→
isteach
talamh íochtair (11)
→
carracán
Nach diabhaltaidhe an ruagán toirnighe a chaith sé an bhliadhain cheana, a's go ndearna sí dhá leith druimscoiltí síos go talamh íochtair de'n charracán sin. Tá sé le feiceál annsiúd ag feara fáil.
+
→
íochtar
Talamh íochtair = an chré, nó an bréidín chreafóige is fuide síos sa talamh.
TUILLEADH (5) ▼
Níor mhór duit a dhul go talamh íochtair annsin, shul a bhfuightheá aon-uisce ann (taluw — ní abruightear an mh indeire focla in Gaillimh, cé's moite de'n áit a mbíonn guth idtosach an chéad fhocail eile)
Chuaidh an bhó síos go talamh íochtair = chuaidh sí dhá báthadh agus chuaidh sí an-fhada idtalamh.
Má theigheann tú do (go) do bháthadh annsin, gabhfa (gó) tú síos go talamh íochtair.
Bhí sé leis an gcloich ariamh, ariamh, go dtug sé aníos ó thalamh íochtair í.
Caithfe tú baint go talamh íochtair annsin, le áit tighe a fhághail.
→
fód
Is foghail cheart atá sé a dhéanamh annsiúd. Cuirfidh sé an talamh ó rath. Ní chuirfeadh fear ar bith ach amadán an taobh dearg den fhód aníos ó thalamh íochtair mar siúd. Brioscóidh na boird uiliog feicfidh tú féin air
→
deilbh 1
"An Crann Deilbh: de mhaidí coille a dhéantaí iad. Chaithtí a dtomhais le riail le fad áirid a bheith ionnta agus leithead áirid is na maidí treasna. Dhá chuaille a bheadh ann agus dhá mhaide treasna. Rinne P. M. Mh. ceann aca dhuinne annseo. Níl a fhios agam cá'il sé anois: ag imeacht is 'chuile áit a mbíonn deilbh le déanamh. Tá sé cho maith dhuinn anois sneachta a chaitheamh ar a lorg chreidim. Ní deilbh a dhéanfas muide go bráth aríst. Ní bheadh na gearrchaileadha sin indon aon-deilbh a dhéanamh … Cur síos an tSnátha ar an gCrann Deilbh (nó crann deilbhe; tá an dá leagan aige): an dá chuaille a chur in a seasamh annsin le balla: ceann ag corr na fuinneoige agus an ceann eile tuairim agus ag giall an dorais. Ní bheidís cho h-árd leis an áiléar sin baileach. An dá mhaide treasna a chur suas orra: ceann in íochtar agus ceann in uachtar agus iad ag dul isteach ionnta in eangaí mar a bheadh leabaidh. Bíonn rungaí ar nós dréimre 'san dá mhaide a bhíos in a seasamh ar a n-éadan: an t-éadan de na cuaillí a bhíos leat. Bíonn buimbiléad tuighe ar an urlár agus dhá cheirtlín shnátha air, i riocht agus nach mbeidh an snáth ag dul ar fud an tighe ort. Ní dhéanfadh sé cúis duit tuinte fada na h-óinsighe a bheith aghad! Annsin tosóchaidh tú ag cur an tsnátha síos ar an gcrann. Crios a dhéanamh an chéaduair. Comhairfidh siad an oiread seo banláí (bandles) de'n tsnáth — an méid banlá a bhéas le dul 'san eige (aige: /ɴ′eɡ′ə/) sin. Cuirfidh siad síos an snáth sin ar an gcránn agus beidh siad dhá chur sin síos choidhchin nó go mbeidh a ndóthain thíos. Tosóchaidh siad ar an bpionna (runga) íochtair ar an taobh seo — taobh na ciotóige — agus tiubharfaidh siad leo suas é ar na pionnaí — dhá chur orra ar fiar — ach gan snaoim (snaidhm) ar bith a chur air ar an bpionna, nó go dteighidh siad go bárr. Anonn treasna annsin agus anuas ar an deis chéadna ar an taobh eile ó runga go runga go dteagaidh siad go talamh. Anall treasna go dtí an áit ar thosuigh siad agus ar ais aríst ar an gcaoi chéadna, nó go mbeidh deireadh na gclannaí thíos. Bíonn dhá phionna dhéag suas ar aoirde na maidí. Scaithtí bheadh agus tuilleadh. Féadfaidh siad tuilleadh rungaí a chur ann de réir (léar adubhairt sé) mar a fheilfeas dóib. Tugtar céadta 'sa deilbh de'n eige 'léar (de réir) mar is maith leat leithead a bheith ann. Féadfaidh siad h-ocht gcéad (snáth) nó seacht gcéad a chur ann. Mara mbeadh ann ach seacht gcéad ní bheadh aon-leithead ag an snáth nuair a bheadh sé deilbhthe. Beidh leithead ag h-ocht gcéad. Nuair a bhíos an oiread seo clannaí thíos ar an gcrann buaileann siad sriongáinín ar an méid sin. Céad a bheadh annsin. Beidh fearas bárr leithid 'san éadach 'léar (de réir) mar a ghabhfas céadta ar an gcrann. Féadfaidh tú deilbh dhá shnáth a dhéanamh nó dhá shnáth dhéag nó scór má thogruigheann tú. Chonnaic mé 'chaon chineál aca. Bíonn chúig chlannaí fichead is 'chuile chéad. Ní fuláir fios a bheith agad cé mhéad céad ann shul a bhaineas tú de'n chrann deilbh é. Nach shin é an fáth a gcuirfidh tú síos air é. Comhairfear na clannaí amach in a gcéadta. Beidh an bhean nó an fear atá ag deilbh ag siubhal i gcomhnaí 'gcomhnaí. Ní fheilfeadh dhuit aon-bhuille marbh a leigint in do chuid oibre dhá mbeitheá ag deilbh. Is maith an píosa de lá a chaithfeá ag deilbh giota. 'San ngeimhreadh bheitheá an lá leis ar fad. … Nuair a thóigtear anuas de'n chrann é, bíonn an-fhad ann. Bhuailfeadh tú snaoim (snaidhm) nó crios ar 'chaon chloigeann dhe annsin, agus déanfaidh tú suas in a throisleáin é mar a bheadh gruaig mná ann go díreach. Sin í an eige. Tá sé faoi réir annsin le dhul ag an bhfigheadóir … Gan aimhreas is aon-tsnáth amháin a bhéas ann. Dhá mbriseadh an snáth 'san deilbh, ghreamóchadh sí ar an bpuínte de'n chuid eile de'n tsnáth é. Chuirfeadh sí snaoim (snaidhm) air … " (Giota faoi dheilbh shnátha a fuair mé ó m'athair. Rinne sé féin an obair go minic)
Is maith í an dubhoidhir seo ag "meaingeals" … Ag ceapadh nach ngabhfaidh sé cho fada leó! Go dtugaidh Dia ciall duit! Gabhfaidh sé sin go talamh íochtair agus faoi