Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Déanfaidh (50+)

 
Déanfaidh mé ceann-fhearainn annseo. Leigfidh mé na giotaí suas go huachtar ingreamús dhá chéile. Béarfaidh na cupla cúilín ar a chéile annsin thall ag an gcloich
 
Cén mhaith breáichte mara bhfuil rud eicínt in a haice? Dheamhan a dhath! Ní farasbar breáichte a chuireas bárr ar an bpota. Bíodh sí go breá nó ná bíodh, ach má tá sí in a gnathach maith agus an téagar a bheith san sparán aice, déanfaidh sí cúis
 
Ní bheidh T. fearacht Mh. ag imeacht ag sceidínteacht leis an rud. Déanfaidh sé as láimh é, déanfaidh sin
 
Tá riascannaí ceó ag imeacht, agus tá sé ag fearúint ar an gcnoc. Is gearr go bhfeice tú an tuile shidhe anois. Déanfaidh sé múr annseo fhéin
 
focal
Más fear do t'fhocal tú déanfaidh tú anois é = dúirt tú go ndeanfá é; gheall tú go ndéanfá é
 
Dheamhan neach an aoin istigh ar an mbaile nach bhfuil foirghe le fliú. Bhuail sé muid tá mí ó shoin, ach m'anam go bhfuil muid ag fuasaoid aríst. Níl rud ar bith cho haiféalach leis. Mara bhfuil ag Dia déanfaidh sé creach shul má stopfas sé.
 
Nach freochanta atá an coileáinín seo? Déanfaidh sé an-mhadadh. D'aithneóinn air é
 
Fág fúmsa é sin. Déanfaidh mise é = fág an obair sin agamsa le déanamh; fág an obair sin ar mo chúramsa
 
fág
Fág mar sin é. Tá sé sách maith. Déanfaidh sé mar atá sé, go leige Dia do shláinte duitse!
 
féar
Cén áit a bpósfaidh sé. Dar fiadh muise má phósann, déanfaidh sé tíomhas! Gan ní dhár dhealbh an ghrian aige ach an bráicín sin. Ara chuala tú ariamh é ní bheathuíonn an féar an phis
 
buille
Má fhaghann tú buille acab siúd (i.e. de na buillí áidhbhéile atá aige), déanfaidh sé ceirtlín díot.
 
Déanfaidh sé fátall anois = aithdeal
+
failic
Tabhair isteach failicín do na scriocháin (criocháin) sin; agus caith síos orra iad. Déanfaidh siad cearca
TUILLEADH (1) ▼
Má thugann tú an t-airgead dó sin, déanfaidh sé failic air. Níl duine ar bith is dearfa dhuit a thabhairt dó na do Ph. Mise i mbannaí nach gcaithfidh sé sin é
 
feacht
Déanfaidh sé cúis an feacht seo = an babhta seo, an iarraidh seo (tá an fhuigheall seo den tsean-chéill beó san gcaint)
 
Go deimhin ní damhsa atá aige ná tada dhá shórt, ach bíonn sé ag fiod-rinnce leis mar sin. Tá sé sách maith. Déanfaidh sé muide
+
fiolla
Déanfaidh sé fiola dhíot mara bhfana tú uaidh. Is biadh agus beatha leis sin a bheith ar an deaghchaint sin. Ní hé is measa ach an té a thiúrfadh áird air
TUILLEADH (1) ▼
Suidhfidh sé i mbun T. Déanfaidh sé fiola dhó (dhe) mara ndíbrighe sé uaidh é. Deir siad gurb é an cheird a bhí orra thíos ann an oíche cheana, ag caitheamh na teine suas ar fud an tí. Dheamhan a gcomhnóidh siad go gcuire siad an teach thrí lasadh air. Is dóibh is mó náire a bheith ag siocadh le sean-fhear bocht mar sin
 
Fionn 1
Is aisteach na goití atá an aimsir seo a chur di fhéin. Níl oíche ar bith nach mbíonn sioc ann in ucht am suipéir agus báisteach as sin go maidin. Tá sé amhla aríst anocht. Cho siúráilte leis an saol déanfaidh sé scáird eicínt anocht aríst. 'Ar ndú' le sioc tús oíche a dhíol Fíonn na Bróga. Ní raibh néal ar bith air. Bhí a fhios aige nach cruas a bhí air
+
fonn
An ndéanfaidh mé é? Déanfaidh a mh'anam agus le fonn
TUILLEADH (1) ▼
Mara ndéana sé le fonn é, déanfaidh sé le mí-fhonn é = déanfaidh sé é, más olc maith leis é
 
forás
Is baile gan forás é an baile seo ó thosuigh na pailitéaraí ag taithighe ann. Caithfear a dhul rómpa nó déanfaidh siad cis ar easair dhínn
 
fás 2
Déanfaidh fataí fás leis an mbáistigh seo. Ba ghéar a theastuigh an méid sin ón gcur
+
féith 1
Déanfaidh mé dhá leith d'fhéith ghorm do mhuiníl = an fhéith atá suas ar leathtaobh an mhuiníl faoin gcluais
TUILLEADH (1) ▼
Tá gruadhannaí géara aige agus goin-fhéasóig air cheana th'éis nach bhfuil na deich mbliana sáruithe aige. Déanfaidh sé an-splíota fir: sin nó tá sé féin agus a chosúlacht in aghaidh a chéile. Tá féith ón tsinsir ann. Is furasta aithinte air é.
+
Déanfaidh an "sergeant" faobach ar an bpoitín sul a gcomhnaighe sé = a thógáil as éadan
TUILLEADH (1) ▼
Déanfaidh na beithigh sin faobach san iothlainn, má theigheann siad i bhfoghail innte, agus gabhfaidh
 
feadh
Tá an sionnach socair go leór anois, ach déanfaidh sé lot feadh's an chuain a bheith aige aríst = ach a mbeidh; nuair a bhéas
 
fuin
Déanfaidh sé fear fuinte fáische nó tá sé féin agus a chosúlacht in aghaidh a chéile
 
fuar 2
Más leat ballaí fuara a bheith agad, fan ar an gceird a bhfuil tú! Déanfaidh tú bun mar sin!
 
