Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

feacadh (37)

 
cleite
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh, ach breith ar Sheán Mh., idir chorp, chleite agus sciathán, a's é 'leagan istigh sa gcarr.
 
beann
Is geall le binn shléibhe é, ní bhainfeá filleadh ná feacadh as dá mbeadh gró agad in' éadan.
 
Ní dhearna sí filleadh ná feacadh ach seál a bhuaileadh aniar ar a brághaid, a's bóthar abhaile a thabhairt di fhéin. Ó'n lá sin go dtí an lá seo, níor thaobhuigh sí an teach aige, ach sa mbaile abuil a h-athair a's a máthair.
 
Ní dhearna sé, filleadh ná feacadh ach breith air, a's é 'bhualadh anuas faoi'n talamh.
 
buail
Bhuail tuirse mé árd-trathnóna, a's dheamhan filleadh ná feacadh a bhí goir agham a dheanamh aige.
 
Bhí sé in a bhúilleach ag a' gcloich, ag iarraidh í 'chur isteach sa gclaidhe, a's dá mbeadh sé léithe ó shoin, ní bhainfead sé filleadh ná feacadh aisti, go dtáinic congnamh.
 
amach
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh, ach a íoc amach as láimh = ní dheacha sé anonn ná anall leis, ach é íoc ar a' toirt boise
 
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach a dhul glan-ascartha amach as a' gcurra(igh) ar a' gcarraig, agus fanacht annsin, go dteagadh cabhair.
 
Ní raibh goir agam filleadh ná feacadh a dhéanamh ag na fir mhóra ascartha a bhí fúm a's tarm.
 
feac 2
Ní féidir filleadh ná feacadh a bhaint as; ní fhéadaim filleadh ná feacadh ag mo dhruím etc. (fc. fill)
 
Dheamhan filleadh ná feacadh a rinne J. ach a raibh d'airgead ar an gclár a fhastú, agus leigean leis fhéin amach. D'fhága sé an dream istigh gan pínn gan bonn
 
Níl filleadh ná feacadh ionnam, ó shníomh mé mo dhruim ag iomchur málaí = níl mé indon mé fhéin a lúbadh etc.
+
fill
Ní fhéadaim filleadh ná feacadh ag mo dhruim = díriú ná cromadh; corraí chor ar bith
TUILLEADH (13) ▼
Níl filleadh ná feacadh ionam (agam) ó bhuail an phian seo san gceathrú mé = níl aon-chor ionam
A, tá mé gan filleadh ná feacadh le seachtain ag rúitín atá agam. Breathnuigh uirre sin (cois)! Nach bhfeiceann tú in a spól í
Tá faitíos orm go mbeidh mé scathamh eile muise gan filleadh gan feacadh. Tá lot dainnséarach orm
Tá sé gan filleadh gan feacadh anois le ráithe mór fada, ach léar (de réir) mar a iontóchas san leabaidh é
Ní raibh sé indon filleadh ná feacadh a bhaint as an gcloich = a corraí chor ar bith
Chaith mé uair leis an nglas sin aréir agus go deimhin má chaith féin níor bhain mé filleadh ná feacadh as. Is suarach an t-íonadh: cheal a choinneál acluithe
Rug an bheirt isteach ar a chéile, ach dhá mbeadh sé ag dul do Phádraig go deó dearg na díle, ní bhainfeadh sé filleadh ná feacadh as = cor ná car
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach a dhul anonn go dtí é agus a bhualadh ar an smaois = ní dhearna sé braiteóireacht ar bith; rinne sé maolabhrach é; rinne sé é gan stánadh ar bith
Ní dheárna J. Mór filleadh ná feacadh ach a theacht aníos ón teine agus an píosa dhá scilling a leag sé ar bhord an tsagairt a thógáil dhó aríst. "Bíodh agad, a shagairt" adeir sé. Mara nglaca tú dhá scilling, glacfaidh mé féin iad. Ach ní bhfuighidh tú aon-leathchoróin ar chuma ar bith
Ní dheárna sé filleadh ná feacadh ach fáisceadh ar a chapall agus isteach Gaillimh, nó gur tharraing sé "summonsachaí"
Feicfidh tú féin air anois nach ndéanfaidh sé filleadh ná feacadh go dteighe sé cho fada leis an deartháir agus go gceaduighe sé é. Sin é a níos sé i gcomhnaí
Bhain sé as gan filleadh gan feacadh go ndeachaidh sé go bearaic, agus go dtug sé anoir na póilíos. Marach sin 'ar ndú' d'fhuaródh an scéal ar an toirt. Ach ní raibh an ceann céanna ariamh gan a dhá dhíol luadair a bheith faoi
Ara ní dhéanfá aon-chodladh in éineacht leis. Bíonn sé ag filleadh agus ag feacadh i gcomhnaí
 
