Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
ainm
iolra: ainmneachaí, déantar r den dara n amantaí ainmreachaí
ginideach uatha: ainme
1.
an focal a tugtar ar dhuine, ar bheithíoch, nó ar rud, i riocht is go mb'fhusa é a aithneachtáil thar dhaoine, thar bheithígh, nó thar rudaí eile.
a.
+
Cén t-ainm atá ort?
Cén t-ainm agus an sloinne atá ort? (Is annamh anois a chloistear céard is ainm duitcá h'ainm thú, ach thuigfí é gan stró)
TUILLEADH (4) ▼
'Sé an t-ainm atá orm Seán, agus an sloinne, Curraoin.
'Sé an t-ainm agus an sloinne atá orm Seán Ó Curraoin
'Sé m'ainm agus mo shloinne, Seán Ó Curraoin.
Séard is ainm agus sloinne dhom, Seán Ó Curraoin (Is annamh a baintear leas as an leagan deiridh seo anois, ach is minic é sna hamhrán: "Séard is ainm agus sloinne dhom, banríon na bruíne de chineál na Síofra as Cnoc Leitir Móir." Deirtear freisin "'sé is ainm agus sloinne dhom")
+
Níl aon fhios agamsa ar a ainm.
Is fada ariamh an t-ainm sin i gConamara.
TUILLEADH (12) ▼
Ainm ón díle é sin i gConamara, más fíor do na húdair — ainm fiannach: ainm atá i bhfad ann
Níl Peadar sách galánta acub anois go gcuire siad leagan ar an ainm (PetePeter)
Ní thabharfaidh mise cead d'aon duine m'ainm a chur as a riocht (as a chuma)
Tá an t-ainm a bhí ar an Naomh Pádraic sách maith dhomsa — bhíodh na daoine ag tabhairt Pat air agus níor thaitnigh sé leis. B'fhearr leis Pádraig.
Tá na hainmneachaí uilig dhá gcur as a gcuma ar an saol seo.
Tá a gcaoi fhéin acub ar na hainmneachaí agus go deimhin ní deas iad (daoine adéarfadh Ted in áit Tadhg. Eily in áit Eibhlín, Delia in áit Bríd srl.)
Ghlaoigh sé in m'ainm orm — thug sé m'ainm orm
Bheannaigh sé in m'ainm agus in mo shloinne dhom — dhá gcastaí duine leat nár aithin tú, nó nár shíl tú fios t'ainme ná do shloinne a bheith aige, déarfá seo
Is tráthúil a bhí m'ainm aige — is iontach go raibh fios m'ainme aige
Lúcás a bhí air, agus d'fhan a ainm ar an ngarraí sin ariamh ó shin
D'fhan a ainm ar an áit sin ariamh ó shin.
Tá an t-ainm ba dual dó air — an t-ainm ba chóir dhó a bheith air ó shinsir
+
Cén t-ainm baistí atá ort, Seán nó Tomás nó Micil.
Colm an t-ainm baistí a bhí air, ach baisteadh leasainm air
TUILLEADH (13) ▼
Ainm aisteach atá air: is i bhfad ó chéile a chloisfeá é sa tír seo — uair sé nó seachráin a chloisfeá an t-ainm atá air sa tír seo
Ainm gann é Darach i gCois Fharraige, ach tá sé ar chaon darna duine faoi Chonamara
Uair sna naoi n-aird a chloisfeá an t-ainm sin ar dhuine anseo anois, ach bhí sé fairsing go maith fadó — uair i bhfad ó chéile a chloisfeá é anois.
Ainm nua-aoiseach é sin sa tír seo, ach ní mór le daoine anois é a thabhairt ar a gclann le faitíos nach mbeidís sách galánta.
Is iomaí ainm nua-aoiseach atá dhá thabhairt ar dhaoine le gairid, ach is teanntásaí a bheinn fhéin ar na hainmneacha a bhí againn ariamh.
Ní chuimhním cén t-ainm atá air, ach ní ainm tíriúil é ar aon nós — ní ainm gaelach é; ní fheicfeá duine dhá ainm sa tír seo
Ainneoin gur Poncánach é, is tíriúil é a ainm (is tíriúil an t-ainm atá air — cé gur Poncánach é, tá ainm tíriúil nó gaelach air; tíriúil = gaelach; homely)
Is gaelach an t-ainm atá air — Páidín.
Nach gallda an t-ainm a thug sé air — Noel (gallda = galánta; ainm nach mbaineann le na bólaí seo)
Is galánta (ardnósach, leitheadach srl.) an t-ainm atá air.
Le stráineas (stróinéas — focal Achréidh) a thugadar ainm chomh gallda sin air.
Ní raibh call dób (dóibh) ainm leath chomh galánta a thabhairt air, ach cár fhága tú an onóir dhona (fc. onóir)
Is gaelach an t-ainm a thug sé air — Páidín — is tíriúil an t-ainm atá air (i gcásanna den tsórt seo ba cheart gaelach agus gallda a litriú le 'g' beag le idirdhealú a dhéanamh idir iad, Gaelach, Gallda; a bhfuil sainbhrí leo ar an saol seo)
+
Tá na hainmneachaí tíriúla dhá ligean i léig (chun siléige, i bhfaillí, dhá gcaitheamh i gcártaí, dhá gcaitheamh i dtraipisí, dhá gcaitheamh i leataobh, i leithrigh srl.) ar an saol seo.
I bhfad ó chéile a chloisfeá Maoileachlainn sna bólaí seo, ach is ainm mór é faoi Ghnó Mhór — tá sé ar chuid mhaith faoi Ghnó Mhór (ó Mhaigh Cuilinn ó thuaidh)
TUILLEADH (1) ▼
Seanainm fiannach é sin sa tír seo (ainm atá ann i bhfad ariamh); fiannach = sean. Focal Achréidh é sin. Níl sé le cloisteáil ó Ghaillimh siar
+
Cé a bhaist an t-ainm sin ort (adéarfá le duine a raibh leasainm air).
'Sé Maitiú a bhaist an t-ainm sin air, agus ghreamaigh sé dhó — 'sé Maitiú a thug an leasainm air, i dtosach, agus tugann chuile dhuine air anois é
TUILLEADH (2) ▼
Dheamhan a fhios cé bhaist an t-ainm sin air i dtosach, ach 'sé atá ag chuile dhuine air anois — 'sé an leasainm a thugas chuile dhuine air, ainneoin nach bhfuil a fhios cé a thug air an chéad uair é.
Pé ar bith cé bhaist an t-ainm air, 'sé a bhaist an t-ainm ceart air.
+
Tá a dhíol d'ainm air cheana agus gan sibhse ag cur leagan anois air — déarfaí seo nuair a bheadh daoine ag athrú ainme duine eile, cuir i gcás "Peaid" ar "Phádraig" nó a mhacasamhail.
Ní dhéanfaidh an t-ainm a bhaist Dia air é gan leagan a chur air.
TUILLEADH (1) ▼
Sin é an t-ainm atá air ó Dhia agus ón saol agus níor cheart d'aon duine a dhul ag cur leagain air.
+
Ní hé Seán s'agaibhse é, ach is fear ar a ainm é (duine ar a ainm, duine dhá ainm) — duine eile a bhfuil Seán air
Muran tusa é, is duine ar t'ainm é.
TUILLEADH (2) ▼
Tá an bheirt ar aon ainm (amháin) — 'sé an t-ainm céanna atá ar an mbeirt
Tá triúr sa teach sin ar aon ainm: an seanathair, an t-athair, agus an mac
+
Cuir isteach t'ainm leis an bpinsean — cuir éileamh ar an bpinsean; iarr an pinsean
Tá a ainm istigh aige leis (ar) an bpinsean le fada — tá sé ag éileamh an phinsin le fada
TUILLEADH (3) ▼
Ní chuirfeadh sí isteach a hainm leis an bpinsean ag ligint óige uirthi féin.
Cuir isteach t'ainm ar Chontae na Mí (ar a dhul go Contae na Mí) — iarr thú a aistriú go Contae na Mí
Níor chuir sé isteach a ainm ar an 'dole' luath ná mall — níor éiligh sé an dole chor ar bith aon uair
+
