainn dhá n-iarrthá orra a dhul ag tarraint fheamainn dearg len a ndruim
M'anam muise gurb shin é an áit a bhfuil an mearbhal ortsa. Ní cailín Domhnaigh chor ar bith í, ach togha oibridhe. Dhá bhfeictheá í sin amuigh ag scaradh aoiligh nó ag tarraint fhraoigh nó ag scaradh móna, is fada go n-abróchthá é sin léithe
Ná sanntuigh caora an Fhoghmhair agus ná pós an cailín Domhnaigh (sean-chomhairle) = an chaora a bhíos reamhruighthe sa bhFóghmhar, is dóichide di a cailleadh sa ngeimhreadh nó 'san Earrach
Cailín Domhnaigh í a mhic ó! Ná sanntuigh caora an Fhoghmhair agus ná pós an cailín Domhnaigh, adeir siad
Tá 'chaon cheann aca fabhtach: caora an Fhoghmhair agus an cailín Domhnaigh. Ná bíodh aon phlé ag duine leo. 'Sé ráidhte na sean-daoine é
Bean Domhnaigh = ainm muirne ar bhó
Bean Domhnaigh! Bean Domhnaigh! Bean Domhnaigh cá'il tú? (Tabhair faoi deara an fhuaim annseo: /dū:nī/. 'Sé a bhíos ag daoine a mbeadh /dū:nə/ in a thuiseal gheineamhnach aca ar Dhomhnach)
Bhí an-bhó againn annseo fadó. Bean Domhnaigh a bhí uirre. Diabhal mé go mbíodh bainne dhá cheann aice, go dtí seachtain shul a bheireadh sí. Dhíol mé í le P. R. annsin thoir, agus níor mhair sí an bhliain féin. Ach ba bheag an dochar di. Ní bhfuair sí aon-tógáil uaidh
Ar chuala tú fear Chonamara ag imeacht ar na cnocáin annsin siar ag fuagairt bean Domhnaigh indiaidh na bó. Diabhal asna dhíom féin agus d'A. nachar lean siar é, agus chuaidh muid isteach sa gcaracán mór agus thosuigh muid féin ag fuagairt bean Domhnaigh. Tá an-mhacalla — an-fhuaim — annsin, agus ní raibh áit ar bith siar annsin nach gcloisfeá bean Domhnaigh
Iarraim ar Rí an Domhnaigh cabhair agus congnamh a thabhairt duinn, agus muid a thabhairt slán ó anachain na bliana = Dia. Tá caint ar "Thobar Rí an Domhnaigh" in "Altú an Tobac"
 
drann
Ní bhfuighidh tú cead drannadh leis an airgead beag, dhá gcuirtheá do shúile ar chipíní dá iarraidh. Is beag an baoghal. Fuair tú coróin gheal Dé Domhnaigh seo (gha)bh thart, agus is diadhachta dhuit a deireadh a bheith caithte fós agad
 
Shílfeá go bhfuil drántán ceoil in áit eicínt siar annseo. Ní féidir gur ag dul ag damhsa ar an mbóthar a bheidís aríst, th'éis gur dhíbir an sagart as iad 'san oíche Dé Domhnaigh seo (gha)bh thart
 
Th'éis cho galánta agus atá sí, bhí mé taobh thiar di ag an Aifreann Dé Domhnaigh agus meastú nach raibh páin de dhreancaid ag snámh uirre
 
Chuala mé go raibh C. ag imeacht thoir annseo Dia Domhnaigh agus an-dúthruach achrainn air. D'iarr sé mac J. Sh. amach ar "fair-play" agus bhí sé ag gabhailt de chiceannaí ar dhorus tighe Ph. i gcaitheamh uair an chluig. Thug sé leath-bhord leis annsin anoir le claidhe ach bhuail an óinseamhlacht aríst ag geata tighe D. agus chaith sé dhó (dhe) in a chraiceann aríst ag cur achrainn ar na scurachaí. Nach beag an spioraid iad nach sínfeadh duine eicínt aca é le iarraidh!
 
téigh
Chuala mé ag rádh go raibh sé le dhul taobh Uachtar Árd Dé Domhnaigh seo chugainn
 
Beidh dul againn orra, má ghlacann muid stuaim leo, agus gan muid féin a mharbhú ins an gcéad leath-uair. Sin é an rud a d'fhága dul aca sin ar mhuintir Mh. Dé Domhnaigh seo caithte. Ná bíodh scáth ar bith oraibh a dhul fútha, agus fanuigheadh 'chuile dhuine ar a thaighridheacht féin. Níl aon-mhaith a bheith ag leanacht na liathróide ar fud an páirce. Diabhal a dhath
 
Bean nach mbíonn mórán ainnise innte, is mór is fiú dhi a cuid éadaigh a dhul go deas di. Is leath slaicht ar bhean a cuid éadaigh bíodh a fhios agad. Tá sí annsin thoir ag M. Mh. Ú. Feic Dé Domhnaigh í agus 'sí an bhean is breácha ar an bpobal í nuair atá sí gabhtha gléasta. Ach feic lá de'n tseachtain í ins na ciomachaí, agus dheamhan ceannuidhe an mhála, ní hé amháin a mhalrait a dhéanfadh roghain uirre.
 
Má fhaghann sé leigean ar bith ortsa indiu, déanfaidh sé a dhicheall a dhul fút agus a fháil amach céard a thug siar mise ins an oíche Dé Domhnaigh. Bí ar t'áirdeall féin anois agus ná faghadh sé aon-bhrabach ort
 
Tá suim mhór aige siúd in do chuid féir go deimhin! Nach bhfuil a fhios ag do chroidhe istigh nach in éadan féir a ghabhfas sé siúd Dé Domhnaigh dhuit. Dheamhan é dhá lobhadh sé ins an tsraith. Tá mé siúráilte nach bhfuil ag dul síos leis ach féar muis!