Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

cuma (50+)

 
Níl faitíos a bháite air ar chuma ar bith agus an teanntás a níos sé ar an bhfarraige
 
Níl garraí ar an bhfeáin agam nach bhfuil foirghe mar sin. Dheamhan uabhar i dtada ar chuma ar bith, ach i ngiosadáin. Níl ann ach an uair a bhíodh feamainn ghaineamh ag dul idir stucaí go mbíodh an talamh salach. M'anam gur sailighe go fada anois é tharéis nach bhfágtar gionnóid shalachair ann
 
Níl áiriú ar bith ar ar chaith sé d'fhearthainn agus d'fhearagráin le coicís anuas. Duine ar bith a bhí ag obair ar bhóithrí ar chuma ar bith, fuair sé faoi na foraí é
 
Ní feasach do Sheán cáil an mac agus is rí-chuma leis. Cúl le abhras a thugas sé air i gcomhnaí
 
fliche
Tá súil agam nach ngabhfaidh sé chun fliche ar chuma ar bith go mbeidh muide san mbaile
 
fliuch 1
Fliuchfaidh an tuile seo móin aríst, nó móin atá in a gróigeadh ar chuma ar bith
 
Níl d'fhortabháil ortsa ach thú fhéin agus is cuma dhuit cén t-am as seo go maidin a dtiocfaidh tú abhaile, ach tá cúram capaill ormsa, agus ach an oiread le scéal, dheamhan gráinne coirce a thug mé di fós inniu
 
Is cuma leis an mac atá san teach seo é, ach ag imeacht ag pramsáil leis. Dheamhan amharc a fheictear air aon-oíche Dhomhnaigh go mbíonn sé an h-aon a chlog ar maidin, ná an uair sin fhéin scaití
+
Diabhal a leithide de fhrumsóg de bhean a chonnaic tú in do shaol ariamh. Níl luach leithphínne ag cur imní uirre ach damhsaí agus "routáil". Ní san aeríl a chaill sí ar chuma ar bith é
TUILLEADH (1) ▼
Framsóg mná a fuair sé. Ach deir tú léithi ar chuma ar bith a chuaigh i gcois dhá leith ar an gcapall! A dhiabhail nach hí an marcach í!
 
Rinne siad leath-chuma ar an dá shean-díriúch a bhí annsin agus feacha fhéin gur fhreagair Dia orra é dhá fhada dhá ndeachaidh sé. Tá muilte Dé mall, adeir siad, ach mileann siad go mín
 
fág
Bíodh sé buíoch do T. faoin bhféar ar chuma ar bith. Más thíos a fuair sé é is thuas a d'fhága sé é = bhain sé nó chrap sé an féar dó, nó chuir sé caoi cheart air
 
Sin í cúl na bhfáinní ar chuma ar bith
 
féar
Beidh an saol go maith fós ach foighid a bheith againn, adeir sé. Foighid! Fan beó a chapaill agus gheobhaidh tú féar! Níl a fhios aige sin cáil an bhróig ag luighe ar aonduine eile, agus is rí-chuma leis
 
Shíl mé go srianfainn abhaile é, ar chuma eicínt, ach th'éis cupla uair do mo chaidhleadh le báisti(gh), ba mhaith liom agam tigh Bh. N. Mh. Chaith mé cupla uair ann go dtáinic aith-deal aige.
 
Bíonn dubhán alla caile mhineog ar an uisce, uileag sa samhradh, nó ar uisce ar bith nach bhfuil a' rith, ar chuma'r bith.
 
Theigheadh mná ar cúlóig an uair sin (fadó) chomh maith le fir. Bhíodh pillín acab a chuiridís fútha(b) fhéin thiar ar chairthín an chapaill. Cé'n bhrigh go dtosuigheadh an choimhlinnt. An té 'cuirfidhe anuas an uair sin, d'fhéadfá-sa a rádh go mbeadh a shraith ar lár, ar chuma ar bith.
 
ceal 1
Má tá cheal air, ní cheal cainnte é ar chuma 'r bith. = tá neart cainnte aige, bíodh uireasbha 'bith eile air nó na bíodh.
 