Ina ainm fhéin atá an talamh — 'sé a ainm fhéin atá thíos leis an talamh (ní hé ainm a athar ná a mháthar ná aon duine eile)
In ainm a athar atá an teach, ach is ina ainm seisean atá an gabháltas.
TUILLEADH (8) ▼
Sílim gur cuireadh a ainm síos leis an talamh — más in ainm a athar nó dhuine eicínt eile a bhí an talamh, hathraíodh an t-ainm sin agus cuireadh ina ainm fhéin é.
Is fada an lá an áit ina ainm fhéin — is fada an lá a ainm thíos le teach, talamh, agus a bhfuil ann
Mura bhfaighe sé a bhfuil istigh is amuigh ann ina ainm fhéin, ní phósfaidh sí é — mura n-aistrítear chuigesean de réir dlí, teach, talamh agus trá agus eile, ní phósfaidh sí é.
Ní thabharfaidh an t-athair an áit dó ina ainm fhéin go gcailltear é.
Is mór atá mé ag dhul amú, má thugann an cantalóir is athair dó an áit suas dó ina ainm féin.
Thug an t-uncail an áit suas dó agus níl air anois, ach éa fháil (é a chur) ina ainm fhéin — d'fhága an t-uncail an áit aige lena uachta agus níl le déanamh anois aige ach an t-ainm a athrú
Is mór an t-ionadh liom go dtug an t-athair an áit dó ina ainm fhéin go bhfeiceadh sé leis — cuireann sé ionadh orm nár fhan an t-athair scaitheamh eile shula dtabharfadh sé an áit suas dó
B'fhearr dó an áit a thabhairt dó ina ainm fhéin ná a bheith ag cur treampáin air mar sin — b'fhearr dhó an áit a aistriú chuige ná a bheith ag cur bacainn agus guaime air mar atá sé
+
Cén chall a bhí dhuit m'ainm a tharraingt anuas (a tharraingt síos) chor ar bith sa scéal — níor cheart duit m'ainm a lua beag ná mór (nuair a thráchtfadh duine ar dhuine eile in áit nó i gcomhrá nár cheart dó, ná nuair a thráchtfadh sé air leis an milleán a bhaint dhe fhéin nó a shamhail)
Ní bheadh aon tsástaíocht ort go dtarraingtheá m'ainm anuas agus go mbeinn chomh ciontach leat fhéin.
TUILLEADH (3) ▼
Nach mór a bhain sé dhuit m'ainm a tharraingt anuas chor ar bith? — níor bhain sé dhuit (.i. ní raibh aon cheart agat) m'ainm a tharraingt isteach sa scéal chor ar bith
Tá m'ainm tarraingthe thrí t'fhiacla agat i chuile áit — labhrann tú orm i chuile áit, agus ní hé an dea-rud adeireas tú fúm go minic
Má chloisimse go dtarraingeoidh tú m'ainm thrí t'fhiacla feasta, beidh scéal agat air (íocfaidh tú ann, beidh rud ar a shon agat srl.)
+
Níl troid ná bruíon sa tír nach bhfuil a ainm tugtha síos leis — deirtear go mbíonn a láimh i chuile throid dhá mbíonn sa tír
Níl achrann ó thigh diabhail go tigh deamhain nach bhfuil a ainm tugtha síos leis — 'sé ráite na ndaoine nach mbíonn troid in aon áit nach mbíonn a mhéir inti
TUILLEADH (8) ▼
Goideadh caoirigh i Seanadh Mhóinín anuraidh, agus tá a ainm tugtha síos leob.
Tá ainm Sheáin tugtha síos leis an robáil seo a rinneadh oíche an aonaigh.
Tá a ainm chomh maith le duine, tugtha síos leis an mbean sin a raibh an chlann aici ansin thiar an lá cheana.
Leisce na bréige, níl a fhios againne an raibh láimh ná cois ag an bhfear ariamh inti, ach bhí a ainm tugtha síos léithe ar aon nós.
Is deacair dhó a leas a dhéanamh agus a liachtaí uair atá a ainm tugtha síos le mná
Ní fhéadfadh sé aon dea-chríoch a bheith air, tús na breithe ag Mac Dé, agus a liachtaí uair a bhfuil a ainm tugtha síos le chuile mhí-ádh.
Níor cloiseadh a ainm tarraingthe (anuas) síos le troid ná achrann (le troid ná bruíon ariamh)
Tá chuile dhuine buíoch dhó sin, mar níl a ainm tarraingthe síos le mioscas ná mí-ádh ar bith
+
Ná caintigh (trácht, labhair) ina ainm air amháin — déarfá seo nuair a bheadh an oiread oilc agat do dhuine eicínt agus go gcuirfeadh sé múisiam ort a ainm a chloisteáil; nó freisin nuair a thosódh duine ag caitheamh agus ag cáineadh ar dhuine eicínt a raibh an-mheas agat air nó gaol agat leis srl.
Ná caintigh ina ainm amháin air — an sladaí!
TUILLEADH (9) ▼
Seachain a gcainteofá ina ainm air — an scabhaitéara!
Ná labhair ina ainm air — an gadaí corónta!
Fainic a dtráchtfá an ainm — ní luar liom an sioc ná é, ná aon dhuine a bhaineas leis!
Ná trácht ina ainm air amháin — níl aon ní ar thalamh an domhain is luar liom ná é!
Ná caintigh ina ainm amháin ar Sheán! — thug Seán an ghnaíúlacht abhaile leis, ní hé t'fhearachtsa é, a chine faoi chopóig — ní thabharfaidh mé cead duit ainm Sheáin a tharraingt thrí t'fhiacla: ba dual do Sheán a bheith gnaíúil geanúil, ní hé sin duitse nach bhfuil a fhios cérb as ar tháinig do mhuintir (fc. cine)
Ná labhair ina ainm amháin ar mo mhacsa! — ní hí an láimhín bhradach atá aige fearacht do chlannsa — ní bhfaighidh tú cead a dhul ag díbliú ar mo mhacsa. Tá sé cneasta, ní hé sin do do chlannsa.
Dúirt mé léithe dhá gcaintíodh sí ina ainm amháin ar m'fhearsa, go n-inseoinn dintiúirí a fear s'aici féin di — dúirt mé léithe dá ndéanadh sí a dhath tromachain ar m'fhearsa, go n-inseoinnse di cé hé a fear féin (.i. go n-inseoinn a dhrochthréathra srl. di)
Dhá gcaintíodh sí in t-ainm ort amháin, deirimse leat go n-inseoinnse di, cé hí féin.
Dhá gcaintíodh sé oiread agus ina ainm air, roinnfinn an onóir leis — thabharfainn an teanga dhó
+
Níl d'ainm air ar fud an phobail ach gadaí — níl acub ach gadaí abhus is tall air ar fud an phobail
Níl d'ainm (de leasainm) air siar ach Preabach — ní thugann muintir na háite siar d'ainm air ach Preabach.
TUILLEADH (3) ▼
'Sé a bhfuil d'ainm air faoi shléibhte, 'Buttereen'
'Sé a bhfuil d'ainm air síos faoi na Líbeirtí, 'Tom an Ime' (fc. Líbeirtí)
Níor tugadh d'ainm ariamh air anseo ach 'Seán an Ghearráin'
+
Ní bheadh in ainm an Athar ráite agat san am a raibh sé isteach ina(r) mullach — tháinig sé isteach gan aon mhoill nó sula raibh súil leis.
Bhí sé réidh sul dhá mbeadh in ainm an Athar ráite agat.
TUILLEADH (6) ▼
Bhí a dhinnéar ite aige an fhad is bheifeá ag rá in ainm an Athar
Ní mó ná go mbeadh in ainm an Athar ráite agat san am nach raibh aon amharc air.
Is beag le go mbeadh in ainm an Athar ráite agat san am ar bhailigh sé leis.
Ní hé mórán le in ainm an Athar a bheadh ráite agat ó tháinig sé gur imigh sé aríst.
Ba é do chlochneart in Ainm an Athar a bheith ráite agat an fhad is a chaith sé leis (an fhad is a bhí sé dhá dhéanamh)
