Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dubhlaoisc (dubhbhlaoisc?)
/duʟīšk/
ainm-fhocal, buineann
áfach nó uachais dhorcha ag bun aille, faoi ulán nó faoi charraig ar bhruach na fairrge. Bíonn siad in Árainn go h-áirid arae tá alltrachaí áibhéile ar an taobh ó dheas agus ar an taobh thiar andeas de na h-oileáin.
+
Thug siad isteach an míol mór indiaidh na curaí nó go raibh sé istigh ionann agus ar an talamh aca. Ar a dhul síos dóib lár na bháireach len a fheannadh agus leis an ola a bhaint as nach raibh sé snámhta isteach faoin dubhlaoisc, annsin thoir ag an aill. Níorbh fhéidir a thabhairt as
Theigheadh na h-ailleadóirí sin síos leis an áill go dteighidís go dubhlaoisc go minic. Ba saothruithe an gréim aca é mo choinsias. Ach dheamhan suím a bhíodh aca ann. Níl sé leath cho baolach agus a cheapfá. Námhaid í an cheird gan a fólaim, a deir siad
TUILLEADH (3) ▼
Tá cuimse raice faoin dubhlaoisc, ach ní bhfuighfear go deó í nó go mbeidh sí rodtha. Bíonn a leath ó mhaith ag giúirinneachaí, má chaitheann sí achar ar bith san bhfairrge. Níor tháinic aon-téagar raic ar na h-oileáin seo go h-áirid ó thosaigh an cogadh. Tá cupla sail annsin thíos ar an muirbhigh, ach is gearr le dhul iad …
Ní fhéadfaidh tú an dubhlaoisc a fheiceál, mar chaithfeá a dhul ceachrach ar chiúis na h-aille, agus b'fhéidir gur rae roilleacán a bhuailfeadh san gceann thú, nó go scéinfeá nuair a chloisfeá na h-éanachaí sin ag scréachaíl. Ná féach leis. Ní leithne an t-aer nán timpiste …
Is minic a chonnaic mé na ballachaí ag snámh isteach faoin dubhlaoisc annsin agus mé ag breathnú orra as seo. Tá faoi na h-uláin sin beo leo. Dhá mbeadh dorú agad, ba gearr a bheitheá ag marú stropa éisc ann …