Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

drisiúir (7)

 
dairt
Deir tú leis a chaith curraintín istigh annseo indiu. Níor tharraing sé anuas agam faoin mbealadh díreach ach bhí sé ag baint dairteachaí aige. Dhá gcloistheá an chaoi a raibh sé ag teacht timcheall ar an scéal. "Leag mé bosca bealadh a bhí le 'chur ar an gcarr indiu isteach ar chorr an drisiúir aréir. Níor fhága mé míor-meacan de'n teach gan chuartú ar maidin agus chinn orm é a fháil. Dubhairt B. nachar chorruigh sí féin é. Agus níor goideadh é mar 'sé sin an fáth ní raibh aon-duine istigh ó mhaidin ach tusa agus M. agus níor ghoid ceachtar agaibhse é." Tá aimhreas aige orainn, ach ní abróchadh sé in a dheidh sin é. Fágfaidh mé thíos anois aige é ins an oíche ambáireach. Leagfaidh mé ins an áit chéadna ar chorr an drisiúir é agus mé ag imeacht ó chuairt.
 
deil 1
Ara dheamhan blas ón deil amach nach bhfuil duine eicínt dhá bhfuil annsin indon a dhéanta. Breathnuigh ar na cuinneógaí agus ar na drisiúir atá aca
 
drad
An bhfeiceann tú an ghloine mhór sin thuas ar íochtar an drisiúir. 'Sí a leath-cheann sin a bhí aige, agus chuir sé go drad dom í trí h-uaire. Nach beag an dochar dhom a bheith súgach féin?
+
Leag ar bharr an drisiúir é
TUILLEADH (1) ▼
Leag isteach in íochtar an drisiúir é = an chuid íochtair (a mbíonn doirse air) de'n drisiúr
 
droim
Cuir druim na cathaoireach le doras an drisiúir sin, ó tá an builtín briste. Mara gcuiridh beidh sé in a bhéal in áirde ag cuit ar feadh na h-oíche
 
dúid
Is maith a chuaidh muid as nach raibh muid ar fad sáithte aige. Rug sé ar an scian agus chuir sé go file dúda 'san mbord í. Tharraing sé aríst í agus chuir sé go file dúda igclár an drisiúir í. Bhí mo chroidhe in mo bhéal. Shíl mé gurb é an chéad rud eile a dhéanfadh sé a cur go feirc ionam féin, mar ba mé ba ghoire dhó