→
íochtar
uachtar (50+)
Déanfaidh mé ceann-fhearainn annseo. Leigfidh mé na giotaí suas go huachtar ingreamús dhá chéile. Béarfaidh na cupla cúilín ar a chéile annsin thall ag an gcloich
Sin é an fiolladóir bradach. Ní fhágfadh sé bonn bán ort dhá ngéilltheá dhó. Is maith leis an rith uachtair a bheith aige i gcomhnaí i leabaidh druim díbearha a chur air as an tír!
Ba mhór a' slacht uirre dhá dtarraingeadh sí an chlársach mór siúd atá sa drad uachtair aice.
→
beart
Sin é an chaoi a raibh sé dhá thógáil fhéin — a' teacht isteach 'sna tighthe 'san oidhche, a's ag ól an uachtair ar na h-ancoird. Ach b'fhurasta a theacht isteach 'sna tighthe an uair sin. Ní bheadh nídh dhár dhealbh a' ghrian le do bhacadh, cé's moite de na bearta a bhíodh 'sna dorsa (doirse).
→
béalóg
Mara bhfuil de mharach agad uirre, ach a' bhéalóig sin atá in a drad uachtair, is deacair do dhíol de bhean a dhéanamh amach duit! (as fonóid adubhradh).
→
crúbáin
Tá fataí maithe ar na h-uachtair, ach maidir le na h-iochtair, a's le na crúbáin eile siúd, tá siad lobhtha fré chéile orra(b).
→
beo 1
Is beag a' mhaith é an fód beo fhéin 'sna taltaí tanuidhthe seo. Bíonn sé spíonta chomh maith leis an uachtar.
+
→
binse
Tá cuisle dhocht sa mbínnse annseo. Bhí sí sa mbarr uachtair freisin = féith nó giodán a bheadh deacair ar a bhaint.
TUILLEADH (1) ▼
Gheall tú gine a's punt dom, a's bhí dúil agham cur in a cheann; Culaith ó bhonn go h-uachtar, a's gúna de'n síoda bán; Sin a's a theacht ar cuairt agham, gach neoin a's gach maidin bhreagh; Le luach mo bheinsín luachra a's a bhfuair mé dhá easonóir. ("An Bheinnsin Luachra").
→
bruach
Is maith fada amach ar bruach, nach mór dhuit a dhul leis a' mbarr uachtair, má's leat trí bairr a chuir air.
+
→
buinne 1
Na h-easnachaí a sáithtear sa talamh idtosach. Annsin cuirtear buinne béil air — h-ocht slata déag. Sin é buinne na h-ocht slata déag. Cuirtear aríst as a chíonn sin h-ocht slata déag eile. Sin é an buinne láir. Slat eile a sháith annsin le taobh 'chuile easna, go gcuirfeá h-ocht slata déag eile ann. Sin iad na slata táis. Tóigtear a' buinne táis leob, a's bíthear dhá bhfígheachán go mbíonn siad caithte. Buinne tónach a chuir air annsin. Nuair a bheadh sin réidh aghad, na slata a bheadh 'sna taobhannaí a leagan anonn a's anall air, a's na slata éadain 'fhigheachán orra(b) sin, go gcuirfeá an tóin air: i gciseoig, séard a chuirfeá buinne in uachtar ar a' gcaiseal leob sin. 'Séard é fígheachán a' chléibh — buinne h-ocht slata déag, fígheachán nó buinne cheithre shlat, fhigheachán dhá shlat. 'Sé fígheachán a' dá shlat, a' figheachán singil — níor mhór cheithre slat l'aghaidh buinne. Buinne cam a chuirtear ar chléibhín ime: árduigheann a' caoladóir taobh de'n chliabh roimh an taobh eile (Cuir síos ar fhigheachán a's ar bhuinní an chléibh, ó chaoladóir — S. Ó. C. é an sliocht réamhráidhte).
TUILLEADH (2) ▼
Tháinic bairille faoi thír annseo an bhliadhain cheana, ach bhí an buinne uachtair imthighthe dhi, a's má bhí aon-éadáil ann thuit sí amach as. Scríobhnóireacht aisteach a bhí air. Deir cuid aca(b) sin, gur ó'n bhFrainnc a tháinic sé.
Má thugann tú an bhróig sin chuig an ngréasuidhe, cuirfe sé buinne isteach annsin duit a líonfas suas é. 'Sé'n truaighe na bróga sin a leigean i léig, arae tá uachtair mhaithe orra(b) fós.
→
amach
Amach annseo sa samhradh, caithfe mé seársa a thabhairt go h-Uachtar Árd, mar tá sé caithte in mo chloigeann le fada agham.
