Amach
1.
a.
+–
Chuaidh sé amach (ar an tsráid, sa ngarraidhe, sa gcogadh, ar a' bhfairrge, ar na cnuic, do'n taobh ó thuaidh etc).
Ná teirigh amach faoi'n mbáisti(gh).
TUILLEADH (13) ▼
Níl sé ach imthighthe amach; is gearr ó chuaidh sé amach as a' teach seo.
Cá'ide go dteighe tú amach ag iascach?
Tá sé inam agaibh 'bheith ag dhul amach feasta = ar aistear, nó abhaile.
Caithfe mé dhul amach ar an sliabh, igcoinne aistear móna.
Teigheann muinntear a' bhaile mhóir amach faoi'n tír, 'chuile Dhomhnach ag deanamh aeir.
Má's cúrsaí 'dhul amach é, tiubharfa mise mo chóta mór liom = má támuid le dhul amach, etc.
Ar ndú (ndóigh), ní cúrsaí dul amach é, an tráth seo d'oidhche, agus 'chuile theach a' stócáil a dhul 'chodladh. = ní tráth 'bith a bheith 'g (dh)ul amach anois, (ar cuairt) agus 'chuile theach faoi réir, le dhul 'chodladh.
Ná bac le na 'dhul amach indiu. Nach lá dhár saoghal é.
Ná bac le na dhul amach indiu! Ní leigfeadh sé luch as poll ná diabhal as Ifreann! = níl aon-mhaith bheith a' cainnt faoi dhul ag obair indiu. Tá'n bháisteach an-trom.
Chuaidh sé amach faoi'n saoghal = d'imthigh sé ó'n mbaile.
Ba cheart dhuit a dhul amach faoi'n aer, corr-uair.
Chomh luath agus 'chuaidh mé amach faoi'n aer, tháinic fonn múisc' orm.
Níor mhiste liom, dhá gcaithinn a dhul amach igCogadh ar maidin — sé'n cás céadna liom é.
+–
Cuireadh amach sa gCogadh de'n bhuidheachas é.
Shíl Sasana, na h-Éireannaigh a chuir amach sa gcogadh de'n bhuidheachas, ach chinn uirre.
TUILLEADH (4) ▼
Céard a chas amach thú a leithide d'oidhche?
Céard a bhéarfadh amach tú a leithide de lá.
Ná tarraing amach é ar a bhfaca tú ariamh = ná tabhair cionn-tsiocair dhó a theacht amach as a' teach.
Ar tháinic a' t-ál amach fós duit
+–
Déantar rudaí aisteacha amach faoi na Réigiúin coimhthightheacha.
Tá amhuis amach faoi na tíortha coimhthightheacha.
TUILLEADH (5) ▼
'Pócaí fola(mha) bocht buailidís bóthar; a's gheobha siad seantáin amach faoi'n tír' (Creathnach Sheáin Bóirne)
Tá sé amach in áit eicínt faoin mbaile.
Buail amach faoi'n mbaile agus déanfa sé maith mór dhuit.
Imthighthe amach faoi'n mbaile in áit eicínt atá siad.
Cá bhfios domsa, cé'n áit amach faoi'n mbaile a bhfuil siad
+–
Níor cheart go mbeadh cruadhóg amach a' bith anois ort.
Cé'n chruadhóg amach atá anois [ort].
TUILLEADH (10) ▼
Cé'n chall amach atá dhuit — nach bhfuil neart aca(b) fhéin ann le dhul amach.
Cé'n deifir amach atá ort, anois. Leig do scíth.
Nach mór a' deifir amach atá ort, agus gur corr-uair fheicea(nn)s muid thú.
Leig de do chuid deifir amach agus déan do chuairt.
Cé'n sórt amach sin ort a leithide d'oidhche (freagra ar dhuine a shamhlóchadh a dhul amach go dtí áit eicínt, droch-oidhche).
Níl cead isteach ná amach aice = níl cead aice corruighe as a' teach (féach isteach).
Ní thugann sí cead isteach ná amach do'n chailín aimsire.
Ní bhíonn aon-chead amach agam go dtí an sé 'chlog 'chuil' oidhche.
Níl aon-chead amach aca(b) as na coláistí sin, chor a' bith.
Bíonn sé isteach 's amach annseo
+–
Tá sé in am agad a bheith ag (dh)ul amach abhaile = tá sé in am agad a dhul abhaile ó'n teach seo.
Teirigh amach abhaile feasta: ní tráth áirneáin é.
TUILLEADH (1) ▼
Bí (a)g (dh)ul amach abhaile feasta — sé is córa dhuit, ná 'bheith 'déanamh clogán-streille de'n oidhche annseo (féach "clogán streille")
+–
Tiubharfa mé an tsráid amach duit, mara mbí tú 'do thost.
Thug sé bóthar amach dó = chuir sé amach é, nó 'un siubhail
TUILLEADH (3) ▼
Thug sé bóthar na Muice Báine amach dó = dhíbir sé é.
Thug sé an tsráid amach dó fhéin, th'éis a' méid sin
Tiubharfa mise an teópar (?) amach dhó go goirid = cuirfe mé as a' teach é.
b.
+–
Chuaidh sé amach an cnoc = ó thuaidh, nó thar an gcnoc, bealach ar bith.
D'ionnsuigh sé amach an sliabh ar maidin, agus dheamhan amharc a chonnaic muid ó shoin air
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé imthighthe amach Boluisce indiu, ag iarraidh buidéal
Ghearr sé amach Leitir Fir é = shiubhail sé amach (ó thuaidh) Leitir Fir.
Bhí mé 'g (dh)ul amach ariamh, ariamh, go raibh mé i bhFionán = bhí mé 'g (dh)ul ó thuaidh.
Ghearr muid amach ó thuaidh, gur shroich muid Doire Thuirc.
Chuaidh sé amach Dúithche Sheoigeach ar cuairt.
·
Thug sé an cnoc amach air fhéin ar ball, in diaidh caorach.
Thug sé Dúithche Sheoigeach amach ar fhéin indiu (amach faoi dhúithche Sheoigeach, isteach faoi shean-chladaigh — i.e. na h-oileáin, Garumna, Leitir Mealláin etc).
+–
Is fada amach ó Bhol-uisce, Ogumhail = is fada uaidh é {{(ó thuaidh dhe)
Ar an tamhna(igh) is fuide amach atá sé.
TUILLEADH (8) ▼
Sin é an teach is fuide amach ar a' mbaile = is fuide ó thuaidh.
Sí'n tamhnach is fuide amach de na tamhnachaí sléibhe sin í.
Bhí mé an-fhada amach faoi shléibhte indiu.
Is diabhaltaidhe fada amach atá sé
Is gearr amach chor a' bith, Leitir Meas = níl sé i bhfad ó láthair (ó thuaidh).
Is fada amach an Líonán.
Tá sí amach go maith ar an domhain (an bád).
Tá na potaí gliomach curtha aca(b) amach go maith ar a' stupóig.
+–
Tá sé imthighthe síos amach (féach aníos)
Chuaidh sé suas amach (féach anuas).
TUILLEADH (9) ▼
Tá'n áit sin siar amach = an-fhada siar.
Fear aniar amach as tóin Chonamara, a d'innis dhom é.
Tá sé in a chomhnuidhe siar amach in áit eicínt — taobh thiar dhá bhfuil ann.
Tháinic sé aníos amach (féach aníos).
Phós sé duine eicínt soir amach ar an Achréidh.
