→
dligh
dlighe (9)
Bhí sé thoir romhainn ag an D. Mh. Choinnigh sé in a' (ar) seasamh muid. "Cá'il do sholus" adeir sé liomsa. "Cé'n solus" adeirimse. "Nach bhfeiceann tú an lá ann". Agus bhí díogarnach lae ann freisin, arae bhí sé in a lá gheal againn ag S. na bhF. "Níl aon-mhaith in do dhíogarnach lae dhomsa" adeir sé. "'Sé an dlighe é go gcaithfidh soillse a bheith ag daoine ón a leitheid seo de chlog go dtín a leitheid seo de chlog". Dheamhan a fhios agamsa cé'n t-am adubhairt sé. Dá mbeadh ceachtar de'n dream eile ann, leigfidís bealach linn ach thóigfeadh seisean an mháthair a d'oil é, tá sé cho dúrainneach sin. Is beag a bhéas dhá bharr sin aige muis. Dheamhan ceo!
→
dlifear
Cé'n sórt leibideacht sin ort? Má bhí sé dlighmhear aige féin a dhul ins an gcasán nach bhfuil a fhios agad go raibh sé dlighmhear aige a rogha duine a thabhairt ann. Dlighe dhuit féin atá agadsa … Cuirfidh mise mo rogha geall leatsa anois má thugann sé 'un dlighe iad faoi'n a bhacadh go gcaithfidh sé iad. Caithfidh agus caoch a dhuine sin
+
→
dligh
Th'éis (taréis) é a dhligheachtáil féin dó is mó dhá fhonn a bhí uirre a shéanadh go bhfuair sí chor ar bith é. Bíodh a fhios agad muise go bhfuil an phrioc siúd sáthach ábalta le sin fhéin a dhéanamh. Ach ba dual di sin arsa tusa. Nach ag dlighe faoi fhiacha a chaith a h-athair a shaoghal
TUILLEADH (1) ▼
Deir siad (deirtear) gur mór a dligheadh dóibh ó'n údhachta nach bhfuair siad chor ar bith. Dar ndóigh má's cúrsaí de'n tsórt sin é, 'séard a bhí aca a dhéanamh dlighe a fháisceadh ar an dream thall aríst agus é a bhaint amach as a gcreatalaigh. Nach deacair le na diabhail scaradh leis. Ghreamuigh an tsaint dóibh i bhfus agus thall — ghreamuigh sin
+
Íoc do chuid dlighteanais agus ná bí ag tuilleamaidhe le aonduine — le siopa, le póilí, le fear próiseannaí ná eile. Sin é adéarfainnse. Dheamhan duine a bhfaca mise tóir ar an dlighe ariamh aige, nach bhfuair a dhóthain dhó (dhe) ins an deire. Tá a dhonacht féin ins an dlighe i gcomhnuí
TUILLEADH (1) ▼
Ná bac le dlighteanais. Níor íoc an cneamhaire sin aon-cheo i gcaitheamh an tsaoil ariamh. Bheadh sé ag gealladh i gcomhnuí, agus ag iascach leis mar sin, nó go mbeitheá cho meathta ins an deire aige agus go maithfeá dhó é. Chonnaic mé S. Mh. ag dul 'un dlighe leis faoi luach cairr. M'anam-sa ó'n diabhal gur chaith sé S. pér'bí cé'n bealach a rinne dhó é. Chaith mo choinsias. Dheamhan comhaireamh na sop a fuair S. th'éis go dtug sé go seisiún é. An breitheamh a bhí bríbeáilte aige nó caoi eicínt. Ara bhí an-toidheacht i láthair ann agus níl aonduine beo nach mionnóchadh gurb í an fhírinne a bheadh aige an uair a thosóchadh sé ag ceartú dhuit.
Tá sé cho dúrainneach le aon-chríostuidhe dhá bhfaca mise ariamh. Má theigheann beithidheach thar claidhe isteach ar a chuid, is olc an peata é. Diabhal níos measa. Bhí diabhlánach de bhó bhradach agam annseo uair. Le M. Ph. Uí Dh. a dhíol mé í, agus mé reicthe aice ag dul imbradghail. Bhí an-tseasamh ag a raibh ar an mbaile léithe. Níl lá ar bith nach dteigheadh sí ar dhuine eicínt, agus ba mhinic a rinne sí foghail freisin. Ach le 'chuile chamánaí ar chuma ar bith, ní dheacha sí air-sean ach lá amháin. Bhí maol-bhearna leagtha igclaidhe Gharrdha an tSléibhe an áit a raibh siad ag cur isteach coirce as an lá roimhe sin, agus ní mórán tóigeál (tógáil) a thug siad uirre. Casadh an bhó ann ar chaoi ar bith. Níor léithe ab fhaillighe é 'ar ndú'. Isteach léithe ar an gcoinnleach, áit nach bhféadfadh sí mórán millteanais a dhéanamh. Ní raibh sí chúig nóiméad ann an uair a rug sé uirre. Rinne sé a sheacht míle dicheall í a bhascadh, ach bhí sí siúd í féin sáthach aigeanta. Anuas leis annseo in a theine bhruithte ag fuagairt foghlach agus dlighe orm féin de ghort an gharta. 'Sé a thug fúm. D'éist mé féin. 'Ar ndú' mar adeir an fear fadó bíodh an chluais bhodhar ag fear na foghlach. Agus bhí na seacht ndiabhail ar an mbó. Ach in a dhiaidh sin agus uiliog scáth ar mhill sí airsean, bhí aige a leigean thairis. B'fheasach dó go raibh fúm a díol ar aon-nós, ach a bhfaghainn an té a thóigfeadh uaim í. Ach tá sé cho dúrainneach sin agus go gcaithfeadh sé an ailp sin a bhaint asam faoi gur tanguigheadh (teangmhuigheadh) chor ar bith leis féin
Chuala mé an t-údar sagairt seo atá ag P. ag innseacht scéil oíche a raibh sé ibhfus againn anuiridh: beirt dearbhráthar a bhí ag troid faoi thalamh a d'fhága a n-athair aca. Ní raibh duine aca sásta leis an méid a d'eirigh leis féin dó, agus thug sé an ceann eile 'un dlighe ag iarraidh tuilleadh a bhaint dó. Diabhal easna de'n bhreitheamh, nó de'n ghiúistís, nó hébrí céard a bhí ann, nach nglaodhann amach air — agus orra uiliog — go bhfeicidís an talamh. "Tá tú ag rádh" adeir an breitheamh "go bhfuil sé ag déanamh leath-chuma ort. Roínn anois é mar is áil leat féin. Roínn "faireáilte" é — in a dhá leith druimscoilte". Roínn. "Bíodh breith agus dá roghain agadsa anois ar do rogha leithe" adeir sé leis an gceann eile. Meas tusa nach raibh an fear sin díreach?
→
dúshlán
Ní bhíonn mórán de bharr an dubhshláin scaithtí ach mailí gearrtha agus dlighe agus clampar. 'Séard ab fhearr do dhuine a bhealach a dhéanamh, agus gan áird a thabhairt ar leath dá gcuirfidh araoid air. Ba é an chaoi ba suaímnighe é ins an deireadh