→
féar
táirne (9)
→
faill
Breá ar thug sib an fháill dó? Is bocht nach dtóigfí sib! Nach bhfuil a fhios agaibh go mbíonn sé siúd i gcomhnaí ag faire ar an teach ósta sin, agus súil gabha indiaidh táirne aige, fea'int (feáchaint) a bhfeicfeadh sé tada ag corraí
→
faon-
Tá fíonn-oscal san doras. Ceann de na cláir atá ar bogadh. Ní mór cupla táirne a fháil agus é a dhaingniú, nó brisfidh sé ó chéile ar fad
→
feoil
Thug an táirne scríobadh éadrom idir fheóil agus leathar dom, agus ba deacair leis cneasú in a dheidh sin
→
foghail
Ní thiúrfadh sé aon-fhód móna don fhear chneasta féin anois gan a híoc ar an táirne, ó d'imigh an fear siúd len a chuid airgid. Sé fálú an ghoirt é th'éis na foghlach. Ní dhearna sé in am é
→
faobhar
Chuir sé táirne ar a fhaobhar aníos thríd an gcathaoir. Níor fhága sé liobar leathair ná fíonnaigh ar thóin N.: ó'n oíche sin amach níor leig N. aon-lucht cuart isteach. Bhí sé in a bhuthae aca. B'fhada a chaith sé ag fuasaoid a thónach
→
folaigh
Faluigh fútha. Tá súil gabha indiaidh táirne aige seo thall ar gach cárta dá bhfuil ag dul amach
→
fonsa
An bhfuil a fhios agad na corrfhonsaí (/kəūrūɴsī/)? Sin iad na lataí atá amach i dtús na curaí. Is corr-fhonnsaí iad nuair a phléascas an táirne iad