D'imthigh sé síos amach, in áit eicínt a' múnadh gaedhilge an bhliadhain cheana, ach ba ghearr a chaith sé imthighthe gur tháinic sé abhaile aríst ina bhromachán bliadhna.
Tá'n áit sin síos amach.
Ghread leo(b) siar amach go Conamara indiu, agus dheamhan's móide amharc a d'fheic(f)idhe orra(b) aríst go ceann seachtmhaine.
Bhí sé soir amach ag árd Dhoire Locháin, nuair a scoth mé é.
c.
Thar baile amach = thar baile isteach (féach "isteach") (Thar paráiste amach, thar tír amach etc) = taobh amuigh de'n bhaile.
+–
Fear thar baile amach atá sí a phósadh.
Fear thar baile amach a tháinic dhá h-iarraidh.
TUILLEADH (24) ▼
Ní cháinfinn iad le fear thar baile amach.
Má bhíonn mórán thar baile amach ann, ní mór dhaoib sib fhéin a ghlacadh go réidh.
Thógfadh sé páirt a' duine thar baile amach in aghaidh a dhuine fhéin.
Níl aon-chall duit a dhul thar baile amach le do dhíol de bhean a fhaghail.
Ná corruigh do chois thar baile amach, ag iarraidh broma(igh) mar tá ughdar maith capaill ag P. Mh. annsin thíos.
'mbeidh tú 'gabhail thar baile amach anocht.
Ní dheacha mé treasna na troighe thar baile amach ag damhsa ná ceol ariamh.
Níorbh ait liom a dhul thar baile amach ag bainis ariamh.
B'fhearr liom igcomhnuidhe a dhul ag ól thar parráiste amach, 'san áit nach mbeadh aithne ag aon-duine orm.
Chuaidh sé thar baile amach a' tabhairt cuiridheachaí, agus rinne sé oirille ar a' dream a bhí imbéal a' doruis aige (féach 'oirille')
Ní bheidh cuiridheacha a' bith ann thar baile amach, sílim.
Ná cuir aighneas choidhchin ar aon-duine thar pobal amach, mar níl fhios agad, cé'n chaoi 'gcasfaidhe thú fhéin in áit strainséara uair eicínt.
Nar chomhnuighe tú go dteighe tú thar pobal amach!
Má's ag iarraidh spré atá tú, níl call duit a dhul thar baile amach. Tá sí imbéal a' doruis agad.
Níl aon-mhaith aige ann, go dteighe sé thar baile amach (ch)uig tarbh. Níl meas a' bith aige, ar aon-cheo dhá bhfuil ar a' mbaile istigh.
Má's leat ceol agus spóirt a fhághail, caithfe tú a dhul thar paráiste amach.
Ní theigheadh gearrchaileadha a' bith thar baile amach, ag damhsaí roimhe seo, ach tá siad leigthe leo(b) fhéin ar fad anois.
Chonnaic mise an tráth a dteigheadh daoine thar pobal, ní áirmhighim thar baile amach (ch)uig tórruidheachaí a' déanamh cleis, ach caitheadh an cheird sin in aer.
Is olc na gnaithí atá ort, má theigheann tú thar baile amach i gcleitheamhnas píosa damhsa a leithide d'oidhche.
A' raibh tú ibhfad thar baile amach indiu?
Tiubhra mé an ruaig seo thar paráiste amach.
Sílim má imthighim chor a' bith go dtiubhra mé ruaig thar tír amach ar fad.
Níor mór dhó a dhul thar tír amach anois, mar tá a chliú caillte aige, 'san áit seo, go deo.
Gheobhfadh sé áird thar tír amach, 'san áit nach mbeadh aon-aithne air.
d.
+–
Gaol i bhfad amach liom é = tá sé fada amach ingaol agam.
'Uisce fuar mo chreach nó gaol i bhfad amach' (leath-fhocal)
TUILLEADH (17) ▼
Is beag a' mhaith do dhuine, an gaol i bhfad amach.
Má tá aon-ghaol ann anois, is gaol i bhfad amach é.
Dheamhan mórán samhaoine d'aonduine gaol i bhfad amach.
Tá gaolta i bhfad amach aige, suas faoi Mhuigh Cuillinn nó faoi Ghnó Mhór.
Tá gaol i bhfad amach agam le Seumas.
Tá siad ingaol aigéan a chéile — ach is gaol i bhfad amach anois é = gaol scaipthe.
Shíl mé nach raibh an gaol chomh fada sin amach = chomh scaipthe sin.
Tá smearthachán eicínt gaoil agam leis — ach is fada amach é.
Is fada amach uaimse iad sin, anois = is beag a' gaol atá agam leo.
Tá sé fada go maith amach uaim, ingaol, ach a' méid sin fhéin bíonn sé dhá bhrughadh orm, uair a' bith a chastar liom é.
Bhíodh na sean-daoine a' comhaire(amh) gaoil eicínt leo(b), ach 's fada amach é anois.
Is beag an éadáil dhomsa, gaolta i bhfad amach, ná a gcuid carthannais
Is beag an mhaith gaolta i bhfad amach lá an anshógha.
Níl gothadh 'bith againne ar ghaolta i bhfad amach = níl aon-tsúil againn go dtiocfa siad go dtí muid, go mbrughfa siad orainn, níl muid dhá n-iarraidh.
'Chuile eallach aige siúd ach gaol i bhfad amach.
Ní lughar liom a' catmara, ná gaolta i bhfad amach a bheith brughadh orm 'chuile lá 'san aer.
Tá mé scriosta bánuighthe ag gaolta i bhfad amach, ag ithe a bhfuil in mo theach
+–
Is fada amach ó mo chaolán-sa a gearradh iad = níl gaol ná páirt agam leo; is fada uaim a tóigeadh iad.
Is fada amach ó mo chaolán-sa a gearradh thú, le go dtiocfá ag iarraidh rud orm.
TUILLEADH (8) ▼
Is fada amach ó mo chaolán-sa a gearradh muinntir an bhaile seo, le go mbéidís a' brughadh isteach orm.
Is fada amach ó mo chaolán-sa a gearradh í, le go dtiubhrainn cuireadh chun bainse dhi.
Is fada amach uaim a bheidheas siad sin, nuair a thiocfas an t-anshógh.
Is goire dhom an duine is fuide amach uaim sa tír ná é = is mó an leas dom an té nach bhfuil gaol a' bith aige liom ná eisean atá ingaol liom.
Ní dhéanfadh an té is fuide amach uaim sa tír liom é.
Ní chreidfinn go n-abróchadh a' té is fuide amach uaim sa tír liom é, ní áirmhighim eisean, a bhfuil gaol gar aige liom.
Ní thiubhradh a' té is fuide amach uaim sa tír a leithide de mhasla dhom a's a thug mo dhuine muinntreach fhéin dhom.
Is túisce a d'iarrfainn rud, a's bíodh sé 'teastáil uaim, ar a' té is fuide amach uaim sa tír, ná d'iarrfainn ar mo dhearbhráthair fhéin é.
·
Ní raibh sé i bhfad amach ingaol uaim, agus aindeoin sin, níor labhair mé focal cainnte ariamh leis.
Is gearr amach ingaol chor a' bith uaim é, agus dheamhan thairis sin de theanntás a rinne mé ariamh leis, ina dheidh (dhiaidh) sin.
·
Is gearr amach chor a' bith iad sin: nach dhá chol-ceathar a bhí sa dá athair.
