ladhar (29)
→
bealach
Níl aon-bhealach ar foghnamh (de'n rath etc) aige. Seachtmhaineachaí b'fhéidir dhó lán laidhre a dheanamh, ach ar a shon sin, b'fhéidir go mbeadh sé mí aríst, gan cianóg ruadh a dhéanamh.
→
beo 1
Bhí sé chomh maith dhuit ladhar gainimh bheo a bheith agad leis sin. Ní féidir aon-ghreim a choinneál air.
→
buail ar
Shíl sé go raibh lán laidhre in áithrid di, de bharr na h-udhachta, ach is beag a fuair sé léithe chor a' bith. Deirimse leatsa, marach le grádh do'n ailp, nach mbuailfí air í, ach 'ní bhíonn duine dhá chríonna nach dteigheann beart in 'aghaidh' amanntaí.
→
buille
Is dalbaidhe an buille ar a' tír seo, go bhfuil Meriocá buailte suas sa saothrú. Airigheann cuid mhaith é, a d'fhaghadh lán laidhre 'chuile Nodlaig roimhe seo.
→
airigh
Aireocha na daoine é, má stoptar na busannaí, mar b'iomdha slighe a's seifte beag a bhfaightheá lán laidhre inGaillimh air, fharrus é chaitheamh uait ag cneamhairí an bhaile sin thoir (I leaganachaí de shamhail an phéire dheire sin, cialluigheann "daoine", "muid" nó "muinntear na h-áite seo" nó "muinntear an tighe seo". Ní chialluigheann sé na daoine i gcoitchinne. Tá an sainiú céille sin an-choitchiannta leis ar fud na Gaillimhe fré chéile)
Tá sé i ladhar a' chasúir anois, agus baineadh sé a shásamh amach, go mbí sé tuirseach.
Chuir mé amach lán laidhre, aimsir a' tsagairt = an uair a bhí an sagart a' teacht chuig an éisteacht.
→
foireann
Is mór a choisneódh fuireann don tseomra sin anois. Lán laidhre a mhic ó! Tá chuile shórt in a ór
→
daingean
Sin gaothtaireacht creid mé dhuit ann. Tá sé siúd anois cho daingean istigh ins an talamh sin, agus go gcaithfidís lán laidhre len a chur as seilbh, má's féidir a chur as seilbh. D'fhéachfadh sé a bhfuil istigh agus amuigh aca cailleadh leis an dlí
→
dairt
Chuaidh siad ar chaitheamh dairteacha in am dinnéir thuas ar an sliabh an bhliain cheana. Chuir siad N. le cuthach. D'eirigh sé faoi dheire agus faoi dhó (dheoidh?) agus lean sé iad. Ach dhalladar é le na dairteachaí. Níor tháinic táiraidhm (táirm) ar bith orra go dtí sin. Bhí sé ag uallfairt le teann droch-mhúineadha. Sin é an uair a tháinig clann Ph. agus Sh. anoir. M'anam nach raibh aon-dairteachaí ann uaidh sin amach, ach na h-ailt. Dhonuigh T. Sh. mac Sh. Chuir sé síos ar a bhéal agus ar a fhiacla i mullach píce trí ladhar a bhí sáithte ins an mbínnse é. B'éigin an dochtúr a thabhairt ann ar an toirt boise. Bhí sé ag cur fhola in a srúlaí: i gcruthamhnas dhuit mar adeir an fear fadó an uair is fhearr an sogradh gurb eadh is fhearr leigean dó
→
daoire
Tá an chaint sin ceart go leor. Bhí earradh ar bith a bheitheá a cheannacht ar a dhaoirse le linn an chogaidh cheana. Ach níor thaise do'n rud a bheitheá a dhíol é. Bhí lán laidhre ar ghamhainín, ar mhuic, ar chaora agus ar 'chuile shórt nídh. Breathnuigh ar na h-aontaigh anois. Dheamhan ar fiafruigheadh dhíom cá raibh mé ag dul le trí aonach. Tá láimh na dóghadha ceart go leor, ach ní fheicim cá'il láimh na tárrthála
→
dealbh 1
Póilí! Tá cúl-shráideannaí annsiúd nach bhfeictear a dhealbh ionnta ó bhliain go bliain. Go gcuiridh mac Dé an t-ádh ort a mhic ó! Is measa an póilí i New York ná "an crochadóir" is mó ins an mbaile mór. Níl ort ach ladhar a chaitheamh ag an bpóilí ann, agus d'fhéadfá lán sráide a mharbhú agus ní thiocfadh aon-tréas go bráth ort. Bhí aithne agamsa ar dhaoine a bhí ins na póilíos ann — Éireannaigh. Cuid aca amach as do pharáiste féin …
→
deis
