dubhlaoisc
—/duʟīšk/
—ainmfhocal, baineann
—
áfach nó uachais dhorcha ag bun aille, faoi ulán nó faoi charraig ar bhruach na farraige. Bíonn siad in Árainn go háirid, arae tá alltrachaí áibhéile ar an taobh ó dheas agus ar an taobh thiar aneas de na hoileáin.
+–
Thug siad isteach an míol mór i ndiaidh na curaí nó go raibh sé istigh ionann is ar an talamh acu. Ar a dhul síos dóibh lá arna mhárach lena fheannadh agus leis an ola a bhaint as, nach raibh sé snáfa isteach faoin dubhlaoisc ansin thoir ag an aill. Níorbh fhéidir a thabhairt as
Théadh na hailleadóirí sin síos leis an aill go dtéidís go dubhlaoisc go minic. Ba saothraithe an greim acu é mo choinsias. Ach dheamhan suim a bhíodh acu ann. Níl sé leath chomh baolach agus a cheapfá. Namhaid í an cheird gan a foghlaim, adeir siad
TUILLEADH (3) ▼
Tá cuimse raice faoin dubhlaoisc, ach ní bhfaighfear go deo í nó go mbeidh sí rodta. Bíonn a leath ó mhaith ag giúirinneachaí má chaitheann sí achar ar bith sa bhfarraige. Níor tháinig aon téagar raic ar na hoileáin seo go háirid ó thosaigh an cogadh. Tá cupla sail ansin thíos ar an muirbhigh, ach is gearr le dhul iad …
Ní fhéadfaidh tú an dubhlaoisc a fheiceáil, mar chaithfeá a dhul ceachrach ar chiumhais na haille, agus b'fhéidir gur ré roithleagán a bhuailfeadh sa gceann thú nó go scéinfeá nuair a chloisfeá na héanachaí sin ag scréachaíl. Ná féach leis. Ní leithne an t-aer ná an timpiste …
Is minic a chonaic mé na ballachaí ag snámh isteach faoin dubhlaoisc ansin agus mé ag breathnú orthu as seo. Tá faoi na huláin sin beo leo. Dhá mbeadh dorú agat, ba gearr a bheifeá ag marú strapa éisc ann …