Ní i bhfad amach chor a' bith muid: col-cúigreachaí sílim.
e.
+–
Tá an iomarca grádha 'mach ag cuid de na daoine = an iomarca fonn orra bheith ag imtheacht ar bhóithrí, ag damhsaí etc.
Tá'n iomarca grádha 'mach ag cailíní óga an bhaile seo
TUILLEADH (3) ▼
Is air atá an fonn amach = fonn imtheacht ar bhóithrí etc.
Tá'n iomarca fonn amach uiliog ort.
Sé'n fonn amach a d'fhága an bhail sin ort.
f.
·
Níl amach ná isteach ann anois = níl sé indon a dhul amach.
Níl isteach ná 'mach ionnam anois (féach isteach).
g.
+–
Ní dheacha sé anonn ná anall leis, ach a' phighinn bheag agus a' phighinn mhór a shíneadh amach aige.
Chaith sé 'raibh in a phócaí amach ar an mbord.
TUILLEADH (2) ▼
Scáird sé amach, taoscán mór fuisce dhom.
Sin í lom-chlár na fírinne ó mo chroidhe amach.
h.
+–
'Bhfuil aithne agad ar a' bhfear amach? = an fear a chuaidh amach (an dorus etc.)
Céard a bhí le rádh ag a' mbean amach?
TUILLEADH (1) ▼
Sé'n fear amach an droch-éadáil le tarraingt ort.
·
Má bhíonn an muinntear amach ann, caithfe sib a bheith suaimneach.
2.
Amach (mar bhriathar) = teirigh amach.
+–
Amach annseo leat go beo, in do ghna(ithe).
Amach leat feasta, agus ná bí locadóireacht thart annseo, níos fuide.
TUILLEADH (10) ▼
Amach annseo 'mhadaidh!
Amachaighidh (amachaigidh) lib in 'ur ngnaithe feasta.
Amachaighidh lib (ch)uig an scoil, mar tá sé thar am.
Amachaighidh lib i gcoinne na mbeithidheach, nó ní bheidh sib as barr a' bhaile ó ló.
Amach leis de sciotán ar a' tsráid.
Amach léithe mar bhuailfeá ar a' gcluais í, agus dheamhan a cos a thaobhuigh an teach seo ó shoin.
Amach le Seán agus buile chuthach air.
Amach leis, agus síos a' bóithrín faoi dheifir.
Amach as m'amharc a ghráiscín!
Amach annseo a phaicle bhrada(igh)!
3.
+–
Tá'n gearradh amach go maith ar a ghruaidh — roinnt achair óna shúile.
Tá bolg amach air (srón, béal, méadail etc)
TUILLEADH (7) ▼
Tá pluic amach ar a' teach = cruit nó puchóid nó dronn.
Tá cruit amach ar a' gcruaich choirce.
Tá dronn amach ar a' gcoca féir (ar rotha an rothair etc)
Tá'n iomarca de sceimhil amach uirre = cruach choirce.
Tá cruit amach uirre as a bárr (cruach choirce) agus ólfa sí an t-uisce ar fad.
Tá a easnachaí amach thrídh na chroiceann, tá sé chomh caithte sin.
Badh cheart do na fataí sin a bheith goineadh amach feasta.
4.
·
Sheas sé amach ó'n gclaidhe.
Teann amach ó'n teine.
+–
Tá sé fanta amach as tigh Sh. ar fad anois = ní thaobhuigheann sé an teach sin.
Tuige ar fhan sé amach as tigh C. nímé?
TUILLEADH (9) ▼
Fan amach ó'n dlighe (coinnigh amach etc) má fhéadann tú.
Ní comhluadar 'bith dhuit é sin, agus tá mé 'cur aithne ort, fanacht amach uaidh feasta.
B'fhearr dhuit fanacht amach ó mo chuid feamuinn-se (móna-sa, talmhan, etc) má tá do leas ar Dhia = gan a bheith dhá tabhairt leat, dhá goid etc.
Fan amach ó'n ól (ó na mná etc) = seachain a' t-ól.
Fan amach uaidh siúd, nó fágfa sé éalang ort.
Níl greann ar bith againn ó d'fhan P. amach = ó thug sé cúl do'n teach.
Shílfeá nar chuir muid araoid ar bith air, agus d'fhan sé amach 'na dheidh sin = d'fhan sé uainn; thug sé cúl do'n teach seo.
Tá chuile dhuine fanta amach uaidh (siopadóir) = ní fhaghann sé aon-trácht.
Is maith an fáth gur fhan mé amach uaidh, mar bhí chuile shórt a dhá luach aige.
+–
Coinnigh amach uaim.
Coinnigh amach uaidh ar fad, mar sin é fhéin an droch-eallach le dhul in a ghoire chor a' bith.
TUILLEADH (3) ▼
Pé'r bith cé'n dornáil a thiubharfá dhó, ní choinneo(chth)á dhíot amach é.
Is maith fada amach uaim, a choinnigh mé é
Níl coinneál amach ar thada aige (droch-theach, droch-bhróig etc) = níl díon deor ann.
+–
Chinn orm é 'chuir dhíom amach = é 'bhrughadh díom, nó é 'choinneál uaim.
Chuir sé turraic ann, agus chuir sé dhe amach é, gur buaileadh in aghaidh ghiall a' doruis é.
TUILLEADH (4) ▼
Chuir sé de amach é, le iarraidh, agus shín sé ar lom an urláir é.
Bhí mé i lár an bhrúghadh agus mé ag iarraidh na daoine a chuir dhíom amach.
Bhrugh mé dhíom amach é, ach tháinic sé fúm in ath-uair, de mo bhuidheachas.
Tháinic sé fúm de rithte reathach ó thaobh chúl mo chinn, agus chuir sé chúig slata uaidh amach mé!
5.
+–
Is tú a leig an bun amach.
'Sé do dhó salach a leig an bun amach.
TUILLEADH (9) ▼
Níor cheart duit mé 'bhualadh agus 'fhiosacht duit go raibh an bun ag (dh)ul amach.
Dhá mbeitheá gan Pádraic a leigean isteach biorach, choinneo(chth)á an bun gan a dhul amach.
Má leigeann tú an bun amach, le do chuid faillighe an babhta seo, íocfa tú ann.
Ní lomfainn, marach go raibh an bun ag dul amach.
Ní fhéadfainn a mhalrait a dhéanamh: bhí an dream eile fiche tóigthe agus an bun ag (d)ul amach.
Mara mbí áirdeall maith agad ar fhear an chúinne, sciorrfa sé amach ingan-fhios duit = tiocfa sé cluithche in gan fhios.
Níl sé chomh h-éasca sin a dhul amach ar bhun a cúig fichead in áit a bhfuil ceithre chomlán.
Tuige nach gcuimhnigheann tú ar a' gcomhaire(amh) agus gan a' bun a leigean amach.
Má leigeann tú an bun amach, de'n gheábh seo, beidh t'anam agam.
6.
a.
+–
Cas amach port = cas port.
Cas amach amhrán.
TUILLEADH (24) ▼
Abair amach amhrán, mar dheanfadh fear
Cas amach é, a's ná bí dhá mugailt duit fhéin = cas suas é, go gcloise chuile dhuine thú.
Breagh nach gcasann tú amach an port, a's gan a bheith a' magadh leis.
Cas amach stéibh fuinn = abair amhrán.
