Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

maidin (50+)

 
Dheamhan buille a dhein sé ó mhaidin ach caite ar an gceann-fhearann ag séideadh tobac uaidh. Is dóigh go bhfuil se breóite ó ól an lae inné
 
feiste
Ní annsin a theighim ag an Aifreann duth ná dath. Rug sé orm maidin Domhnaigh amháin ag teacht deireannach agus thug sé aghaidh mar a thiúrfá ar mhadadh orm. Tabhair glafairt air a dhuine chóir! "Dheamhan mé" arsa mise liom péin, "má scagaim mé fhéin uait an babhtaí seo, nach go luath a fheicfeas tú aríst mé!" Agus ní fhaca. Ní raibh mé in a fheiste ná in a fhínne ó shoin. Teighim suas go dtí an fear nach mbíonn doifeall aige roimh aonduine
+
feáin
Ní raibh fíth ná feáin air mara dteigheadh sé ar an bportach ag tógáil mhóna ar maidin. Diabhal aithne air nach tirm a bhí sí! "Dhá mba triomach go Nollaig é anois", adeirimse "dheamhan fód den tsraith siúd a bheadh le dhul i gcruach". Síleann sé má theagann anna mar sin go dtriomódh sí ar an bpuinnte. Tá sí réidh leis go haithbhliain muise
TUILLEADH (1) ▼
Níl fí ná feáin air ó mhaidin ach ag dul Gaillimh bog te más fíor dó fhéin. Sé an chloch is faide siar ar a pháidrín é muis! Ní chorródh fear agus píce as an gclúid siúd anois é. Tá a chuid Gaillimh ar iarraidh
 
fios
Ní raibh a fhios cén sioc a bhí caite aige ar maidin inniu (/rəu is/ go hiondúil, ach raifios /ref′is/ Achréidh)
 
Is mór an fliuchán a chaith sé ó mhaidin
 
focal
Níl gnatha tada a innseacht dhi sin, mar cuirfidh sí ionntú an fhocail air. Ní theagann iadhadh ar a béal ó mhaidin go faoithin. An muileann a bhíos ag síor-mheilt 'ar ndú', meileann sé mín agus garbh
 
Níl d'fhortabháil ortsa ach thú fhéin agus is cuma dhuit cén t-am as seo go maidin a dtiocfaidh tú abhaile, ach tá cúram capaill ormsa, agus ach an oiread le scéal, dheamhan gráinne coirce a thug mé di fós inniu
+
Tá sé ag framsáil annsin amuigh ó mhaidin, th'éis an éagnach a bhí inné air
TUILLEADH (1) ▼
Is cuma leis an mac atá san teach seo é, ach ag imeacht ag pramsáil leis. Dheamhan amharc a fheictear air aon-oíche Dhomhnaigh go mbíonn sé an h-aon a chlog ar maidin, ná an uair sin fhéin scaití
 
"Frumsó, framsó: bean a d'eireódh; a dhéanfadh greann; a d'ólfadh leann, agus a bheadh annseo go moch ar maidin"
+
Sílim gur asal leatsa a chonnaic mé ag fuaidreamh síos annsin ó mhaidin
TUILLEADH (1) ▼
Cé leis an t-asal fuaidreamh sin atá ar fud an bhaile ó mhaidin = asal a bheadh ar fuaidreamh nó ar strae
 
Tá ceart agaibh ur ndíol den fhuiléimneach sin a bheith agaibh ó mhaidin. Ní thuirseódh an saol sib
+
fág
Fág seo ag siúlóid. Tá muid cuibhrithe annseo ó mhaidin
TUILLEADH (1) ▼
Fág go maidin é = ná bac len a dhéanamh go maidin
 
Chonnaic mé madadh T. Mh. ag imeacht ag fáinneoireacht (fáinneáil; a' mháinneáil, a' máinneáil) annsin taobh thoir ó mhaidin. Shílfeá gur ag forcamhás ar rud eicínt a bhí sé marab ar na cearca é. Ní bheadh lá íontais orm dhá mbeadh sé ag ithe uibheachaí = ag guairdeall thart ag fairiú; ag dul timpeall (tí, etc) mar a bheadh sé i gcearcall
 
Bíonn sé ina shuí le fáinniú lae chuile mhaidin
 
fáir
Dhá mbeinn ag fuagairt go maidin air ní thiúrfadh sé fáir ná freagra orm. Leig sé air fhéin nar chuala sé beag ná mór mé. Mo léan géar sé a chuala!
 
Dheamhan smeach a níos sé sin ach ag imeacht ag fálróid ó mhaidin go faoithin
 
Shílfeá go mbeadh obair eicínt déanta aige de bharr a chuid ama. Ní hé a cheal muise nach mbíonn fíbín air chuile mhaidin ag dul chuig an ngarraí
+
fóir
Níl buille maitheasa déanta agaibh ó mhaidin. Go bhfoire Dia ar an té atá in ur gcleithiúnas!
TUILLEADH (1) ▼
"Go bhfoirí Dia ar an bpeacach a bhíos go siorraí ag dul ar léig; Nuair a eiríos sé ar maidin, ní ar a Thiarna a chuimhníos sé" (línte tosaigh Dán Diadha)
 
Tá sé 'na chaidhfte thíos ag binn Sh. G. ó mhaidin gan a dhul anonn ná anall as. Is leis an áit údaidh go trathnóna é, mara mbagruighe duine eicínt air a dhul abhaile.
 
Tá sí chomh caidéiseach a's gur beag nach dteastóchadh uaithe fios a fhaghail, céard d'ith tú le do bhricfasta ar maidin.
 
