Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

gáire (50+)

+
fios
B'fhearr dhuit ná fios do shaoil a bheith ag breathnú air, agus na goiceannaí a bhí sé a chur air fhéin. Dhá mbeadh gan a bheith agad ach an t-aon-gháire, chaithfeá a dhéanamh faoi. Buachaill báire é
TUILLEADH (1) ▼
Is dream iad sin nach raibh fios a mbealaigh ariamh aca: ag sciotráil gháirí faoin gcorp. Is deas an chaoi é sin
 
focal
Deir tú leis an lá faoi dheireadh a thosuigh ag tabhairt cor na bhfocal don mháistir. Nach mór an éisteacht a bhí ag an máistir leis, nar thosuigh dhá ghriosáil. Dheamhan griosáil muis. Sén chaoi ar thosuigh sé ag gáirí
 
Leig de do chuid bollamántacht' anois, a's ná bíodh na daoine a' gáirí fút.
+
buail
Tá sí buailte. Sin é anois an gáire mór a rinne sí anuiridh.
TUILLEADH (2) ▼
Caoinfe sí anois, má tá sí buailte, ach deir siad, 'nuair a bhíos an gáire dhá dhéanamh, go mbíonn a' caoineadh dhá bhreith'.
Má bhuaileann falrach gháire é, beidh 'chaon scairt aige aríst go h-am suipéir.
 
Tá mé faoi árd-chíos le seacht mbliadhna ag Ridire an Gháire Dhuibh.
 
Bhuail falrach goil, gáire, casacht, plúchadh, cainte agus rl. é = nuair a bheadh falrach ar dhuine, ní go maith a thiocfadh a chuid cainte leis le teann goil agus rl.
 
Ba bheag an fiod-gháire a dhéanfadh sé dhá leathn(uigh)thí dorna maith cruadh ar chnáimh a ghéill. Mise i mbannaí go gcuirfeadh sin ó fhiod-gháire é. Bhí scathamh agus dhéanfadh na daoine sin fhéin leis, ach níl muid in don anois
 
fonn
Dá mbeitheá cho beag-fhonn (cho beag a fhonn?) agus atá mise, ní mórán gáire a bheadh agad
+
Tuige an flith-gháire? An síleann tú gur dóigh mhagaidh mise? Má shíleann muis tá mearúl ort
TUILLEADH (4) ▼
Dheamhan iadhadh a tháinig air ach ag flith-gháire. Dar leat fhéin gur ag iarraidh a bheith ag magadh fút a bheadh sé. 'Ar ndó' bheadh dhá bhféadadh
Nach diabhlaí an frith-gháire a bhíos ort i gcomhnaí thar dhuine ar bith. Béidh a shliocht ort: brisfidh duine eicínt an smaois agad dhá fhad go dtí é
D'aithneóinn go maith air agus an fonn frith-gháire a bhí air, nach raibh sé ach ag séideadh fúinn. Sin é a bhéas sin. Mar dhóigh dhe gur leath-cheanna 'chuile dhuine len a ais fhéin! Ba bheag an frith-gháire a dhéanfadh sé muis an oíche ar ionnsaigh S. Gh. é. Bhí rud thar gháire ar a aire an oíche sin!
Bíonn sí ag frith-gháire mar sin i gcomhnaí. Is mór an slacht léithi é, dar léithi fhéin. Cén dochar? Ní bhaineann sí duinn
 
Má bhí mise ag gáire ní ó mo chroí é. Ba deacair dhom, agus mo chroí cho dubh le gual ceártan. Daimhsíthear port le fonn, agus port le mí-fhonn 'ar ndú'
+
Cheal nar bhrath tú é ag siod-gháire fút. Is orm a bhí an fonn leigean chuige, ach dhá n-abróinn tada, bhí faitíos orm go ndéarfainn an iomarca, agus b'fhearr éisteacht leis.
TUILLEADH (1) ▼
Tá tú ag siod-gháire annsin ar feadh na hoíche agus gan a fhios san diabhal cén fáth. Má tá údar gáire agad, déan gáire breá slachtar mar a dhéanfadh fear, thar a's an sciotaíl bhradach sin
+
fríd 2
Bíonn fríd an gháire inte i gcomhnaí
TUILLEADH (1) ▼
Ní bhrathfainn é, marach go bhfaca mé fríd an gháire ag teacht ionadsa
 