Cas amach stropa ceoil = port
Dhá gcasadh sé amach port maith, gheobhfadh na daoine sás(amh) eicínt air, fharrus a bheith a' baint corr-uair mhí-ábh as sa gcúinne.
Abair amach do chainnt ceart = labhair árd agus soiléar.
Innis amach do scéal ceart, a's ná bí dhá changailt dhuit fhéin.
Is mise nach mbíonn dhá changailt, ná dhá chú-changailt (chomh-changailt) ach a innsighea(nn)s amach do'n teach é (scéal)
Labhair amach, go mbeidh fhios ag na daoine, céard 'tá tú a rádh.
Breagh nach labhruigheann tú amach, a's gan a bheith plúchadh na cainnte mar sin.
Is tú atá neámhaidhe againn. Nach bhféadfá do chuid cainnte a chuir (dh)íot amach, go gcloiseadh chuile dhuine í = tá do chuid cainnte ro-lag, ro-phlúchtaighthe etc.
Do chumhachta cinn, ní chuirfeadh a' labhairt amach é, hébrí, cé sórt faisean gránda thug sé faoi deara dhó fhéin.
Abair amach é, má tá aon-cheo le rádh agad.
Dubhairt sé amach é, as comhair chuile dhuine = d'innis sé é; ní dhearna sé rún dhe; níor choinnigh sé istigh é.
D'innis sé amach faoi Bh. as comhair a raibh ann (as comhair lán a' tighe, etc).
Ní raibh cás ná náire air 'rádh amach, gurb é fhéin a rinne é.
Shílfeá go mbeadh caothamhlacht eicínt ionnad, agus gan a leithide sin de chainnt a rádh amach as comhair lán tighe = shílfeá go mbeadh náire ort, nó fios do labhartha níos fhearr agad, ná dhul a' rádh a leithide sin de rud as comhair lán tighe de dhaoine.
Ba chóra duit é 'thabhairt ar cúlráid ná 'é rádh amach leis as comhair Sheáin.
Níl fascadh 'bith sa gceann sin, má d'innis sé amach é, th'éis gur chuir mé pearbhúl air gan é 'innseacht.
Dubhairt sé amach é gan frapa gan taca = chaith sé an chainnt, gan coimhthigheas gan muisiam ar bith faoi.
Dubhairt sé amach é, agus níor miste leis cé 'chuala é.
Ní ar chúla an chlaidhe a rachainnse leis chor a' bith: déarfainn amach é.
Níl aon-mhaith dhuit a dhul ar chúla téarmaí chor ar bith leis: abair amach leis é.
+–
Is mór a' suaimhneas dom a' t-ualach sin a bheith curtha amach de mo chroidhe = is mór a' sólás dom, an méid sin sciolladóireacht a bheith déanta a(gh)am, nó'n méid sin cainnte a bheith ráidhte.
Nuair a chuir sé an t-ucht sin amach (nó dhe), ghread leis = nuair adubhairt sé an méid sin, d'imthigh leis.
TUILLEADH (4) ▼
Chuir sé ucht breagh cainnte amach dá chroidhe.
Bhí sé sásta, ach a' méid sin a chuir amach = a rádh.
Is breagh uaidh amhrán a chuir amach dá chroidhe = é 'rádh.
Dubhairt sé amach ó na chroidhe é (ó na chroidhe amach) = dubhairt sé dháiríre píre é.
b.
+–
Séid amach na builg = séid suas.
Spréidh amach an iomaire.
TUILLEADH (6) ▼
Cuir amach an garruidhe = cuir leat; fóduigh é.
Imir amach cártaí = imir leat iad.
Déan amach do chuid oibre = dean leat í; teirigh (c)un cinn léithe
Bain amach fataí, agus ná bí 'leaduidheacht.
Scar amach móin, agus ná bí in do staidhce annsin, a(gh)inn.
Tá sé scithleigthe amach 'un bréag = luighe na bréige, gothadh na bréige air.
7.
a.
Bog amach = géaruigh amach sa siubhal; deifrigh.
+–
Ar a dhul soir ar Árd-Dhoire Locháin dúinn, bhog muid amach = ghéaruigh muid sa siubhal.
Bog amach anois, nó beidh muid deireannach.
TUILLEADH (3) ▼
Is deacair leis bogadh amach, ach ar an imtheacht céadna i gcomhnuidhe.
Mara mboga tú amach, ní bheidh duine ná deoruidhe romhainn.
B'éigin dom bogadh amach go maith, ó na forbacha soir, nó bheadh sé thar am orm
b.
Siubhail amach = déan deifir (sin í an ghnáth-chiall a bhíos leis sin. Dá dteastuigheadh uait duine a thabhairt as teach, nó áit de'n tsórt sin, 'séard adéarfá: tara uait, nó tara uait amach", nó "teanam amach", nó "siubhail uait (nó leat) amach")
+–
Siubhail amach go beo = déan deifir.
Caithfeamuid siubhal amach le breith air.
TUILLEADH (3) ▼
'Bhfuil tú indon siubhal amach thairis sin. Má bhíonn tú ar a' roighineadóireacht sin, ní bheidheamuid sa mbaile go maidin.
Cuir bealadh faoi t'ioscadaí agus siubhail amach.
Ní féidir é 'chur a' siubhal amach.
c.
+–
Corruigh amach anois = déan deifir bí bruideamhail; géaruigh do choisméig.
Chorruigh sé amach, nuair a bhí sé chomh fada le árd-Iothlainn Sheumais.
TUILLEADH (5) ▼
Ní mór duit corruighe amach thairis sin, nó ní bhéarfa muid ar a' tsochraide.
Corruigh amach a's ná bí 'roighineadóireacht mar sin
Mara gcorruighe tú amach, ní bhéarfamuid ar an Aifreann.
Corruigh amach, agus eirigh as a' tsnámhuidheacht sin, nó beidh 'chuile shórt thart romhainn.
Mara gcorruighe tú amach, beidheamuid báidhte go craiceann (corruighe amach = a dhul amach as a' teach freisin).
d.
·
Ghéaruigh sé amach sa siubhal = bhain sé nó bhog sé amach; nó dheifrigh sé amach sa siubhal.
Tá sé a' géarughadh amach anois, buille beag thar mar bhí sé = a' deifriú amach nó a' siubhal amach.
8.
+–
Tá an-dula amach air = dula; go leor rudaí a' teacht treasna air; go leor éiliughadh le freastal aige; go leor len íoc aige.
Cé'n tslighe atá aige, le h-ais an dula amach atá air.
TUILLEADH (17) ▼
Má tá slighe féin againn, tá'n dula amach mór, dhá réir.
Níl seifte 'bith anois ag na daoine (againn), agus an dula amach céadna i gcomhnuidhe orainn.
Ní fhéadfamuid freastal do'n dula amach seo igcomhnuidhe = ní fhéadfamuid an oiread seo airgid a chaitheamh ar earraidhthe etc igcomhnuidhe.
Níl pighinn a' bith ar a' rud a bheidheas duine a dhíol, agus an dula amach céadna igcomhnuidhe air.
Tá sé furasta go leor, a bheith 'cainnt, ach cé'n chaoi a leagfa duine airgead i leath-taobh agus an dula amach atá air.
Má tá an pháighe mór fhéin inGaillimh, tá'n dula amach dá réir.
Is fusa d'fhear na tuaithe maireachtáil, mar níl a' dula amach chomh mór air, a's tá ar fhear a' bhaile mhóir.