Bheadh sé crua agat (thiocfadh sé rite leat, ba air a chruachúis duit srl.) in ainm an Athar a bheith ráite agat ó thosaigh sé gur chríochnaigh sé.
·
Sin ainm bréige atá air — ní hé a ainm ceart é; alias
Bíonn ainm bréige ar chuile dhuine de na ceannaithe sin (ceannaí = fear cnuasaithe ceirt nó mangaire díolta mionearraithe)
b.
ainm contráilte, ainm mícheart.
+
Thug sé an t-ainm contráilte do na Peelers nuair a rugthas air faoi sholas — thug sé ainm mícheart do na póilíos nuair a bhagraíodar dlí air faoi bheith ag imeacht gan aon tsolas ar a rothar nó ar a charr.
Tiocfaidh sé daor air má fhaigheann na póilíos amach go dtug sé an t-ainm contráilte dóibh
TUILLEADH (9) ▼
Is daor dochrach an pionta air é má tá i ndán is go bhfaighidh na póilíos amach gur thug sé an t-ainm contráilte uaidh — cuirfear éiric throm air má fhaigheann na póilíos amach nár thug sé an t-ainm ceart dóibh nuair a rugadar air agus é ag ól pionta théis an ama
Tuilleadh ghéar den diabhal aige! Breá ar thug sé an t-ainm contráilte dhóibh ach an oiread le scéal.
Tuilleadh glugair chuige! Is mór a theastaigh uaidh an t-ainm contráilte a thabhairt dhóibh — tuilleadh diabhail chuige. Níor cheart dó ainm mícheart a thabhairt do na póilíos agus tá sé faighte amach acub anois
Cuirfidh siad siúd (na póilíos) comaoin air ach an' dá luath is a bhfaighe siad amach gur thug sé an t-ainm contráilte dhóibh.
Le gleacaíocht má b'fhíor dhó fhéin, a thug sé an t-ainm contráilte uaidh, ach sílim go dtiocfaidh an ghleacaíocht daor air feadh is na póilíos dhá fháil amach air (fc. gleacaíocht)
Thug sé an t-ainm contráilte air fhéin le imeartas (fc. imirt, imeartas)
Cuirfidh mé mo rogha geall go ndéanfaidh na póilíos amach fós gur thug sé an t-ainm contráilte dhóibh.
D'imigh (fc. imigh) an diabhal air má thug sé an t-ainm contráilte do na gardaí — ní bheadh an diabhal suas lena chuid imeartais má sé an t-ainm contráilte a thug sé do na gardaí
Is deacair a dhul i mbannaí air má thug sé ainm contráilte uaidh agus é ag béal an dorais acub; bhain sé barr dhá bhfaca tú ariamh má thug sé an t-ainm contráilte do na gardaí agus é ina chónaí ar ghort an bhaile acub — níl rud ar bith ag cinniúint air srl
+
Cuir ainm ar an rud atá tú a iarraidh — abair cén t-ainm atá ar an rud atá uait.
Cuir ainm anois air agus má tá sé sa teach gheobhaidh tú é — abair céard a theastaíos uait srl.
TUILLEADH (9) ▼
Is deacair dhom é a thabhairt duit nuair nach gcuireann tú ainm air.
Cuir ainm ar do rogha deoch anois agus gheobhaidh tú í.
Cuir ainm ar do dheoch go beo, mar is beag an lonnú a fhéadfas muid a dhéanamh anseo.
Cuir ainm ar do rogha duine sa tír anois a bhfuil airgead tirim aige — 'sé do dhúshlán anois duine ar bith a inseacht dhom a bhfuil airgead leagtha thairis aige
Chinnfeadh orm ainm a chur ar dhuine ar bith anois a mbeadh crann deilbhe aige
'Sé mo chlochneart anois ainm a chur ar aon teach ar an mbaile seo a mbeadh uibheachaí áil ann
'Téirigh go Gaillimh,' adeir sé, agus chuir sé ainm ar a leithide seo de dhuine ann. 'Mura bhfuil a fhios aige sin tada faoi,' adeir sé, 'caith sneachta ar a lorg'
Chuir sé ainm ar a leithide seo de dhuine ar na Creagáin agus dúirt sé gurb é a bhí ann.
Chuir sé ainm ar a leithide seo de theach ar an bPúirín agus dúirt sé gurb ann a hitheadh mo chuid caorach
c.
+
Cuir ainm anois ar an ngadaí, feiceamuist — 'sé do dhúshlán a inseacht cé hé an gadaí, mar nach bhfuil a fhios agat cé hé
Níor fhága sé mac an pheata ar an mbaile gan ainm a chur air le na póilíos faoina chuid féir a dhó.
TUILLEADH (6) ▼
Chuir sé ainm ar dhaoine a bheith ag an damhsa nach raibh ní ba gaire dhó ná tóin thiar Chonamara — dúirt sé go raibh daoine ag an damhsa a bhí i gceann thiar Chonamara nuair a bhí an damhsa ar siúl
Cén mhaith dhuit ainm a chur ar aon duine nuair nach bhfuil aon chrúthú agat ina aghaidh.
Níor chuir sé aon ainm ar aon duine thar a chéile
Baol ar siúd ainm a chur ar aon duine ar fhaitíos go gcuirfeadh sé é fhéin in adhastar an anró
Ní chuirfeadh sé ainm ar aon duine thar a chéile ar fhaitíos go mbéarfaí ar theanga air — níor thug sé ainm ar aon duine thar a chéile ar fhaitíos go bhfaighthí brabach ar an rud adéarfadh sé
Níor chuir sé ainm ar cheachtar acub agus ba le a bheith críonna dhó fhéin sin.
d.
+
Bhí sé ag tabhairt (blaoch) ainmneachaí orm — do mo mhaslú; do mo dhíbliú
Ná tabhair ainmneachaí níos mó air, ar mhaithe leat fhéin.
TUILLEADH (6) ▼
Ní mór dhuit a bheith ar do shon fhéin má thugann tú aon ainm gránna ar aon duine níos mó — ní mór dhuit a bheith ar t-airdeall féin (buailfear thú srl.) srl
Thug sé ainm gáirsiúil orm — ainm mígheanmnaí
Níl aon ainm ag gabháil leis ach ainm gáirsiúil — ní thagann aon ainm as a bhéal ach ainm gáirsiúil
Thug sé ainm greannmhar (barrúil srl.) air
Ní hé ainm Dé a bheadh leath chomh minic ar do bhéal leis an drochainm.
Tá ainm an diabhail agat go maith, ach ní bheadh ainm Dé agat leath chomh maith.
+
Tá ainm aige air, agus ní hé an t-ainm slachtmhar é — ní leasainm gnaíúil ná deas atá aige air; tá ainm aige air nach bhféadfá a rá i láthair comhluadair
Ní hé an t-ainm slachtmhar a thabharfas sé siúd ar aon duine.
TUILLEADH (3) ▼
Níor ghlaoigh sé aon ainm slachtmhar ar aon duine ariamh
An gráiscín! — níor tháinig aon ainm slachtmhar as a bhéal ariamh (fc. gráiscín)
Ainm barrúil a thug sé air, ach ní ainm slactmhar é — thug sé leasainm air a bhainfeadh gáirí as, ach mar sin fhéin, ní ainm gnaíúil le rá é (níl sé inráite)
+
Ba ghránna (gáirsiúil) an t-ainm a tháinig as a bhéal.
Is deas an t-ainm atá ar a bhéal!; is slachtmhar an t-ainm atá ar a bhéal aige!
TUILLEADH (1) ▼
Is maith an t-údar é! Ar chuala tú an t-ainm a bhí ar a bhéal! (déarfaí le gasúr é, mar dhóigh nach dea-dhuine a bheadh ann nuair a d'éireodh sé suas agus an t-ainm gránna gáirsiúil atá aige anois)
+
Níl ainm thoir ná thiar nár thug sí orm — dhíbligh sí agus mhaslaigh sí mé; níl drochainm dár chuimhnigh sí air nár ghlaoigh sí orm
Níl ainm thoir ná thiar nár thug sí ar a fear — cá'il an t-ainm nár thug sí air?
TUILLEADH (5) ▼
