Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Iasc beo (24)

 
Ní bheadh Tom Sh. contanásach i láthair sagairt ná easbuig. Dá mbadh é an té ba mheasa leat beo é, leigfead sé amach a chuid droch-éisc in a láthair.
+
beo 1
Tá iasc beo ionnam.
TUILLEADH (13) ▼
Airighim iasc beo a' giolcáil in mo cheathramha.
Meastú cé'n fáth an t-iasc beo seo a bheith a' léimneach i mo chois?
Ní iasc beo é sin chor a' bith ach pianta fáis.
Deir siad dhá sáiththí biorán ionnad 'san áit a mbeadh a' t-iasc beo, go dtiocfadh do chuid fola as éadan. Ní thiocfad sí mara mbeadh a' t-iasc beo ann faoi láthair.
Airighim drithlíní eicínt i mo chorróig, maran iasc beo a bheadh ann, ach feicthear dhom nach h-eadh.
Is aisteach a' rud é an t-iasc beo sin fhéin. Ar airigh tú ionnad fhéin ariamh é?
Bhí mé cruptha suas mar sin ar feadh na h-oidhche, ach nuair a fuair mé fáill ionntú ar a' taobh eile, d'airigh mé iasc beo a' teacht aníos thrídh mo chorróig, a's shíl mé go dtiocfad sé amach thríd mo chraiceann, bhí an oiread sin léimnighe aige.
Níl dochar a' bith annsin a leain(bh)ín. Iasc beo é sin. Bíonn sé ar chuile dhuine beo, uair eicínt.
Iasc beo! Chaithfead sé gur ionnadsa atá an t-iasc beo ar fad, a's nach bhfuil tada dhe in aon-duine eile.
Cé'n mhaith dhuit a bheith dhá scríobadh. Ní dhíbreocha sin a' t-iasc beo.
Is diabhaltaidhe an tóir atá ag an iasc beo ortsa fharras aonduine. Níl de leathrann agad ó mhaidin go faoithin ach iasc beo. Ó thárla nach bhfuil aon-dochar ann, tuige a mbíonn tú a' bodhrú na ndaoine a' cainnt air! Nach thú an sean-pháiste againn!
Níor chodail mé néal ar feadh na h-oidhche aréir. Bhí iasc beo liom ar feadh na h-oidhche, aindeoin go sílfeá nach gcoinneochadh sin duine ó chodladh
Seachain dia aithnighthear! Deir siad, dá gcuirtheá biorán thríd an áit a mbeadh a' t-iasc beo ionnad, nach bhfanfadh deoir fhola ionnad nach dtiocfadh.
 
airigh
Airighim iasc beo a' léimneach in mo chois (féach "iasc")
 
Ná bac le dlighteanais. Níor íoc an cneamhaire sin aon-cheo i gcaitheamh an tsaoil ariamh. Bheadh sé ag gealladh i gcomhnuí, agus ag iascach leis mar sin, nó go mbeitheá cho meathta ins an deire aige agus go maithfeá dhó é. Chonnaic mé S. Mh. ag dul 'un dlighe leis faoi luach cairr. M'anam-sa ó'n diabhal gur chaith sé S. pér'bí cé'n bealach a rinne dhó é. Chaith mo choinsias. Dheamhan comhaireamh na sop a fuair S. th'éis go dtug sé go seisiún é. An breitheamh a bhí bríbeáilte aige nó caoi eicínt. Ara bhí an-toidheacht i láthair ann agus níl aonduine beo nach mionnóchadh gurb í an fhírinne a bheadh aige an uair a thosóchadh sé ag ceartú dhuit.
 
dol 1
Dola amháin de na h-eangachaí atá aca sin (ag na Francaigh) agus chíorfaidís cupla míle fairrge leo. Is furasta aithinte é. Thréig an t-iasc an cuan ar fad ó a thaithigh siad sin ann. 'Ar ndú' níl aon-fheithideach beo dhá gcastar ins na h-eangachaí sin nach bhfuil criogtha cho maith leis an iasc
+
driog
Rug mé ar an "article" sin atá ar an mballa l'aghaidh an tsoluis thíos tigh J. Ph. agus chuir sé driog thríom. Tabhair ga air a mhic ó: mar 'bheadh meanuí do do tholladh. Ní h-eadh ach an oiread, ach mar a bheadh iasc beo ag rith suas in do láimh. Ní mise an chéad duine aríst a ghabhfas ag méirínteacht leis an rud siúd
TUILLEADH (2) ▼
Tá driog eicínt in mo chois annsin le cupla lá. Shíl mé gur iasc beo a bhí ann i dtosach, ach is gearr go raibh a fhios agam nach h-eadh. Níl neart agam an chois sin a chur treasna ar an gcois eile chor ar bith nach mbuaileann sé mé. Shílfeá gur ag dul 'un donacht atá sé. B'fhearr do dhuine rud a thapú in am ná a bheith in aithmhéala aríst
Níl dochar ins na driogannaí sin. Iasc beo iad. Sin nó pianta fáis. Bíonn pianta fáis ar 'chuile scurach. D'aireochadh duine ar bith an t-iasc beo sin. Is minic a bhíos siad ag léimreach (léimneach) in mo chosa féin. 'Seadh agus táraidhm (táirm) orra ag léimneach. Deir siad dhá sáithtí biorán ionnad ins an áit a mbíonn an t-iasc beo sin an uair a bhíos sé ag léimreach go gcaillfí thú.
 
Tá drillíní eicínt ag dul thrí mo chois, maran iasc beo é. Sin nó drillíní fuaicht
 
Is minic a chonnaic mé na ballachaí ag snámh isteach faoin dubhlaoisc annsin agus mé ag breathnú orra as seo. Tá faoi na h-uláin sin beo leo. Dhá mbeadh dorú agad, ba gearr a bheitheá ag marú stropa éisc ann …
 
Ní díol-truaighe ar bith é fear na tíre seo dhá bhfaghadh sé ocras féin. Nach bhfuil beatha ag dul faoi agus thairis. Tá neart faochan agus báirnigh agus cnuasach cladaigh annsin thíos (ins an gcladach). Tá neart éisc annsin amuigh ar an gcuan, dhá mbeadh sé de rath air a dhul in a dhiaidh. Tá na breaclachaí sin beo le coiníní dhá gcuireadh sé d'anró air féin súileanna ribe a chur. Cá'r fhága tú a bhfuil de sméara agus de chubharláin, agus de thorthaí eile timpeall annsin. Is mór a thiubharfaí orra in áiteacha eile dhá mbeidís ann, ach níl