Ní fhaca mé do leithide de chiseach ariamh, nach gcuirfeá cuma eicínt ort fhéin uair eicínt, a's gan a bheith ag imtheacht in do shraimleoig i gcomhnuidhe.
 
Mara bhfuil mé amuigh, tá do mharc-sa crínnte agam ar chuma ar bith. Bígí 'fáiráilte' nó sin eirigidh as a' gcloich-phuis! = mara bhfuil do mharc-sa scoithte agam, tá mé chomh fada leis ar aon-chor. Tugaigidh cothrom uaib, nó eirigidh as a' gcaitheamh ar fad.
 
Ní fhaca mise, le mo chuimhne fhéin, ar chuma 'r bith uair chomh coimhightheach seo ann faoi Bhealtaine. Nach sílfeá gurb é dubhluachair na bliadhna é, le farradh a's fearthainn. Tá'n aimsear in a cithréabachaí ar fad, ní ceasacht ar Dhia é.
+
Is cuma liom, é 'dhéanamh ingan fhios nó i gcoimhfhios, ach é dhéanamh = ní miste liom é a dhéanamh ingan-fhios de'n tsaoghal, nó as comhair a' tsaoghail ach é a dhéanamh.
TUILLEADH (1) ▼
Déan a' peacadh ingan fhios ná igcoimhfhios — is cuma eatorra(b) é — ach beidh 'fhios ag Dia é.
 
InDomhnach chaithfeadh sé a bheith coideáin a's chomh gallda a's chomh galánta a's tá a chuid cainnte. Thar conndae isteach é ar chuma ar bith, a's thiocfadh dhó gur thar tír isteach é. Is maith an Béarlóir é M. Ph. Sh. Mh. a's corr-fhocal a bhí sé a thuiscint uaidh.
 
Is diadhachta dhuitse céithireacht ná casacht a bheith ort — duine nar fhága an splainnc (splannc) le seachtmhain. Is maith an chiall ag daoine é, a mb'éigean dóibh a dhul amach faoi dhoininn a's faoi dheállradh le seachtmhain. Tá ceart aca(b) an slaghdán a bheith orra(b) ar chuma 'r bith.
+
baile
Baile gann gortach Bh! Sin é an baile, ar chuma 'r bith, 'mara dtuga tú leat arán an lá a dteigheann tú ann, go mbeidh tú an lá sin, i do throsca'.
TUILLEADH (1) ▼
Is cuma leis siúd céard a dhéanfas teach ná baile, talamh ná tráigh.
 
bannaí 1
Meastú a' mbeidh air díol a dheanamh anois, faoi gur bhris Micil an bannuidhe? Ar ndú (ndóigh) cuirfear cúirt air, idtosach ar chuma ar bith.
 
bannaí 2
Togha tuigheadóra é, dhá nglacadh sé 'ionbhadh ceart, a's bannuidhe a chuir ar na scoilb, a's is cuma leis é, ach rith uirre (i.e. ar a' tuighe).
+
Dhá mbadh fear bóthair a's bealaigh é, ba chuma airgead aige ná uaidh, ní fheicfeadh sé aon an-shógh. Bhí sé chomh maith do'n strainséara nach bhfaca sé ariamh, a's bhí sé do'n chomhursa. A's bhí a shliocht air: tháinic a' saoghal bruigheanach ar a shochraide.
TUILLEADH (1) ▼
'Sé atá ag (dh)ul imbealach a bhasctha anois muise, dhá mbeadh fhios aige é. Ach 'is cuma leis an óige, cá gcuirfe sí a cois'.
 