→
anuas
Anuas amach as Uachtar Árd é = tá Uachtar-Árd — an áit ar b'as é — an-fhada suas (nó ó thuaidh) as seo.
+
→
íochtar
Bhí na Lochlannaigh indon uachtar na h-iomaire a leasú as a h-íochtar (sin rún a bhí acu, agus nar leigeadar le aon-Éireannach ariamh é — tá sean-scéal faoi)
TUILLEADH (10) ▼
Ní mór dhá h-íochtar a bheith go maith i gcleitheamhnas a h-uachtair = ní raibh aon-mhaith leis an uachtar, agus caithfe an t-iochtar a bheith an-mhaith le cúitiú ar a shon sin (cruach mhóna, coca féir, iomrachaí fataí etc)
Is deise as a h-íochtar í ná as a h-uachtar.
Níl aon-duine ó íochtar an aeir go dtí uachtair an aeir, is uilce ná é = sé'n duine is uilce faoi'n saoghal é.
Níl mórán tighthe ar íochtar an bhaile. Is mó go mór atá ar' uachtar.
An baile íochtair, Boluisce Íochtair, Boluisce Uachtair
Rugadar isteach ar a chéile, lámh in íochtar, lámh in uachtar, agus lámh uaisle na carruidheachta — sin é an chaoi a gcuirtear síos 'sna sean-scéalta ar gheábh carruidheachta idir dhá ghaiscidheach.
Rugadar isteach ar a chéile — lámh in iochtar, lámh in uachtar agus lámh uaisle na carruidheacht. Rinneadar árdán de'n isleán agus bogán de'n chruadhán, gur thugadar toibreachaí fíor-uisce thrídh lár na leacrachaí glasa, le neart a gcuid carruidheachta. Nuair a bhí an ghrian a' dul faoi trathnóna tháinic an spideoigín ar an gcraoibh; 'A mhic na scolóige' adeir sí, 'níl fear do chaointe ná do shínte le fághail.' Annsin thug mac na scolóige, cor do'n fhathach, agus chuir sé go corrógaí sa leic é. An darna cor chuir sé go comhngar (cúmhngar) an uicht a's a mhuiníl é. 'Fóill ort a ghaiscidhigh' adeir an fathach. 'Leig m'anam liom, agus tiubharfa mé mo chlaidheamh soluis, agus m'each caol dubh duit a bhéarfadh ar a 'ngaoith Mhárta a bheadh roímpe, agus nach mbéarfadh an ghaoth Márta a bheadh in a diaidh uirre (cuid de chulaith gaisce na sean-scéal)
Tiocfa mé leat, má thugann tú lámh in uachtar agus lámh in iochtar dhom = má thugann tú cead dom leath-lámh liom a chur faoi t'ascaill agus an leath-lámh eile thar (ar) do ghualainn, agus a dhul a carruidheacht leat.
Tá na h-uachtair go maith, ach tá na h-íochtair imthighthe dhíob (bróga)
Cé'n mhaith na h-uachtair a bheith go maith, má bhíonn [na] h-íochtair ag leigean isteach (bróga)
→
fál
Ní raibh tada in uachtar an bhaile seo san sean-reacht ach fál buaile. Roinneadh amach annsin é, agus fuair chuile dhuine a chuid fhéin di
→
fód
Tá sé ag tabhairt socrú beag ar an talamh siúd. Tá sé ag baint an fhód uachtair dhe agus dhá ionntú druim ar ais, ach go bhfuil sé ag fágáil na mboird mar atá siad
→
feire
Níl aon-deasú indán don bhróig sin. Tá sí imithe ón bhfeire. Sén truaighe é. Ba bhreagh an t-uachtar a bhí uirre
→
dalladh
Rinne mé dalladh siubhail ó mhaidin ag scaradh barr-móna — an barr uachtair. Dar mo choinsias ní dhéanfaidh mé níos mó ar chaoi ar bith
+
→
danra
Ní raibh de chailleadh chor ar bith ar an mbarr uachtair. Diabhal mé go raibh, agus an mhóin roint sceithteach féin — briosc adéarfá. Ach an uair a theann mé síos ins an mbarr láir agus ins an mbarr íochtair, bhí sí danra a dhearbhráthair — danra. B'éigin dom cosa idtaca a chur orm féin ar an mbínse, leis an sleaghan a chur thríthe. Rinne an barr íochtair puca críochnuighthe dhíom
