Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

ceap (50+)

 
D'fhan mé uaidh ar fhaitíos go gceapfadh sé gur ag brú air a bheinn
 
Dar sliabh ní hé fearacht an lá faoi dheireadh é, má thosaíonn tú ormsa aríst, go mbeidh scéal agad air. Ara nach thú an nathaíodóir againn! Ag ceapadh go n-éistfeadh duine ar bith leat!
 
fios
Sén diabhal é, nó tá fios na rólachaí aige feasta choichín, agus cho fada agus atá sé taithí ann. Ach ní duine é a bhfuil aon-mheabhair ann cheapfainn
 
Sé S. máistir na gleóiteóige. Níl P. ach in a fhear fobhairne aige. Tá mé ag ceapadh go bhfuil dhá chuid ag S. inti
 
Tá fudarnéis ar fud an bhaile seo ó tionnscluíodh an pósadh céanna. Má siad na putaigh fhéin iad, níl siad leath-shásta a dhul chuig an scoil ach ag caint air, agus ag ceapadh go mbeidh oíche mhór aca.
+
fág
Bhris sé sin thíos an ceap se'aghainne. Fágann sin nach bhfuil ceap ar bith ar an mbaile anois
TUILLEADH (1) ▼
Ní ghabhfadh sé leis (ag troid). D'fhága sin nach raibh sé indon aige. Dhá gceapadh sé go mbeadh, sé a ghabhfadh, agus go líofa
 
Tá an dílleachta bocht an-fhágha anois, gan duine ná deóraí san teach ach é fhéin. Dheamhan mórán le dhá bhliain déag é cheapfainn
 
Bhí maingíní agus bagáistí aige is chuile áit ar an gcarr, más amuigh ar an bhfáinneóig fhéin é. Tá mé ag ceapadh gur beag a d'fhága sé in a dhiaidh ag an teach chor ar bith agus an chaoi a raibh an carr foirghe.
 
Ní cheapfainn go bhfuil sé ag fáinniú lae fós
 
Dheamhan mórán atá dhá fhálróid ag na caoirigh sin muise, mar nach mórán talúna atá aige th'éis a dhichill le tabhairt le fálróid dóibh. Dheamhan slí do choise de thalamh ar an mbaile sin. Nach bhfuil sé sáinnithe uilig ag mac Bh. Dh. dhó féin. Ach tá mé ag ceapadh go mbíonn cead scuir ag na caoirigh annsin san ngeimhreadh, mar bhíodh san áit seo a bhfuil tú ann fadó.
 
Tá sé fánach ag aonduine a bheith ag ceapadh go bhfuighidh sé an ceann is fhearr uirre siúd. Is beag an baol. Tá sí siúd ro-imearha
 
fóir
Thú ag ceapadh go bhfuil tú in don agamsa! Go bhfoire Mac Dé ort a mhic ó! Níl ná triúr mar thú! = bíodh ciall agad
 
Má's leat a' mhóin a chuir amach leis an asal, caithfe tú ciseannaí a dhéanamh ann, a's ní gan úidh gan óidh sin, a's a liachtaighe caethach a's atá ann. Cheapfainn féin go mb'fhearr a' ghnoithe a dhéanfá leis a' druim imbliadhna go h-áithrid.
 
Cloisim torann cairr. Carraera atá ann, tá mé 'ceapadh = fear a rachadh de ghnáth le móin etc. go dtí áit áithrid eicínt.
 
ceal 1
Is fadó an lá a chuirfinn tosaigh ar na bróga sin, marach cheal gan fad méire de cheap agam, le tada a dheanamh.
 
ceas
Bhí sé chomh dúlaidhe 'san iasc úr, a's gur chuir sé ceas air fhéin leis. Thosuigh sé a' brúchtaoighil in a dhiaidh. Uair annamh, tá mé 'ceapadh a eirighea(nn)s aon-bhreac úr le lucht a' tsléibhe sin.
 
Ní dhéanfa sé cúis na fataí a chur, a's iad a fhágáil annsin, a' ceapadh go bhfásfa siad uatha(b) féin. 'D'orduigh cinnire congnamh a mhic ó'. = caithfidhear freastal a dhéanamh ar na fataí th'éis a gcurtha, iad a lánú, a ghort-ghlanadh etc.
 
Ní raibh smid a' bith aige i dtosach, le coimhightheas tá mé 'ceapadh, ach 'san am ar bhain sé amach, tháinic a' díle cainnte air in éindigh. Dheamhan a leithide de chlaibín muilinn a chuala tú ariamh, igcaitheamh do shaoghail.
 
Tá an oiread coimhighthis aige liom, a's a bheadh aige leis a' té is fuide uaidh sa tír. Dheamhan a' gceapfá go mbeadh gaol a' bith aige liom, a's chomh dorcha a's bhío(nn)s sé liom.
 
Bhí siad a' coinnleoireacht ar an abhainn aréir, a's is beag a' fátall adeirigh leo(b) de bharr na coinnleoireachta cheapfainn.
 
Níl mórán coirpéis' a' bith ag a' teach sin. Tá mé 'ceapadh gurb shin é an fáth a mbreathnuigheann a' ceann chomh sínte air.
 
Nach gceapfá-sa go mbadh olc an chumaoin orm, é 'tosuighe a' díbliú orm mar sin, a's ar chuir mé ann dó, ó thosuigh a chlann ag obair.
 
cora
Dheamhan ceapadh 'bith a bhí agam go mbeannóchadh sé fhéin, dom, a's meastú nar chuir sé carra chainnte orm. 'Sé a bhí subháilceach má b'fhíor dó fhéin.
 
Tá mé 'ceapadh go bhfuil sé an-lúm a' duine bocht, (lom = lúm) arae feicim a chlann ag (d)ul soir cos-nochttha chuig a' scoil le bliadhain.
 