Bhí leathtroma sna cléibh ar an asal, agus d'iarr mé air an leathchliabh thoir a fhuilint nó go ndírínn an cliabh eile, agus sin a thomhais ort céard a rinne sé: reacht gáire a chuir as fhéin, agus imeacht leis
+
fáth
Céard é fáth do gháire (do ghoil, do chuid troda, do bhróin, do bhuartha, do ghlaoch, do chuid nathaíochta, do mheanma, do ghlionndair etc.) = cén fáth gáire atá agad (fúmsa etc.)
TUILLEADH (1) ▼
Cén fáth do gháire, a chailleach (níl an t-alt annseo faoi dhó, mar shílfí idtosach .i. cén fáth go bhfuil tú ag gáire)
 
dairt
Bheadh an scéal ceart go leor dá mbeithí taobh le dairteachaí a chaitheamh, ach seachain nar caitheadh clocha freisin. Ní thrustfainn A. Ní miste leis sin ins an gcatmara é, ach duine eicínt a dhonú. Streille gáire a chuirfeas sé air fhéin annsin. Is olc na gnaithí atá ar dhream ar bith a thiocfas i gcleitheamhnas a dhul ag déanamh spóirt ins an áit a mbeidh sé sin
 
dall 2
Ba dall an mhaise dom é ina dheidh sin nachar thug mé faoi deara ariamh nach raibh sé ach ag séideadh fúm. Dheamhan é muis, nó gur tháinic falrach gáirí air
 
Muna mbeadh ar Sh. Mh. fadó ach léas ar a mhéir, d'fhanfadh sé istigh. Níor facthas a leithide ariamh le aire air fhéin. Dhá bhfiosr(uighth)eá de Sh. annsin céard a bhí air, ní thiubharfadh sé de thoradh ort i gcomhnuí ach "a mhic ó mo chroidhe thú, caithfidh mé deachma na sláinte a íoc". Ní innseochadh sé go bráth duit, céard a bheadh air. Ach ba deacair dó, arae ní bhíodh ceo na frighde air leath na gcuarta, nach (ach) nach dtiubharfadh sé an áit amach air féin ar bhás an domhain, dhá mbeadh gaimh ar bith ins an uair. Spriosáinín beag dona a bhí ann. Shéidfeá de do bhois é go dtí an Domhan Thoir. Bhíodh spideog air an lá ba bhreácha ins an mbliain … Ní bhíodh de leath-rann againn féin annsin in áit ar bith dá mbíodh sé ach "a Sh. caithfear deachma na sláinte a íoc." Is maith is cuímneach liom an oíche ar tórradh é. Tá sé suas le cupla scór blianta go maith. Bhí mé féin agus bulc de na scurachaí isteach in éindigh le P. Mh. a bhí annseo thuas ann. Chuaidh muid ar a' nglúine go gcuireadh muid faoi bhrigh na guidhe é. Níor dhubhairt P. urnaighe ar bith — go ndéanaidh Dia grásta ar an mbeirt agus ar na mairbh ar fad. 'Sé'n chaoi a raibh P. ag breathnú isteach air as cíonn cláir agus é ag rádh: "tá deachma na sláinte íoctha agad faoi dheire, a ghiolla sin. Ba cheart go bhfaightheá luch pine (luck-penny) maith anois, agus cho fada agus a chaith tú dhá íoc." Ní raibh aonduine ins an teach nach raibh falrach gáirí air. Cuímneochaidh mé air go dteighidh na h-órdógaí orm. Dar fiadh cuímneochad
 
Sin é deireadh a chuid gáirí muis: beidh ceol thar phíobaireacht aige feasta in a h-aice siúd
 
Cuirim faoi dhraoidheacht agus faoi mhór-dhiomdha na bliana thú gan an dárna béilí a ithe ar aon-bhord ná an dárna h-oíche a chodladh ar aon-leabaidh go bhfagha tú amach domsa cé'n fáth nach ndearna Ridire an Gháire Dhuibh aon-gháire le seacht mbliana ( … go dtugaidh tú chugam an Each Chaol Donn, an Claidheamh Soluis agus rl.) = gnáth-sheoruidhe i sean-scéalta le tuairisc a thabhairt ar chur na ngeasa
+
Is diabhlaí drad-gháireach atá cuid de na daoine. Ní mórán drad-gháirí muise ab ait leo a dhéanamh fútha féin. 'Sé an té is lugha acmhuinn é féin, an té is mó a mbíonn fonn air suidhe imbun duine eile!
TUILLEADH (2) ▼
Ní geal-gháireach atá sí ach drad-gháireach. Sin é an gáire gangaideach a dhéanfas sí sin. Bheadh gáirí maith aice faoi do bhris
Ní fhaca mé é ag déanamh gáire croidheamhail ariamh ach drad-gháireach mar sin. Shílfeá gur faoi dhuine eicínt eile a bhíos sé ag gáirí i gcomhnaí. Níl goir ag duine breathnú cam air féin nach bhfuil sé in a choileachín
+
Leig de do chuid drad-gháirí fúmsa anois, nó leathnóchaidh mé dorna ar an smaois agad gan mórán achair. An síleann tú nach ndéanfainn é?
TUILLEADH (5) ▼
Sin é an gáirí leis an olc muis, an drad-gháirí a dhéanfas sé sin. Ti hí! Nach hé an sionnach i gcraiceann na caorach é!
Thosuigh sé ag drad-gháirí faoi J. agus 'ar ndú' mo léan spréach sé sin, agus bhí sé ar thob a dhul dhá mheilt, nuair cé a shiubhailfeadh isteach ach an sagart. Sin é a tháinig ar uair na h-athchuinge ar chaoi ar bith!
Is gránna an bealach do chailín óg mar í straois a bheith uirre mar siúd i gcomhnaí ag drad-gháirí. Dhá mbadh é an duine ba mheasa leat ariamh a bheadh ann, sin é an chaoi a mbeadh sí. Ba deas a thiocfadh masc (mask) di
Ná tabhair d'fhaisean duit féin mar sin a phutacháin a bheith ag drad-gháire nó greamóchaidh sé dhuit! Dhá bhfeictheá tú féin anois. Go deimhin agus go dearbhtha is breagh dathamhail í do cheannaghaidh!
Bhí tú ag drad-gháirí ar baillín, agus anois tá tú ag smutaireacht chaoineacháin. Níl a fhios agam féin cé'n scéal é
 