Dhá mbeitheá amuigh ar a' gcriathrach ar maidin, d'aithneochthá an áit a mbeadh carcair ghiumhasaighe arae ní bhíonn deoir drúchta as a cionn. Nach (h-)aisteach a' t-adhmad í! (Sin é adeirtear).
+
catóg
Is diabhluidhe an stolladh atá ann indiu. Dá gcuirteá na bráithlíní ar na catógaí ar maidin, i leaba iad a chur ar tuar, bheidís tirm agad trathnóna.
TUILLEADH (1) ▼
Is mairg dhuit nach ar na catógaí a chuir tú an tuar éadaigh sin ar maidin.
 
ceal 1
Níl eirghe 'mo sheasamh ionnam cheal greim le n-ithe. Tá mé ar céalacan ó mhaidin.
 
Tá mé siún siunncaighthe aige ó mhaidin, a' ceartú dhom, faoi 'scholarships', a's faoi na bheirt inghean atá imthighthe chuig coláiste. Dheamhan aithne air a raibh aon-duine ariamh i gcoláiste cheana, ach a bheirt inghean fhéin.
 
Níl 'bounce' a' bith sa spaidealach sin. Breagh ó fuaidh sibh dhá tabhairt lib, nar thug sib móin ar foghnamh libh, seachas an chinnceach sin, nach ndeargfadh ó mhaidin go faoithin.
+
Ar éigin na gcor a's na gcnámh 'fhéadanns muid é 'chur abhaile oidhche bith ach a' cipiléaracht chainnte annsin, go mbíonn an dó dhéag bainte aige. Dar mo chúis (chubhais?), racha mise chodladh feasta a's fanadh sé go maidin má's breagh leis é.
TUILLEADH (2) ▼
An é siud ru! Dheamhan pioc a dheineann sé siúd ó mhaidin go faoithin ach a' cipiléaracht leis mar sin. Maidir le obair, dheamhan lá oibre faoi shlacht a facthas 'na dhiaidh ariamh.
Dar m'fhírinn duit anois a mhic, ní ag obair a bhí mé indiu, ach a' cipiléaracht léithe. Bhí an oiread póite orm de bharr na h-oidhche aréir, a's nar fhéad mé aon-smeach a dhéanamh, ó mhaidin, ach ag ól bláthaighe.
 
clóic
Tá clóic mhór air go deimhin! — fear a' bith a bhío(nn)s in a shuidhe le giolcadh na fuiseoige chuile mhaidin, a's é spréachta a' dúiseacht 'chuile dhuine eile sa teach.
 
colg
Ar a' dá luath a's a chonnaic an madadh é, chuir sé colg air fhéin, a's thug sé amhóg le na fhastú. Ach níor leis-sean (cat) ab fhaillighe é, chuaidh sé de léim ghlan-eascartha sa gcrann, a's anuas as sin ní thiocfadh sé, dhá gcaithteá leis, go maidin.
 
Mara bhfuil sé sin 'na chorcáinín, ní lá go maidin é!
+
Sin é 'bhfuil agad 'nois muise le do shuipéar fataí cosnochtuighthe, a's cuir tú fhéin an fata beag leis a' bhfata mór. Bhí muid chomh cruadhógach ó mhaidin indiu, a's nar fhéad aon-duine sroicheachtáil chuig a' siopa i gcoinne cupla scadán.
TUILLEADH (1) ▼
Cé'n chaoi a dtaithneochadh sé leat fataí cosnochtuighthe a fhaghail dhá cheann de ló, mara 'bhí ann nuair a bhí mise ag eirghe suas? A's chaithfeá dhá uair oibre a bheith déanta agad ar maidin sul a bhfaightheá na fataí fhéin!
 
Fear gan contanás é. Go bhfeacha Dia ar na créatúir a chaithfeas éisteacht leis, ó mhaidin go faoithin.
+
baile
Deamhan teach ná baile a thaobhuigh sé ó mhaidin.
TUILLEADH (1) ▼
Is fhearr duit do bhaile a dhéanamh de'n áit a bhfuil tú anois, go maidin.
 
bannaí 1
Mara n-eirighe tú in am ar maidin, mise i mbannaí go bhfuighe tú liúradh
+
Bhí sé 'strócántacht ag iarraidh imtheacht ó mhaidin, a's thug mé cead a' bhealaigh dhó ar báillín. Nach raibh sé chomh maith dhom: d'íosfadh sé beo beithidheach istigh sa teach mé, mara dtugainn cead dó imtheacht.
TUILLEADH (2) ▼
'Marach a' taoille sa mbealach, dhéanfainn eolus a' bhaile a mbíonn tú; Rachainn dod' fhéachaint 'chaon Satharn, a stóirín, a's ar maidin Dé Luain' (as 'Neilí')
Tá bealach sáthach suaimneach aige, a's gan mórán oibre, ach go gcaitheann sé 'bheith in a shuidhe ó oidhche go maidin.
+
Is mór a' t-iongnadh go bhfuil a' talamh a' cothú chomh bealthuighthe a's atá sé, a's an tiormach a bhí ann ó mhaidin!
TUILLEADH (3) ▼
Bhí cosamar beag (i.e. feamuinne) isteach, ar maidin, ach níor bhain mé léithe chor a' bith, mar sí'n fheamuinn bhealthuighthe ghiortach sin a bhí ann, a's mhearóchadh sí thú ag iarraidh í 'líonadh.
Sin é an buachaill a bhfuil an teanga bealthuighthe aige ar maidin = fear poiliteachta a' cainnt le sluagh.
M'anam gur maith bealthuighthe atá a theanga ar maidin. Dheamhan hAiristoitil a choinneochadh a dhíol cainnte anois leis.