Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

déarfaidh mé (6)

 
M'anam muise go bhfuil fiannaíocht ar an lá sin anois: an lá ar tháinig sé isteach annseo ag iarraidh an chléibhín. Nach ag iarraidh cléibhíní a fheicimse chuile lá é! Má chuirtear faoi mo mhionna mise san gcúirt, déarfaidh mé nach gcuimním air — agus ní chuímním
 
Is dona an fleascach thú, mara raibh tú indon an Domhnaillín sin a leagan. Déarfaidh mé le t'athair an chéad-uair eile a bhfeicfidh mé é gan aon-arán "bocstaí" a thabhairt duit níos mó! Sin é atá de do choinneál siar
 
Ní chuirfidh mé fiacail ann. Déarfaidh mé amach leat é gan frapa gan taca, tóig orm é nó ná tóig
 
deis
Déarfaidh mé leis é, ach a dteagaidh sé ar mo dheis. Ní bhfuighinn ionnam féin a ionnsuighe faoi láthair. Tá mé faoi chumaoin aige. Ach a gcúitighidh mé an chumaoin sin, beidh mé díreach leis, agus féadfaidh mé mo rogha rud a rádh leis. Beidh a shliocht air: gheobhaidh sé an teanga uaimse, feicfidh tú fhéin air
 
Is gearr goirid go mbrisfidh mise leac an doichill ag an seairsint seo thíos. Buailfidh mé iarraidh ar dhorus an bhearraic agus déarfaidh mé "form dole" a chur amach agam nó troid. Tá mé ag breathnú ar dhaoine agus iad reamhruighthe le dole le trí bliana. Dar mo choinsias ní bheidh mise ar deireadh níos mó ach an oiread le duine
 
drad
Déarfaidh mé suas leis an drad aige é, má bhaineann sé mórán cainte asam = déarfaidh mé lom díreach leis é