Ní thiocfa sé gearr sa gcainnt ar chuma'r bith. Nach beathluighthe atá an teanga aige.
+
beart
'Bhfaca tú aon-duine ariamh a' tarraingt fheamuinn' tirm' in a bearta go dtí sin? Ní fhaca mise ar chuma ar bith.
TUILLEADH (3) ▼
Ba diabhaltaidhe an séideán a bhí ann faoi'n mbeart. Tá ceart aige 'anáil a bheith briste ar chuma ar bith, má bhí sé ar a' gcaoi údaidh ar feadh an bhealaigh.
Is cuma liomsa ach a bheith indon mo bheart a tharraingt sa saoghal. A's duine 'bith nach bhfuil indon sin a dhéanamh, ní fear chor a' bith é.
Nach cuma dhó foghluim aige ná uaidh, ó tá sé indon a bheart a tharraingt. A's dar príosta, sé atá.
 
Ara cé'n stró atá orra(b) a theacht treasna an choigéil, má bhíonn snámh ar bith aca(b). A's [nach] bhfuil fhios agad go maith nach gcuirfe siad aon-phóilidhe 'san áit mara mbí snámh aige. Déanfa muinntear an oileáin cúis anois d'uireasbha poitín, ar chuma ar bith.
 
Ba chuma dhuit é, dhá bhféadthá aon-chreachlaois a dhéanamh 'na thimcheall = ba chuma dhuit, dhá gcuirtheá cosamhlacht na h-oibre ort fhéin, a's dhá n-eirigheadh leat foghail a' bith a dhéanamh ar an obair áithrid seo.
+
crinn
Tá sceanna aca(b) siúd chomh géaruighthe a mhic ó, a's go gcrínnidis an cnáimh, ní áirmhighim thú 'sháthadh. Sin iad ar chuma ar bith a chuirea(nn)s 'an faobhar 'un sáithte' ar a gcuid sceanna.
TUILLEADH (1) ▼
Is cuma dhuit, cé'n caillteamas a bheidheas ort faoi, ach ná h-innis ach cnáimh chrínnte na fírinne dhó.
 
Tabhair cráisiléad air! Thuit sé i bhfeoil ar fad le goirid, pé'r bith céard atá sé a chaitheamh atá dhá chur ar a' gcuma siúd.
 
crígh
Thárluigh an Púca leis é, a's chaith sé isteach i gcrích mhóir annsin thiar in íochtar Sh. Ú. é. Badh shin í an 'mharcuigheacht go Gaillimh a's cead siubhal abhaile' ar chuma ar bith. Deir siad go raibh sé míllte gearrtha ar a theacht abhaile dhó.
+
Ní sa gcainnt a chaill sé sin é ar chuma ar bith. Tá'n oiread cainnte aige, a's a chuirfeadh dhá Chrích Mhuire thrídh na chéile.
TUILLEADH (2) ▼
Tá sí curtha ó chrích anois ar chuma 'r bith. InDomhnach chuaidh cuileann gan dóghadh léithe, ní dhá roinnt léithe é!
Chaith sé an tsíorruidheacht ag imtheacht indiaidh a chinn roimhe i Meriocá. Dheamhan fhios agham, cé'n chríoch a bhí air faoi dheire, ach measaim nach hé an deagh-chríoch í, ar chuma 'r bith.
+
beo 1
Ní raibh aon-aithinne beo sa gcoigilt ar maidin, arae níor chuir sib aon-chuma choigilte uirre aréir, ach na fóide a chaitheamh ar a rogha caoi.
TUILLEADH (2) ▼
Ní bheidh tusa chomh beo, scafánta leis go deo, ar chuma'r bith. Is fada uait é.
Má tá aon-deor le faghail in áit a' bith beo, gheobha sé siúd é, nó ní cheal a shaothruighthe é, 'chuma 'r bith.
+
beo 2
Is cuma liom beo nó marbh, tá mé chomh dona sin.
TUILLEADH (1) ▼
Is cuma liom mo bheo nó mo mharbh, mara bhfagha mé réidh an achair ó'n bpian seo.