Bíonn dranndal an gháire ar an ógánach sin i gcomhnuí. Ba chóra dhó go mór muise a dhul ag magadh faoi'n athair. Dheamhan údar gáire ins an tír go dtí é, agus a "mhusteaisín" bheag scáinte mar bheadh ribeadhachaí luchan ann, agus béilín mar bheadh ar pháiste, agus dhá spáigín. Ach níl caint ar bith air sin, fhad agus a fhaghas sé amadán len éisteacht leis ag baint fogha agus easbaidh as daoine eile. D'fheicfeá féin air, go n-innseochainnse dhó cé hé díol an mhagaidh dhá gcuireadh sé aon-araoid orm, ach ní chuirfidh.
+
An bhfeiceann tú an drantaireacht de gháire atá ar an leiciméara. Ubhall a leise a bhí a chur as a áit le snaoim (snaidhm)
TUILLEADH (1) ▼
Diabhal bean dhá bhfeiceadh é siúd ag drantaireacht gháirí léithe nach ngreadfadh 'sna fáscaí uaidh. Tuige nach ngreadfadh. Nach sílfeadh sí gurb é ithe an mhadaidh a bheadh sé ag dul a thabhairt uirre. Go deimhin ní mheallfaidh sé bean len a gháirí choidhchin ar chaoi ar bith
+
Rinne sé drantán de gháire = strainc nó cáir, nó an drandal a nochtadh go flith-mhagamhail
TUILLEADH (4) ▼
Ní lughar liom an diabhal ná an drántán de gháire siúd atá aige. Sin é féin an gáire gann gortach gangaideach
Bhí drandal an mhagaidh ar an mbitheamhnach agus é ag drántán gáirí fúm. Ní mórán a ghoill mo bhris air ar aon-nós. Ach dhéanfadh muintir an bhaile sin gáire leis an olc go maith. An bhfuil dream ar bith is measa croidhe ná iad
Tá gáire aige mar a bheadh drantán madaidh ann = drannadh madaidh; madadh ag nochtú a dhrandail
Ná bí ag déanamh madaidh dhíot féin ag drántán gháire mar sin. Má tá gáirí le déanamh agad, déan ceart é, sin nó leig dhó
 
dreach
Ná bac le fear Achréidh a mhic ó. Breathnuigh cho bláthmhar agus a bhíos siad. Diabhal mé go bhfeicfeá "na fataí gáirí" agus an ghabáiste ag briseadh amach in a ndreach. Ach m'anam nach bhfeicfidh tú ag briseadh amach indreach Mh. Bh. ach gearbaí agus neascóideachaí agus salachar rásúir agus easbaidhe agus 'chuile rud is measa ná a chéile
 
Ní choinneochadh an teanga a bhí aige muis coinneal do'n teanga a bhí ag dreolán de mháistirín scoile a bhí annsin thoir. Bhí sí thrídh lasadh ar fad aige. Chuala mé oíche é thoir tigh Th. — oíche a raibh mé ag ól ann — agus shíl mé go gcuireadh duine eicínt a dhrad in a bholg leis an loscadh mionnán mór a bhí air. Ach 'sé'n chaoi a raibh siad ag scairtighil gháire faoi.
 
Tá sé sin an-stuacach. Ní call duit drúcht ná báisteach a rá leis, agus aithneóidh tú pus air in a dheidh sin go ceann seachtaine. Nachar bhuail sé leithead a chraicinn ar T. Th. oíche a raibh sé ar cuairt ann faoi rá agus a dhul ag gáirí faoin mada nó faoin gcut. Ach duine soilíosach in a dheidh sin é, má tá rud aige ort
 
dubh 1
Bhí a chroí in a ghual dubh istigh ina lár ón lá sin. Bhí deireadh a chuid gáirí déanta