Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Ainm
Iolraidh — ainmneachaí: déantar r den dara n amanntaí ainmreachaí
gein. uathaidh — ainme
1.
an focal a tugtar ar dhuine ar bheithidheach nó ar rud; i riocht's go mb'fhusa é aithneachtáil thar dhaoine thar bheithidhigh nó thar rudaí eile.
a.
+
Cé'n t-ainm atá ort?
Cé'n t'ainm agus a' sloinneadh atá ort? (Is annamh anois a chloistear 'céard is ainm duit' ná cá h'ainm thú, ach thuig(f)idhe é gan stróbh)
TUILLEADH (4) ▼
Sé'n t-ainm atá orm Seán agus an sloinne, Curraoin.
Sé'n t-ainm agus a 'sloinne atá orm Seán Ó Curraoin
Sé m'ainm a's mo shloinne Seán Ó Curraoin.
Séard is ainm a's sloinne dhom Seán Ó Curraoin (Is annamh a baintear leas as a' leagan deire seo anois, ach is minic é is na h-amhrán: "'Séard is ainm a's sloinne dhom, bainríoghan na bruighne de chineál na Síofra (Síodhbhra) as Cnoc Leitir Móir." Deirtear freisin "'sé's ainm a's sloinneadh dhom")
+
Níl aon-fhios agamsa ar ainm.
Is fada ariamh an t-ainm sin i gConamara.
TUILLEADH (12) ▼
Ainm ó'n díle é sin i gConamara, má's fíor do na h-ughdair = ainm fiannach: ainm atá i bhfad ann.
Níl Peadar sáthach galánta aca(b) anois, go gcuire siad leagan ar an ainm ("Pete nó Peter").
Ní thiubharfa mise cead d'aonduine m'ainm a chuir as a riocht (as a chuma).
Tá'n t'ainm a bhí ar a' Naomh Pádraic sáthach maith dhomsa = bhíodh na daoine a' tabhairt "Pat" air agus níor thaithnigh sé leis. B'fhearr leis Pádraig.
Tá na hainmneachaí uilig dhá gcuir as a' gcuma ar a' saoghal seo.
Tá a gcaoi fhéin acab ar na h-ainmneachaí agus go deimhin ní deas iad (daoine adéarfadh Ted in áit Tadhg. Eily in áit Eibhlín, Delia in áit Brighid etc)
Ghlaoidh sé in m'ainm orm = thug sé m'ainm orm.
Bheannuigh sé in m'ainm agus in mo shloinne dhom = dhá gcastaí duine leat nar aithin tú, nó nár shíl tú fios t'ainme ná do shloinne a bheith aige, déarfá seo.
Is tráthamhail a bhí m'ainm aige = is iongantach go raibh fios m'ainme aige.
Luacas (Lúcás) a bhí air, agus d'fhan ainm ar a' ngarraidhe sin ariamh ó shoin
D'fhan ainm ar an áit sin ariamh ó shoin.
Tá'n t'ainm ba dual dó air = an t'ainm ba chóir dhó a bheith air ó shínnsir.
+
Cé'n t-ainm baistighe atá ort, Seán nó Tomás nó Micil.
Colm a' t-ainm baistighe 'bhí air, ach baisteadh leas-ainm air
TUILLEADH (13) ▼
Ainm aisteach atá air: is i bhfad ó chéile a chloisfeá é sa tír seo = uair sé nó seachráin, a chloisfeá an t-ainm atá air sa tír seo.
Ainm gann é Darach i gCois-Fhairrge, ach tá sé ar 'chaon dárna duine faoi Chonamara.
Uair 'sna naoi n-áird, a chloisfeá an t-ainm sin ar dhuine annseo anois, ach bhí sé fairsing go maith fadó = uair i bhfad ó chéile a chloisfeá é anois.
Ainm nuadh-aosach é sin sa tír seo, ach ní mór le daoine anois é thabhairt ar a gclann, le faitchíos nach mbeidís sáthach galánta.
Is iomdha ainm nuadh-aosach atá dhá thabhairt ar dhaoine le goirid, ach is teanntásaighe a bheinn fhéin, ar na h-ainmneacha a bhí againn ariamh.
Ní chuimhnighim cé'n t-ainm atá air, ach ní ainm tíreamhail (tíorthamhail) é ar aon-nús (nós) = ní ainm gaedhealach é; ní fheicfeá duine dhá ainm sa tír seo.
Aindeoin gur Punncánach é, is tíreamhail é 'ainm (is tíreamhail a' t'ainm atá air = cé gur Punncánach é, tá ainm tíreamhail nó gaedhealach air. (tíreamhail = gaedhealach; homely)
Is gaedhealach a' t-ainm atá air — Páidín.
Nach gallda a' t-ainm a thug sé air — Noel (Gallda = galánta; ainm nach mbaineann le na bólaí seo)
Is galánta (árdnósach, leitheadach etc) an t-ainm atá air.
Le stráineas (stroinéas — focal Achréidhe) a thugadar ainm chomh Gallda sin air.
Ní raibh cáll dób (dóibh) ainm leath chomh galánta a thabhairt air, ach cá'r fhága tú an onóir dhona (féach "onóir")
Is gaedhealach an t-ainm a thug sé air — Páidín = is tíreamhail a' t-ainm atá air (igcásanna de'n tsórt seo ba cheart gaedhealach agus gallda a leitriú le 'g' beag le eidir-dhealú a dhéanamh idir iad, Gaedhealach, Gallda; a bhfuil sain-bhrigh leo ar an saoghal seo)
+
Tá na h-ainmneachaí tíreamhla dhá leigean i léig ('un siléige, i bhfaillighe, dhá gcaitheamh igcártaí, dhá gcaitheamh idtraipísí, dhá gcaitheamh i leathtaobh i leithrigh etc) ar a' saoghal seo.
I bhfad ó chéile a chloisfeá M'leachlainn 'sna bólaí seo, ach is ainm mór é faoi Ghnó Mhór = tá sé ar chuid mhaith faoi Ghnó Mhór (ó Mhuigh Cuilinn ó thuaidh)
TUILLEADH (1) ▼
Sean-ainm fiannach é sin sa tír seo (ainm atá ann i bhfad ariamh). (Fiannach = sean. Focal Achréidh é sin. Níl sé le cloisteáil ó Ghaillimh siar)
+
Cé bhaist a' t-ainm sin ort (adéarfá le duine a raibh leas-ainm air).
'Sé Maitiú a bhaist a' t'ainm sin air, agus ghreamuigh sé dhó = 'sé Maitiú a thug a leas-ainm air, idtosach, agus tugann chuile dhuine air anois é.
TUILLEADH (2) ▼
Dheamhan 'fhios cé bhaist a' t'ainm sin air idtosach, ach sé atá ag chuile dhuine air anois = sé'n leas-ainm a thugas 'chuile dhuine air, aindeoin nach bhfuil a fhios, cé thug air, an chéad uair é.
Pé'r bith cé bhaist a' t'ainm air, 'sé a bhaist a' t'ainm ceart air.
+
Tá a dhíol d'ainm air cheana, agus gan sibse a' cur leagan anois air = déarfaidhe seo, nuair a bheadh daoine ag athrú ainme duine eile cuirigcás "Peaid" ar "Phádraig" nó a mhacsamhail.
