Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Buille maitheasa (46)

 
Ní iarrfadh sí aon-bhuille maitheasa a dhéanamh go héag ach cead framsáil a fháil ar bhóithrí
 
Ní dhéanann sé buille maitheasa ach ag cur caoi ar an "mbicycle" atá aige, ag cur iongáis agus freigisí air. Agus ní túisce thuas aige iad ná anuas aríst
 
Eirigh as an bhfánaíocht agus déan buille eicínt maitheasa, feasta choíchin. Ach níl fír na maitheasa ionad
 
fóir
Níl buille maitheasa déanta agaibh ó mhaidin. Go bhfoire Dia ar an té atá in ur gcleithiúnas!
 
Tá caidhfte mná aige, nach n-iarrfadh aon-bhuille maitheasa a dheanamh dhá lá a saoghail, a's faghadh sí duine a choinneochadh comhrádh léithe.
 
Ní ghnídís sin buille maitheasa a' bith eile fadó, ach a' caoladóireacht a's a' ciseadóireacht, a's díol chléibh a's ciseáin inGaillimh.
 
Tá'n cíosáinín sin thuas ag M. Bh. istigh aghainn chuile ré soluis. Meastú a ndéanann sé buille maitheasa 'bith, ach chreidim gurb é cuid a' bheagáin atá sé indon a dhéanamh th'éis a dhichill. Dheamhan brigh ann.
 
Ní fhaca mé ariamh é nach imbéal a' bhealaigh a bheadh sé. Meastú 'ndéanann sé buille 'bith maitheasa?
 
Is mairg dhuit, nach ndéanann buille eicínt maitheasa, fharras a bheith in do bhoideoide mar tá tú.
 
buil
Ní buil leis buille maitheasa 'dhéanamh annseo, a's ní buil leis fanacht ag a' scoil, a's níl fhios agham beirthe ná beo, céard a dhéanfas muid leis, arae támuid sáruighthe reicthe aige.
+
buille
B'fhurasta aithinte go raibh a chuid maitheasa ar iarraidh, a's nach mbuailfeadh sé aon-bhuille sa mbéim tí (ní) budh mhó.
TUILLEADH (15) ▼
Dheamhan buille maitheasa a rinne mé le gabhail 'un seachtmhaine ná buille maitheasa a d'fhéad mé a dhéanamh ag doightheachaí
Dheamhan buille maitheasa a rinne sé le coicís, ach ag imtheacht a' fálróid, a's a' seiteamus le na comhursanaí.
Dheamhan buille maitheasa a fhéadaim a dhéanamh ag iarraidh beithidhigh a fhaireadh gan a dhul imbradghail.
Dheamhan buille maitheasa a' bith is mian leis a dhéanamh, ach cead-scuir a fhaghail.
Dhá dhream nach bhfuil call dóib buille maitheasa 'bith a dheanamh — máighistirí scoile a's póilíos — a's dhá laghad, dhá ndéanann na maighistirí scoile, dheamhan buille 'bith ar na póilíos.
Tabhair cead dhom buille eicínt maitheasa a dhéanamh, a's ná bí do mo mheárú mar sin igcomhnuidhe.
Ta macnas air, cheal aon-bhuille maitheasa a dhéanamh.
Má's leat aon-bhuille maitheasa a dhéanamh, ní fhéadfa tú an oiread cion a bheith agad ar a' leaba a's atá.
Cé'n chaoi 'bhféadfadh sé aon-bhuille maitheasa a dheanamh. Níor cuireadh fír na maitheasa ann, nuair a bhí í 'chuir ann.
Tá saoghal na bhfuigheall aige, gan buille maitheasa a' bith.
Dheamhan buille maitheasa a' bith a bhí air annsiúd, ach in a dheidh sin, níor leig an leisce dhó aire a thabhairt dhá cheann-posta.
'Bhfaca tú dream a' bith ariamh nach bhfuil buille maitheasa a' bith orra(b), ach maighistirí scoile? Cupla uair sa ló, a's leath na bliadhna in a gcomhnuidhe. Is olc a' tír atá dhá n-íoc, leabharsa.
Tá'n saothrú beag, ach dheamhan a' fiú dhuit a rádh go mbeidh buille maitheasa ar bith ort ann.
Níl deantús maitheasa a' bith ann. Is annamh a ghníonn sé aon-bhuille oibre.
Tá sé idtír na h-óige ann a mhic ó! Togha na beatha a's gan buille maitheasa ar bith!
 