Dhá mbeadh fhios agad mo dhula amach-sa le seachtmhain, ní fhiafhr(ochth)á cé'n fáth nach bhfuil airgead agam.
Is deacair dhó riar a cháis a bheith aige chor a' bith, a's an dula amach atá air.
Tá dula amach áidhbhéil ar fhear muirghín ar a' saoghal seo.
Níl a theacht isteach baoghal air chomh mór le na dhula amach.
Tá teacht isteach maith aige, ach cá'r fhága tú an dula—amach atá air?
Le strapadóireacht mhór, atá muid a' coinneál tighe a' bith anois, agus a bhfuil de dhula amach orainn.
Tá teach áirgeamhail aige, ach m'anam go bhfuil dula amach mór air.
'Suarach a' t-iongnadh go mbeadh an-dula amach air, agus lán a' tighe de mhuirghín air.
M'anam, go leige Dia slán na daoine, má tá siad a' saothrú fhéin, go bhfuil a' dula amach orra(b) freisin.
Marach chomh tíoghbhusach a's bhí mé, ní choinneochainn teach a' bith leis a' dula amach a bhí orm, ag iarraidh éadach a's beatha a choinneál ar lán tighe.
9.
a.
(am) in a dhiaidh sin; uaidh sin, th'éis sin.
+–
Amach anseo = níos deireannaighe
B'fhéidir dhom a dhul ar cuairt amach annseo, nuair a bheidheas an ceann trom de'n chruadhóig tharm.
TUILLEADH (12) ▼
B'fhéidir, le congnamh Dé, amach annseo, go n-eireochadh linn, rud eicínt a dhéanamh.
Fan leat go dtí amach annseo, agus feicfe tú féin, go mbeidh aithmhéala ort, nar thug áird ormsa.
Níl aon-ghna(ithe) an obair sin a thionnscailt anois, ach amach annseo le congnamh Dé, b'fhéidir go mbeadh muid in don tabhairt fúithe.
Deanfamuid teach, amach annseo, in aice chongnamh Dé, nuair a bheidheas na malraigh sin in ínnre (in innmhe) agus ionchongantach againn.
Is fada amach annseo é = is fada fós é; b'fhéidir gur maith an scath(amh) bliadhanta fós é.
Beidh neart breithe ar a' scéal sin, amach annseo, nuair a bheidheas muid réidh go dtí é = beidh neart ionbhadh leis an obair sin a dhéanamh, fós, nuair a bheidheas chuile obair eile réidh againn.
Is fearr dhuit é a dheanamh anois, ná í 'bheith romhat amach annseo, nuair a bheidheas an chruadhóg ort.
Is mairg duit nach n-íocann as láimh é, mar beidh neart a' teacht treasna ort amach annseo, agus ní móide go mbeitheá indon freastal dó.
Amach annseo sa samhradh, caithfe mé seársa a thabhairt go h-Uachtar Árd, mar tá sé caithte in mo chloigeann le fada agham.
B'fhearr dhuit gan bacadh leis go dtí amach annseo, go mbeire an uair bhreagh orainn.
B'fhearr a' tráth, amach annseo, l'aghaidh obair de'n tsórt sin ná anois.
B'fhéidir go mb'fhearr duit a dhul romhat fhéin anois ná amach annseo, nuair a bheadh sé in ainsil ort
b.
deireannach, níos fuide; anonn.
+–
Déanfa mé é amach sa samhradh = anonn sa samhradh.
Amach sa bhFoghmhar a tháinic sé abhaile.
TUILLEADH (19) ▼
'San earrach amach a bhí ann, agus cuimhnighim go maith go raibh mé 'cur bréige thuas imbárr a' bhaile.
Bhí sé amach go maith sa mbliadhain, chomh fada le mo bharamhail.
Ní bhain(f)ear aon-mhóin go dtí amach sa samhradh imbliadhna
Bhí sé níos fuide amach ná seo measaim = níos deireannaighe sa mbliadhain.
Bhí sé níos fuide amach sa mbliadhain go fada.
Tá Domhnach Chrom Dubh an-fhada amach sa samhradh.
Is fuide amach Lá (Fhé)il' Mártan, ná Lá Samhna.
B'fhada amach sa samhradh go raibh fataí nuadh istigh an bhliadhain chéadna = bhí sé deireannach sa samhradh go raibh na fataí nuadha ion-bhainte.
Níor fhéad mé aon-fhód móna a bhaint go dtí i bhfad amach sa Samhradh an bhliadhain chéadna
Bhí sé amach 'san oidhche sul ar tháinic sé abhaile = bhí sé deireannach.
Ghlaoidh an coileach amach domhain 'san oidhche.
Níor tháinic sé go dtí amach faoi eadarshuth = anonn le am eadarshutha.
Bhí sé amach go maith sa maidin sul ar eirigh sé.
Ní thagann fear a' phosta anois, go mbíonn sé amach sa ló.
Bhí sé amach go maith sa ló, sul a ndearna sé aon-bhuille oibre.
Ní eirigheann sé lá 'bith go mbí sé amach sa maidin.
Tá'n Chingcís (a)g (d)ul an-fhada amach sa Samhradh imbliadhna.
Tá'n Inid (a)g (d)ul an-fhada amach imbliadhna, feicthear dhom.
Ní raibh an Cháisc (a)g (d)ul chomh fada amach le mo chuímne, a's tá sí i mbliadhna.
+–
Tá neart ionbhadh aca(b) imbliadhna, mar tá'n Inid (a)g (d)ul amach go dtí an chéad tseachtmhain de Mhárta.
Tá'n Cháisc ag dul amach go Bealtaine imbliadhna.
TUILLEADH (4) ▼
Beidh mé ag obair aríst amach go Domhnach Chrom Dubh.
Ní 'bhfuigheamuid aon-phighinn 'dole' aríst amach go lá Samhna.
Bhí sé in a chomhnuidhe anuiridh amach go Nodlaic.
Níl aon-chruadhóg air, cois a thógáil ó'n gcois eile amach go h-Earrach aríst.
+–
Ní raibh sé indon eirghe ag póit, go raibh sé amach faoi am dinnéir.
Beidh rabharta mór ann amach faoi Fhéil' Pádraic.
TUILLEADH (5) ▼
Amach faoi Fhéil' San Seáin, a bhío(nn)s an ghaoth ruadh ann.
Bíonn aonach muc in Gaillimh, amach faoi Shamhain.
Amach faoi Fhéil' San Bairtliméad a baintear an coirce annseo.
Bíonn anna trioma(igh) ann amach faoi Fhéil' Michil.
Díolfa mé iad, amach faoi Bhealtaine.
+–
Tá'n mhairt-fheoil le caith(eamh) in aer ó'n Nodlaic amach = tar éis na Nodlag.
Bheadh sé in am ag duine 'bheith 'téisclim faoi chomhair an Earraigh ó lá (Fhe)il' Brighde amach.
TUILLEADH (21) ▼
Is ionann's gur samhradh é ó Aibreán amach.
Bíonn cosamhlacht a' gheimhridh air, ó Fhéil' Muire Mór amach.
Ní thaobhócha mise é ó'n Domhnach amach.
Beidh an bóthar ar siubhal ó'n Máirt seo chugainn amach.
Tá'n pinsean ceaptha dhó ó Dia h-Aoine beag seo amach.
Beidh scith againn ó ambáireach amach.
Tá mise réidh leo(b) ó indiu amach.