Ní dhéanfa an t'ainm a bhaist Dia air é, gan leagan a chuir air.
TUILLEADH (1) ▼
Sin é an t'ainm atá air ó Dhia a's ó'n saoghal, agus níor cheart d'aonduine a dhul a' cur leagain air.
+
Ní hé Seán s'agai(bh)se é, ach is fear ar ainm é (duine ar ainm, duine dhá ainm) = duine eile a bhfuil Seán air.
Maran tusa é, is duine ar t'ainm é.
TUILLEADH (2) ▼
Tá an bheirt ar aon-ainm (amháin) = sé'n t'ainm céadna atá ar a' mbeirt.
Tá triúr sa teach sin ar aon-ainm a' sean-athair, a' t-athair agus a' mac
+
Cuir isteach t'ainm leis a' bpinsean = cuir éiliughadh ar a' bpinsean; iarr a' pinsean.
Tá 'ainm istigh aige leis (ar) a' bpinsean le fada = tá sé ag éiliughadh an phinsin le fada.
TUILLEADH (3) ▼
Ní chuirfeadh sí isteach a h-ainm leis a' bpinsean, a' leigint óige uirre féin.
Cuir isteach t'ainm ar Chonndae na Midhe (ar a dhul go Conndae na Midhe) = iarr thú a aistriú go Conndae na Midhe.
Níor chuir sé isteach 'ainm ar a 'dole' luath ná máll = níor éiligh sé an 'dole' chor ar bith aon-uair.
+
In ainm fhéin atá an talamh = 'sé a ainm fhéin atá thíos leis a' talamh (ní hé ainm athar ná mháthar ná aon-duine eile)
In ainm athar atá an teach, ach is in ainm seisean atá an gabhaltas.
TUILLEADH (8) ▼
Sílim gur cuireadh ainm síos leis an talamh = má's in ainm athar nó dhuine eicínt eile a bhí an talamh, h-athruigheadh a' t'ainm sin, agus cuireadh in ainm fhéin é.
Is fada an lá an áit in ainm fhéin = is fada an lá a ainm thíos le teach, talamh agus a bhfuil ann.
Mara bhfagha sé a bhfuil istigh agus amuigh ann in ainm fhéin, ní phósfa sí é = mara n-aistrightear chuige-san de réir dlighe, teach, talamh agus tráigh agus eile, ní phósfa sí é.
Ní thiubharfa an t'athair an áit dó in 'ainm fhéin go gcáilltear é.
Is mór atá mé ag (dh)uil amudha, má thugann a' cantallóir is athair dó, an áit suas dó in ainm féin.
Thug a' t'oncail an áit suas dó, agus níl air anois, ach é fhaghail (é 'chur) in ainm fhéin = d'fhága an t'oncail an áit aige len' udhachta, agus níl le déanamh anois aige ach a' t'ainm 'athrú.
Is mór a' t'iongnadh liom go dtug a' t'athair an áit dó in ainm fhéin, go bhfeiceadh sé leis = cuireann sé iongnadh orm nar fhan a' t'athair scathamh eile, shul a dtiubhradh sé an áit suas dó.
B'fhearr dó an áit a thabhairt dó in 'ainm fhéin, ná 'bheith 'cuir treampáin air mar sin = b'fhearr dhó an áit a aistriú chuige, ná 'bheith a' cur bacainn a's guaim' air, mar atá sé.
+
Cé'n chall a bhí dhuit m'ainm a tharraint anuas (a tharraingt síos) chor ar bith sa scéal = níor cheart duit m'ainm a luadh beag ná mór (nuair a thráchtfadh duine ar dhuine eile in áit nó i gcomhrádh nar cheart dó, ná nuair a thráchtfadh sé air leis a' milleán a bhaint dhe fhéin nó a shamhail).
Ní bheadh aon-tsástuigheacht ort go dtarraingtheá m'ainm anuas, agus go mbeinn chomh cionntach leat fhéin.
TUILLEADH (3) ▼
Nach mór a' bhain sé dhuit m'ainm a tharraingt anuas chor a' bith? = níor bhain sé dhuit (i.e. ní raibh aon-cheart agad) m'ainm a tharraingt isteach sa scéal chor ar bith.
Tá m'ainm tarraingthe thrídh t'fhiacla agad is 'chuile áit = labhrann tú orm is chuile áit, agus ní he an deagh-rud adeireas tú fúm go minic.
Má chloisimse go dtarraingeo(cha) tú m'ainm thrídh t'fhiacla feasta beidh scéal agad air (íocfa tú ann, beidh rud ar a shon agad etc.).
+
Níl troid ná bruighin sa tír, nach bhfuil 'ainm tugtha síos leis = deirtear go mbíonn a láimh is chuile throid dhá mbíonn sa tír.
Níl achrann ó thigh diabhail go tigh deamhain, nach bhfuil a ainm tugtha síos leis = 'sé ráidhte na ndaoine, nach mbíonn troid in aon-áit nach mbíonn a mhéir innte.
TUILLEADH (8) ▼
Goideadh caoirigh i Seana Mhóinín anuraidh, agus tá a ainm tugtha síos leo(b).
Tá ainm Sheáin tugtha síos leis a' rubáil seo a rinneadh oidhche an aonaigh.
Tá 'ainm chomh maith le duine, tugtha síos leis a' mbean sin a raibh an chlánn aice, annsin thiar, an lá cheana.
Leisce na bréige, níl fhios againne a raibh láimh ná cois ag a' bhfear ariamh innte, ach bhí 'ainm tugtha síos léithe, ar aon-nós.
Is deacair dhó a leas a dhéanamh agus a liachtaighe uair atá 'ainm tugtha síos le mná.
Ní fhéadfadh sé aon-deagh-chríoch a bheith air, tús na breithe ag Mac Dé, agus a liachtaighe uair a bhfuil 'ainm tugtha síos le chuile mhíádh.
Níor cloiseadh 'ainm tarraingthe (anuas) síos le troid ná achrann (le troid ná bruighin ariamh)
Tá 'chuile dhuine buidheach dhó sin, mar níl ainm tarraingthe síos le mioscas ná míádh 'bith
+
Ná cainntigh (trácht, labhair) in ainm air amháin = déarfá seo nuair a bheadh an oiread uilc agad do dhuine eicínt, agus go gcuirfeadh sé múisiam ort a ainm a chloisteáil; nó freisin nuair a thosóchadh duine a' caitheamh a's a' cáineadh ar dhuine eicínt a raibh an-mheas agad air, nó gaol agad leis etc.
Ná cainntigh in ainm amháin air — an sladuidhe!
TUILLEADH (9) ▼
Seachain a' gcainnte(ochth)á in ainm air — an scaibhtéara!
Ná labhair in 'ainm air — an gaduidhe corónta!
Fainic a' dtráchtfá an ainm — ní luaghar (lughar) liom an sioc ná é, ná aon-dhuine a bhaineas leis!
Ná trácht in ainm air amháin — níl aon-nidh ar thalamh an domhain is luaghar (lughar) liom ná é!
