Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

díoga (7)

+
díog
Dheamhan an dóichide cleas dó ná tuitim sa díoga
TUILLEADH (5) ▼
Tá díoga mhór chois an bhóthair ann
Ag déanamh díoga atá sé indiu
Scóth sí an mhóta agus an díoga len a ais. Nar bh'ait an léim í sin do chapall
Chuir sé an carr isteach sa díoga cois an bhóthair. Ba mhaith an t-ádh a bhí air nar mharbhuigh sé é féin agus gach's a raibh sa gcarr aige
Tá claise annsiúd thuas agam agus tá sí in a díoga = clais an-bhog, uisceamhail
 
droim
Chuaidh an lorry druim ar ais ins an díoga ach má chuaidh féin, níor eirigh faocha d'aon-duine dhá raibh ann míle buidheachas le Dia. Bhí Dia in a bhfabhar. 'SÉ a thug slán iad