Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

dúnárus (10)

+
'Sé an dúnárus a rinne sé uirre = bhí sí cho h-aisteach, cho dorcha, cho rúnmhar, cho neamh-choidreamhach le daoine eile, agus nach raibh a fhios ag aon-duine céard ba chor dá cúrsaí, nó go raibh an mhísc déanta. Dhá leigeadh sí a rún nó fios a gnaithí le duine eicínt roimhe sin, cho dóighide agus atá an Cháisc ar an Domhnach, bheadh an té sin nó daoine eile indon fóirithín a dhéanamh uirre
TUILLEADH (9) ▼
'Sé an dúnárus a d'fhága ins an talamh í = níor innis sí d'aonduine go raibh cheal ar bith uirre, nó gur fritheadh amach é agus í básuighthe. Dhá n-innsigheadh chuideochadh duine eicínt léithe, nó thiubharfadh sé comhairle di
An aistighil agus an dúnárus a mharbhuigh é sin ariamh. An bhfaca tú sochraide a mháthar. Ní raibh triúr as a bhaile féin ann th'éis í a bheith istigh in a gceartlár. Dheamhan a leigfeadh an scáth dóib an teach a thaobhachtáil aige, agus gan a fhios aca nach hé a n-ordú amach aríst a dhéanfadh sé. Níl droch-mhúineadh ar bith ann, ach ní beag dó a dhonacht, in a dheidh sin
Is beag a chuirfeas an dúnárus sin ann dóibh muis. Dhá mbeidís breagh pléascánta mar bheadh daoine, agus fhios a ngnaithí a leigean leat, diabhal mé gur h-iomdha duine a mbeadh gnaoi aige orra, agus a thiubharfadh congnamh dóib. Ach ar an mbealach atá leo, dheamhan fios a bheadh agad an raibh agad beannú dóib ar an mbóithrín, ar fhaitíos nach mbeannóchaidís duit
Tá an scoth óg ar an dúnárus céanna a raibh na sean-daoine. Feacha T. sin, agus an choduidheacht a bhíos air. Ag imeacht in a shúmaire i gcomhnuí. Bheadh sé ag dul síos G. bog te ambáireach, agus dhá bhfiafruightheá dhó (dhe) é in a dheidh sin, déarfadh sé nach rabh a fhios aige. Is maith a chruthochthá deirimse leat, le tada a bhaint as sin
Go bhfoiridh Mac Dé ar do cheann a mhic ó — go n-innseochadh sí sin tada dhuit. Ní innseochadh ná aonduine dhá dream. Bhí an doithcheall agus an dúnárus go smior ionnta
Tá sí cuibhrighthe istigh ins an mbráicín údan anois agus gan mac an aoin bheo dhá taobhachtáil ó Luan go Satharn. Ach is beag an mhaith d'aonduine í a thaobhachtáil. Tá an oiread de'n dúnárus innte, agus nach n-innseochadh sí dhuit é, dhá mbeadh cruadhóg an tsagairt uirre. Mara bhfuil ag Dia sin é an chaoi a mbeidh sí maidin eicínt: básuighthe gan ola gan aithrighe
Is beag an dúnárus a bhéas air deirimse leat ag leagan a bhúrla nútaí (nótaí) isteach thíos ins an mbeainc. 'Sé an cainteoir é annsin. Agus mara bhfuil teanga bhlasta Bhéarla aige castar leis é. Bhí mé ag éisteacht leis lá a raibh mé ag íoc cíosa ann. Is fada go rabh a fhios agam gurb é a bhí ann chor ar bith. Uair annamh a chloisfeá a ghlór annseo.
Chonnaic mise iad sin roimhe seo agus gan gráinne plúir in a dteach. Bhí "Committee" dhá leigean amach an t-am céadna. Le teann dúnáruis ní chuirfidís isteach air: gurb é N. Th. a mb'éigin dó a dhul suas, agus a dhul isteach ar an urlár aca idir chlár agus chuinneog, gur chuir sé faoi ndeara dóib a dhul siar agus a gcuid mine a fháil. Is túisce a chaillfí istigh ins an teach iad fhéin ná a chorróchaidís … Móiréis mo chreach! Ní móiréis ar bith a bhí orra, ach dúnárus agus coimhthigheas — an rud atá ionnta go fairsing anois agus an uair sin
Bhí an teach uiliog buailte síos leis an bhfiabhras, agus le teann dúnáruis níor innis siad d'aonduine é. 'Sé M. B. faoi dheire a bhrath nach raibh cor ná car istigh, agus chuaidh sé ag an dorus agus thosuigh sé dhá rúscadh. Ní innseochaidís dó an uair sin féin é. Meas tusa nach raibh an coimhthigheas agus an dúnárus ag siubhal leo sin! Chuaidh M. B. siar agus d'fhuagair sé do phóilíos é. Tháinig na póilíos agus an dochtúr annsin, agus h-árduigheadh isteach chuig an aspuicil iad. Marach sin, bíodh a fhios agad, dheamhan deóruidhe aca a bheadh ins an gcomhaireamh ceann. D'fhanfaidís annsiúd go dteigheadh sé in ainsil orra, agus nar b'fhéidir a dtabhairt as. Tá an dream sin aisteach, ní dhá roint leo é