Ná cainntigh in ainm amháin ar Sheán! — thug Seán a' ghnaoidheamhlacht abhaile leis, ní hé t'fhearachtsa é, a chine faoi chopóig = ní thiubharfa mé cead duit ainm Sheáin a tharraingt thrídh t'fhiacla: ba dual do Sheán a bheith gnaoidheamhail, geanamhail, ní hé sin duitse, nach bhfuil fhios cérab as ar tháinig do mhuinntir. (féach cine)
Ná labhair in ainm amháin ar mo mhac-sa! — ní hí an láimhín bhradach atá aige, fearacht do chlánn-sa = ní bhfuighe tú cead a dhul a' díbliú ar mo mhac-sa. Tá sé cneasta, ní hé sin de do chlánnsa.
Dubhairt mé léithe dhá gcainntigheadh sí in ainm amháin ar m'fhear-sa, go n-innseochainn dindiúirí a fear s'aice-féin di = dubhairt mé léithe, dá ndéanadh sí a dhath tromachain ar m'fhear-sa, go n-innseochainn-se di cé hé a fear féin (i.e. go n'innseochainn a dhroch-thréartha etc di)
Dhá gcainntigheadh sí in t'ainm ort amháin, deirimse leat go n-innseochainnse di, cé hí féin.
Dhá gcainntigheadh sé oiread agus in 'ainm air, roínnfinn an onóir leis = thiubhrainn a' teanga dhó.
+
Níl d'ainm air, ar fud an phobail ach gaduidhe = níl aca(b) ach gaduidhe i bhfus a's tall air ar fud a' phobail.
Níl d'ainm (de leas-ainm) air siar ach Preabach = ní thugann muínntir na háite siar d'ainm air ach 'Preabach'.
TUILLEADH (3) ▼
'Sé a bhfuil d'ainm air faoi shléibhte, 'Buttereen'
'Sé a bhfuil d'ainm air, síos faoi na Líbeirtí 'Tom an Ime' (féach "Libeirtí").
Níor tugadh d'ainm ariamh air, annseo, ach 'Seán a' Ghiorráin'
+
Ní bheadh 'in ainm an Athar' ráidhte agad san am a raibh sé isteach in a(r) mullach = tháinic sé isteach gan aon-mhoill, nó sul a raibh súil leis.
Bhí sé réidh sul dhá mbeadh 'in ainm an Athar' ráidhte agad.
TUILLEADH (6) ▼
Bhí 'dhinnéar ithte aige an fhad's bheitheá 'rádh 'in ainm an Athar'
Ní mó ná go mbeadh 'in ainm an Athar' ráidhte agad, san am, nach raibh aon-amharc air.
Is beag le go mbeadh 'in ainm an Athar' ráidhte agad, san am ar bhailigh sé leis.
Ní hé mórán le 'n ainm an Athar' a bheadh ráidhte agad, ó tháinic sé, gur imthigh sé aríst.
Badh é do chloch-neart 'in Ainm an Athar' a bheith ráidhte agad an fhad's chaith sé leis (an fhad's bhí sé dhá dheanamh).
Bheadh sé cruadh agad (thiocfadh sé righte leat, ba air a chruadh-chúis duit etc) 'in ainm an Athar' a bheith ráidhte agad, ó thosuigh sé gur chríochnuigh sé.
·
Sin ainm bréige atá air = ní hé ainm ceart é; 'alias'
Bíonn ainm bréige ar 'chuile dhuine de na ceannuidhthe sin ("Ceannuidhe" = fear cnuasaighthe ceirt, nó mangaire díolta mion-earraidhthe)
b.
Ainm contráilte = ainm mío-cheart.
+
Thug sé an t-ainm contráilte do na 'Peelers' nuair a rugthas air faoi sholus = thug sé ainm mío-cheart do na póilíos, nuair a bhagruigheadar dlighe air faoi bheith ag imtheacht gan aon-tsolus ar a rothar nó ar a chárr.
Tiocfa sé daor air, má fhaghann na póilíos amach go dtug sé an t-ainm contráilte dóibh
TUILLEADH (9) ▼
Is daor docharach an pionnta air é, má tá indán's go bhfuighe na póilíos amach gur thug sé an t-ainm contráilte uaidh = cuirfear éiric throm air, má fhaghann na póilíos amach, nar thug sé an t'ainm ceart dóib, nuair a rugadar air, agus é ag ól pionnta th'éis an ama.
Tuille ghéar do'n diabhal aige! Breágh ar thug sé an t-ainm contráilte dhóib ach an oiread le scéal.
Tuille glugair (ch)uige! Is mór a theastuigh uaidh an t-ainm contráilte a thabhairt dhóib = tuille diabhail chuige. Níor cheart dó ainm mío-cheart a thabhairt do na póilíos, agus tá sé fáighte amach aca(b) anois.
Cuirfe siad siúd (na póilíos) cumaoin air, ach a' dá luath agus a bhfagha siad amach gur thug sé'n t-ainm contráilte dhóibh.
Le gleacuidheacht má b'fhíor (dh)ó fhéin a thug sé an t-ainm contráilte uaidh, ach sílim go dtiocfa an ghleacuidheacht daor air, feadh 's na póilíos dhá fhaghail amach air (féach 'gleacuidheacht')
Thug sé an t-ainm contráilte air fhéin le imeartas (féach "imirt", "imeartas")
Cuirfe mé mo rogha geall go ndéanfa na póilíos amach fós, gur thug sé an t'ainm contráilte dhóib.
D'imthigh (féach imthigh) an diabhal air, má thug sé an t-ainm contráilte do na gárdaí = ní bheadh a' diabhal suas le na chuid imeartais má sé'n t-ainm contráilte a thug sé do na gárdaí.
Is deacair a dhul i mbannaí air, má thug sé ainm contráilte uaidh, agus é ag béal a' doruis aca(b); bhain sé barr dhá bhfaca tú ariamh má thug sé an t-ainm contráilte do na gárdaí, agus é in a chomhnuidhe ar ghort a' bhaile aca(b) = níl rud a' bith a' cinneamhaint air etc.
+
Cuir ainm ar a' rud atá tú 'iarraidh = abair cé'n t-ainm atá ar a' rud atá uait.
Cuir ainm anois air, agus má tá sé 'sa teach gheobha tú é = abair céard a theastuigheas uait etc.
TUILLEADH (9) ▼
Is deacair dhom é 'thabhairt duit, nuair nach gcuireann tú ainm air.
Cuir ainm ar do rogha deoch anois, agus gheobha tú í.
Cuir ainm ar do dheoch go beo, mar's beag a' lonnú 'fhéadfas muid a dhéanamh annseo.
Cuir ainm ar do rogha duine sa tír anois, a bhfuil airgead tirm aige = 'sé do dhubhshlán anois duine a' bith a ínnseacht dhom a bhfuil airgead leagtha thairis aige.
Chínnfeadh orm ainm a chuir ar dhuine 'bith anois, a mbeadh crann deilbh' aige
'Sé mo chloch-neart anois, ainm a chuir ar aon-teach ar a' mbaile seo 'mbeadh uibheachaí áil ann.
'Teirigh go Gaillimh' adeir sé, agus chuir sé 'ainm ar a leithide seo de dhuine ann. 'Mara bhfuil fhios aige sin tada faoi' adeir sé, 'caith sneachta ar a lorg'