Is dona an deis a chuir sé ar an údhachta a fuair sé … Cheal nar chuala tú é? Fuair sé lán laidhre, a mhic ó, agus níl iabh air anois ach dhá ól … Tá sé ráidhte ariamh a mh'anam: "airgead cailleachaí dhá mhún le ballaí"
Leac an doichill! Má tá tú dhá tóruigheacht, teirigh siar ar bhaile na C. D. Sin é an áit a bhfuil sí. Níl dhá theallach ar bith ann ag caint lena chéile. Diabhal focal bréige ann. Tabhair gearradh éadain anois suas dóibh thú féin go bhfeicidh tú an bhfuil. Nach hé an té a phósfadh isteach in a lár a bheadh i ladhar an chasúir? 'Sé a bheadh ar leac an doichill ar chaoi ar bith
→
domlas
"Tá domblas istigh ar aobha [na] bó. 'Cheal nach bhfaca tú ariamh é! Atann sé sin, agus déanann sé domblas mór. An bhó a dtiocfaidh sé uirre, mara gcuiridh purgóideachaí aiste é, droch-sheans atá aice a theacht uaidh. Bhuail sé bó liomsa annsin an bhliain cheana agus chaith mé an tsíorraidheacht léithe, ag tabhairt 'chuile shórt di, ach dheamhan maith a bhí ann. Thug mé an "vet" go dtí í, agus th'éis lán laidhre a thabhairt dó, dheamhan maith a rinne sé dhi" (ó Bheairtle Ó Fhlaithearta, Camus, Casla)
→
drabhlás
Drabhlás i bpáipéar puint anois! Cá bhfuigheadh sé é! Agus 'chuile shórt ar a dhaoirse. Má theastuigheann culaith éadaigh uait lán laidhre uirre. Má theastuigheann péire bróg uait, agus má's leat cois thirm a bheith ort ní bhfuighidh tú cianóg as coróin agus dá fhichead iad. Is gearr le dhul puintín gágach deirimse leat.
→
draíocht
Ní mór dó draoidheacht anois ar chaoi ar bith, mar tá sé i ladhar an chasúir ceart, agus gabhfaidh sé go snaidhm na stothaighe leis a theacht as
Cheannuigh sé an chú sin ar na drochóirí dó féin. Thug sé lán-laidhre uirre agus dheamhan cianóg ruadh a chuir sí síos in a phóca ariamh ná a chuirfeas go bráth. Cé'n bhrigh ach a dtarraingeann sé de chostas air ag imeacht is 'chuile áit léithe
→
droim
Is beag an tsúil le Dia atá ag an gcreachadóir bradach ag iarraidh an dílleachta bocht sin a chur de dhruim tighe. Nach beag an luadh atá ag an sagart a dhul agus é a bhacadh. Shílfeá go mbadh é an rud ba lugha dhó treampán eicínt a chur air. Ach is dóigh gur thug sé lán laidhre dhó len a chur in a shost
Tá na cathaoireacha seo an-dromannach. Dheamhan mórán socamhal ionnta, th'éis lán laidhre a íoc orra … Is beag an mhaith do chuid galántacht' nuair nach bhféadann duine scith a thabhairt dhá chnámha orra (cathaoireachaí dromannacha = ní gleann ach cineál eirghe a bheadh ar shuidheachán na cathaoireach)
→
déan 1
Nuair a leigeadh aice é, ní dhéanfadh sé a shlat chor ar bith. Thosuigh sé ag smúracht thart, ach shílfeá gur coimhigheas a ghlac sé léithe, nach ngabhfadh sé in a goire. Tarbh gan mórán maitheasa é sílim; aindeoin lán laidhre a thabhairt air.
+
→
díol 2
M'anam go bhfuil do dhíol cur uirre a mhic ó. Cuir leat í. 'Ar ndú ní ag caitheamh lán laidhre ag tuigheadóir a ghabhfá agus thú féin indon a cur ceart
TUILLEADH (1) ▼
Chaith sé bliain ag tóruigheacht tighe agus é ag cinnt air aon-áit a fháil. Ba díon déirce leis faoi dheireadh thiar thall gur scaoil M. Ph. Mh. isteach é. Má tá sé daor féin, ní cás dó é teálta ar bith a bheith as a chionn, agus a dheacracht agus atá sé teach a fháil gan lán laidhre
→
dólámh
Tá sé ag déanamh cloinne as dóláimh. Chreidim gurb sheo é an cúigeadh duine aige anois. Nach maith an t-údar é sin! Agus dheamhan ceo caidéise atá sagairt ná dream ar bith eile a chur air. Ach tuige a gcuirfeadh! Caitheann sé lán laidhre aca …
Chuaidh "tyreannaí" 'un gainneacht' ar fad le leath-bhliain anois. An uair a bhí siad bun-fhairsing féin, ní bhfuightheá "tyre" gan lán laidhre