Dúirt S. rud eicínt leis, agus ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach a dhul dhá fhuasaoid air (ar Sh.) leis an sagart. Sílim nach aon-bharr-shásamh a fuair sé ón sagart. Tháinig sé abhaile sách bréan dó fhéin ar chaoi ar bith
 
abair
Abair: "cearc uisce i bpoll uisce agus í slubarnaighil slabarnaighil. Cé a déarfadh naoi n-uaire é gan filleadh gan feacadh" (Abair naoi n-uaire é gan t'anáil a thabhairt leat!)
 
danra
Sin é an fear is dan(d)ra a chonnaic mise i gcaitheamh an tsaoghail ariamh. Bhíomar thíos annsin oíche — mé féin agus S. — agus muid ag ól. Tháinig seisean ann. Gludhadh (glaodhadh) deoch agus deoch agus deoch eile, nó go raibh an triúr againn sáthach tomhaiste. Bhí sé domhain go leor ins an oíche an tráth sin, agus barr ar an diabhal mara raibh na F. bheaga bhreaca sin ag cur achrainn orainn. Brat aca ann agus gan aghainne ach an triúr againn féin. D'iarr muid míle uair air a theacht abhaile. Bhí muid ag tuinneamh agus ag athchuinge air a thoidheacht linn, ach dheamhan filleadh ná feacadh a d'fhéadfadh muid a bhaint as, ach in a sheasamh annsin chois an chuntair ag buachailleacht a phionta. Ba é an diabhal ba dan(d)ra é a chonnaic mé ó rugadh mé
 
diaidh
Chinn air aon-deoch a fháil in aon-teach ins an tsráid ag teacht anoir dó, arae bhí na póilíos amuigh ins an áirdeall orra. Tháinic sé abhaile agus chuir sé na buinn le teine. Ba ghearr go dtáinic M. Bh. isteach agus d'innis sé dhó faoi'n gcaoi ar chinn air aon-deoch a fháil. "'Chuile sheans go bhfuil siad ag leigean isteach daoine faoi seo" adeir M. Bh. "ní mhaireann an daol sin ach tamall." Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach an dá bhróig a shacadh air féin agus a dhul soir aríst de mhaol a mhainge. Ina dheidh sin féin nach diabhaltaí an cathú a bhí air sin
 
drad
Bhí tigh Sh. líonta go drad. Ní fhéadfá filleadh ná feacadh a dhéanamh ann. Is dóigh gur dhíol sé an domhan bráthach óil indiu. Bhí an-mhathsluagh ann
+
déan 1
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach siubhal anonn aige agus a bhualadh
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach eirghe agus a dhul abhaile (fc. filleadh, feacadh)
 
Dheamhan filleadh ná feacadh a rinne sé ach breith ar an gclaimhe agus an Fathach Mór a dhícheannadh. Thug an ceann trí léim th'éis an corp a fhágáil dó …
 
Is beag an díogarnach lae atá ann anois, ó a theigheas an bus thart. 'Sé'n áit ar scoth sé muid an oíche faoi dheire ag ceann i bhfus na D. M., agus bhí sé in a n-oíche dhubh orainn ins an mbaile, th'éis nach rinne (ndearna) muid filleadh ná feacadh ach a theacht díreach. Is furasta cur ag an lá an tráth seo 'bhliadhain. Faoi cheann míosa eile — 'seadh agus cuid is lugha ná sin — beidh sé in a oíche ar an mbus ag an S.
 
dóigh 1
Bhí dóigh agus an-dóigh oibrighthe aca leis an "mótar", ach cor ná car ní raibh siad indon a bhaint as nó go dtáinic mac D. Ní dheárna sé filleadh ná feacadh ach é a oscailt, breith ar "wirín" beag, lúbadh a bhaint as, agus deirimse leatsa narbh é an t-achar ab fhuide go raibh sí ag giúnaighil (geonaighil). Námhaid í an cheird gan a foghluim in a dheidh sin
 
D'imthigh sí as dúthruach eicínt a bhuail í, agus dheamhan comhnuighe a rinne sí nó gur sheas sí thiar ar shráid Sh. Mhac C. i mB. — an fear ar cheannuigh sé uaidh í. Ní hé Fáilte na Gé "ó'n bhféar go dtí an t-uisce" a bhí aige sin roimpe. B'fhearr leis ball ar bith in a shráid ar maidin ná í de bharr an chaoi a raibh sí ag dul ó laogh air féin roimhe sin. Dheamhan filleadh ná feacadh a rinne sé ach a tiomáilt (tiomáint) aniar ar ais aríst gur fhága sé istigh ins an tsráid ag M. B. í timpeall agus an ceathair a chlog an lá sin. Hébrí (pé'r bith) cé'n dúthruach a bhí uirre ag dul siar chuir sé siúd a dhá oiread dúthruach uirre aniar