Chuir sé ainm ar a leithide seo de dhuine ar na Criogáin, agus dubhairt sé gurb' é a bhí ann.
Chuir sé ainm ar a leithide seo de theach ar a' bPúirthín, agus dubhairt sé gurb ann a h-itheadh mo chuid caorach
c.
+
Cuir ainm anois ar a' ngaduidhe, feiceamuist = 'sé do dhubhshlán 'innseacht cé hé an gaduidhe, mar nach bhfuil fhios agad, cé hé.
Níor fhága sé mac a' pheata ar a' mbaile gan ainm a chuir air, le na póilíos, faoi na chuid féir a dhóghadh.
TUILLEADH (6) ▼
Chuir sé 'ainm ar dhaoine a bheith ag a' damhsa, nach raibh ní ba goire dhó, ná tóin thiar Chonamara = dubhairt sé go raibh daoine ag a' damhsa, a bhí igceann thiar Chonamara, nuair a bhí an damhsa ar siubhal.
Cé'n mhaith dhuit ainm a chuir ar aonduine, nuair nach bhfuil aon-chrúthú agad in' aghaidh.
Níor chuir sé aon-ainm ar aon-duine thar a chéile
Baoghal ar siúd ainm a chur ar aonduine, ar fhaitchíos go gcuirfeadh sé é fhéin in adhastar an anró
Ní chuirfeadh sé 'ainm ar aon-duine thar a chéile, ar fhaitchíos go mbéar(f)aidhe ar theanga(dh) air = níor thug sé ainm ar aon-duine thar a chéile, ar fhaitchíos go bhfaighthidhe brabach ar a' rud adéarfadh sé
Níor chuir sé ainm ar cheachtar aca(b) agus ba le 'bheith críonna dhó fhéin sin.
d.
+
Bhí sé tabhairt (blaodhach) ainmneachaí orm = do mo mhaslú; do mo dhíbliú
Ná tabhair ainmneachaí níos mó air, ar mhaith leat fhéin.
TUILLEADH (6) ▼
Ní mór dhuit a bheith ar do shon fhéin, má thugann tú aon-ainm gránda ar aon-duine níos mó = ní mór dhuit a bheith ar t-áirdeall féin (buailfear thú etc) etc.
Thug sé ainm gáirseamhail orm = ainm mío-gheanmnuidhe.
Níl aon-ainm a' gabhail leis, ach ainm gáirseamhail = ní thagann aon-ainm as a bhéal ach ainm gáirseamhail
Thug sé ainm greannmhar (baramhail etc) air
Ní hé ainm Dé a bheadh leath chomh minic ar do bhéal leis a' droch-ainm.
Tá ainm a' diabhail agad go maith, ach ní bheadh ainm dé agad leath-chomh maith.
+
Tá ainm aige air, agus ní hé an t-ainm slachtmhar é = ní leas-ainm gnaoidheamhail ná deas atá aige air; tá ainm aige air, nach bhféadfá a rádh i láthair comhluadair.
Ní hé an t-ainm slachtmhar, a thiubhras sé siúd ar aonduine.
TUILLEADH (3) ▼
Níor ghlaoidh sé aon-ainm slachtmhar ar aon-duine ariamh
An gráiscín! — níor tháinic aon-ainm slachtmhar as a bhéal ariamh (féach "gráiscín")
Ainm baramhail a thug sé air, ach ní ainm slactmhar é = thug sé leas-ainm air, a bhainfeadh gáiridhe as, ach mar sin fhéin ní ainm gnaoidheamhail le rádh é (níl sé ionráidhte).
+
Ba ghránda (gáirseamhail) a' t-ainm a tháinig as a bhéal.
Is deas a' t'ainm atá ar a bhéal!; is slachtmhar a' t-ainm atá ar a bhéal aige!
TUILLEADH (1) ▼
Is maith an t-ughdar é! Ar chuala tú an t-ainm a bhí ar a bhéal! (déarfaí le gasúr é, mar dhoigh nach deagh-dhuine bheadh ann, nuair a d'eireochadh sé suas, agus a' t-ainm gránda gáirseamhail atá aige anois).
+
Níl ainm thoir ná thiar nar thug sí orm = dhíbligh sí agus mhasluigh sí mé; níl droch-ainm dár chuimhnigh sí air, nar ghlaoidh sí orm.
Níl ainm thoir ná thiar nar thug sí ar a fear = cá'il a' t-ainm nar thug sí air?
TUILLEADH (5) ▼
Níl ainm thoir ná thiar, nár ghlaoidh an cúpla ar a chéile (cúpla = dís; beirt)
Níor fhágadar ainm thoir ná thiar gan glaodhach (gan tabhairt) ar a chéile.
Mhaithfeá do dhia, gan a bheith ag éisteacht leob, arae níl ainm thoir ná thiar nar thugadar fhéin ar a chéile.
Cháill tú é, nach raibh ag éisteacht leo(b), mar níl ainm thoir ná thiar, nar thug ceánn ar a' gceánn eile.
Bhíodar a' scaimhléaracht, agus níor fhága siad ainm thoir ná thiar gan glaodhach ar a chéile = cá'il a' t-ainm nar ghlaoidheadar ar a chéile agus iad a' ropaireacht.
+
Ná tabhair ainm dé gan fáth (dara h-aithne dé)
Ná bí 'tabhairt ainm dé gan fáth mar sin.
TUILLEADH (4) ▼
Is mór a' náire dhuit é, a' tabhairt ainm dé gan fáth.
Is mór a' peacadh dhuit a bheith 'tabhairt ainm dé gan fáth.
Cé'n chall atá dhuit a' bheith 'tabhairt ainm dé gan fáth.
Tá ainm dé gan fáth agad ar 'chuile dár(n)a focal.
2.
a.
+
Ó's sin é a ainm! = ní féidir a mhaltraid d'ainm a thabhairt air.
Seán Phádraic — a' scaibhtéara — ó's sin é ainm! = ní féidir a mhalrait d'ainm ach scaibhtéara a thabhairt ar Sheán Phádraic.
TUILLEADH (5) ▼
Gabh amach annseo a leaduidhe ó's in é t'ainm.
An 'murdaróir' ó's in é 'ainm!
Na creid focal uaidh an mbréagadóir, ó's in é 'ainm!
Ná taobhuigh an bacach, ó's in é 'ainm.
Fainic a' mbeadh plé a' bith agad leis an áidhbheirseoir ó's in é 'ainm
+
Sin é 'ainm — rubálaidhe agus dearg-rubálaidhe (déarfadh duine seo, nuair adéarfadh duine eile go mbadh rubálaidhe a léithide seo nó a leithide siúd, agus é fhéin ar an intinn chéadna).
Sin é 'ainm — cluanaidhe agus dubh-chluanaidhe.
TUILLEADH (1) ▼
Is tú a bhaist a' t-ainm ceart air — giolla na gríosaighe — níl a mhaltraid feilteach dó (Giolla na Gríosaighe = leaduidhe na luaithe; guróir a chothuigheas a' splannc i gcomhnuidhe)
b.
+
Ní táilliúr é ach ainm Táilliúra = níl aon-rath in a tháilliúr leis; fíor-dhroch-tháilliúr é; 'sé díoghadh na dtáilliúirí é.
Tá ainm siúinéara annsin thiar i gCois-Fhairrge, agus ní bheadh liosta (liasta) doruis déanta aige in imtheacht seachtmhaine.
TUILLEADH (12) ▼
