Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Dual na druinne (50+)

 
Feicfidh tú fhéin nach gcuirfidh sé aon-araoid ormsa. Tá an faitíos mór air, ón uair údan ar bhuail mé dual na druinne air
 
Is furast' aithinte nach n-airigheann siad aon-duine in a n-aice a choinneochadh aon-chló stiúrtha orrú, nó ní bheidís ar a' gceird sin. Dual na druinne a theastóchadh a bhualadh orrú sin. Ní chomhairleochadh a mhalrait iad.
 
biorach 1
Má thaobhuigheann tú isteach a' teach seo aríst, a speic bhiorach, ní fhágfa tú é, gan dual na druinne a fhaghail. Rinne tú do cheart míllteanais, an oidhche faoi dheire, a's gan a bheith ag iarraidh tuille 'dhéanamh anocht.
 
borr
Is deacair a chomhairleachan a thabhairt dó. Dhá mbuailtheá dual na druinne [air], ní bheadh sé ach a' borradh leis.
 
Bhuail muid dual na druinne uirre, a's bhí sí 'bruimseáil in a dheidh sin.
 
aer
Tugann a' máighistir dual na druinne dhó chuile lá 'san aer ag a' scoil, agus má thugann féin, tá sé 'cínnt air aon-bhlas múineadh a' chuir air
 
Níl tada dhá aithmhéala orm gur thug mé dual na druinne dhó = níl aon-aithmhéala orm gur bhuaileas go breagh é.
 
Bhuail sé dual na druinne air, ach dheamhan maith a bhí ann in a dheidh sin — chaithfeadh sé a bhealach fhéin a fhaghail.
 
Bhí fios na faille ag J. ach sin rud nach raibh ag ceachtar againne. Ní innseódh sé dhuinn go raibh an dream thiar ag faire orainn le dual na druinne a bhualadh orainn. Níorbh fhearr le J. cleas duinn
 
Is beag dhá chuid faltanais dom an iarraidh sin. 'Ar ndú' bhuail mé dual na druinne air cupla bliain ó shoin i nG.
 
fuar 2
Ba í an oíche a ndeachaidh sé in a chosa fuara siar ar bhainis Sh. Mh. a ghiorraigh leis. Ní raibh aon-fhear san teach an oíche sin nar thug dual na druinne dhó. Má ba é S. Ó. B. féin é, bhí sé ag gabhailt air le leath-mhaide croise
 
dall 2
Ní fhaca mé aon duine ariamh ba daille (/deʟ′ə/) ná é ag dul chuig an scoil. Chaith G. a dhúracht leis, agus thugadh sé dual na druinne dhó chuile ré solais, ach má thugadh féin, ba aon-mhaith amháin dó é
 
dealbh 1
"Dar brigh na míonn" mar adeir C. an Ph. "má fheicimse a dhealbh isteach ar an mbaile seo aríst, is truagh-Mhuire dhó. Gheobhaidh sé dual na druinne. Buailfidh ceathar againn in aghaidh a chéile é"
 
deara
Ní thiubharfaidh an t-athair aon-nídh dhár dhealbh an ghrian faoi deara, má ghníonn tusa do ghnatha go cuí(bh)eamhail. Ach tárrtháil orainn ó Mhac Dé, gheobhaidh tú dual na druinne má bhrathann sé thú
 
deis
Dhá bhfaghainnse deis air, thiubharfainn dual na druinne dhó. Ach sin é an buille. Cá bhfuighidh mé deis air. Nímé an dtaobhuigheann sé tigh M. G. ar cuairt chor ar bith anois
 
Deir siad gur fear doscúdhach a bhí annsin aimsir na mBlack Tans. Bhí sé ar a chaomhamhaint agus aithne mhaith aca air, agus oíche amháin in a dheidh sin, bhuail sé isteach i dteach ósta a raibh scaoth aca ag ól ann. D'fhan sé istigh i seoimrín beag ar cúlráid, agus bhí sé ins an áirdeall orra, nó go raibh a dtrúmlach (tromlach) scaipthe, agus nach raibh fanta ach beirt nó triúr a bhí ar a mbog-mheisce. Shiubhail sé amach annsin de mhaol a mhainge agus bhain sé na gunnaí díobh; agus bhuail sé dual na druinne orra. Dhá mbeirtí air, bhí a chnaipe déanta
 