bunús
Cá bhfaigheadh sé bunús a bheith aige, fear nach ndéanann buille maitheasa ó Luan go Satharn
 
Chuir mé aithne air, mara n-athruigheadh sé béasa, agus buille maitheasa eicínt a dhéanamh, nach gcoinneochainn lá ná leiceann thar a' lá cáirde é = chuir mé pearbhúl nó fainic air, mara n-eirigheadh sé as a' leaduidheacht a's as a' spreallaireacht, nach gcoinneochainn lá é, níos fuide ná'n uair a bheidheas a aimsir istigh.
 
imigh
Tá sé ag imtheacht in a leaduidhe ó theach go teach, gan buille maitheasa a dheanamh = tá iomchur leisgeamhail faoi ag dul thart.
 
ith
Dhá bhfaghadh sé a chuid le n-ithe, ní éileochadh sé aon-bhuille maitheasa a dhéanamh go deo = dhá bhfaghadh sé biadh, ní thiubharfadh sé toil ar aon-obair a dhéanamh go h-éag.
 
fiach 1
Diabhal buille maitheasa a dhéanfas sé siúd imbliana ná a bhfuil sé indon aon-bhuille a dhéanamh. Is doiligh an fiach a chur as an tom nach mbíonn sé
 
fír
Níor cuireadh fír na maitheasa ann in am. Is furasta aithinte air fhéin nachar cuireadh. Ní mian leis aon-bhuille a dhéanamh = níor taithíodh é leis an obair in a óige; níor cuireadh bruid nó dúracht nó smior na hoibre ann; níor cuireadh an obair san gcnáimh aige in am (ní minic adeirtear "fír" ar a aghaidh féin. "Fír na maitheasa", "fír na hoibre" etc. adeirtear go hiondúil)
 
daba
Má tá sé indon an daba sin (feoil) a choinneál leis féin i gcomhnaí, dheamhan cailleadh air. Amadán a bheadh ann dhá ndéanadh sé aon-bhuille maitheasa agus fuigheall na bhfuigheall aige mar atá sé
 
danra
Dithreabhach dan(d)ra í le cur amach ag obair. Chaithfeadh sí lá fada samhraidh annsin ag faire na splaince gan iarraidh buille maitheasa a dhéanamh. 'Sí atá coilgneach freisin má fhaghann duine ar bith aon-chaidéis dhá cuid díomhaointais
 
daol
Marach go bhfuair sé daol ó rud eicínt ní bheadh sé ag imeacht ar an gcóir sin le seachtain: gan buille maitheasa a dhéanamh, ach soir agus anoir an bóthar agus síos go cladach. B'fhéidir gurb í an cailín atá aige i M. atá ag dul ag pósadh nó ag déanamh roghain ar fhear eicínt eile. Níl aon-duine in Éirinn is fusa a shaghdadh ná é 'ar nú (ar ndóigh).
 