Níl ann ach ainm figheadóra = sin é 'n figheadóir eile!
Tá ainm saoir thoir 'sna Forbacha agus bheadh sé chomh maith dhuit gasúr a chuir in éadan balla leis.
Is ainm táilliúra é, ach 'sé bhfuil ann é = tugtar táilliúr air, ach is fíor-dhroch-tháilliúr é.
Pádraig: Nach gabha é; Seán: Tá ainm air (i.e. is ainm gabha é), ach sin é an gabha eile!
Tá ainm siopa aige, ach níl luach leithpighne aige ann
Ní capall atá aige, ach ainm capaill = níl tarraingt na gcos innte.
Tá ainm mná aige = bean bheag, chlaoidhte chaithte cháillte atá aige.
Tá ainm tighe aige, ach chomhairfeá na réalta thríd = d'fheicfeá a bhfuil de réalta ar an aer, le na bhfuil de phuill i dtaobhannaí an tighe atá aige.
Ní 'bicycle' atá aige, ach ainm 'bicycle' = leithscéal de róthar.
Ní talamh atá 'san áit seo, ach ainm talmhana
Tá ainm ceardchan ann, ach bhí sé chomh maith dhuit do chapall a thabhairt (ch)uig figheadóir le na tabhairt ann.
Tá 'ainm agam (i.e. céachta, crann deilbhe, currach nó acra foghainteach a' bith mar sin), ach is beag a' mhaith é.
3.
+
Níor bhain sé (tada) as t'ainm thú = níor bhain sé do chliú dhíot; níor chuir sé ó chliú thú; níor thug sé mí-chliú ort.
Páidín: Dubhairt sé go mbadh bacach mé; Tom: Go deimhin má dubhairt fhéin, níor bhain sé tada as t'ainm thú (i.e. is bacach thú)
TUILLEADH (16) ▼
Dhá mbainfeadh sé mise as m'ainm, ní leigfinn leis chomh réidh sin é = d'ídeochainn air é, dhá dtugadh sé mí-chliú orm.
Is beag a' suím atá aige siúd duine a bhaint as ainm.
Níl leisce a' bith uirre siúd duine a bhaint as 'ainm
Is mór a' t-ughdar náire dhi, an cailín beag a bhaint as a h-ainm.
Dhá mbadh mise thú, ní bhainfeadh [sé] as m'ainm aríst mé
Má bhain sé as t'ainm thú, breágh nach gcuireann tú dlighe, agus creid mise dhuit ann gur daor a d'íocfadh sé é.
Ní bheadh a dhath scrubaill aige siúd sagart a' pharáiste a bhaint as 'ainm.
Is suarach a' chaoi de dhuine 'bith duine eile a bhaint as ainm.
Cidh Dia gur mór a' peacadh créatúr a' bith a bhaint as ainm.
Nach hé an náire bhruithte é, go bhfuil cead aige 'chuile dhuine a bhaint as 'ainm agus gan lá araoid' dhá chuir air.
Duine dona a bhainfeadh sé as 'ainm = dá mbeadh aon spioraid sa duine a leagfadh sé mí-chliú air, bhuailfeadh a' té sin é, nó bhainfeadh sé 'shásamh amach ar chaoi eicínt.
Tá mé reicthe agus bainte as m'ainm 'chuile ré soluis aige.
Dhá dtugainnse chun cúirte é, mise imbannaí nach mbainfeadh sé as m'ainm aríst mé.
Bhainfeadh an ropaire sin, an té is gnaoidheamhla sa tír, as ainm.
Dhá mbaineadh sé mise, as m'ainm, ní bheadh aige, ach malrait = bhainfinnse eisean as 'ainm freisin.
Is beag an náire uirre a dhul a' baint duine 'bith as 'ainm.
+
Ní hé ainm a bhaint de'n bhairghín é, sneadhachán a thabhairt air sin = sneádhachán a' t-ainm ceart air, arae is sneadhachán ar chuile chaoi é.
Ní hé ainm a bhaint de'n bhairghín é, gaduidhe a thabhairt airsin = is gaduidhe ó Dhia a's ó'n saoghal é.
TUILLEADH (2) ▼
Is tú nar bhain 'ainm de'n bhairghín nuair a thug tú an t-ainm sin air.
Ní a' baint ainm de'n bhairghín é, scearachán a ghlaodhach air chor a' bith.
+
Má's fear dhá ainm anois é, caithfidh sé cumaoin linn = má tá sé chomh maith agus atá a ainm, cuirfe sé cumaoin orainn; tá cáil na gnaoidheamhlachta agus an oinigh air, agus cuireadh sé leis anois.
Má's fear dhá ainm é, d'eile céard a dhéanfadh sé = má tá sé chomh dona agus atá a cháil, 'deile céard a dhéanfadh sé, ach a' rud a rinne sé.
TUILLEADH (1) ▼
Má's fear dhá ainm é, ní leigfe sé uaidh é gan é a mharbhú.
+
Má ghníonn tú sin, beidh t'ainm imbéal a' phobail = beidh an tír a' cainnt ort.
Má thugann tú comhluadar dó sin, is gearr gurab é t'ainm a bheidheas i mbéal a' phobail = má bhíonn tú in a chomhluadar sin go minic, is gearr go ndéanfa tú rud náireach éicint a mbeidh an tír a' cainnt air.
TUILLEADH (9) ▼
Ná bíodh t'ainm imbéal na ndaoine má fhéadann tú = ná bíodh na daoine a' cainnt ort, má fhéadann tú; ná tabhair ughdar cainnte do na daoine.
Is fada ainm a' cheánn chéadna imbéal na ndaoine.
Mara dtuga tú aire dhuit fhéin, beidh t'ainm imbéal na ndaoine as a dheire.
Ó bhí sé 'na chainnt faoi fhéin a's faoi'n mbean sin thiar, tá 'ainm imbéal a' phobail
Is deas a' chaoi ort anois é, agus t'ainm imbéal na ndaoine as éadan.
Ná déan aon cheo a chuirfeas t'ainm imbéal na ndaoine
Fainic a' mbeadh oiread de chathú ort, agus go gcuir(f)idhe t'ainm i mbéal na ndaoine.
Ní deas a' rud de dhuine 'ainm 'bheith imbéal na ndaoine
Is maith a chrúthóchas tú nó beidh t'ainm imbéal na ndaoine
+
Tá a ainm i bhfad a's ingearr = a chliú nó mhío-chliú (go h-iondamhail mío-chliú).
Chuaidh 'ainm i bhfad a's ingearr, faoi'n rud a rinne sé an bhliadhain cheana.
TUILLEADH (6) ▼
Is suarach a' t-íongnadh 'ainm a bheith i bhfad's ingearr, a's go bhfuil sé in a choileach (i.e. a' troid) ar 'chuile aonach.
Tá 'ainm faoi'n tír, ó'n uair a bhain sé'n t-airgead, de'n cheann (i.e. de'n fhear) sin thiar.
Beidh 'ainm faoi'n bpobal uilig anois fharrus ariamh = beidh chuile dhuine a' cainnt air, seachas ariamh.
Beidh siad a' borradh leis, go dteighe a ainm (a cháil) faoi'n tír = beidh siad a' saghdadh faoi, agus a' tabhairt ugaigh dhó, rudaí contráilte a dheanamh, go mbí na daoine ar fad a' cainnt air, ar ball.
