Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

roinnt (50+)

 
Rinne sé an choir. Is furasta aithinte anois air é, ní dhá roinnt leis é. Foillsíonn Dia rudaí mar sin = agruíonn Dia rudaí mar sin ar dhuine (san saol seo fhéin); is follasach é na rudaí a thárluíos do dhuine go raibh Dia ag ídiú nó ag fearadh a dhroch-ghníomhra air
 
fána
Déan an seól sin a bhogadh roinnt, nó caithfear thart é, agus an doirtim le fánaidh atá orainn
 
ceal 1
Dheamhan coisméig 'bith aige, cheal amhairc. Ní fhaca tú aon-duine ariamh nach mbeadh spré eicínt in a shúile ach é, ní dhá roinnt leis é!
 
coirt
Mara raibh sé ar faoistean muise ó'n lá fadó, tá ceart ag anam cairt mhaith a bheith anois air, ní dhá roinnt leis é.
 
Ní minic leis, bealach a leasa a dhéanamh, ní dhá roinnt leis é! = ní minic leis a leas a dhéanamh.
+
Tá sí curtha ó chrích anois ar chuma 'r bith. InDomhnach chuaidh cuileann gan dóghadh léithe, ní dhá roinnt léithe é!
TUILLEADH (1) ▼
Nuair nach bhfuil sé sin leaighte le eascainidhe, a's a liachtaighe bean ó chrích aige, ní dhá roinnt leis é! = is iongantach nach bhfuil sé leaighte ag eascainidhe a liacht bean a's a chur sé le fán a' tsaoghail.
 
cuntas
'Bhí fuisce fairsing ann, a's ól dhá roinnt ann; a's biadh gan chunntas ag fear le fághail' ("Inghean Frainnc Mhac Confhaola").
 
biorach 1
Chuaidh ceathair muileata biorach timcheall a' bhuird go dtí fear roinnte (fear déanta) = is dóigh gur lom, nó gur imir fear tabhartha é, a's go dtug sé cuairt an bhuird gan a bhualadh.
 
bior
Bhí bior uirre nó go bhfaghad sí cead scuir ar bhóithrí, ach is olc a chuaidh na bóithrí dhi, as a dheire, ní dhá roinnt léithe é.
 
blogam
Tá sé in am aca(b) blogam fuisce a roinnt.
 
bocht 1
Ní mórán samhaoine dóibsean a sean-athair a bheith ina ridire caorach, a's gan iad fhéin ach beo bocht, ní dhá roinnt leo(b) é.
 
bocht 2
Má b'fhíor gur fhága sí sin leath a cuid airgid le roinnt ar na boicht! = dubhradh gur fhága sí sin leath a cuid airgid le roinnt amach ar dhaoine bochta, ach chaithfeadh sé gur bréag é.
 
Níor mhaith dhuit araoid ná aighneas a' bith a chuir ar a' mbollamán sin roimhe seo, ach tá sé roinnt mínighthe le goirid anuas.
 
bruach
Tá'n sliabh sin thuas roinnte anois, ar bhruach fiche bliadhain ar chuma ar bith.
 
Déarfá go bhfuil chuile dhuine go tóin acu, roinnt bheag adhartaí — simplidhe — thar mar bheadh daoine eile. 'Bhfeiceann tú Seán sin ann? Shílfeá gur naoidheanán a' cainnt é.
 
Tá sé in am aige feasta choidhchin, roinnt céille a bheith aige, agus eirghe as an aeramáil.
 
Deir daoine gurb' iad an sluagh sidhe — diúltuigheamuide dóibh! — a bhuail faoi, oidhche a raibh sé 'teacht abhaile deireannach, a's gur shearg a láimh anuas ó'n dúid dhá mbarr. Má's siad nó nach h-iad, tá a dhóthain ar an duine bocht, ní dhá roinnt leis é.
 
Bhí roinnt de'n áidhbhéil a' rith leis = bhí an aidhbhéil ann ó bhruínn; ba dual athar dó a bheith áidhbhéil; ní ón ngaoith a thug sé an áidhbhéil.
 
amach
Tá'n gearradh amach go maith ar a ghruaidh — roinnt achair óna shúile.
 
amuigh
Tá'n oiread amuigh orm tigh J. F. agus níl aon-ghoir agam athrú as, go n-íoca mé roinnt dhe.
 
Ba cheart dóib riar airgid a leigean amach ar a' tír, fharrus mar tá siad = airgead a roinnt nó a thabhairt.
+
Tá sé scriosta bánuighthe ag anachain mhuc, ní dhá roinnt leis é!
TUILLEADH (5) ▼
Bhí anachain ag (dh)uil dá chuid muc ariamh, ní dhá roinnt leis é.
Ní fhanann muc ná banbh aige, nach gcailltear le anachain, ní dhá roinnt leis é, agus go mbadh leis fhéin uainne é!
Níor fhan banbh ar an ál aige, nár imthigh uaidh (nar cailleadh) le anachain, ní dhá roinnt leis é.
Cailleadh muc ar Sheán Sheumais indé, ní dhá roinnt leis é, agus go mbadh leis fhéin an fheoil anachain uainne!
Ní raibh aon-fheoil ar a' mbaile sin ariamh ach feoil anachain, ní dhá roinnt leo(b) é!
+
Tá sé an-an-tlásach, ní dhá roinnt leis é! = bhí an cainnteoir ag cur i gcéill go mbadh ainimh nó éalang an an-tlás, agus nach raibh sé fhéin a' tabhairt aon-ghothadh uirre.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé an-an-tlásach, ní dhá roinnt leis é, ach dhá fhágail aige!
 
anuas
Tá'n tubaiste anuas air, ní dhá roinnt leis é.
+
anó
Faoi an-shógh atá sé ó'n lá a rugadh é, ní dhá roinnt leis é.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an-shógh ar 'chuile dhuine de'n dream sin, ní dhá roinnt leo(b) é.
 