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhaca mé aon-uaigh ariamh ba dan(d)ra le déanamh ná uaigh N. go ndéanaidh dia maith air! Chuaidh muid siar ann ag an deich a chlog ar maidin agus ní raibh muid amach as an roillig go raibh an dubh ar an oíche. Bhí sí an-deacair in uachtar, agus an uair a theann muid síos, bhí leac ann — maistín de leic. Shíl mé go gcinnfeadh sí orainn a cur aníos duth ná dath
→
dearg 1
Ag cur an taobh dearg den ghruaidh in uachtar atá mé. Sin é atá mé a dhéanamh = ag casadh fóid; ag cur fhataí
→
deilbh 1
"An Crann Deilbh: de mhaidí coille a dhéantaí iad. Chaithtí a dtomhais le riail le fad áirid a bheith ionnta agus leithead áirid is na maidí treasna. Dhá chuaille a bheadh ann agus dhá mhaide treasna. Rinne P. M. Mh. ceann aca dhuinne annseo. Níl a fhios agam cá'il sé anois: ag imeacht is 'chuile áit a mbíonn deilbh le déanamh. Tá sé cho maith dhuinn anois sneachta a chaitheamh ar a lorg chreidim. Ní deilbh a dhéanfas muide go bráth aríst. Ní bheadh na gearrchaileadha sin indon aon-deilbh a dhéanamh … Cur síos an tSnátha ar an gCrann Deilbh (nó crann deilbhe; tá an dá leagan aige): an dá chuaille a chur in a seasamh annsin le balla: ceann ag corr na fuinneoige agus an ceann eile tuairim agus ag giall an dorais. Ní bheidís cho h-árd leis an áiléar sin baileach. An dá mhaide treasna a chur suas orra: ceann in íochtar agus ceann in uachtar agus iad ag dul isteach ionnta in eangaí mar a bheadh leabaidh. Bíonn rungaí ar nós dréimre 'san dá mhaide a bhíos in a seasamh ar a n-éadan: an t-éadan de na cuaillí a bhíos leat. Bíonn buimbiléad tuighe ar an urlár agus dhá cheirtlín shnátha air, i riocht agus nach mbeidh an snáth ag dul ar fud an tighe ort. Ní dhéanfadh sé cúis duit tuinte fada na h-óinsighe a bheith aghad! Annsin tosóchaidh tú ag cur an tsnátha síos ar an gcrann. Crios a dhéanamh an chéaduair. Comhairfidh siad an oiread seo banláí (bandles) de'n tsnáth — an méid banlá a bhéas le dul 'san eige (aige: /ɴ′eɡ′ə/) sin. Cuirfidh siad síos an snáth sin ar an gcránn agus beidh siad dhá chur sin síos choidhchin nó go mbeidh a ndóthain thíos. Tosóchaidh siad ar an bpionna (runga) íochtair ar an taobh seo — taobh na ciotóige — agus tiubharfaidh siad leo suas é ar na pionnaí — dhá chur orra ar fiar — ach gan snaoim (snaidhm) ar bith a chur air ar an bpionna, nó go dteighidh siad go bárr. Anonn treasna annsin agus anuas ar an deis chéadna ar an taobh eile ó runga go runga go dteagaidh siad go talamh. Anall treasna go dtí an áit ar thosuigh siad agus ar ais aríst ar an gcaoi chéadna, nó go mbeidh deireadh na gclannaí thíos. Bíonn dhá phionna dhéag suas ar aoirde na maidí. Scaithtí bheadh agus tuilleadh. Féadfaidh siad tuilleadh rungaí a chur ann de réir (léar adubhairt sé) mar a fheilfeas dóib. Tugtar céadta 'sa deilbh de'n eige 'léar (de réir) mar is maith leat leithead a bheith ann. Féadfaidh siad h-ocht gcéad (snáth) nó seacht gcéad a chur ann. Mara mbeadh ann ach seacht gcéad ní bheadh aon-leithead ag an snáth nuair a bheadh sé deilbhthe. Beidh leithead ag h-ocht gcéad. Nuair a bhíos an oiread seo clannaí thíos ar an gcrann buaileann siad sriongáinín ar an méid sin. Céad a bheadh annsin. Beidh fearas bárr leithid 'san éadach 'léar (de réir) mar a ghabhfas céadta ar an gcrann. Féadfaidh tú deilbh dhá shnáth a dhéanamh nó dhá shnáth dhéag nó scór má thogruigheann tú. Chonnaic mé 'chaon chineál aca. Bíonn chúig chlannaí fichead is 'chuile chéad. Ní fuláir fios a bheith agad cé mhéad céad ann shul a bhaineas tú de'n chrann deilbh é. Nach shin é an fáth a gcuirfidh tú síos air é. Comhairfear na clannaí amach in a gcéadta. Beidh an bhean nó an fear atá ag deilbh ag siubhal i gcomhnaí 'gcomhnaí. Ní fheilfeadh dhuit aon-bhuille marbh a leigint in do chuid oibre dhá mbeitheá ag deilbh. Is maith an píosa de lá a chaithfeá ag deilbh giota. 