Tá sé luath aige, arae is gearr ó cheana, bhí a ainm faoi'n tír = níl sé i bhfad cheana ó bhí droch-cháil air, agus tá sé luath aige, rud eicínt a dhéanamh fós, a thuíllfeadh droch-cháil dó in ath-uair.
Ní hé is measa, ach a' dream, a chuir 'ainm faoi'n tír = is measa an dream a chuir mí-chliú air, ná é fhéin.
·
Tá 'ainm amuigh air, gur gearr go bpósa sé.
4.
+
Tá sé chomh maith dhuinn a bheith ag imtheacht in Ainm Dé (nó in ainm Dé agus Mhuire)
Céard tá de rún agaibh a dhéanamh anois, in Ainm Dé.
TUILLEADH (9) ▼
Ná bígidh a' troid in 'ainm Dé.
Tá sé in am againn imtheacht in ainm Dé.
Cé'n obair a bheidheas ort imbáireach in ainm Dé.
In ainm Dé anois, tá sé chomh maith dhaoib eirghe as (as obair, sáruigheacht, troid etc)
Tiocfa mé 'na phortaigh imbáireach in ainm Dé
Bíodh ciall agaibh in ainm Dé a's Mhuire, a's ná tugaidh ughdar cainnte do'n tír (déarfaidhe é le dream a bheadh ar thob troda)
Tá sé in am codlata in ainm Dé
Cá'ide go bpósa tú in ainm Dé?
Tá sé chomh maith agaibh in ainm Dé a's Mhuire a bheith giorrú an bhóthair, ó tá sé romhaib.
5.
In ainm's = mar dhóigh de, a' cur igcéill.
+
Tá sé in ainm's a bheith ag obair, ach sin í an obair eile, a dhéanfas sé sin = tá sé ag obair mar dhóigh dhe, ach níl sé, ach a' cur isteach an ama.
Tá sé in ainm a bheith (a)g (dh)ul a' pósadh le mo chuímne, ach níor phós sé fós = deirtí go mbíodh sé ag dul a' pósadh.
TUILLEADH (30) ▼
Bhí sé in ainm's a bheith a' sleághdóireacht Dia Luain, ach níl an oiread móna indiaidh a láimhe, a's a bhruithfeadh pota fataí dhuit.
Tá sé in ainm's a bheith in a dhochtúr, ach sílim gurab é an dochtúr mar siúd é.
Dhá mbeidhinnse in ainm's é 'dhéanamh, dheanfainn é = ní raibh aon-chall dom é 'dheanamh; níor chuid de mo ghnaithí é.
Tá sé in ainm's a bheith 'saothrú trí phunt sa tseachtmhain i Sasana = deirtear go saothruigheann sé trí phunt sa tseachtmhain i Sasana.
Tá sé in ainm's a bheith an-droch-(mh)úinte, ach dheamhan ceo dhá chuid droch-(mh)úineadh a chonnaic muide ariamh = deirtear gur duine olc, oilbhéasach é, ach ní raibh sé amhla linne ariamh.
Tá sé in ainm's airgead a bheith aige, ach má tá, is beag dhá smais (dhá shlacht, dá chosamhlacht dhá chuma etc) atá air.
Tá sé in ainm's a bheith tínn ar an aimsir seo.
Tá sé in ainm's a bheith buailte suas, ach is beag dhá chuid leaduidheachta é, sílim = leigeann sé fhéin air fhéin go bhfuil sé tínn, ach leisce atá gabhail dó, cheapfainnse.
In ainm's a bheith 'faghail bháis atá sé ó tháinig cuímne dhom, agus ní fheiceann muid a dhath clóice fós air.
Tá sé in ainm's a bheith gortuighthe, ach is beag dhá chuid ealadhain é.
Bhí sé in ainm's a bheith (a)g (dh)ul go Sasana, an t-am seo 'nura(idh), ach is cosamhail gur loic sé 'na dhiaidh sin.
Bhí sé in ainm's a bheith ag dul in a shagart an bhliadhain cheana, ach is beag a' chosamhlacht sagairt atá anois air.
Bhí sí in ainm's a bheith ag dul 'sna mná riaghalta lá goirid ó shoin, ach is mó an rachmall pósta ná mná riaghalta atá uirre anois.
Bhí a cleamhnas in ainm's a bheith déanta le fear Achréidhe athrú anuraidh, ach deir siad gur briseadh aríst [é], in áit nach raibh aon-mheas aice air.
Tá siad in ainm's a bheith in a gcaoiseachaí (i.e. gcomhaoiseachaí) = deirtear gurab í an aois chéadna atá aca.
Tá siad in ainm's a bheith coimh-mhéad, ach cheapfainnse go bhfuil bantáiste (buntáiste = méad; biseach; maith) mhór ag a' gceánn sin, ar a' gceánn eile.
Ó tá an dá roínn (fheamuinne) in ainm's a bheith comh-fhada, bíodh do roghain agad, agus má bhíonn tú siar leis, ort fhéin a bheidheas a mhilleán.
Tá'n péire in ainm's a bheith comh-aois, ach tá maith mhór ag gamhain Phádraic ar ghamhain Sheáin.
Bhí an dá mhuic in ainm's a bheith an meadhchan céadna, ach d'aithneochadh dall gan súil go mbadh truime go fada, muc Sheumaisín ná muc Pheadair.
Tá sé in ainm's a bheith luath-lámhach, agus ní abróchainn nach 'bhfuil a' ceart sa méid sin = deirtear go ngoidfeadh sé rudaí, agus sílim féin freisin go ngoidfeadh.
Bhí sé sin in ainm's a bheith sa sluagh-sidhe, diúltaigheamuide dhó!
Tá oileán in ainm's a bheith faoi dhraoidheacht sa gcuan sin amuigh, agus bíonn sé nochtuighthe in éadan 'chaon seachtmhadh bliadhain.
Bhí sé in ainm's a bheith in a fhiannóir mhaith, ach sílim gurb é fhéin a chumadh leath na scéalta a bhí aige (féach "fiannóir").
Tá sé in ainm's a bheith beo in Ameriocá fós, ach níor fritheadh scéal ná scuan uaidh leis a' tsíorruidheacht.
Tá na 'Gaedhilgeoirí' sin in ainm's Gaedhilge a bheith aca(b) ach dheamhan thumanta smid a thuigfinn uatha(b), dhá mbeidís a' cainnt go maidin.
Tá sí in ainm's Béarla a bheith aice, ach sin é'n Béarla a chodail amuigh.
Seán: A' raibh tú ag obair indiu a Phádraig; Pádraig: In ainm's a bheith (i.e. ní mórán a leag mé orm fhéin)
Tá siad in ainm's Béarla a mhúnadh do na gasúir, ach is dona uatha(b).
Bhí muid in ainm's dhá scilling 'íoc, ach ó thárla nar cuireadh aon-tréas orainn fúthab, níor bhac muid leo(b).
Tá sé in ainm's a bheith réidh glan amach in a dhochtúr imbliadhna, ach sílim dheamhan mórán dindiúirí a fuair sé fós = badh cheart dó a bheith críochnuighthe ina dhochtúr imbliadhna, ach sílim nar eirigh mórán cáilidheachta dochtúra leis fós.