Ó anocht amach, dheamhan mo chos ná mo chnáimh-sa a fheicfeas siad ar a sráid.
Tá sé in am a bheith 'cur corr-sciollán ó anois amach.
Beidh an uair bhreagh againn ó'n mí seo amach.
'Gacha le lá ó mo lá-sa amach' adeir Brighid; 'Chuile lá ó mo lá-sa amach, a's mo lá-sa féin' adeir Pádraig (Gheall an Naomh Brighid, go mbeadh gacha le lá ó'n a lá féin — Lá Fhéile Brighde — go breagh, agus gheall Pádraig go mbeadh 'chuile lá ó'n a lá fhéin, agus a lá fhéin — Lá Fhéile Pádraig, — go breagh.)
Beidh cruadhóg an Earraigh orainn ó'n tseachtmhain seo amach.
Beidh an aimsir gharbh tharainn ó anois amach.
Sí'n Chingcís í ó indiu amach.
Caithfear tosuigh ar an Earrach, uaidh seo amach ("ó seo amach" amanntaí ach is minicí adeirtear "uaidh seo amach".)
Ní chuirfe sé aon-araoid ormsa uaidh seo amach, deirimse leat.
Beidh mo cheart go bínn le deanamh agam agus aire 'tabhairt do mo ghna(ithe) féin, uaidh seo amach.
Caithfe sé aire 'thabhairt dá chuid scoile uaidh seo amach.
Deanad sé 'rogha rud uaidh seo amach — ní thiocfa mise igcleitheamhnas comhairle a chuir níos mó air.
Ó tá sé pósta anois, caithfe sé fanacht istigh, uaidh seo amach.
Tiubhra tú aire dhuit fhéin, uaidh seo amach.
+–
Is gearr a bheidheas an geimhreadh a' dul amach anois = dhá chaitheamh.
Airighim an mhí seo an-fhada (a)g (dh)ul amach
TUILLEADH (2) ▼
Is gearr a bheidheas an tseachtmhain a' rith amach.
Ní fhéadfamuid aon-mhugal a dhéanamh anois, go dteighe an droch-uair amach.
c.
Amach roimh = 'san am atá le theacht.
d.
+–
Tá'n t-aonach amach romhainn fós = tá'n t-aonach le teacht fós.
Tá'n Nodlaic amach romhainn go goirid, anois, agus ní feasach mé cá bhfaighe mé rud le na h-aghaidh.
TUILLEADH (11) ▼
Tá cupla bainis amach romham an Inid seo.
Marar phós tú fós amach romhat atá = tá'n pósadh le déanamh fós agad.
Sí'n mhí seo amach romhat anois, an mhí is measa síon sa mbliadhain = sí'n mhí seo a' teacht an mhí is measa droch-uair sa mbliadhain (mí dheire foghmhair).
Mara mbí aon-rath ar an aonach seo amach romhat anois, beidh na daoine buailte ar fad.
Sé'n rabharta seo amach romhat anois — rabharta mór na Féile Brighde — an rabharta is mó sa mbliadhain.
Tá'n chruadhóg uiliog amach romhainn fós.
Dhá mbeadh fhios agam a raibh amach romham, ní phósfainn go bráth
Déan do chomhairle fhéin anois — tá tú óg agus do shaoghal amach romhat.
Níor tháinic geimhreadh 'bith fós — romhat amach atá sé.
Níl fhios againn, céard [atá] ag dia le n'a' n-aghaidh, amach romhainn.
Mara dtaga aon-chor sa saoghal, an bhliadhain seo amach romhainn, beidh na daoine in an-chaoi.
10.
seachas, thairis, cé's moite, le … fhágáil as margadh. (ImBéarla sa mbreac-Ghaedhealtacht —"out from that").
+–
Mara chéile chuile dhuine aca(b) ó Sheán amach = tá chuile dhuine aca(b) mara' chéile cé's moite de Sheán.
Comh-olc dóib, ó'n gceann is sine amach
TUILLEADH (8) ▼
Ní bhainfinn duine ná deoruidhe aca(b) as margadh; ó Cháit amach.
Sé'n cás céadna uiliog iad ó'n athair amach agus a' t-athair fhéin.
Níl maith ná maoin leo(b) uait fhéin amach.
Uait féin amach, ní dhéanfainn an oiread a's beannú d'aon-duine eile, dhá bhfuil ar aon-bhaile leat.
Bruthtuinn bhradach iad fré chéile, ó P. Ó. C. amach.
Níl gnaoi a' bith agam orra(b), ó Tom amach.
Sé'n bealach céadna atá le chuile gheinealach aca(b), ó'n gceann is sine amach.
Ó na mangals amach, níl aon-rath ar aon-chur eile imbliadhna.
11.
a.
+–
An-fhear amach 's amach é = fear toghtha é. (Cois-fhairrge).
An-scoláire amach 's amach é.
TUILLEADH (25) ▼
Bhfuil sé críochnuighthe amach 's amach = ar fad, uiliog go léir.
Tá sé bochtuighthe amach 's amach = ar fad, uiliog go léir.
Bhí sé óltach amach a's amach = ar fad, críochnuighthe.
Tá sé díbrighthe amach 's amach aca(b) anois = ar fad; ní bheidh aon-chead aige iad a thaobhachtáil níos mó.
Chinn an obair sin orm amach 's amach = chinn sí orm dubh a's dubh.
Tá'n dole stoptha anois amach a's amach = ar fad.
Ar eirigh sé as an ól amach 's amach?
Tá úsáide a láimhe caillte aige, amach a's amach.
Tá'n talamh díolta amach a's amach anois aige = thar barr amach.
D'eirigh sé as a' siopa amach 's amach = ar fad.
Rinne sé puca dhi amach 's amach = bhuail sé amach uiliog é; sháruigh sé ar fad é.
Tá sé dall amach a's amach.
Tá na riaráistí sin maithte amach 's amach anois.
Tá'n baile faoi na chosa aige amach 's amach, críochnuighthe.
Ní mór leis 'chuile shórt 'bheith faoi na mhullóig féin, amach 's amach = faoi na smacht fhéin; fágtha faoi na chúram fhéin ar fad.
Tá cead a chomhairle fhéin aige, amach a's amach anois.
Ní bhfuighe sé cead a chomhairle fhéin, amach a's amach mar sin.
Tá'n mhóin bainte aige, amach 's amach anois.
'Bhfuil a' cur déanta agad, amach a's amach anois.
A' gcuirfe sib a' cúilín sin amach a's amach anois?
Tá Sasana buailte amach 's amach anois, má tá sé 'cínnt uirre saighdiúir 'fhaghail.
Tá sé buailte suas amach 's amach anois = níl éitir a' bith fanta ann; tá sé lag, lúbach, agus gan é indon corruighe amach.
An-daimh(n)seoir amach 's amach é.
Caitheadh imirt in aer amach 's amach.
Tá sí in a geal-stoirm, críochnuighthe, amach 's amach.
b.
+–
An-fhear amach é = amach a's amach; críochnuighthe; toghtha; thar cíonn (Achréidh — cuirtear amach 's amach ann taobh thiar de Ghaillimh) (ní baintear leas as amach mar seo ach le ainm-fhocla, aidiachta agus do-bhriathra. Ní féidir é a chur is 'chuile áit a gcuireann an mhuínntear taobh thiar de Ghaillimh amach a's amach. Cuirigcás ní abruightear "tá cead a chomhairle fhéin amach aige." "Ar fad nó críochnuighthe nó uilig, adéarfaidhe i gcás de'n tsórt sin.) Níl a' chiall chomh láidir le "amach" a's atá le amach 's amach)
Bhí an-fhearg amach air = an-fhearg ar fad.