Déanfaidh sé forloch anois. Ní iontas ar bith é, má níonn fhéin agus cho seasta agus a bhí an aimsir leis an fhad seo. Cothromacan síne a mhic ó!
 
Níor mhór dhuit lámhainní a chur ort. Déanfaidh do lámha fuar-nimhe ar an "mbicycle"
 
Déanfaidh siad fudar fadar den duine bocht, má shuíonn siad in a bhun mar sin. Nuair nach mbéarfadh sé greim cinc muiníl ar bheirt nó ar thriúr aca, agus a ndruim a bhriseadh amuigh faoin tsráid!
 
abair
Déanfaidh sé lá breagh déarfá (tá mé ag ceapadh; dar liom, sílim)
+
Déanfaidh an cogadh seo damáiste shul a mbeidh réidh dhó
TUILLEADH (1) ▼
Déanfaidh sé damáiste len a chuid cainte, déanfaidh sin.
 
danra
Mo chreach mhaidne, tá a bhfuil ins an teach annsiúd cho danra le chéile faoi bhuille ar bith oibre a dhéanamh: dair leat féin gur ag comórtas le chéile a bheidís, go bhfeicidís cé'n duine aca ba deacra a chur amach agán a chuid oibre. Gróigfidh fear aca é féin ar an teallach agus déanfaidh fear eile agus fear eile an cleas céadna, nó nach mbeidh áit ag míoltóig in a ngoire. Níl go dona ann ach an dithreabhach bocht is athair dóibh, atá amuigh moch deireannach ag saothrú. Sin é an díol-truaighe ar chaoi ar bith
 
daor 1
Má leanann sé ro-dhaor mé, déanfaidh mise rud leis. Tugaimse raithneach na ngarrantaí sin thuas dó 'chuile bhliain. Dheamhan dosán di a bhainfeas sé len a mharthainn aríst, má bhíonn sé ro-ghéar é féin liomsa
+
daor 3
Déanfaidh sé fearacht Chéadtaigh leat: ceangal na naoi ndaora go daor agus go docharach a chur ort, nó go mbeidh laidhricín do choise ag coinneál seanchuis le poll do chluaise
TUILLEADH (1) ▼
Tá bulán annseo thíos agam agus níl aon-gharrdha gabhann in Éirinn indon é a chuibhriú. Tá a bhfuil de chlaidheachaí ag gabhail liom leagtha go talamh aige. Níl a fhios agam faoi sheacht ranna an domhain cé'n súnás atá air. Dhá mbeadh sé ag fáil ocrais is mór adéarfainn, ach tá sé go bolg i bhféar 'chuile lá dá n-eirigheann ar a shúil. Ach déanfaidh mise cleas leis: cuirfidh mé ceangal na naoi ndaora air, go mbuailidh mé a smut ar a chrúib agus a chrúib ar an talamh, agus sin ní fhágfaidh sé nó go n-athruighidh sé béasa
 
Tá siad ar a dtáirm aríst ag iarraidh bhótanna. Déanfaidh siad cat agus dhá rioball an babhta seo ach iad a dhul isteach. Ach fan go bhfagha siad iad fhéin istigh! Deághealladh: droch-choimhlíonadh. Ní tada eile é.
 
Déanfaidh sé deálá anois
 
Fuair tú amach an ceann a dhéanfadh deabhadh, ab é an bás bradach sin. Déanfaidh b'fhéidir!
 
Déanfaidh sé siúd obair! Mo léan deacrach muis, an obair sin!
 
dealg
Ó tá an dealg sáithte aca innte anois, níl aon-rún aca an Gearmánach a leigean uatha gan céir a fhágáil air. Déanfaidh siad é freisin, feicfidh tú féin. Go lá speirthe na gcut aríst, ní bheidh aon-smeámh ann. Is mór an feall muis. Marach a raibh in a aghaidh thiubharfadh sé siúd cnáimh le creinneadh dóibh. D'fhága sé cnead ionnta mar a bhí sé
 
Scaoil bealach leis agus ná bím ag breathnú annsin air, nó má bhuaileann taghd eile mé déanfaidh mé deannach muilinn dó. Ní choinneochadh arm uaidh mé — ní choinneochadh sin
+
deara
Mara gcuiridh tú faoi ndeara dhó rud a dhéanamh anois, agus fír na maitheasa a chur ann in am, déanfaidh sé leaduidhe
TUILLEADH (1) ▼
Is gránna an chaint atá ort. Má thugann tú faoi deara dhuit féin a bheith ag rádh cainteannaí gránna mar sin, greamóchaidh siad duit agus cinnfidh ort eirghe asta amach annseo. Déanfaidh tú do leas, má ghníonn tú aithrist ar chlann T. Sh.!
+
dearg- 3
Déanfaidh mé é do do dhearg-ainneoin = de do bhuíochas críochnuithe
TUILLEADH (1) ▼
Déanfaidh sé sin dearg-mhurdar shul a gcomhnaí sé