Féach freisin

Ainm in iontrálacha eile (50+)

 
Tá ceann-fhearann (ceann-fhearainn) ann = an leath-fhód le claidhe; an chiúiseóg a fhanas timpeall le claidhe gan treabhadh nó gan cur i bpáirc. Ach in Iarthair na Gaillimhe (le farraige. Tá an chiall réamhráite i Muigh Cuilinn agus inGnó Mhór) tugtar amanntaí é, ar na cúilíní beaga — agus iad ingreamús dá chéile — a bhíos in aice le claise an tsrotha nó le claidhe san áit nach dteigheann na hiomrachaí díreach. Sórt ladhrógaí nó crúbáin iad. Idtalamh nach dtreabhtar ní fhágtar mórán de chiúiseóig le claidhe ann, agus b'fhéidir gur ingeall air sin a haistríodh an t-ainm. Na daoine a thugas "ceann-fhearann" ar áiteachaí mar seo, "an leath-fhód le claidhe" a thugas siad ar an "headland" féin
 
Gabhfaidh mé ag iarraidh na hola (lampa) amáireach faitíos na fálach. Mara mbeidh t'ainm istigh agad Dé Céadaoin, dheamhan sdriog a gheobhas tú = ar fhaitíos go dtárlódh tada idir sin agus an Chéadaoin nach mbeadh sé indon a dhul chuig an mbeairic len a ainm a chlárú
 
Nuair a bhí na buachaillí báire eile sin, in ainm's a bheith ar a gcaomhamhaint, bhánuigh siad na tamhnachaí sin fré chéile. Dubhairt P. D. liom gur mhinic ab éigean dó eirghe dhá leaba 'san oidhche, le duine aca(b) a leigean isteach innte. Deirimse leat gur beag é a bhuidheachas anois, aindeoin ar chaith sé orrab.
 
ceas
Tá sé chomh tórthamhail ar na fataí, a's go gcuireann sé ceas air fhéin leo(b), uair a' bith a bhfaghann sé aon-leigean orra(b), le n-ithe. Níl sé in ainm's iad ithe chor a' bith, arae ní thagann siad leis, ach itheann sé ingan-fhios iad 'na dheidh sin.
 
Cá'ide eile a bheidheas tú ar a' gcipiléaracht seo. Cuir crudh 'na thosach, a's bíodh sé críochnuighthe trathnóna ambáireach ar 'fhad. Shílfeá go mbadh chóra dhuit náire 'bheith ort, a's an t-achar atá tú in ainm's a bheith in' éadan, a's gan déanamh ná leath-dhéanamh fós air.
 
clab
Ní leas-ainm uirre clab truisc féin, arae tá béal uirre mar bheadh ar throsc.
 
bannaí 1
Dhá nglacadh an beainnc, mo bhannuidhe-sa, thiocfainn imbannuidhe ort is fáilte, ach dheamhan glacadh, mar níl líon-léith thíos in m'ainm-sa. 'Sé ainm an tsean-fhir atá thíos le 'chuile mhíle sórt fós.
+
Níl stróbh a' bith ort eolus a' bhealaigh a dhéanamh. Tá ainm thuas ar 'chuile shráid ann.
TUILLEADH (1) ▼
Díol cam air, an spriosáinín! Tá sé in ainm's a bheith a' chongnamh dhom le seachtmhain, ach is mó atá sé sa mbealach orm, go fada.
 
cúl
Tá'n dlighe in ainm's iad a smachtú, ach 'séard tá sé a' borradh leob ar chúla téarmaí.
 
biorach 1
Cé'n t-ainm atá ar a' gcnuicín biorach thoir?
 
bior
Níl de leas-ainm ag duine 'bith anois air ach ceann-ar bior.
 