Níl ainm thoir ná thiar nár ghlaoigh an cúpla ar a chéile (cúpla = dís; beirt)
Níor fhágadar ainm thoir ná thiar gan glaoch (gan tabhairt) ar a chéile.
Mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leob, arae níl ainm thoir ná thiar nár thugadar fhéin ar a chéile.
Chaill tú é nach raibh ag éisteacht leob, mar níl ainm thoir ná thiar nár thug ceann ar an gceann eile.
Bhíodar ag scamhailéireacht, agus níor fhága siad ainm thoir ná thiar gan glaoch ar a chéile — cá'il an t-ainm nár ghlaoigheadar ar a chéile agus iad ag ropaireacht
+
Ná tabhair ainm Dé gan fáth (dara haithne Dé)
Ná bí ag tabhairt ainm Dé gan fáth mar sin.
TUILLEADH (4) ▼
Is mór an náire dhuit é ag tabhairt ainm Dé gan fáth
Is mór an peaca dhuit a bheith ag tabhairt ainm Dé gan fáth
Cén chall atá dhuit a bheith ag tabhairt ainm Dé gan fáth
Tá ainm Dé gan fáth agat ar chuile dar(n)a focal.
2.
a.
+
Ós sin é a ainm! — ní féidir a mhalrait d'ainm a thabhairt air
Seán Phádraic — an scabhaitéara — ós sin é ainm! — ní féidir a mhalrait d'ainm ach scabhaitéara a thabhairt ar Sheán Phádraic
TUILLEADH (5) ▼
Gabh amach anseo a leadaí ós in é t'ainm
An murdaróir ós in é a ainm!
Na creid focal uaidh an mbréagadóir, ós in é a ainm!
Ná taobhaigh an bacach, ós in é a ainm.
Fainic a mbeadh plé ar bith agat leis an áibhirseoir ós in é a ainm
+
Sin é a ainm — robálaí agus deargrobálaí (déarfadh duine seo nuair adéarfadh duine eile go mba robálaí a leithide seo nó a leithide siúd, agus é fhéin ar an intinn chéanna)
Sin é a ainm — cluanaí agus dubhchluanaí
TUILLEADH (1) ▼
Is tú a bhaist an t-ainm ceart air — giolla na gríosaí — níl a mhalrait feilteach dó (Giolla na Gríosaí = leadaí na luatha; goróir a chothaíos an splanc i gcónaí)
b.
+
Ní táilliúr é ach ainm táilliúra — níl aon rath ina tháilliúr leis; fíor-dhrochtháilliúr é; 'sé díogha na dtáilliúirí é
Tá ainm siúinéara ansin thiar i gCois Fharraige agus ní bheadh líosta dorais déanta aige in imeacht seachtaine
TUILLEADH (12) ▼
Níl ann ach ainm fíodóra — sin é an fíodóir eile!
Tá ainm saoir thoir sna Forbacha agus bheadh sé chomh maith dhuit gasúr a chur in éadan balla leis
Is ainm táilliúra é, ach 'sé bhfuil ann é — tugtar táilliúr air, ach is fíor-dhrochtháilliúr é
Pádraig: Nach gabha é; Seán: Tá a ainm air (.i. is ainm gabha é), ach sin é an gabha eile!
Tá ainm siopa aige ach níl luach leithpínne aige ann
Ní capall atá aige, ach ainm capaill — níl tarraingt na gcos inti.
Tá ainm mná aige — bean bheag chloíte chaite chaillte atá aige
Tá ainm tí aige, ach chomhairfeá na réalta thríd — d'fheicfeá a bhfuil de réalta ar an aer lena bhfuil de phoill i dtaobhannaí an tí atá aige
bicycle atá aige, ach ainm bicycle — leithscéal de rothar
Ní talamh atá san áit seo, ach ainm talúna
Tá ainm ceardchan ann, ach bhí sé chomh maith dhuit do chapall a thabhairt chuig fíodóir lena tabhairt ann.
Tá a ainm agam (.i. céachta, crann deilbhe, curach nó acra fóinteach ar bith mar sin), ach is beag an mhaith é
3.
+
Níor bhain sé (tada) as t'ainm thú — níor bhain sé do chlú dhíot; níor chuir sé ó chlú thú; níor thug sé míchlú ort
Páidín: Dúirt sé go mba bacach mé; Tom: Go deimhin má dúirt fhéin, níor bhain sé tada as t'ainm thú (.i. is bacach thú)
TUILLEADH (16) ▼
Dhá mbainfeadh sé mise as m'ainm, ní ligfinn leis chomh réidh sin é — d'ídeoinn air é dhá dtugadh sé míchlú orm.
Is beag an suim atá aige siúd duine a bhaint as a ainm.
Níl leisce ar bith uirthi siúd duine a bhaint as a ainm
Is mór an t-údar náire dhi an cailín beag a bhaint as a hainm.
Dhá mba mise thú, ní bhainfeadh sé as m'ainm aríst mé
Má bhain sé as t'ainm thú, breá nach gcuireann tú dlí, agus creid mise dhuit ann gur daor a d'íocfadh sé é.
Ní bheadh a dhath scrupaill aige siúd sagart an pharóiste a bhaint as a ainm.
Is suarach an chaoi do dhuine ar bith duine eile a bhaint as a ainm.
Cí Dia gur mór an peaca créatúr ar bith a bhaint as a ainm.
Nach é an náire bhruite é go bhfuil cead aige chuile dhuine a bhaint as a ainm agus gan lá araoide dhá chur air.
Duine dona a bhainfeadh sé as a ainm — dá mbeadh aon spioraid sa duine a leagfadh sé míchlú air, bhuailfeadh an té sin é nó bhainfeadh sé a shásamh amach ar chaoi eicínt
Tá mé reicthe agus bainte as m'ainm chuile ré solais aige.
Dhá dtugainnse chun cúirte é, mise i mbannaí nach mbainfeadh sé as m'ainm aríst mé.
Bhainfeadh an ropaire sin an té is gnaíúla sa tír as a ainm
Dhá mbaineadh sé mise as m'ainm, ní bheadh aige ach malrait — bhainfinnse eisean as a ainm freisin
Is beag an náire uirthi a dhul ag baint duine ar bith as a ainm
+
Ní hé a ainm a bhaint den bhairín é, sneáchán a thabhairt air sin — sneáchán an t-ainm ceart air, arae is sneáchán ar chuile chaoi é
Ní hé a ainm a bhaint den bhairín é, gadaí a thabhairt air sin — is gadaí ó Dhia agus ón saol é
TUILLEADH (2) ▼
Is tú nár bhain a ainm den bhairín nuair a thug tú an t-ainm sin air
Ní ag baint a ainm den bhairín é, sceathrachán a ghlaoch air chor ar bith
+
Más fear dhá ainm anois é, caithfidh sé comaoin linn — má tá sé chomh maith agus atá a ainm, cuirfidh sé comaoin orainn; tá cáil na gnaíúlachta agus an oinigh air agus cuireadh sé leis anois
Más fear dhá ainm é, deile céard a dhéanfadh sé — má tá sé chomh dona is atá a cháil, deile céard a dhéanfadh sé ach an rud a rinne sé
TUILLEADH (1) ▼
Más fear dhá ainm é, ní ligfidh sé uaidh é gan é a mharú.
+
Má ghníonn tú sin, beidh t'ainm i mbéal an phobail — beidh an tír ag caint ort.
Má thugann tú comhluadar dó sin, is gearr gurb é t'ainm a bheas i mbéal an phobail — má bhíonn tú ina chomhluadar sin go minic, is gearr go ndéanfaidh tú rud náireach éicint a mbeidh an tír ag caint air
TUILLEADH (9) ▼
Ná bíodh t'ainm i mbéal na ndaoine má fhéadann tú — ná bíodh na daoine ag caint ort má fhéadann tú; ná tabhair údar cainte do na daoine
Is fada ainm an cheann chéanna i mbéal na ndaoine
Mura dtuga tú aire dhuit fhéin, beidh t'ainm i mbéal na ndaoine as a dheireadh.
Ó bhí sé ina chaint faoi fhéin agus faoin mbean sin thiar, tá a ainm i mbéal an phobail