Má ghreamuigheann an díleághadh dóibh — ní dhá roinnt leob é! — is gearr gur dream tugtha anuas go maith 'bheidheas ionnta(b)
 
feac 1
Gheobhaidh sé rud muis! Gheobhaidh: feac na láighe a roinnt leis, má iarrann sé tada = é a bhualadh le feac na láighe
 
feac 2
Is fadó an lá nar fheac sé a ghlúin i láthair Dé, ní dhá roinnt leis é = is fadó an lá nach raibh sé ag an Aifreann
 
Teach feidheartha atá ann anois. Dheamhan ní dhár dhealbh an ghrian istigh faoin a chaolachaí. Imithe ag an bpán agus díolta. B'olc an imirce dóibh — ní dhá roinnt leo é! — a dhul isteach ar shlata an bhaile mhóir
 
Is beag aice sin fiainise bhréige a thabhairt (a dhéanamh), ní dhá roinnt léithe é. Bheadh sí sin ag mionnú nó go gcuireadh sí poll ar bhalla na cúirte a dheárthair mo chroí. Nach bhfuil a fhios agam go maith é
 
"Lá Fhéile Fionnán Fínn a roinntear an fuacht agus Lá Fhéile Pádraig na bhFeart a bhaintear as an chloch fhuar (ghlas)"; "Lá Fhéile Fionnán Fhuar a theigheas an cloch fhuar san uisce agus Lá Fhéile Pádraig na bhFeart a eiríos sí aisti (a bhaintear as an chloch fhuar)"; "Lá Fhéile Fionnán fuar a theigheas roinnt ar an bhfuacht agus Lá Fhéile Pádraig na bhFeart a bhaintear as an chloch fhuar; "Oíche Fhéile Fionnáin a chuirtear mír ar an bhfuacht" = ní bhíonn fuacht an gheimhridh ceart ann go dtí Lá Fhéile Fionnáin, agus ní thosaíonn an ghaimh ag imeacht aríst as go dtí Lá Fhéile Pádraig
 
folamh 1
Ná tabhair an mámh anois. Mise atá roinnt, agus ní ghabhfá ag fiachadh ar fhear falamh
 
fonn
"Ag roinnt do chuid óil ar mhná óga gan fonn" (líne as amhrán)
 
Bhíodh fál buaile ann san sean-reacht. Ní bhíodh cuid den talamh roinnte chor ar bith, ach cead ag chuile fhear a chuid fhéin a chur air, agus duine a chur amach ag fosaíocht in a gcionn annsin. Ag pailitéaraí is mó a bhíodh sé … Dheamhan binn ná binn a shocruithí ar thalamh den tsórt siúd. Bhíodh an talamh cuir agus an cimín cho maith le chéile gan claidhe ná fál. Dhá mbeadh droch-fhosaíocht ann, an té a mbeadh foghail déanta air, bíodh
 
Dar fiadh ní ceart dó a bheith ag gearán chor ar bith. Tá an saol ag féithiú leis go maith. Nach maith an chiall ag daoine é a bhfuil díleághadh ar a gcuid, ní dhá roinnt leo é. Déarfá go mbeadh údar clamhsáin aca sin, agus gan aon-mhaith dóibh ann
 
Sin í an cheird a bhí air sin chuile lá ariamh, ní dhá roinnt leis é, a' brúghadh isteach ar chuid na comharsan (féach "ceird", agus "roinnt")
 
punann
Níl roinnt punann ná dornán eatorraibh = níl aon-ughdar troda agaibh; níl aon-fháth agaibh a thoidheacht salach ar a chéile. Déarfaí é le beirt a bheadh líomhtha (saghdtha) chuig a chéile, agus gan aon ughdar achrainn le brath eatorra. (Is cosamhail an tráth a mbíodh comhar cuir agus buanna ann, go dtagadh achrann as roinnt na bpunann)
 
Breagh nach bhfalaíonn tú fútha. Is léar do chuile dhuine cártaí a chéile. Dhá mbeadh imreóirí géara ann, mar bhíos in áiteachaí, chuirfí as do roinnt thú ar an toirt. Ba é a dhéanamh leat é freisin
 
Bhí aca an áit siúd a fhálú. D'fhálódh freisin dhá gcuirtí tréas orra. Fálaíonn an Land Commission áit ar bith mar sin a bhíos siad a roinnt
 
fuacht
Seán seo thoir! Ní fhaca mé an teas ag breith ar an bhfuacht aige (air) aon-lá ariamh. Beo bocht a bhí sé, agus beó bocht atá sé, ní dhá roinnt leis é!
 
Ní mór an bainne seo a fhuarú roinnt. Tá sé te bruite. Sílimse gur bhain tú an darna feochadh as th'éis an fhainic a chuir mé ort. Tabh'r'om braon bainne fuar len a fhuarú anois
 
fuar 2
Is fuar é a theallach ní dhá roinnt leis é = gan aon-tine; bánaithe; i léig