aer
Tá sé in ainm's a bheith imthighthe thart soir, a' déanamh aeir ach dar liom péin, gur faoi lámha dochtúirí atá sé a' gabhail, ach go bhfuil siad fhéin dhá cheilt sin.
+
Níl de leas-ainm air ach 'Doll'.
TUILLEADH (14) ▼
Tá leas-ainm ar 'chuile dhuine i Seana-Ghurráin.
Chuirfeadh an leas-ainm sin le buile a's le báinidhe í.
Sciorr a' leas-ainm uaim, agus ní raibh an oiread de náire ariamh orm = thug sé an leas-ainm air, agus níor chuimhnigh sé air fhéin, gur dhubhairt sé é etc.
Fhobair dhá leas-ainm sciorradh uaim
Dheamhan ar chuímnigh mo chroidhe, gur leas-ainm a' bith é = dheamhan fios rúin ná broscair a bhí agam narb in é 'ainm ceart.
Bhain sciorradh focail dom, agus thug mé an leas-ainm air = níor chuimhnigh mé orm fhéin, gur thug mé a leas-ainm air.
Ná tabhair a' leas-ainm sin air, ar mhaith leat fhéin.
Thug sé leas-ainm orm, agus níor liomsa ab fhaillighe é, agus thug mé leas-ainm air.
Má thug sé leas-ainm orm, ní raibh aige ach maltraid = thug mise leas-ainm air fhéin.
Tugadh a' leas-ainm sin air, as greánn (as magadh, le frioth-mhaga, le ealadhain, le spóirt, le fánuidheacht etc) agus d'fhan sé air.
Baistfe sé leas-ainm ort a ghreamó(ch)as duit le do shaoghal
Is fánach a' chaoi 'tugadh a' leas ainm sin air i dtosach, agus nach maith a ghreamuigh sé dhó (a d'fhan sé air) ó shoin.
Tá sé i gcomhnuidhe abuighthe leis a' leas-ainm; bíonn a' leas-ainm i gcomhnuidhe ar bhárr a' ghuib aige. (Bíonn sé tráthamhail leis a' leas-ainm is feiltighe).
Níl leas-ainm a' bith ag (dh)uil uaidh = tá leas-ainm dó féin, baistighe aige ar 'chuile dhuine.
+
An t-an-tlachán, ó's sin é 'ainm!
TUILLEADH (1) ▼
Níor bhain sé tada as ainm é, nuair a thug (ghlaoidh) sé an-tlachán air = níor dhubhairt sé bréag agus an-tlachán a thabhairt air.
 
anó
'A chúim chuit ar anshógh a mb'ainm dó géar-call; nó a bhriongláin de ghéagán a thuitfeadh de chrann' (sliocht as amhrán le Colm a' Bhailís — "An Ceannaidhe". Sin ceann de na samhaileanna a thug sé dhó com cuit a gheobhfadh ocras)
 
Ní fhéadfainn athrú d'ainm a thabhairt air, ach diabhal.
 
Tá B. agus duine eile i bhfiainise agam gur bhain sé as m'ainm mé = chuala siad do mo bhaint as m'ainm mé
 
fiann
Ba é Oscar an fear ab fhearr a bhí ar an bhFéinn agus sén t-ainm a thugadh Conán in a dheidh sin air an Laighneach Leath-mhagairleach. Graiscín ceart a bhí in Conán
 
Seisear an fuireann annsin. Níl siad in ainm agus a bheith faoi sheisear aon-uair
 
furú
Ní chuireann sé cuma curha ar bith orra (fataí) le forú. Bhí sé cho maith dhuit muic a leigean san ngarraí leis. Scrábálaí salach, ós sin é a ainm
+
Ní mór dhuit t'ainm a chuir isteach anois, má tá fút athrú go Conndae na Midhe.
TUILLEADH (1) ▼
Shíl mise nach raibh cuimhne ar bith athrú aige, ach chuala mé gur chuir sé isteach a ainm le Conndae na Midhe in a dheidh sin = chuir sé isteach ar thalamh ann.
 
feadh
Bhí sé cho maith do dhuine fanacht san mbaile ar feadh a raibh le fáil annsiúd aige. Ní raibh inte ach ainm bainse. Dheamhan cárt fuisce a roínneadh ann ar feadh na hoíche
 
folach 2
Chaith mé an lá thíos san roinn siúd, agus dheamhan falach an bhoird sin d'fheamainn a bhí agam dhá barr. Bhí sí in ainm agus a bheith in a fás dhá bhliain, ach mo léan an fás!
 
Deir sí gur bhain sé as a hainm í. M'anam go sílim go bhfuil rún aice fáisceadh air, agus airgead a bhaint dó
 
fód
Níl aon-ainm thoir ná thoir nar ghlaoidh sé air. Thomhais sé na dornaí leis freisin, ach ní sheasfadh an ceann eile fód
 
Má thugann tú fiacail leat as do dhrad, nó má thuiteann fiacail asad, deir siad gur ceart salann a chur inte, a cur isteach i smiochóid, agus a caitheamh siar thar chúl do chinn in ainm an Athar, an Mhic agus an Sprid Naomh (ach "nar imighe uainn ach thú", nó "brúgh agus ding ort" adeir daoine eile. Coinníonn cuid de na daoine fiacla a thuitfeadh mar sin. Cuireann siad i dtaisce iad, agus deir siad go mba cheart a gcur i gcónra le duine, ach ní fhaca mé dhá dhéanamh ariamh é)
+
"Sé'n fuar-ainm (for-ainm) atá air, Micil Chamuis"
TUILLEADH (6) ▼
Sén fuar-ainm a thugas siad air annseo Seán Basach
Níor thug muide d'fhor-ainm ariamh air ach Tomáisín na nGága
M'anam dhá dtugtá a ainm agus a shloinne timpeall annseo air nach mbeadh a fhios aca cé a bheitheá ag rá. Beairtlín na Haille atá ag chuile dhuine san áit seo air
Níor chuala mise d'fhuar-ainm ariamh air ach Éamonn na hAbhann. Ag saghdadh na habhann a chaith sé a shaol]
"An bhfuil a fhios agad, cá gcomhnaíonn Lorcán annseo", adeir sé. "M'anam nach bhfuil a fhios", adeirimse, "mar nach bhfuil a leithide ann". "Tá muis", adeir sé, "ar na mbaile seo thiar". "Lorcán ar an mbaile seo thiar!" adeirimse. "Má tá is ingan fhios domsa é. Le uair an chloig a tháinig sé ann. Tháinig mise anuas thríd an mbaile sin anois le ualach móna agus … ". "Laurence Conneely", adúirt sé. "Tá a leithide ann", adeirimse, "ach dar sliabh má tá Lorcán air, is for-ainm air é" (níor mhar a chéile dar leis "Lorcán" agus "Laurence")
Seán Ó Curraoin a ainm agus a shloinne ó cheart. Sin fuar-ainm: Seán Ó Márta. As a mháthair a mhainíos (a ainmníos) siad é.