'San ngeimhreadh bheitheá an lá leis ar fad. … Nuair a thóigtear anuas de'n chrann é, bíonn an-fhad ann. Bhuailfeadh tú snaoim (snaidhm) nó crios ar 'chaon chloigeann dhe annsin, agus déanfaidh tú suas in a throisleáin é mar a bheadh gruaig mná ann go díreach. Sin í an eige. Tá sé faoi réir annsin le dhul ag an bhfigheadóir … Gan aimhreas is aon-tsnáth amháin a bhéas ann. Dhá mbriseadh an snáth 'san deilbh, ghreamóchadh sí ar an bpuínte de'n chuid eile de'n tsnáth é. Chuirfeadh sí snaoim (snaidhm) air … " (Giota faoi dheilbh shnátha a fuair mé ó m'athair. Rinne sé féin an obair go minic)
+
Tá na bróga seo réidh 'sna deireadhachaí th'éis go sílfeá go bhfuil na h-uachtair go maith
TUILLEADH (1) ▼
"Bean a chas le Mícheál Mhac Suibhne agus páiste suirghe aice. Thosuigh Mícheál ag magadh fúithe: Mícheál: Cá bhfuair tú an páiste? Ise: Fuair mé ar sop é. Bhí an ithir agam féin, agus fuair mé an síol in aisce. Mícheál: Cé dhár díobh é? Ise: De chlann Donchadha é idir bhonn agus uachtar. Mícheál: Cé dhár díobh na deireadhachaí? Ise: Dhá mbeitheá ann aimsir an lasctha, bheadh a fhios agad sin. Mícheál: Cáide uainn Margadh Bhaile an Dubhghaill (/dūl′/)? Ise: Má chuireann tú do theanga in mo thóin, beidh do shrón ar an margadh. Scaoil sé cnaipe. Mícheál: Tóig é sin uaim. Ise: Níor tóigeadh aon-laogh ó aon-bhó ariamh go ligheadh sí é. Ligh an chéad uair é. 'Óra a dheaidé' adeir an mac (.i. mac Mhichil) 'nach géar í gan gob'" (Giota faoi bhean ar chuir Mícheál Mhac Suibhne caidéis uirre. Tá an iomad leagan air seo ar fud na Gaillimhe, ach tá siad uiliog gáirseamhail. Tá mé dhá thabhairt annseo mar tá samhail mhaith ann agus magadh focail faoi'n ngréasaidheacht deireadhachaí, lasca)
Ní fiú dhom a rádh go bhfuil tada ar foghnamh agam ach a bhfuil in uachtar an bhaile. Diomlachaí uilig atá le iochtar agus é faoi thomachaí, agus faoi chritheannaí agus faoi shaidhleánach. Is ann atá raithneach an tsaoghail mhóir
Is measa é sin ná teach na n-amhus atá sé mhíle taobh thiar d'Uachtar Árd. Mo chois ná mo chnáimh ní chuirfidh mé isteach ann le mo mharthainn aríst. Diúltaigheamuid dó!
+
→
domhan
Níl sé ó uachtar an domhain go dtí íochtar an domhain an té is measa ná é. Bí siúráilte dhó sin = níl sé ann agus rl.
TUILLEADH (1) ▼
Níl sé ó uachtar an domhain go dtí íochtar an domhain an té is fiuntaighe ná é, an té a mbeadh aon-bheann aige air
→
doras
Bhíodh C. a bhí annsin thuas i mballa Ch. ag sireoireacht ó theach go teach agus ag ól an uachtair de'n bhainne, 'nuair a bhí muintir an tighe in a gcodladh … Cé'n stró a bhíodh air a dhul isteach agus gan de dhoirse ar na tighthe ach birt shlat, nó fhraoigh. Nach bhféadfadh a rogha duine a dhul isteach agus cé'n aireachtáil a bheadh air
+
→
drad
Níl fiacail ag gábhail le mo dhrad uachtair, ach aon-bhuinín beag amháin de chúl-fhiacail, agus go deimhin ní éadáil mhór dhom í sin
TUILLEADH (2) ▼
Níl cúl-fhiacail ag gábhail le mo dhrad uachtair, agus tá dhá chlárfhiacail caillte agam 'san drad íochtair
Tá an drad uachtair go maith agam, ach tá an drad íochtair tugtha uatha