Is deas an chaoi ort anois é agus t'ainm i mbéal na ndaoine as éadan
Ná déan aon cheo a chuirfeas t'ainm i mbéal na ndaoine
Fainic a mbeadh oiread de chathú ort agus go gcuirfí t'ainm i mbéal na ndaoine.
Ní deas an rud do dhuine a ainm a bheith i mbéal na ndaoine
Is maith a chrúthós tú nó beidh t'ainm i mbéal na ndaoine
+
Tá a ainm i bhfad is i ngearr — a chlú nó a mhíchlú (go hiondúil míchlú)
Chuaigh a ainm i bhfad is i ngearr faoin rud a rinne sé an bhliain cheana.
TUILLEADH (6) ▼
Is suarach an t-ionadh a ainm a bheith i bhfad is i ngearr agus go bhfuil sé ina choileach (.i. ag troid) ar chuile aonach.
Tá a ainm faoin tír ón uair a bhain sé an t-airgead den cheann (.i. den fhear) sin thiar.
Beidh a ainm faoin bpobal uilig anois tharas ariamh — beidh chuile dhuine ag caint air seachas ariamh
Beidh siad ag borradh leis go dté a ainm (a cháil) faoin tír — beidh siad ag saighdeadh faoi agus ag tabhairt ugaigh dhó rudaí contráilte a dhéanamh go mbí na daoine ar fad ag caint air ar ball
Tá sé luath aige, arae is gearr ó cheana a bhí a ainm faoin tír — níl sé i bhfad cheana ó bhí droch-cháil air, agus tá sé luath aige rud eicínt a dhéanamh fós a thuillfeadh droch-cháil dó in athuair
Ní hé is measa ach an dream a chuir a ainm faoin tír — is measa an dream a chuir míchlú air ná é fhéin
·
Tá a ainm amuigh air gur gearr go bpósa sé.
4.
+
Tá sé chomh maith dhúinn a bheith ag imeacht in ainm Dé (nó in ainm Dé agus Mhuire)
Céard atá de rún agaibh a dhéanamh anois in ainm Dé.
TUILLEADH (9) ▼
Ná bígí ag troid in ainm Dé.
Tá sé in am againn imeacht in ainm Dé.
Cén obair a bheas ort amárach in ainm Dé.
In ainm Dé anois, tá sé chomh maith dhaoibh éirí as (as obair, sáraíocht, troid srl.)
Tiocfaidh mé 'na phortaigh amárach in ainm Dé
Bíodh ciall agaibh in ainm Dé agus Mhuire, agus ná tugaidh údar cainte don tír (déarfaí é le dream a bheadh ar hob troda)
Tá sé in am codlata in ainm Dé
Cáide go bpósa tú in ainm Dé?
Tá sé chomh maith agaibh in ainm Dé agus Mhuire a bheith ag giorrú an bhóthair ó tá sé romhaibh.
5.
in ainm is: mar dhóigh de, ag cur i gcéill.
+
Tá sé in ainm is a bheith ag obair, ach sin í an obair eile a dhéanfas sé sin — tá sé ag obair mar dhóigh dhe, ach níl sé ach ag cur isteach an ama
Tá sé in ainm a bheith ag dhul ag pósadh le mo chuimhne, ach níor phós sé fós — deirtí go mbíodh sé ag dul ag pósadh
TUILLEADH (30) ▼
Bhí sé in ainm is a bheith ag sleádóireacht Dia Luain, ach níl an oiread móna i ndiaidh a láimhe agus a bhruithfeadh pota fataí dhuit.
Tá sé in ainm is a bheith ina dhochtúr ach sílim gurb é an dochtúr mar siúd é
Dhá mbeinnse in ainm is é a dhéanamh, dhéanfainn é — ní raibh aon chall dom é a dhéanamh; níor chuid de mo ghnaithí é
Tá sé in ainm is a bheith ag saothrú trí phunt sa tseachtain i Sasana — deirtear go saothraíonn sé trí phunt sa tseachtain i Sasana
Tá sé in ainm is a bheith an-drochmhúinte, ach dheamhan ceo dhá chuid drochmhúineadh a chonaic muide ariamh — deirtear gur duine olc oilbhéasach é, ach ní raibh sé amhlaidh linne ariamh
Tá sé in ainm is airgead a bheith aige ach má tá, is beag dhá smais (dhá shlacht, dá chosúlacht, dhá chuma srl.) atá air.
Tá sé in ainm is a bheith tinn ar an aimsir seo.
Tá sé in ainm is a bheith buailte suas, ach is beag dhá chuid leadaíochta é sílim — ligeann sé fhéin air fhéin go bhfuil sé tinn, ach leisce atá ag gabháil dó cheapfainnse
In ainm is a bheith ag fáil bháis atá sé ó tháinig cuimhne dhom, agus ní fheiceann muid a dhath clóice fós air.
Tá sé in ainm is a bheith gortaithe, ach is beag dhá chuid ealaín é.
Bhí sé in ainm is a bheith ag dhul go Sasana an t-am seo anuraidh, ach is cosúil gur loic sé ina dhiaidh sin.
Bhí sé in ainm is a bheith ag dul ina shagart an bhliain cheana ach is beag an chosúlacht sagairt atá anois air
Bhí sí in ainm is a bheith ag dul sna mná rialta lá gairid ó shin, ach is mó an rachmall pósta ná mná rialta atá uirthi anois
Bhí a cleamhnas in ainm is a bheith déanta le fear Achréidh arú anuraidh ach deir siad gur briseadh aríst é, an áit nach raibh aon mheas aici air.
Tá siad in ainm is a bheith ina gcaoiseachaí (.i. gcomhaoiseachaí) — deirtear gurb í an aois chéanna atá acu
Tá siad in ainm is a bheith comh-mhéad ach cheapfainnse go bhfuil buntáiste (buntáiste = méad; biseach; maith) mhór ag an gceann sin ar an gceann eile.
Ó tá an dá roinn (fheamainne) in ainm is a bheith comhfhada, bíodh do roghain agat, agus má bhíonn tú siar leis, ort fhéin a bheas a mhilleán.
Tá an péire in ainm is a bheith comhaois ach tá maith mhór ag gamhain Phádraic ar ghamhain Sheáin.
Bhí an dá mhuic in ainm is a bheith an meáchan céanna ach d'aithneodh dall gan súil go mba troime go fada muc Shéamaisín ná muc Pheadair.
Tá sé in ainm is a bheith luathlámhach agus ní abróinn nach bhfuil an ceart sa méid sin — deirtear go ngoidfeadh sé rudaí agus sílim féin freisin go ngoidfeadh
Bhí sé sin in ainm is a bheith sa slua sí, diúltaí muide dhó!
Tá oileán in ainm is a bheith faoi dhraíocht sa gcuan sin amuigh agus bíonn sé nochtaithe in éadan chaon seachtú bliain.
Bhí sé in ainm is a bheith ina fhiannóir mhaith, ach sílim gurb é fhéin a chumadh leath na scéalta a bhí aige (fc. fiannóir)
Tá sé in ainm is a bheith beo i Meiriceá fós ach níor frítheadh scéal ná scuan uaidh leis an tsíoraíocht.
Tá na Gaeilgeoirí sin in ainm is Gaeilge a bheith acub ach dheamhan thiomanta smid a thuigfinn uathub dhá mbeidís ag caint go maidin
Tá sí in ainm is Béarla a bheith aici ach sin é an Béarla a chodail amuigh.
Seán: An raibh tú ag obair inniu a Phádraig; Pádraig: In ainm is a bheith (.i. ní mórán a leag mé orm fhéin)
Tá siad in ainm is Béarla a mhúineadh do na gasúir ach is dona uathub.
Bhí muid in ainm is dhá scilling a íoc ach ó tharla nár cuireadh aon tréas orainn fúthub, níor bhac muid leob.
Tá sé in ainm is a bheith réidh glan amach ina dhochtúr i mbliana ach sílim dheamhan mórán dintiúirí a fuair sé fós — ba cheart dó a bheith críochnaithe ina dhochtúr i mbliana ach sílim nár éirigh mórán cáilíochta dochtúra leis fós