TUILLEADH (6) ▼
Tá sé an-saidhbhir amach = an-saidhbhir ar fad.
An-spailpín amach é.
Fear breagh amach é.
Tá mé lagtha amach ar fad anois.
'Bhfuil sé dall amach?
Tá sé bodhar amach.
+–
Tá'n talamh díolta amach aige = díolta ar fad.
Ní leigthe amach ar chíos atá sé aige, ach díolta amach.
TUILLEADH (5) ▼
Dhíol sé amach an fheilm.
Tá faoi an áit a dhíol amach, agus a dhul a' comhnuighe (comhnughadh) sa mbaile mór.
Gheobha sé pighinn maith, ar a' teach anois, má dhíolann sé amach é.
Tá sé leis a' troscán a dhíol amach uiliog, a's fuireann nuadh a chuir isteach.
Má tá indán's go ndíola sé an talamh amach, ceannócha an dearbhráthair uaidh é.
c.
+–
Cheannuigh sé an áit thar barr amach = cheannuigh sé uiliog é; ar fad; cheannuigh sé dó fhéin é.
Tá'n teach ósta ceannuighthe thar barr amach aige.
TUILLEADH (3) ▼
Níl sé indon an gabhaltas sin a cheannacht thar barr amach, mara dtóige sé sa mbeainnc é.
Mara bhfuil sé indon é 'cheannacht thar barr amach anois, th'éis Mheriocá.
Cheannóchadh sé an fheilm thar barr-amach, dhá bhfaghadh sé aon duine le dhul imbannaí air sa mbeainnc.
d.
+–
Ní bhfaigh(fh)ear tada annsiúd gan a íoc amach ar a' tairnge = ar bhall na h-áite; airgead síos.
Íocann sé chuile shórt amach ar a' tairnge.
TUILLEADH (12) ▼
Ní bhfaightheá luach na cianóige in aon-siopa inGaillimh, gan 'íoc amach ar a' tairnge.
Íoc amach a chuid airgid leis = íoc anois é; tabhair dó é.
D'íoc sé amach 'chuile phighinn liom.
D'íoc sé amach annsiúd é, as comhair a' tighe. Marab (sh)in é a dhíol fiadhnuise, níl fhios agamsa, cé'n scéal é.
Cé'n fáth nar íoc sé amach thú faoi láthair.
Cuir faoi ndeara dhó thú íoc amach ar bhall na h-áite.
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh, ach a íoc amach as láimh = ní dheacha sé anonn ná anall leis, ach é íoc ar a' toirt boise
Íoc amach a' fear, a's ná bí 'sticéaracht' leis, níos fuide.
Dhá mbadh fear gnaoidheamhail é, d'íocfadh sé amach a bhfuair sé, a's gan a bheith 'sceidínteacht leis = dhá íoc in a chuideannaí.
D'íoc sé amach 'chuile leithpighinn de'n spré leis, annsiúd, as comhair a raibh ann.
B'éigin dó céad punt a íoc amach leis a' mbeainnc, ar aon-láimh amháin = chaith sé céad-punt a íoc leis an mbeainnc d'aon-iarraidh (d'aon-gheábh) amháin.
Bhí air 'chuile mhíle pighinn dhá raibh amuigh air a íoc amach in éindigh.
Amach in iontrálacha eile (50+)
An dtarraingeóidh tú amach in a gceann-fhearann iad annseo. Bheadh sé cho maith na hiomrachaí a leigean síos in a ladhrógaí go dtí claise an tsrotha. Déanfamuid crúbáin ann
+
→
faitíos
Faitíos ar Sheán go deimhin! Fuair sé amach muise an fear a mbeadh faitíos air! = níl faitíos ar bith air
TUILLEADH (8) ▼
Ní leigfeadh an faitíos dó a dhul taobh amach de dhoras ó a thuitfeadh oíche dhá bhfádh sé Éire bronnta air
Nach beag a fhaitíos é, a Thiarna Dé, a dhul amach an tráth sin d'oíche!
Bhí sé ag creathadh le faitíos a dhul amach
Ní chorródh sé amach faitíos fliucháin (ar fhaitíos go bhfliuchfaí é)
Breathnaigh amach indiaidh an asail sin ar fhaitíos na fálach thuas (fc. fálach)
Bain amach an briogadáin sin as roth an "bhicycle", faitíos na timpiste = ar fhaitíos go leagfadh sé thú (deirtear "faitíos na timpiste" freisin in áit "faitíos na fálach thuas", agus "faitíos na heirimisce". Sé is minice ag aos óg, in áiteachaí go háirid)
Coinnigh amach ón rud sin faitíos na timpiste. Ní bheadh a fhios agad céard é sin
Teirigh ag an dochtúr leis an taobh sin agad faitíos na timpiste. Deir tú go bhfuil an phian ag smearadh amach. Sin deá-chosúlacht. Deir siad má smearann an phian gur comhartha é nach bhfuil aon-asna briste. Ach ní bheadh a fhios agad. Is fhearr a dhul roimhe in am
→
fara
Tá lot déanta ag an ógánach sin (an sionnach) annseo le bliain. Dar fiadh tá! Meastú nachar scuab sé sé cinn de chearca breá amach den fhara uaim. Fuair sé leigean eicínt orra. Sé atá i riocht
+
Ní raibh earasbár ar bith ag mo chuid muc-sa ar do chuid-se, ach bhí muca tuite nuair a dhíol tusa iad. Marach sin, bhuailfeá amach mé
TUILLEADH (3) ▼
Fág an cheirt sin d'earasbár ar an snáth nó go bhfeice tú leat. B'fhéidir go bhfóinfeadh sí amach annseo
Agus le fearasbár a chur ar an gcumaoin chuir sé fios amach go dtí teach comharsan eicínt ar a inín, nó go gcasfadh sí ceól duinn = idteannta bídh agus deoch a thabhairt duinn
Tá sé ag baint earasbar amach ar an bplúr anois le seachtain = tuilleadh thar mar a bhíodh sé a bhaint amach cheana
→
feadhain
Tá chúig tithe déag istigh ar an mbaile, agus níl teach ar an bhfeáin aca a d'íoc aon-"phoor rate" fós. Is ar a chruachúis dóibh an baile uilig a chaitheamh amach. Ba cheart a íoc mar sin féin
Sin feánach atá ag dul chuig an damhsa atá ag an sagart. Ar chuala tú céard adúirt S. an Gh. faoi? "Is gradha an saol é! Is gradha muis", adeir sé. "Cuimnímse fhéin — agus ní hé an fhad sin ar an saol mé — go mbíodh sagairt ag sciolladh agus ag scóladh den altóir ar dhuine ar bith a ghabhfadh amach ag damhsa, de shiúl oíche. Anois tá siad dhá bhfuagairt ón altóir, agus ag maoidheachtáil leo a dhul ann, agus mara dteighe, dar fia is cam a bhreathnós siad orra lár na mháireach má chastar leo i mbóthar ná i mbealach iad! Is gradha an saol e! Is gradha sin!