Ní féidir buille maitheasa a dhéanamh ag doininn agus ag fuacht.
 
droim
Tá siad thíos annsiúd 'chuile lá ins an mbliain, agus a ndruim le coirnéil aca, gan buille maitheasa a dhéanamh. Is furasta dhóib agus an tír dhá dtógáil
 
Fágfaidh an scaróireacht druiminn air, cuirfidh mise geall leat. Tá an diabhal sin ag imeacht in a ríste ariamh, gan buille maitheasa, nó go mb'éigin dó an méid sin a dhéanamh ar na portaigh
 
duán
Splanctha indiaidh fir atá an chlann inghean sin uiliog aige. Ó dheamhan buille maitheasa a ghníos siad ó mhaidin go faoithin, ach ag breathnú orra féin i scatháin agus dhá ndéanamh féin suas. Buaileann siad amach ag spaisteoireacht, má's fíor dóib féin annsin trathnóna, agus a gcuid eochraí ar an dubhán aca. Chuala mé nach bhfuil spré ag mac L. seo thiar indiaidh an scaoinn árd sin atá ann. Diabhal bréag nach mbeidh féirín aige muis
 
déan 1
Tá sé ag déanamh go h-óg. Deir tú leis a chaitheas an lá ó mhaidin go faoithin amuigh ar an talamh ag obair. 'Sé'n gnaitheach é anois, agus daoine ag rádh nach ndéanfadh sé sin aon-bhuille maitheasa len a ló
 
Dhá mbeadh déanamh maitheasa ann, ní ag mháinneáil (fáinneáil?) thart annsin ar feadh an lae a bheadh sé agus a gharrdha thart cheal glantacháin. Fuair sé an saoghal ro-leisceamhail ins an am a chuaidh thart; gan call dó buille ar bith a dhéanamh 'nuair a bhí lán tighe aca ann. Ach bainfear siar as é anois, ó tá sé in a aonraic
 
Ara a dhearbhráthair mo chroidhe tú tá déidín tuithte ag a bhfuil ins an teach seo cheal "fags", agus é ag cínnt orra aon-cheann a fháil. Ní cheal a shaothruighthe é muis. Chuaidh duine aca soir cho fada le tigh Bh. N. an oíche cheana, ach dheamhan ceann adeirigh leis ach an oiread. Reicfidís istigh ins an teach thú an uair a bhíos siad dhá bhfuireasbhaidh. Ní mian leo buille maitheasa a dhéanamh. Tháinic mé isteach an lá cheana agus ubh agham a fuair mé beirthe. Hébrí cé'n chaoi ar sciorr an focal uaim féin gurb sheo é Seascach na gCearc — leath-fhocal é atá agham — "m'anam nach hé" adeir sé "nach (ach) Seascach na "bhfags" agus an tobac". Tá a fhios ag mo chroidhe go mbeadh truaighe agad dóib scaithtí an uair a bhíos siad lá nó dhó dhá bhfuireasbhaidh
 
Sin é an chaoi a bhfuil sé. Buaileann daol é laetheanta. Ní fhaca tú aon-fhear oibre go h-iomaí a chinnfeadh air. Ach cho luath agus a chuireas sé an méid sin díocais thairis ní fhanann maith ná maoin ann. Dheamhan agus móide buille maitheasa a dhéanfadh sé aríst go ceann coicíse.
 
díol 2
Níl aon-díol trócaire ann go dtí é. Thíos annsin ar shlata na Gaillimhe agus muirghín lag lúbach aige, agus gan buille maitheasa a dhéanamh le bliain mhóir fhada. An mbeadh a fhios ag aonduine ó Dhia anuas cé'n chaoi a bhfuil sé dhá bharruidheacht chor ar bith agus gan slí ná faghaltas ó Neamh aige.
 
Tá ceann eile ag béal an doruis againne nach ndéanann buille maitheasa ó mhaidin go faoithin ach ag imeacht ag liúistidheacht (leoistidheacht) ins an ngarrdha ag 'chuile dhuine. Is dearbhráthair do Thadhg Domhnall mar adeireadh T.
 
Tá dubhradáinín dona d'athair aige muis — ní dhá roint leis é, ach dhá fhágáil aige. Dheamhan carr móna a bheadh bainte aige bliain mhór fhada agus é a fhágáil faoi féin. Ach dhá dhonacht dhá bhfuil sé anois ba mheasa go mór fadó é. Buille maitheasa ar bith ní dhéanadh sé ach fáiscthe síos ar bhóithrí agus ag súdaireacht soir annseo.