Féach freisin

ainm in iontrálacha eile (50+)

 
Gabhfaidh mé ag iarraidh na hola (lampa) amárach faitíos na fálach. Mura mbeidh t'ainm istigh agat Dé Céadaoin, dheamhan striog a gheobhas tú — ar fhaitíos go dtarlódh tada idir sin agus an Chéadaoin nach mbeadh sé in ann a dhul chuig an mbeairic lena ainm a chlárú
 
Nuair a bhí na buachaillí báire eile sin in ainm is a bheith ar a gcaomhúint, bhánaigh siad na tamhnachaí sin fré chéile. Dúirt P. D. liom gur mhinic ab éigean dó éirí dhá leaba san oíche le duine acub a ligean isteach inti. Deirimse leat gur beag é a bhuíochas anois, ainneoin ar chaith sé orthub.
 
ceas
Tá sé chomh tóirúil ar na fataí agus go gcuireann sé ceas air fhéin leob uair ar bith a bhfaigheann sé aon ligean orthub le n-ithe. Níl sé in ainm is iad a ithe chor ar bith, arae ní thagann siad leis, ach itheann sé i ngan fhios iad ina dhiaidh sin.
 
Cáide eile a bheas tú ar an gcipiléireacht seo. Cuir crú ina thosach, agus bíodh sé críochnaithe tráthnóna amárach ar a fhad. Shílfeá go mba chóra dhuit náire a bheith ort, agus an t-achar atá tú in ainm is a bheith ina éadan, agus gan déanamh ná leathdhéanamh fós air.
 
bannaí 1
Dhá nglacadh an bainc mo bhannaíse, thiocfainn i mbannaí ort is fáilte, ach dheamhan glacadh, mar níl líon léith thíos in m'ainmse. 'Sé ainm an tseanfhir atá thíos le chuile mhíle sórt fós.
+
Níl stró ar bith ort eolas an bhealaigh a dhéanamh. Tá ainm thuas ar chuile shráid ann.
TUILLEADH (1) ▼
Díol cam air, an spreasáinín! Tá sé in ainm is a bheith a chúnamh dhom le seachtain, ach is mó atá sé sa mbealach orm go fada.
 
cúl
Tá an dlí in ainm is iad a smachtú, ach séard atá sé ag borradh leob ar chúla téarmaí.
 
biorach 1
Cén t-ainm atá ar an gcnoicín biorach thoir?
 
aer
Tá sé in ainm is a bheith imithe thart soir ag déanamh aeir, ach dar liom péin gur faoi lámha dochtúirí atá sé ag gabháil, ach go bhfuil siad fhéin dhá cheilt sin
+
An t-antlachán ós sin é a ainm!
TUILLEADH (1) ▼
Níor bhain sé tada as a ainm é nuair a thug (ghlaoigh) sé antlachán air — níor dhúirt sé bréag agus antlachán a thabhairt air
 
anó
'A chúim chait ar anó a mb'ainm dó géarcall; nó a bhriongláin de ghéagán a thitfeadh de chrann' (sliocht as amhrán le Colm a Bhailís, An Ceannaí. Sin ceann de na samhaileanna a thug sé dhó com cait a gheobhadh ocras)
 
Ní fhéadfainn a athrú d'ainm a thabhairt air ach diabhal
 
Tá B. agus duine eile i bhfianaise agam gur bhain sé as m'ainm mé — chuala siad do mo bhaint as m'ainm mé
 
fiann
Ba é Oscar an fear ab fhearr a bhí ar an bhFéinn agus 'sé an t-ainm a thugadh Conán ina dhiaidh sin air, an Laighneach Leathmhagarlach. Gráiscín ceart a bhí in Conán
 