+
→
fearacht
Ní bheinnse fearacht cuid eile de na daoine chor ar bith. Níor mhaith liom ariamh an dá chroí a bheith agam. Déarfainn amach an rud gan frapa gan taca, sin nó leigfinn dó. Ní bheinn ag dul siar i mbéal duine agus ag maoidheachtáil leis, agus an buille feille a thabhairt dó taobh thiar dhá chúl in a dheidh sin
TUILLEADH (2) ▼
Ghlan leis as fearacht ceannaí a chaithfí amach = ar nós
Chuaigh sé amach go doras fearacht's dhá mbeadh rún aige a bhualadh, ach d'fhill sé aríst
→
fearadh
Is fearadh do ghasúir an cócó seo. Bheidís thart dhá uireasa, agus cho deireannach agus a choinníthear ag an scoil anois iad. Leigtí amach ar bhuille an trí fadó iad = is maith nó is áirge do ghasúir é; it will have a good effect an children; it will benefit them; it is a great asset to them
+
→
fearúint
Beidh sé ag fearúint mur seo go dteighe an ghealach amach. Ba chóir go mbeadh sí indáil le caití. Tá sí ar an gceathrú dheireadh, dar liom féin.
TUILLEADH (2) ▼
Tháinig an rosamh sin isteach den fhairrge scaithín ó shoin. Tá sé ag fearúint san taobh amach anois. Tá caipín ar na Beanna Beóla
Níl a fhios amach nach lá é a thiocfadh in a dhórtadh. An bhfeiceann tú ag fearúint cheana é amach údan?
Thug J. amach an láirín agus é ag dul suas go F. "Ní fré chéile a chacfas sí seo" adeir sé, ag déanamh gaisce aisti. "Fan go bhfeice sib mise ag dul soir an bóthar sna feire glinnte uirre". Dheamhan dhá choisméig a ghabh an capall nó go raibh bualtrach déanta aice!
Ní leigfeadh aonduine beó an feithideach sin amach san ngarraí agus gan a fhios aige nach hé a chailleadh a dhéanfaí ar an iomaire
→
fiosach
Ní fhaca mise aon-fhear ariamh is fiosaí ná M. N. "An bhfuil na fataí lánuithe agad?" "Cé mhead sleán móna bainte agad?" "Ar chuir muinntir T. Mh. mórán feamainn tirm amach?" …
+
→
fios
Dhá dtugtaí fios mo shaoil dom, is túisce a thiúrfainn roghain ar an scéal sin a fháil amach. Tá mé ar bís go mbeidh a fhios agam céard a thug ann é, nó an ag iarraidh mná a bhí sé
TUILLEADH (7) ▼
Thug sé an tír soir amach air fhéin ag iarraidh fios a fhortúin. Ach ba ghearr go raibh sé san mbaile aríst agus a leath-sciathán briste
Fuair tú amach muise cé aige a mbeadh fios a labharha. Ab é an gráiscín sin? Náireódh sé thú, dhá mbeadh aon-duine ann a mbeadh cás ar bith agad faoi. Meastú céard adúirt sé an lá cheana agus N. R. annseo … ? Ní thiúrfainn deóir fhola le náire
Ní bhfuightheá fios a bhealaigh amach go deó = ní bheadh a fhios agad cén bealach atá leis, nó cén sórt méin nó intinn atá aige
Ní raibh a fhios ag aonduine céard a bhí agam ó dhíol mo fhreastail amach
Seól leat. Roinn amach orra é. Beidh mise luath go leór. Níl a fhios cés fhearr a thús ná a dheireadh
Is mór a theastuigh fios uait. Fagh amach é = freagra ar ghasúir (nó ar dhuine ar bith) nuair a sháróidís thú ag iarraidh rud a fháil amach, eolas a bhaint asad nach mian leat a thabhairt uait agus rl.
Ná habair tada. Níl a fhios go té sin (/ɡu t′ɛ̄/; don té?). B'fhéidir go mbainfeadh an scéal sin caint amach fós = níl a fhios ag aonduine cén chaoi a rachadh sé chun dochair duit
→
fliuch 1
Níl fliuchadh ar a croí. Tá na beithigh ar fad imithe amach aice = níl deóir ar bith bhainne aice
+
→
fliuchán
Cén chiall go ngabhfá amach san bhfliuchán (san mbáistigh). M'anam gurb ort atá an macnas!
TUILLEADH (1) ▼
Fan istigh as an bhfliuchán! Ní samhaoin ar bith do dhuine é fhéin a chailleadh. Tiocfaidh neart laethanta breá amach annseo in aice chúnta Dé
+
→
focal
Ná leig aon-fhocal dhe sin amach = bíodh fascadh ionad faoin scéal sin
TUILLEADH (1) ▼
Bhí a fhios agam go maith ar an gcaoi ar las sí suas gur sciorradh uaithe a rinne an focal. Ní thiúrfadh sí deoir fhola le náire. D'imigh an chaint uaithe uaidh sin amach
→
fothair
Tá féar agus fóthar aige sin, agus is beag an dochar dhó agus a gcuireann sé de mhúirín agus de leasú air. Thug sé suas le trí thonna amach as an bhfóidín i mbliana
+
Cén sórt fothramán é sin a chuala muid ar ball? "Blastannaí" a chuaigh amach ab ea? Ba diabhaltaí an fothramán a rinne sé mara ndeachaidh amach ach ceann
TUILLEADH (1) ▼
'Ar ndú ní ag brath ar a dhul amach san bhfothramán farraige sin a bheitheá? Níl aon-churrach déanta atá indon a mharaíocht. Cén chruadhóg amach atá ort, nó go dtige an aimsir sin in araíocht?
→
framsáil
Is tarbh oilbhéasach é sin aige. 'Bfhaca tú ariamh é ag framsáil agus duine ag dul thairis an bóthar. M'anam go gcuirfeadh sé a smut amach thar chlaidhe go dtí thú!
→
freagair
Feicthear domsa go bhfuil rud eicínt ag freagairt amach annsin ón gclochairín. Níl aon-mhulán annsin? An bhfeiceann tú anois é. Is geall le bairille é. Fuisce! Rum b'fhéidir!
Bhí sé cho maith dom a bheith caite amach i bpoll an tslugaide annsin amuigh, ar scáth a bhfuair mé de fhreagairt. Dheamhan a shúil. Tháinig mac siúáin faoi dheireadh. Dúirt mé liom féin annsin go raibh sé in am a bheith ag glionndáil as
+
→
froigisí
Tá na seálta fruigisí ag dul i léig. Seálta dubha is mó atá ag teacht amach anois. Chreidim gurb iad is fhearr l'aghaidh na strácála, agus nach mbíonn an salachar cho sunntasach orra le na seálta eile
TUILLEADH (1) ▼
Ní iarrfadh sé go deó ach ag deismínteacht timpeall tí mar sin. Tá sé an-stuama ceart go leór, ach caitheann sé a shaol ag cipiléaracht agus ag déanamh rudaí nach mbíonn call ar bith leó. Rinne sé teach nua cupla bliain ó shoin, agus chuir sé an oiread freigisí istigh ann, agus nach raibh an oiread áite fágha aige ann san deireadh agus go suíofadh sé síos! B'éigin dó tosaí dhá mbriseadh agus dhá gcaitheamh amach aríst ar ais!
→
frídeoir
Ní dhéanann an frídeóirín eile siúd ann, ach siobáil bheag timpeall an tí: rud a thabhairt do chearca agus do laoghanntaí, agus an luaith a chur amach. 'Ar ndó' ní indon a dhul i ngarraí atá sé! Is fada uaidh é