Éan coideáin í sin, cheapfainn, ach go deimhin, tá baladh an fhraoigh ar a' gcuid eile = ta sí sin strainséara, ach ó'n bhfraoch nó ó'n sliabh an dream eile atá in a buil. Is furast' aithinte orra é.
 
Sé'n Colg Céadtach a thagadh ar Chúchulainn. Níor mhaith de dhuine a bheith míoladóireacht in a thimcheall, cheapfainn, nuair a bhuaileadh an reacht sin é (de réir na sean-scéal, thagadh "riastradh" ar Chuchulainn. "Colg céadtach" a thugas na sean-anndúirí air).
 
Dheamhan a' gceapfainn muis, gur ughdar maith í an chéileog sin. Bíonn a' cineál sin an-do-thógtha go deo.
+
baile
Tá mé 'ceapadh gur suas go dtí tighthe bharr a' bhaile a chuaidh sé.
TUILLEADH (1) ▼
Shíl mé nach ndeanfainn de mhoill, ach feadh's mé an ceap a fhaghail, ach chinn orm imtheacht uaithe. Ó deir siad 'nach h-ionann a dhul do'n bhaile mór a's é 'fhágáil.
 
bannaí 1
Dhá mbeadh aon-chuimniú aige, nuair a chuaidh sé imbannaí air, go gcaithfead sé díol a dhéanamh as a dheire, tá mé 'ceapadh nach mbeadh sé leath chomh spleodrach ag ól a bhfuair sé in aisce uaidh an lá sin. Sin é 'an déirce dhá chuid féin do'n amadán' ar chaoi ar bith.
+
A' bhfuil tú 'ceapadh go dtiubhrainn thusa ag obair liom. Is mó a bheitheá sa mbealach orm.
TUILLEADH (2) ▼
Is gearr uaidh anois, cheapfainn. Tá sé ar a mhine-ghéire a' giorrú an bhealaigh. = is beag a' seadh a thiubhras sé anois. Tá sé a' teannadh leis an mbás.
Dá mbeadh mo bhealach do'n bhaile mór, ba bheag a' t-anró orm a' teachtaireacht sin a dhéanamh dhuit, ach tá mé a' ceapadh nach mbeidh.
 
beart
Níl beart dhá thútaighe, ná dhá dhonacht, nach ndéanfadh sé, dhá gceapadh sé go mbeadh balachtáil bheag a' bith a' sroicheadh dhó fhéin.
 
crinn
'Dheamhan ceo feola annseo anois agad, mara gcrinne tú cnámha, a's tá mé 'ceapadh dheamhan mórán solamair fágtha orra(b) sin fhéin.
 
Badh deannachtach na cuaibhtheachaí gaoithe a bhí indé ann. Cheapfainn gur shaothruigh bádóirí é.
+
beo 1
Cheapfainn fhéin ar aon-chor, go mb'fhearr do dhuine beo i dtalamh, ná a bheith ag dul trí mhíle a' deanamh bóthair, ar an aimsir seo.
TUILLEADH (3) ▼
Tá mé 'ceapadh nar bheo thú, mara mbeitheá a' coireamhaint ar dhuine eicínt.
Thug mé 'chuile phighinn beo dhá raibh agam dó. Bhí mé a' ceapadh go mbadh mhó an scéal é ná mé fhéin.
Ní theigheann críostuidhe an bhéil bheo amach 'sna bólaí siúd, mara dteigheadh lucht caorach go díreach, a's tá mé 'ceapadh gur annamh a theighea(nn)s siad sin fhéin, chomh domhain sin faoi shliabh.
 
beo 2
Tá méirín ar a' láimh aige, in áit a ndeacha fleasc isteach i mbeo na h-iongan, a's tá mé 'ceapadh go bhfuil an ionga scoithte aige. Ní fhéadfad sé gan a bheith (féach "méirín", "fleasc").
 
Dheamhan a raibh ann ach beodhchan beag, i dtosach, ach neartuigh sí, go raibh sé in a ghála, a's in a gheal-stoirm as a dheire. Tá mé 'ceapadh go mb'éigean do'n bhádóir a chuaidh siar taca am dinnéir rith cladaigh a thabhairt dó fhéin. Ní dhéanfad sé choidhchin é in éadan na stoirme siúd.
 
Chuala mé an ghoisín roilleach a' bhíodhgaighil istigh i bpoll a' chlaidhe. Tá mé 'ceapadh gur easóg a d'árduigh léithe í.
 
Bollstaic é. Choill mé é, in aois a bhliadhna, mar bhí mé a' ceapadh nach ughdar maith tairbh a bhí ann.
+
Ní raibh ceapadh 'bith fhéin agamsa, go raibh an brochán dóirtighthe, mar bhí siad chomh mór le chéile, le láir bhán a's coca féir.
TUILLEADH (1) ▼
'Sé bhfuil ó chuid de na daoine an saoghal 'fheiceál 'na bhrochán. Tá siad a' ceapadh go n-árdócha beithidhigh.
 
bruach
Tá claise Gharrdha an Chladaigh a' cur thar bruach. Tá mé 'ceapadh gurab é an cúl tsruth a's súighteán a' rabharta, is cionntaighe leis. Is beag a' mhaith a bheith leis a' gclaise chéadna, go ndeantar tóchar ceart amach ar a' dúirling.
 
Nach adhartha an mhaise dhó é, a' ceapadh go dtiubhradh fear ar bith a 'mhachine' in aisce dhó, agus an chruadhóg atá ag chuile dhuine le na cheann fhéin ar an aimsir atá ann.
 
'Sé a d'ól a dhóthain go breagh aréir, ach tá mé 'ceapadh gur fear in aithmhéala é indiu.