Seisear an foireann ansin. Níl siad in ainm is a bheith faoi sheisear aon uair
 
furú
Ní chuireann sé cuma curtha ar bith orthu (fataí) le furú. Bhí sé chomh maith dhuit muic a ligean sa ngarraí leis. Scrábálaí salach, ós sin é a ainm
+
Ní mór dhuit t'ainm a chur isteach anois má tá fút athrú go Contae na Mí
TUILLEADH (1) ▼
Shíl mise nach raibh cuimhne ar bith athrú aige, ach chuala mé gur chuir sé isteach a ainm le Contae na Mí ina dhiaidh sin — chuir sé isteach ar thalamh ann
 
ainmneacha áiteacha: Aill na bProchóg
 
feadh
Bhí sé chomh maith do dhuine fanacht sa mbaile ar feadh a raibh le fáil ansiúd aige. Ní raibh inti ach ainm bainse. Dheamhan cárt fuisce a roinneadh ann ar feadh na hoíche
 
folach 2
Chaith mé an lá thíos sa roinn siúd agus dheamhan folach an bhoird sin d'fheamainn a bhí agam dhá barr. Bhí sí in ainm is a bheith ina fás dhá bhliain, ach mo léan an fás!
 
Deir sí gur bhain sé as a hainm í. M'anam go sílim go bhfuil rún aici fáscadh air, agus airgead a bhaint dó
 
fód
Níl aon ainm thoir ná thoir nár ghlaoigh sé air. Thomhais sé na dornaí leis freisin ach ní sheasfadh an ceann eile fód
 
Má thugann tú fiacail leat as do dhrad, nó má thiteann fiacail asat, deir siad gur ceart salann a chur inti, a cur isteach i smeachóid, agus a caitheamh siar thar chúl do chinn in ainm an Athar, an Mhic agus an Sprid Naomh (ach 'nár imí uainn ach thú,' nó 'brú agus ding ort' adeir daoine eile. Coinníonn cuid de na daoine fiacla a thitfeadh mar sin. Cuireann siad i dtaisce iad, agus deir siad go mba cheart a gcur i gcónra le duine, ach ní fhaca mé dhá dhéanamh ariamh é)
+
M'anam dhá dtugtá a ainm agus a shloinne timpeall anseo air nach mbeadh a fhios acu cé a bheifeá ag rá. Beairtlín na hAille atá ag chuile dhuine san áit seo air
TUILLEADH (1) ▼
Seán Ó Curraoin a ainm agus a shloinne ó cheart. Sin fuarainm: Seán Ó Márta. As a mháthair a mhainíos (a ainmníos) siad é.
 
Fuarsceird chríochnaithe í an roinn talúna sin thiar aige. Breaclach bhradach gan foscadh ná dídean. Ó diabhal fód ag gabháil léithe ach leic. Dhá gcuirtheá slat ar an tír, déarfainn nach bhfaightheá aon gheadán eile is maolscreamhaí ná é sin. An bhfuil a fhios agat cén t-ainm a thugadh N. Th., go ndéanadh Dia grásta air, uirthi: garrantaí dóite na míola críonna. B'fhíor dhó
 
dairt
Ní raibh sa bpassáil(scrúdú) sin ach caitheamh dairteachaí más fíor dó fhéin, i gcomórtas an phassáil a chuaigh ar a mhac seisean. Bhí Laidin ann agus Gréigis agus rud eicínt eile a dtugann siad Pat Tommy air … Sin é é — Botany. Pat Tommy arsa mise! M'anam dhá gcloiseadh Pat Tommy é dhá bhaint as a ainm, go bhfaigheadh sé faoina foraí (fabhraí) é, hé brí (pé ar bith) céard a phassáil an mac
 
danra
Tá muid in ainm is a bheith ag baint chloch sa gcoiléar sin thíos, ach go bhfóire Dia ar na clocha sin. Ní bheadh carr cloch bainte seachtain agat ann agus chomh danra agus atá an coiléar — na clocha dobhainte ann
 
Is fadó fiannach an lá ó bhí na deachmaí sin ann. Ní hé an ministéara a chruinníodh chor ar bith iad, ach bhí proictéara aige a théadh thart. Chuala mé an tseanmhuintir ag rá go mbíodh conacra acu thíos i mB. an Ch. agus go bhfágaidís na hiomrachaí ansin gan baint go dtigeadh sé féin agus go mbaineadh sé iad. Gach deichiú hiomaire a d'fhágaidís aige. Déantaí an cleas céanna le na stucaí coirce: stuca as chaon deich stuca a fhágáil gan tarlú, nó go dtugadh an proictéara leis é. Ba in é dualgas an mhinistéara. Bhí na daoine in ainm is an teampall gallda a chothú freisin. Thigeadh na sagairt ansin, agus chaithfidís a ndualgas féin a fháil: coirce freisin. Sin é an uair a raibh an chreachadh ann. Chuile dhuine agus a bhuille féin ar an duine bocht. Ba doiligh dhó é a sheasamh eatarthu … Ní raibh cur in aghaidh dualgas an tsagairt chor ar bith, ach chloisinn na seandaoine ag rá go mbídís ag blaoch i dtóin an phroictéara nuair a thigeadh sé i gcoinne an deachma, nó dhá dhalladh le scrathachaí ó chúl an chlaí. Bheadh rud ar a shon agat dá mbeirtí ort. Chuirfí isteach thú (sa bpríosún). Ach ní raibh baol orthu siúd go raibh siad chomh hadhartha agus go mbéarfaí orthu. Measaim go mbíodh an ministéara féin ann scaití, mar chuala mé P. N. ag rá nuair a bhí siad ina bputaí, go gcuirtí suas leo a dhul isteach ar chúla an chlaí ag fuagairt i ndiaidh an mhinistéara: "a mhinistéirín cár fhága tú do bhean?" Deir siad gur sagart a d'iontaigh, a bhí sa ministéara a bhí anseo … (Cuntas faoi na deachmaí sa gceantar sin ó Sheán Ó Beáin, Páirc Gharbh, An Carn Mór, Baile Chláir)
 
dearg 1
An bhfuil a fhios agat cén t-ainm a thug sé orm, ach bastard dearg (níl aon bhaint aige sin le dath a chuid gruaige, a ghné craicinn ná eile). Cá'il sé agam an striapach nó go ngiorraí mé leis?
 