dris
Bhí an cine céadna — Cloinn Mhac C. — in a ndris-chasáin ar mhuintir an bhaile seo ariamh. Ní raibh goir aca a dhul siar nach mbeidís eirighthe rómpa le dual na druinne a bhualadh orra, agus ar an gcóir chéadna dá dteighidís soir idir ord agus inneoin
+
dual 2
Buaileadh dual na druinne air = fuair sé an-lascadh; fuair sé liúradh Chonáin; buaileadh an oiread air agus a bhuailfí ar dhual lín
TUILLEADH (29) ▼
Buailfidh mé dual na druinne ort mara leigidh tú dhom
Buaileadh dual na druinne air sin agus é ag eirghe suas, ach dheamhan maith a bhí ann. Ghreamuigh an ámhailleacht dhó in a dheidh sin
'Séard a bhí a dhéanamh leis sin, ná duine ar bith eile a bheadh ar a chuid cainte dual na druinne a thabhairt dó. Sé atá sé a thuaradh dhó fhéin ar aon-chor
Chaith sé ucht eicínt (cainte) leis an bhfear seo thíos ag dul thar an teach, agus d'eirigh sé seo thíos amach agus thug sé dual na druinne dhó
Beidh tú ar siubhal nó go bhfaghaidh tú dual na druinne uatha siúd. Nach ort atá an bheith le go gcaithfidh tú a bheith ag siocadh leo
Ní fhaca me aon-lá ag an scoil ariamh an ceann céadna nach mbuailfí dual na druinne air. Ní raibh meabhair ar bith ann le tada a thógáil
Chuaidh sé abhaile agus thug sé dual na druinne do'n bhean, agus thug sé leis páipéar deich bpunt annsin agus níor tháinic sé abhaile go raibh a dheireadh ólta aige
Tuilleadh diabhail aige má fhaghann sé dual na druinne. Chaith mé dhá uair ag tuineadh leis ag iarraidh a thabhairt abhaile, ach ní raibh aon-mhaith ann. Ní éadáil mhór an dream atá cruinnighthe air anois
Tugadh dual na druinne de bhualadh dhó ann, agus ná raibh Dia leis, marar mhaith an aghaidh sin air.
Thug muintir na h-áite thiar dual na druinne dhá ndeachaidh siar as seo ann. Níor fhéad aon-duine aca teach na bainse a thaobhachtáil igcaitheamh na h-oíche ach sáithte i bpuill agus i bpruchógaí taobh amuigh
Thug sé seo thuas dual na druinne do'n chliamhain an oíche faoi dheireadh. Tháinic an cliamhain aniar ag iarraidh an chapaill air, ach sílim i leabaidh an chapaill a fháil go raibh an tseamair Mhuire aige nach bhfuair sé rud a mbeadh cuimne aige air. Ach thuill sé é. Ba bheag beag an náire a bhí air agus a thaobhachtáil chor ar bith, agus a ndearna sé de mhailís cheana air
Tá dual na druinne de shneachta caithte aige a mhic ó. Diabhal mé go bhfuil muca sneachta suas annsin agus go dtiocfá go dtí do mhuineál ionnta = go leor sneachta
Tuilleadh diabhail ag an tír anois mara bhfuil dual na druinne de shneachta faighte aice. Agus ní tús ná deireadh fós dó. Tá sé ag biadhú as aríst. Níl aon-éan ann ar chaoi ar bith!
Tá dual na druinne de bháisteach air. Is furasta aithinte ar na mútaí sin thiar é: na tóineanna dubha sin atá siar andeas
Níor mhór dó dual na druinne de bháisteach a dhéanamh anois, shul a bheadh díol na ndaoine ann. Tá 'chuile shórt spalptha. Níl aon-bhord ag gabhail liom annsiúd suas nach bhfuil scáinte
Chaith sé dual na druinne de bháisteach aréir. Tá chuile chlaise 'soir annsin ag dul thar bruach. 'Bhfeiceann tú an trinse sin thíos agus í cab ar chab leis an mbóthar
Ná bac leis sin, ach mise a fuair dual na druinne de bháisteach an oíche sin. Ní raibh snáth thuas ar mo chraiceann nach raibh in a líbín
Gheobhaidh tú dual na druinne di. Ag athrú aimsire atá an tóirneach seo, agus tiubharfaidh sí léithe an bháisteach. Is gártha na scaltrachaí atá sé a chaitheamh
Rinne muid dual na druinne de dhamhsa aréir = go leor
Gheobhaidh sé dual na druinne de phoitín annsin anois. Gheobhaidh sé an oiread dó ar chaoi ar bith agus go ngránóchaidh sé aríst air go ceann píosa
Gheobhaidh sé dual na druinne de'n chúirtéaracht shul a eireochas sé aisti. Nach aige atá an tóir uirre! Bhí buadhannaidheacht eicínt aca sin uiliog lena mná
Beidh sé ag dul ar na tórraidheachaí nó go bhfaghaidh sé dual na druinne dhíob. Ní fhaca mé a leithide de scaibhtéirín ariamh i láthair cuirp. An oíche a raibh an tsean-bhean sin thiar dhá tórradh, chuaidh sé fhoisceacht mbeannuighidh Dia dhom eirghe agus é a thabhairt isteach ar an smut dó.
Bhí dual na druinne aca ann = go leor daoine agus rl.
Chruinnigh dual na druinne ann ar an bpuinte boise
Ara beannacht Dé Dhuit! Bhí dual na druinne de dhaoine ann. Cérb as a dtáinic an mathshluagh siúd ar fad.
Bhí dual na druinne ar an tsochraide indiu. Shílfeá nach ndlighfeadh an oiread siúd sochraide ann. Ní fhaca mise ag mórán sochraideachaí é féin ariamh
Bíonn dual na druinne istigh annsin 'chuile oíche ag imirt chártaí. Dheamhan gail de'n teine a fuair mé ó a tháinic an t-áirneán ná cuid de ghail
Bhí dual na druinne d'fhámuirí soir annseo indiu. Sin é a gceird anois aríst nó go bhfeicidh tú an tSamhain seo chugainn. Ní féidir siubhal síos annsin aca. Tá siad caithte in a srathradhachaí is 'chuile áit ann
Tá dual na druinne aca sin ann bail ó Dhia orra. Dheamhan lá dhá dteighim isteach ann, nach bhfeicim duine eicínt nach bhfaca mé cheana. Ba cheart dó a bheith ag fáil leathchorónachaí ar chaoi ar bith, agus is dóigh go bhfuil
 
dubh- 5
Caracháinín dubh-thaghdach é, le araoid ar bith a chur air. Ní feasach mé san domhan brách tuige nach mbuaileann duine eicínt dual na druinne air.
 
Thug an máistir dual na druinne dhóib go minic mar gheall ar a ndánacht ach ba bheag an mhaith sin in a dheidh sin. Dhá marbhuightheá iad, bheidís ar an gcéird chéadna lár na bháireach
 
dán
Má tá indán agus go bhfeicfidh mise thú ag caint le ceachtar aca sin, tiubharfaidh mé dual na druinne dhuit