Ceannaigh staic den deargán eile sin — cén t-ainm atá air — raddle — le na caoirigh a mharcáil. Beidh muid dhá mbearradh lá eicínt an tseachtain seo chugainn, agus caithfear comhartha eicínt a chur orthu más linn a gcur chun sléibhe … Gheobhaidh tú i siopa Ch. nó tigh Gh. é. Tóraigh an baile mór go bhfaighe tú é ar aon chor
 
dearmad 1
'Sé m'ainm féin a chuir mé i ndearmad leis an litir i leaba ainm an té a raibh mé ag scríobh dó, agus chaith páipéir agus litreachaí ag teacht chugam go ceann bliana faoi
+
Tá siad sin in ainm is a bheith dhá dhéanamh sin in aisce — gan pínn gan bonn — ach ní bhíonn siad gan ailp a bhaint as ina dhiaidh sin. Cuirfidh mise geall leat gur mó a gcion féin di as deireadh na cúise, ná cion na ndaoine bochta a roinneann siad orthu é. An té a chruthaigh neamh agus talamh, níor fhága sé é féin ar deireadh. Ní fhágfaidh siadsan iad féin ar deireadh ach an oiread
TUILLEADH (1) ▼
Agus tá sí pósta inniu. Is minic cheana a bhí sí in ainm is a bheith ag dul ag pósadh, ach an rud a bhíos dhá shíorlua, chreidim go dteagann sé isteach sa deireadh
 
Chuir sé suas an t-ainm i dtosach agus bhí sé dhá chur suas agus dhá bhaint anuas ansin, ag deismínteacht leis, nó gur mhill sé ar fad é
+
deoir
D'ionsaigh sé mé os comhair an phobail uileag. Níl ainm thoir ná thiar nár thug sé orm. Dheamhan deoir fhola a thabharfainn le náire
TUILLEADH (1) ▼
Tá ainm tí aige. Ach go deimhin is ainm é. Níl an deoir féin amuigh nach bhfuil istigh aige
 
Is diachta dhó foghlaim a bheith air ar scáth an t-achar a chaith sé ag dul chun scoile … Bhí sé in ainm is a bheith ag dul ann ceathair nó cúig de bhlianta, ach ar ndóigh ní bhíodh sé ann ach chaon tríú lá, má bhíodh sé an méid sin féin. Agus scaití ní thaobhaíodh sé aon scoil ar feadh ráithe i mbéal a chéile
+
dlúth 1
"'Sé an dlúth a dheilbhítear ar an gcrann deilbh. Cuirtear an dlúth ina uige chuig an bhfíodóir. Téann an t-inneach ina cheirtlín aige (chuige). Cuirfidh sé an dlúth isteach sa seol ansin. Cuireann sé an dlúth ar fhad an bhréidín sa bhfíochán. Caitear é a chur thríd an tslinn agus thrí na huamachaí. Bíonn an dlúth ansin leis an éadach ar a fhad ag dul ó gharmain go dtí an gharmain eile. Casann sé suas an dlúth ar gharmain an tsnátha. Nuair a bheas sé ag fíochán ansin, déanfaidh sé próistí beaga den inneach. 'Sé an t-ainm atá orthu eiteáin, agus beidh sé ag caitheamh na n-eiteáin thríd an dlúth léar (de réir) mar a bheas sé ag fíochán. Nár chuala tú M. Mh. Ph. ag caint ar chaitheamh an smóil. Sin é é. Bíonn sé ag cur tointí air, nó ag tointeáil. Ní mór an t-inneach a chaitheamh i chuile áit ar an dlúth i gcruth is go bhféadfaidh an tslinn é a fháscadh isteach. Tá clár ar an seol — an lámhchlár — agus bíonn a láimh ag an bhfíodóir air, dhá dhoirtim isteach is amach leis an inneach a chur ar an dlúth agus lena chruadhú. Istigh sa gclár sin atá an tslinn. Rudaí iarainn atá sa tslinn. Fáisceann sí an t-inneach isteach ar an dlúth. Bíonn cláirín ar chiumhais an éadaigh, agus teannann sé isteach é sa tslinn. Is éascaíocht dó é sin freisin leis an inneach a chur ar an dlúth. Tá sé ag tarraingt an tointe, adéarfas sé, nó chaith sé an toint: sin é léar (de réir) mar a bheas sé dhá fhíochán, beidh sé dhá tharraingt air den gharmna. Tá an dhá gharmna ann: garmna an tsnátha agus garmna an abhrais. Is mó an t-inneach nach foláir don dlúth caol ná de dhlúth atá sníofa ramhar. Bíonn cuid den bhréidín a mbíonn leithead ann thar a chéile léar (de réir) mar a bheas an tslinn … Sa deilbh a bhíos na clannaí. Sin an dá snáth a chur le chéile — dhá snáth dlútha — nuair a bheas tú dhá dheilbh. Bíonn easnamh agus lán stéige ann scaití freisin." (Sliocht as cuntas faoi éadach a fuair mé ó m'athair)
TUILLEADH (1) ▼
"Cosamar an lín: barrach. Sin é an rud a bhaineas an tlú gairmit as an líon. Shníomhtaí an bharrach le tuirne olla, agus dhéantaí snáth di. Inneach a ghnídís den bharrach, agus ansin dlúth olla a chur air, agus é a dheilbh, agus uige a dhéanamh dhó (dhe) agus a thabhairt chuig an bhfíodóir lena fhíochan. Dhéanfaí píosaí dhó ar nós flainín. Nuair a bhíodh fite dhó, ghnítí súsaí dhó le caitheamh os do chionn sa leaba. 'Sé an t-ainm a bhíodh ar na súsaí sin "líon agus olann". B'fhearr ceann acu ná trí phluid. Bhídís buille garbh, ach má bhíodh fhéin, dhá mbeadh ceann acu ar an leaba, thiocfá le pluid amháin agus é." (giota as cuntas faoin líon ó m'athair)
 
Tá siad ag dolaíocht thíos anseo le cupla lá. Thóg siad dola mór tráthnóna inné. Má mhaireann dóibh, is gearr go mbeidh na chúig chéad bradán tógtha acu. Sin é a bhfuil siad in ainm is a thógáil de réir an mhargaidh, ach ar ndóigh mo chreach, is beag aird a bheas ar an margadh sin
 
dol 1
Bhí sé in ainm is an oiread seo céadta punt a bheith ag teacht isteach dó, agus ina dhiaidh sin agus uileag, is minic a chonaic mé é agus gan an oiread aige agus a dhíolfadh a dhola. Diabhal é muis. I gceann a beith caifeach dhó, bhí dola mór air
 
draoi
Maraíodh an draoi breacach díobh ar an abhainn i mbliana. Ní raibh an fear a raibh sí aige in ainm is thar cheithre chéad a thógáil, ach mo léan géar, thóg sé an méid sin ar dhá dhola; agus chaith sé an bhliain ag tógáil ina dhiaidh sin
 
Tugadh soir anseo iad nuair a bhí an aicíd sin in ainm is a bheith san áit, nó gur baineadh na dreancaidí astu. Ní fhéadfaidís siúd gan a bheith ite leo agus chomh salach brocach agus a mbíonn chuile shnáth dhá mbíonn orthu. Mhaithfeá do Dhia gan an léine atá air anois a fheiceáil. 'Sí an rud is sailí í dhá bhfaca mo shúil ariamh
 
dris
"Dhá dtéiteá amach faoi dhris chosáin in do chraiceann in ainm an deamhain agus an diabhail, bheadh buannaíocht agat ag imirt chártaí. Trí Aoine a dhul faoi dhris shul d'éireodh grian. A dhul trí huaire fúithi agus gan teangachtáil léithe, in ainm an deamhain agus an diabhail, bheifeá díolta leis an diabhal" (m'athair)
 
Isteach ansin os cionn mo dhuánaí a theagas sí orm: drochdhaigh dhá mbeadh neart air. Murab é an rud eile sin a bheadh do mo bhualadh — cén t-ainm atá air — pendicitis
 
Má leanaim thú anois, beidh mé do dhiaidh nó go mbeire mé ort dhá mbeadh orm a dhul ar dhroichead spioróide le greim a fháil ort. Mar sin, 'sé mo chomhairle dhuit éirí as in ainm Dé agus a dhul ag spochadh le duine eicínt eile